An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil III. Talamh a Thogaint go hEigeanta.) Ar Aghaidh (CUID V. Ilghneitheach.)

13 1946

AN tACHT FORAOISEACHTA, 1946

CUID IV.

Srianta le Crainn a Ghearradh Anuas agus a Dhiobhaladh.

Mínithe chun críocha Coda IV.

35. —(1) Sa Chuid seo—

coinníollacha foraoisithe.

ciallaíonn an abairt “coinníollacha foraoisithe” coinníollacha arna gcur le ceadúnas leagain ginearálta faoi fho-alt (3) nó faoi fho-ailt (3) agus (4) d'alt 49 den Acht seo;

ranníocaíocht.

ciallaíonn an focal “ranníocaíocht” an tsuim a sonrófar i gcoinníoll ranníoca;

coinníoll ranníoca.

ciallaíonn an abairt “coinníoll ranníoca” coinníoll arna chur le ceadúnas leagain teoranta faoi fho-alt (1) d'alt 42 den Acht seo;

gearradh anuas.

ciallaíonn an abairt “gearradh anuas”, maidir le crann, gearradh trí thamhan an chrainn ag pointe is ísle ná sé troithe ón talamh chomh doimhin sin go dtuitfidh an crann nó go gcuirfear é i riocht tuitime faoi oibriú fórsaí nádúrtha;

crann eiscithe.

ciallaíonn an abairt “crann eiscithe” aon chrann—

(a) is crann is dóigh leis an Aire nach gá mar mhaise nó mar chosaint ar an ngabháltas ar a bhfuil sé agus a ndéarfar sa bhfógra leagain a bhainfeas leis go mbeartaítear é a ghearradh anuas chun an t-adhmad ann a úsáid chun foirgintí, fálta, nó déanmhais eile a dhéanamh nó a dheisiú ar an ngabháltas sin nó ar ghabháltas eile le húnaer an ghabháltais chéadluaite sin nó ar ghabháltas le duine eile i ngarchomharsanacht an ghabháltais chéadluaite sin, nó chun uirlisí feirmeoireachta a dhéanamh nó a dheisiú chun a n-úsáidte ar aon cheann de na gabháltais sin, nó

(b) is crann is dóigh leis an Aire nach gá mar mhaise nó mar chosaint ar an ngabháltas ar a bhfuil sé agus a ndéarfar san ordú leagain a bhainfeas leis go mbeartaítear é a ghearradh anuas chun é a úsáid mar chonnadh tís ar an ngabháltas ar a bhfuil sé, nó

(c) is crann is dóigh leis an Aire atá marbh nó dreoite nó díobhálta thar fóir agus atá gan mhaith chun críocha trádála, nó

(d) is crann a gcruthófar ina thaobh chun sástachta an Aire go bhfuil an crann sin ar thalamh a ceannaíodh roimh an lú lá d'Aibreán, 1928, agus gur tugadh airgead ceannaigh uile na talún sin nó cuid éigin de ar iasacht do cheannaitheoir na talún sin ar na téarmaí go ndéanfaí an crann sin a ghearradh anuas agus a dhíol agus toradh an díola sin a úsáid chun nó mar chabhair chun an iasacht sin a aisíoc agus go bhfuil an iasacht sin nó cuid éigin di dlite fós ar dháta an fhógra leagain a bhainfeas leis an gcrann sin, agus a ndéarfar ina thaobh sa bhfógra leagain sin go bhfuil an crann sin á ghearradh anuas chun téarmaí sin na hiasachta sin a chomhlíonadh, nó

(e) is crann a gcruthófar ina thaobh chun sástachta an Aire go bhfuil an talamh ar a bhfuil an crann sin faoi mhorgáiste nó muirear a bhí ar marthain an tráth a ritheadh Acht 1928, agus gur cuid shubstainteach den urrús maidir le híoc an airgid a hurraíodh leis an morgáiste nó leis an muirear sin an crann sin maraon le crainn eile (pé acu a háirítear iad sin sa bhfógra leagain céanna nó ná háirítear) ar an talamh sin, agus a ndéarfar ina thaobh sa bhfógra leagain a bhainfeas leis go bhfuil an crann sin á ghearradh anuas chun a dhíola le hintinn toradh an díola sin a úsáid chun nó mar chabhair chun an t-airgead sin a íoc;

ceadúnas leagain faoi Acht 1928.

ciallaíonn an abairt “ceadúnas leagain faoi Acht 1928” ceadúnas arna dheonadh faoi alt 8 d'Acht 1928;

fógra leagain.

ciallaíonn an abairt “fógra leagain”, nuair a húsáidtear í gan cáiliú, fógra leagain faoi Acht 1928 nó fógra leagain faoin Acht seo;

fógra leagain faoi Acht 1928.

ciallaíonn an abairt “fógra leagain faoi Acht 1928” fógra arna thabhairt faoi alt 5 d'Acht 1928;

fógra leagain faoin Acht seo.

ciallaíonn an abairt “fógra leagain faoin Acht seo” fógra arna thabhairt faoi fho-alt (1) d'alt 37 den Acht seo;

ceadúnas leagain ginearálta.

ciallaíonn an abairt “ceadúnas leagain ginearálta” ceadúnas arna dheonadh faoi alt 49 den Acht seo;

ceadúnas leagain teoranta.

ciallaíonn an abairt “ceadúnas leagain teoranta” ceadúnas arna dheonadh faoi alt 40 den Acht seo;

coinníoll caomhanta.

ciallaíonn an abairt “coinníoll caomhanta”—

(a) maidir le ceadúnas leagain teoranta, coinníoll arna chur leis an gceadúnas faoi fho-alt (2) d'alt 41 den Acht seo, agus

(b) maidir le hordú úsáidte (crainn eiscithe), coinníoll arna chur leis an ordú faoi fho-alt (3) d'alt 46 den Acht seo;

ordú toirmisc faoi Acht 1928.

ciallaíonn an abairt “ordú toirmisc faoi Acht 1928” ordú arna dhéanamh faoi alt 7 d'Acht 1928;

ordú toirmisc faoin Acht seo.

ciallaíonn an abairt “ordú toirmisc faoin Acht seo” ordú arna dhéanamh faoi fho-alt (1) d'alt 39 den Acht seo;

coinníollacha athphlandála.

ciallaíonn an abairt “coinníollacha athphlandála”—

(a) maidir le ceadúnas leagain teoranta, coinníollacha arna gcur leis an gceadúnas faoi fho-alt (1) d'alt 41 den Acht seo, agus

(b) maidir le hordú úsáidte (crainn eiscithe), coinníollacha arna gcur leis an ordú faoi fho-alt (2) d'alt 46 den Acht seo;

ordú athphlandála.

ciallaíonn an abairt “ordú athphlandála” ordú arna dhéanamh faoi alt 52 den Acht seo;

ordú úsáidte (crainn eiscithe).

ciallaíonn an abairt “ordú úsáidte (crainn eiscithe)” ordú arna dhéanamh faoi alt 46 den Acht seo.

(2) I gcás—

(a) talamh a bheith dílsithe faoi na hAchta Talamh-Cheannaigh i ndílseánach na talún sin nó a bheith dílsithe faoi na hAchta sin i gCoimisiún Talún na hÉireann ach gan é a bheith dílsithe i dtionóntacheannaitheoir nó ceannaitheoir na talún sin, agus

(b) crainn atá ag fás ar an talamh sin a bheith á bhforcoimeád do Choimisiún Talún na hÉireann,

is tuigthe, chun críocha na Coda seo (ach amháin alt 44), gurb é Coimisiún Talún na hÉireann únaer na talún sin.

(3) I gcás—

(a) talamh (nach talamh lena mbaineann fo-alt (2) den alt seo) a bheith dílsithe faoi na hAchta Talamh-Cheannaigh i gCoimisiún Talún na hÉireann, agus

(b) an talamh sin a bheith á áitiú ag duine (is tionóntacheannaitheoir nó ceannaitheoir) faoi chomhaontú ceannaigh a rinneadh nó is tuigthe a rinneadh faoi na hAchta sin,

is tuigthe, chun críocha na Coda seo (ach amháin alt 44), gurb é an duine sin únaer na talún sin.

Cineálacha áirithe crann a eisiadh ó oibriú Coda IV.

36. —(1) Féadfaidh an tAire, aon uair agus a mhinicí is oiriúnach leis, a dhearbhú le hordú faoin bhfo-alt seo ná bainfidh an Chuid seo nó aon fhoráil áirithe dhi le haon chrann den chineál a hainmneofar san ordú, agus aon uair a déanfar aon ordú faoin bhfo-alt seo ní bhainfidh an Chuid seo nó an fhoráil áirithe dhi a luafar san ordú (pé acu é), faid a leanfas an t-ordú i bhfeidhm, le haon chrann den chineál a hainmneofar san ordú.

(2) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le hordú faoin bhfo-alt seo, ordú arna dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt seo a chúlghairm.

Fógra go mbeartaítear crainn a thochailt nó a ghearradh anuas.

37. —(1) Faoi réir fo-ailt (4) den alt seo, ní dleathach do dhuine ar bith aon chrann is sine ná deich mbliana a thochailt ná aon chrann a ghearradh anuas, mura mbeidh únaer na talún ar a bhfuil an crann nó réamhtheachtaí-i-dteideal an únaera sin nó duine éigin thar ceann an únaera nó an réamhtheachtaí sin tar éis fógra i scríbhinn (a bheas sa bhfoirm ordaithe agus ina sonrófar ainm agus seoladh an únaera atá ag tabhairt an fhógra sin nó ar thar a cheann atáthar á thabhairt, agus áit sa Stát a bhféadfar ordú toirmisc faoin Acht seo i leith an chrainn (má déantar é) a sheirbheáil ann, agus ina dtiubharfar pé sonraí eile a hordófar) a thabhairt lá agus fiche ar a laghad agus dhá bhliain ar a mhéid roimh thosnú ar an gcrann a thochailt nó a ghearradh anuas (pé acu é), don tsáirsint i gceannas an stáisiúin Gharda Shíochána is gaire don chrann, go mbeartaítear an crann a thochailt nó a ghearradh anuas (pé acu é).

(2) I gcás talamh a dhíol roimh an lú lá d'Fheabhra, 1946, agus crainn ar an talamh sin a fhorcoimeád don díoltóir, beidh éifeacht, maidir le haon chrann den tsórt sin, ag fo-alt (1) den alt seo amhail is dá ndéantaí tagairt don duine atá (de bhuaidh an fhorcoimeádta sin) ina únaer de thuras na huaire ar an gcrann a chur in ionad tagairte d'únaer na talún ar a bhfuil an crann.

(3) Má dhéanann duine ar bith nó má chuireann sé faoi ndear nó má cheadaíonn sé aon chrann a thochailt nó a ghearradh anuas contrártha don alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomhair dlífear, faoi réir ailt 53 den Acht seo, fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air in aghaidh gach crainn a ndearnadh nó ar cuireadh faoi ndear nó ar ceadaíodh é a thochailt nó a ghearradh anuas amhlaidh.

(4) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo le crann ar bith a thochailt nó a ghearradh anuas—

(a) más faoin údarás a tugadh le ceadúnas leagain teoranta nó le ceadúnas leagain ginearálta agus gur i rith na tréimhse a mbeidh an t-údarás sin infheidhmithe ar a feadh a déanfar an crann a thochailt nó a ghearradh anuas, nó

(b) más ar thalamh atá ar seilbh ag an Aire chun críocha an Achta seo a bheas an crann, nó

(c) más i gcontae-bhuirg nó i mbuirg eile nó i gceantar uirbeach a bheas an crann, nó

(d) má bhíonn an crann i ngiorracht céad troigh d'aon fhoirgint seachas falla nó déanmhas sealadach, nó

(e) más faoi alt 34 den Acht Rialtais Áitiúil, 1925 (Uimh. 5 de 1925) , nó faoi alt 98 den Acht Leictreachais (Soláthar), 1927 ( Uimh. 27 de 1927 ), a gearrfar anuas an crann, nó

(f) más údarás áitiúil a dhéanfas an crann a thochailt nó a ghearradh anuas agus gur i ndáil le scéimeanna déanta nó leathnuithe nó feabhsuithe bóthair nó le hobair thógála nó foirgníochta a dhéanfaid sin, nó

(g) má dheimhíonn údarás áitiúil an crann a bheith ina chontúirt do thrácht ar bóthar mar gheall ar aois nó staid an chrainn, nó

(h) más ar ordachán ón Aire Poist agus Telegrafa, ar an bhforas go bhfuil sé ina chontúirt nó ina bhacainn do shreanganna telegrafa nó telefóna, a déanfar an crann a thochailt nó a ghearradh anuas.

(5) Ní léireofar aon ní san alt seo mar ní a theorannaíos ceart údaráis phleanála cheantair, faoi na hAchta um Bailte agus Líomatáistí a Shíneadh Amach, 1934 agus 1939, chun leagadh crann ina cheantar pleanála a thoirmeasc faoi na hAchta sin.

Forála maidir le crainn a beartaítear a thochailt chun a n-aisphlandálta.

38. —(1) Má deirtear i bhfógra leagain go mbeartaítear crann a thochailt chun a aisphlandálta, ní dleathach do dhuine ar bith—

(a) an crann a úsáid ná deighleáil leis ná a chur faoi ndear ná a cheadú go n-úsáidfear an crann nó go ndeighleálfar leis, má tochaltar é de bhun an fhógra sin, chun aon chríche eile, ná

(b) an crann a ghearradh anuas ná a chur faoi ndear ná a cheadú an crann a ghearradh anuas i rith na tréimhse de dhá bhliain dar tosach an dáta ar ar tugadh an fógra leagain.

(2) Gach duine a dhéanfas, maidir le crann ar bith, aon ní contrártha d'fho-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ar an slí achomair dlífear, faoi réir ailt 53 den Acht seo, fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air in aghaidh gach crainn den tsórt sin.

Orduithe toirmisc.

39. —(1) Aon uair a bheas fógra leagain faoin Acht seo tugtha maidir le crann ar bith, féadfaidh an tAire, mura mbeidh sé ráite sa bhfógra sin go mbeartaítear an crann a thochailt chun a aisphlandálta, ordú a dhéanamh agus a sheirbheáil, laistigh de lá agus fiche ar a mhéid ón dáta a tugadh an fógra sin, ar an únaer a thug an fógra nó ar tugadh an fógra thar a cheann nó ar a chomharba-i-dteideal á thoirmeasc an crann a thochailt nó a ghearradh anuas.

(2) Gach fógra toirmisc faoin Acht seo a déanfar de dhruim fógra leagain faoin Acht seo seirbheálfar é—

(a) trína sheachadadh don duine ar a mbeidh sé le seirbheáil, nó

(b) trína fhágaint dó ag duine sé bliana déag d'aois nó os a chionn san áit a bheas ainmnithe sa bhfógra leagain faoin Acht seo chun ordú toirmisc faoin Acht seo a sheirbheáil ann.

(3) I gcás—

(a) fógra toirmisc faoi Acht 1928 i leith aon chrainn a sheirbheáil go cuibhe do réir ailt 7 d'Acht 1928, nó

(b) ordú toirmisc faoin Acht seo i leith aon chrainn a sheirbheáil go cuibhe do réir fo-ailt (2) den alt seo,

ní dleathach do dhuine ar bith an crann sin a thochailt ná a ghearradh anuas ná a chur faoi ndear ná a cheadú é a thochailt ná a ghearradh anuas.

(4) Má dhéanann duine ar bith nó má chuireann sé faoi ndear nó má cheadaíonn sé aon chrann a thochailt nó a ghearradh anuas contrártha don alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear, faoi réir ailt 53 den Acht seo, fíneáil nach mó na cúig puint a chur air in aghaidh gach crainn a ndearnadh nó ar cuireadh faoi ndear nó ar ceadaíodh é a thochailt nó a ghearradh anuas amhlaidh.

(5) Ní bhainfidh fo-alt (3) den alt seo le crann ar bith a thochailt nó a ghearradh anuas má déantar an crann a thochailt nó a ghearradh anuas faoin údarás a bheirtear le ceadúnas leagain teoranta nó le ceadúnas leagain ginearálta agus más i rith na tréimhse a mbeidh an t-údarás sin infheidhmithe ar a feadh a déanfar sin.

Ceadúnais leagain teoranta.

40. —(1) I gcás—

(a) ordú toirmisc faoi Acht 1928 a bheith arna sheirbheáil go cuibhe faoi alt 7 d'Acht 1928, nó

(b) ordú toirmisc faoin Acht seo a bheith arna sheirbheáil go cuibhe,

féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, uaidh féin nó de thoradh iarratais arna chur chuige, sa bhfoirm agus sa tslí ordaithe, ag únaer, nó thar ceann únaera, na talún ar a bhfuil an crann lena mbaineann an t-ordú, ceadúnas a dheonadh don únaer á údarú an crann a thochailt nó a ghearradh anuas, agus beidh an t-údarás a bhéarfar amhlaidh infheidhmithe, mura bhforceanntar roimhe sin é faoi alt 43 den Acht seo, go ceann tréimhse de dhá bhliain a thosnós ar an dáta ar a ndeonfar an ceadúnas.

(2) I gcás an t-údarás a bheas tugtha le ceadúnas leagain teoranta a fhionraí faoi alt 43 den Acht seo—

(a) ní bheidh an t-údarás infheidhmithe i rith na tréimhse fionraíochta,

(b) má cuirtear an fhionraíocht ar ceal, ní háireofar an tréimhse fionraíochta nuair a beifear, chun críocha fo-ailt (1) den alt seo, ag ríomh na tréimhse a mbeidh an t-údarás infheidhmithe ar a feadh.

(3) I gcás talamh a dhíol roimh an 1ú lá d'Fheabhra, 1946, agus crainn ar an talamh sin a fhorcoimeád don díoltóir, beidh éifeacht, maidir le haon chrann den tsórt sin is abhar d'ordú toirmisc faoin Acht seo nó faoi Acht 1928, ag fo-alt (1) den alt seo amhail is dá ndéantaí tagairt don duine atá (de bhuaidh an fhorcoimeádta sin) ina únaer de thuras na huaire ar an gcrann a chur in ionad tagairte d'únaer na talún ar a bhfuil an crann.

(4) Sar a ndeonfaidh an tAire ceadúnas leagain teoranta i leith crainn ar thalamh atá de thuras na huaire faoi bhlianacht is iníoctha le Coimisiún na Talún, bhéarfaidh sé aird ar an urrús maidir le híoc na blianachta sin.

(5) Mura mbaine iarratas a déanfar go cuibhe ag lorg ceadúnais leagain teoranta ach le crann nó crainn eiscithe, ní dhiúltóidh an tAire don iarratas sin.

(6) Má bhaineann iarratas a déanfar go cuibhe ag lorg ceadúnais leagain teoranta le crann nó crainn eiscithe agus fós le crann nó crainn eile, ní dhiúltóidh an tAire don mhéid den iarratas sin a bhainfeas le crann nó crainn eiscithe.

(7) Aon uair a dhiúltós an tAire, i bpáirt nó go hiomlán, d'iarratas ar cheadúnas leagain teoranta, luafaidh sé i scríbhinn, ar an iarratasóir dá iarraidh sin air, an foras ar a bhfuil sé ag diúltú amhlaidh don iarratas.

Coinníollacha athphlandála agus coinníollacha caomhanta a chur le ceadúnais leagain teoranta.

41. —(1) Aon uair a dheonfas an tAire ceadúnas leagain teoranta (seachas ceadúnas leagain teoranta ná bainfidh ach le crann nó crainn eiscithe),—

(a) féadfaidh sé, más oiriúnach leis, na coinníollacha seo a leanas a chur leis an gceadúnas, is é sin le rá:—

(i) coinníoll (dá ngairmtear an coinníoll plandála san alt seo), má tochaltar nó má gearrtar anuas faoin údarás a bheirtear leis an gceadúnas aon chrann nó crainn lena mbaineann an ceadúnas, go ndéanfaidh an ceadúnaí, roimh dheireadh tréimhse sonraithe nach giorra ná dhá mhí dhéag tar éis an dáta ar a scoirfidh an t-údarás a bheirtear leis an gceadúnas de bheith infheidhmithe nó roimh dheireadh pé faduithe (más ann) ar an tréimhse sin a cheadós an tAire as a chomhairle féin, uimhir shonraithe chrann de chineál sonraithe nó (do réir mar is oiriúnach leis an Aire agus a shonrós sé sa cheadúnas) pé uimhreacha crann de chineálacha sonraithe éagsúla, a shonrós an tAire, a phlandáil, do réir gnáth-chleachta na dea-fhoraoiseachta, ar chuid shonraithe den talamh ar a bhfuil an crann lena mbaineann an ceadúnas nó de thalamh eile is leis an gceadúnaí ar dháta an cheadúnais a dheonadh,

(ii) coinníoll (dá ngairmtear an coinníoll cosanta san alt seo) go ndéanfaidh an ceadúnaí, go ceann aon bhliain déag ón dáta ar a scoirfidh an t-údarás a bheirtear leis an gceadúnas de bheith infheidhmithe nó go ceann deich mbliana ón dáta plandála, pé tréimhse acu is déanaí a críochnós, na crainn a plandáladh de bhun an choinníll phlandála a chaomhaint do réir gnáth-chleachta na dea-fhoraoiseachta, agus chuige sin go gcoimeádfaidh i ndeis mhaith agus i staid éifeachtúil gach fál agus cosaint eile is gá chun na crainn sin a cosaint ar a ndíobháladh nó a milleadh de dheascaibh treaspáis ag aon ainmhithe,

(b) má chuireann an tAire an coinníoll plandála agus an coinníoll cosanta leis an gceadúnas, féadfaidh sé coinníoll a chur leis an gceadúnas freisin go ndéanfaidh an ceadúnaí, sar a bplándálfaidh aon chrann de bhun an choinníll phlandála, an áit a mbeidh an crann sin le plandáil ann a fhálú i slí a dhéanfas an crann sin, ar é a bheith plandálta, a chosaint go héifeachtúil ar a dhíobháladh nó a mhilleadh de dheascaibh treaspáis ag aon ainmhithe.

(2) Aon uair a dheonfas an tAire ceadúnas leagain teoranta (seachas ceadúnas leagain teoranta ná bainfidh ach le crann nó crainn eiscithe),—

(a) féadfaidh sé, más oiriúnach leis, coinníoll (dá ngairmtear an coinníoll cothabhála san alt seo) a chur leis an gceadúnas go ndéanfaidh an ceadúnaí, go ceann aon bhliain déag ón dáta ar a scoirfidh an t-údarás a bheirtear leis an gceadúnas de bheith infheidhmithe, crainn atá ag fás, ar dháta an cheadúnais a dheonadh, ar chuid shonraithe den talamh ar a bhfuil an crann lena mbaineann an ceadúnas nó de thalamh eile is leis an gceadúnaí ar dháta an cheadúnais agus fós crainn a thosnós ag fás, de dhruim athghiniúna nádúrtha, ar an talamh sonraithe, nó a plandálfar air, tar éis dáta an cheadúnais, a chaomhaint do réir gnáth-chleachta na dea-fhoraoiseachta, agus chuige sin go gcoimeádfaidh i ndeis mhaith agus i staid éifeachtúil gach fál agus cosaint eile is gá chun na crainn sin a chosaint ar a ndíobháladh nó a milleadh de dheascaibh treaspáis ag aon ainmhithe;

(b) má chuireann an tAire an coinníoll cothabhála leis an gceadúnas, féadfaidh sé coinníoll a chur leis an gceadúnas freisin go ndéanfaidh an ceadúnaí, roimh dheireadh dhá mhí dhéag ón dáta ar a scoirfidh an t-údarás a bheirtear leis an gceadúnas de bheith infheidhmithe, an talamh a bheas sonraithe sa choinníoll cothabhála a fhálú i slí a dhéanfas gach crann atá nó a bheas ag fás ar an talamh sin a chosaint go héifeachtúil ar a dhíobhal adh nó a mhilleadh de dheascaibh tréaspáis ag aon ainmhithe.

(3) Má cuirtear ar coinníoll cothabhála le ceadúnas leagain teoranta, ní oibreoidh sin chun a thabhairt go mbeidh sé neamhdhleathach ag an gceadunaí aon chrann a thochailt nó a ghearradh anuas faoi réir forál eile an Achta seo, má déantar an tochailt nó an gearradh anuas sin i gcúrsa, agus do réir gnáth-chleachta, na dea-fhoraoiseachta.

(4) Aon uair a bheas cumhacht ag an Aire, faoi fho-alt (1) den alt seo, coinníollacha athphlandála a chur le ceadúnas leagain teoranta agus a bheas cumhacht aige, faoi fho-alt (2) den alt seo, coinníoll caomhanta nó coinníollacha caomhanta a chur leis an gceadúnas, féadfaidh sé, más oiriúnach leis, na coinníollacha seo a leanas a chur ag gabháil leis an gceadúnas:—

(a) coinníollacha athphlandála, agus

(b) coinníoll caomhanta nó coinníollacha caomhanta.

(5) I gcás—

(a) aon choinníollacha athphlandála, i dteannta nó d'éagmais coinníll chaomhanta nó coinníollacha caomhanta, a bheith ag gabháil le ceadúnas leagain teoranta, agus

(b) an ceadúnas do bhaint le dhá chrann nó níos mó, agus

(c) cuid de na crainn sin, ach gan iad go léir, a thochailt nó a ghearradh anuas faoin údarás a tugadh leis an gceadúnas,

féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis—

(i) an ceadúnaí a shaoradh ón oblagáid chun gach ceann nó aon cheann de na coinníollacha athphlandála sin a chomhlíonadh, nó

(ii) an uimhir chrann a bheas le plandáil ag an gceadúnaí a laghdú.

(6) I gcás—

(a) aon choinníoll nó coinníollacha caomhanta, i dteannta nó d'éagmais coinníollacha athphlandála, a bheith ag gabháil le ceadúnas leagain teoranta, agus

(b) an ceadúnas do bhaint le dhá chrann nó níos mó, agus

(c) cuid de na crainn sin, ach gan iad go léir, a thochailt nó a ghearradh anuas faoin údarás a tugadh leis an gceadúnas,

féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis,—

(i) an ceadúnaí a shaoradh ón oblagáid chun an coinníoll caomhanta sin nó an dá choinníoll chaomhanta sin nó ceachtar acu, do réir mar bheas, a chomhlíonadh, nó

(ii) an ceadúnaí a shaoradh ón oblagáid chun an coinníoll nó na coinníollacha caomhanta sin a chomhlíonadh sa mhéid go mbaineann sé nó siad le cuid áirithe den talamh a bheas sonraithe sa choinníoll cothabhála.

(7) I gcás aon choinníollacha athphlandála, i dteannta nó d'éagmais coinníll chaomhanta nó coinníollacha caomhanta, a chur le ceadúnas leagain teoranta, beidh na coinníollacha athphlandála sin (ach amháin má déantar agus a mhéid a déanfar é nó iad a shaoradh uathu) mar cheangal ar an gceadúnaí agus ar gach duine dá chomharbaí-i-dteideal chun na talún a bheas sonraithe sna coinníollacha athphlandála sin.

(8) I gcás—

(a) ina mbeidh aon choinníollacha athphlandála, i dteannta nó d'éagmais coinníll chaomhanta nó coinníollacha caomhanta, ag gabháil le ceadúnas leagain teoranta, agus

(b) nach é an ceadúnaí is áititheoir ar an talamh a bheas sonraithe sna coinníollacha athphlandála sin,

beidh an coinníoll cosanta, ach amháin má saortar agus a mhéid a saorfar an ceadúnaí uaidh, mar cheangal ar an duine is áititheoir de thuras na huaire ar an talamh sin.

(9) I gcás aon choinníoll nó coinníollacha caomhanta, i dteannta nó d'éagmais coinníollacha athphlandála, a chur le ceadúnas leagain teoranta, beidh an coinníoll nó na coinníollacha caomhanta sin (ach amháin má déantar agus a mhéid a déanfar é nó iad a shaoradh uaidh nó uathu) mar cheangal ar an gceadúnaí agus ar gach duine dá chomharbaí-i-dteideal chun na talún a bheas sonraithe sa choinníoll nó sna coinníollacha caomhanta sin.

(10) I gcás—

(a) ina mbeidh aon choinníoll nó coinníollacha caomhanta, i dteannta nó d'éagmais coinníollacha athplandála, ag gabháil le ceadúnas leagain teoranta, agus

(b) nach é an ceadúnaí is áititheoir ar an talamh a bheas sonraithe sa choinníoll nó sna coinníollacha caomhanta sin, beidh an coinníoll cothabhála (ach amháin má saortar agus a mhéid a saorfar an ceadúnaí uaidh) mar cheangal ar an duine is áititheoir de thuras na huaire ar an talamh sin.

(11) Más rud é, i gcás aon choinníoll nó coinníollacha acu seo a leanas, eadhon, coinníollacha athphlandála agus coinníollacha caomhanta, a bheith ag gabháil le ceadúnas leagain teoranta, go bhfailleoidh aon duine a mbeidh an coinníoll sin nó aon cheann de na coinníollacha sin, pé acú é, mar cheangal air an coinníoll nó na coinníollacha sin a chomhlíonadh, beidh an duine sin, in aghaidh gach mí a leanfas an fhaillí sin, ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ar an slí achomair dlífear, i gcás an chéad chiontuithe den tsórt sin maidir leis an gceadúnas leagain teoranta sin, fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air agus, i gcás gach ciontuithe ina dhiaidh sin maidir leis an gceadúnas leagain teoranta sin, fíneáil nach mó ná deich bpuint.

Coinníoll ranníoca a chur le ceadúnais leagain teoranta.

42. —(1) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, coinníoll a chur le ceadúnas leagain teoranta (seachas ceadúnas leagain teoranta ná baineann ach le crann nó crainn eiscithe) go ndéanfaidh an ceadúnaí, roimh aon chrann a thochailt nó a ghearradh anuas faoin údarás a bheirtear leis an gceadúnas, pé suim (a sonrófar sa choinníoll sin) a íoc leis an Aire, mar ranníocaíocht i leith costas riartha na seirbhísí poiblí a bhaineas le foraoiseacht, a mheasfas an tAire is suim réasúnach ag féachaint don chaiteachas is dóigh leis an Aire go mbeadh ar an gceadúnaí dul faoi chun coinníollacha athphlandála a chomhlíonadh dá mbeidís ag gabháil leis an gceadúnas agus go mbeidís inchomhlíonta.

(2) Ní cuirfear coinníoll ranníoca le ceadúnas leagain teoranta lena mbeidh aon choinníoll nó coinníollacha acu seo a leanas ag gabháil, eadhon, coinníollacha athphlandála agus coinníollacha caomhanta.

(3) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le gach coinníoll ranníoca a bheas ag gabháil le ceadúnas leagain teoranta, is é sin le rá:—

(a) beidh an coinníoll ranníoca sin, agus déarfaidh sé a bheith, ina choinníoll á chur d'oblagáid ar an gceadúnaí an ranníocaíocht a bheas sonraithe sa cheadúnas a íoc leis an Aire roimh aon chrann a ghearradh anuas nó a thochailt faoin údarás a bheirtear leis an gceadúnas;

(b) má déantar aon chrann nó crainn lena mbaineann an ceadúnas a ghearradh anuas nó a thochailt faoin údarás a bheirtear leis an gceadúnas gan an ranníocaíocht a bheith íoctha leis an Aire roimh an gearradh anuas nó an tochailt sin a dhéanamh—

(i) beidh an ceadúnaí ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear, faoi réir ailt 53 den Acht seo, fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air in aghaidh gach crainn a ndearnadh é a ghearradh anuas nó a thochailt amhlaidh,

(ii) féadfaidh an tAire, ar an gciontú sin, an ranníocaíocht a aisghabháil ón gceadúnaí nó óna sheiceadúirí nó a riarthóirí in aon chúirt dlínse inniúla mar fhiach ghnáth-chonnartha;

(c) mura ndéantar aon cheann, nó má déantar ceann amháin nó níos mó ach ná déanfar gach ceann, de na crainn lena mbaineann an ceadúnas a ghearradh anuas nó a thochailt faoin údarás a bheirtear leis an gceadúnas, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, an ranníocaíocht a aisíoc i bpáirt nó go hiomlán.

(4) Féadfaidh an ceadúnaí faoí cheadúnas leagain teoranta a mbeidh coinníoll ranníoca ag gabháil leis an ceadúnas a thabhairt suas, le toiliú an Aire, tráth ar bith roimh an ranníocaíocht a íoc.

An t-údarás a bheirtear le ceadúnas leagain teoranta a fhionraí nó a fhorceannadh.

43. —(1) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, más dóigh leis go bhfuil téarmaí ceadúnais leagain teoranta á mí-úsáid, an t-údarás a bheirtear leis an gceadúnas a fhionraí nó a fhorceannadh trí fhógra i scríbhinn (ina luafar fáth na fionraí nó an fhorceannta) a seirbheálfar ar an gceadúnaí.

(2) I gcás an t-údarás a bheirtear le ceadúnas leagain teoranta a fhionraí faoin alt seo—

(a) féadfaidh an tAire, mar is oiriúnach leis, an fhionraí a chur ar ceal nó an t-údarás a fhorceannadh,

(b) mura ndéana an tAire, laistigh de shé mhí ón dáta ar ar fionraíodh an t-údarás, an fhionraí a chur ar ceal nó an t-údarás a fhorceannadh, is tuigthe an fhionraí a bheith curtha ar ceal ag an Aire ar an sé mhí sin a bheith caite.

(3) I gcás an t-údarás a bheirtear le ceadúnas leagain teoranta a fhorceannadh faoin alt seo—

(a) má bhíonn aon choinníoll nó coinníollacha acu seo a leanas, eadhon, coinníollacha athphlandála agus coinníollacha caomhanta, ag gabháil leis an gceadúnas, ní bhainfidh an forceannadh sin leis an gcoinníoll nó na coinníollacha sin ná ní shaorfaidh sé an ceadúnaí uaidh nó uathu,

(b) má bhíonn coinníoll ranníoca ag gabháil leis an gceadúnas, ní thabharfaidh an forceannadh sin teideal don cheadúnaí chun aon tsuim a híocadh leis an Aire do réir an choinníll sin a aisíoc leis, go hiomlán ná i bpáirt.

Ceadúnas leagain teoranta a dhiúltú d'fhonn taithneamhachta a chaomhaint.

44. —(1) San alt seo, tá leis na habairtí “ceantar pleanála” agus “údarás pleanála ceantair” agus leis an bhfocal “únaer” na bríonna a ceaptar dóibh faoi seach leis na hAchta um Bailte agus Líomataistí a Shíneadh Amach, 1934 agus 1939, chun críocha na nAcht sin.

(2) Ní dhiúltóidh an tAire d'iarratas ar cheadúnas leagain teoranta i leith crainn d'aon-toisc chun taithneamhachta a chaomhaint mura n-aontaí an t-údarás pleanála ceantair don cheantar pleanála ina bhfuil an crann sin leis an diúltú sin.

(3) Aon uair a dhiúltós an tAire d'iarratas ar cheadúnas leagain teoranta i leith crainn (dá ngairmtear an crann cosanta sa bhfo-alt seo) d'aon-toisc chun taithneamhachta a chaomhaint, féadfaidh únaer an phíosa talún (dá ngairmtear láithreán an chrainn chosanta sa bhfo-alt seo) ar a bhfuil an crann ag fás, ceithre lá ochtód ar a dhéanaí tar éis an diúltuithe sin, a fhoréileamh, trí fhógra i scríbhinn, ar an údarás pleanála ceantair don cheantar pleanála ina bhfuil láithreán an chrainn chosanta, láithreán an chrainn chosanta a thógaint agus, sa chás sin, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas mura dtarraingítear an foréileamh siar faoi fho-alt (5) den alt seo:—

(a) tógfaidh an t-údarás sin láithreán an chrainn chosanta;

(b) féadfaidh an t-údarás sin freisin, más oiriúnach leo, aon ní nó nithe acu seo a leanas a dhéanamh—

(i) aon phíosa talún eile (dá ngairmtear láithreán breise sa bhfo-alt seo) a thógaint is leis an duine (dá ngairmtear an foréilitheoir sa bhfo-alt seo) a rinne an foréileamh agus atá i ngarchomharsanacht láithreáin an chrainn chosanta agus ar a bhfuil aon chrann ag fás is dóigh leis an údarás sin is gá a chaomhaint d'fhonn taithneamhachta a chaomhaint,

(ii) aon talamh eile a thógaint (is talamh leis an bhforéilitheoir agus atá ag luí le láithreán an chrainn chosanta nó le haon láithreán breise a tógadh amhlaidh) is gá chun an crann cosanta, nó an crann ar aon láithreán breise a tógadh amhlaidh, a chosaint,

(iii) aon talamh, is leis an bhforéilitheoir, nó aon cheart ar thalamh, is leis an bhforéilitheoir, a thógaint is gá a thógaint chun go bhféadfar láithreán an chrainn chosanta nó an crann ar aon láithréan breise a tógadh amhlaidh a rochtain go caothúil;

(c) aon diospóid idir an foréilitheoir agus an t-údarás sin i dtaobh an t-údarás sin a bheith faoi cheangal nó i dteideal faoin bhfo-alt seo aon talamh, nó aon cheart ar thalamh, a thógaint a bheartós an t-údarás sin a thógaint amhlaidh nó i dtaobh fairsinge na talún, nó nádúir an chirt i leith na talún, a bheartós an t-údarás sin a thógaint amhlaidh, cinnfidh an tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí í agus beidh a bhreith sin uirthi ina breith chríochnaitheach.

(4) Na forála, a bhaineas le húdarás sláintíochta do thógaint talún, de na hAchta Sláinte Poiblí, 1878 go 1931, arna leasú le halt 68 den Acht Rialtais Áitiúil, 1925 (Uimh. 5 de 1925) , agus le halt 8 d'Acht na nUdarás Áitiúla (Forála Ilghnéitheacha), 1936 (Uimh. 55 de 1936) , beidh feidhm acu maidir le tógaint aon talún, nó aon chirt i leith talún, faoi fho-alt (3) den alt seo ag údarás pleanála ceantair amhail is dá ndéantaí anseo na forála sin a athachtú agus feidhm a thabhairt dóibh maidir leis an tógaint sin, agus, chun críche na feidhme sin,—

(a) is tuigthe ordú sealadach a bheith arna dhéanamh go cuibhe, faoi alt 203 den Public Health (Ireland) Act, 1878, ag an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí á chumhachtú don údarás pleanála ceantair sin cumhachta Acht na gClásal Talún, maidir le tailte a cheannach agus a thógaint ar shlí seachas trí chomhaontú, a chur i bhfeidhm maidir leis an talamh nó an ceart i leith talún sin is déanaí atá luaite thuas,

(b) is tuigthe an t-ordú sealadach sin a bheith arna dhaingniú go cuibhe ag an Aire sin faoi alt 68 den Acht Rialtais Áitiúil, 1925, adúradh,

(c) beidh éifeacht ag fo-alt (3) den alt sin 68 amhail is ná beadh na focail “i gcás daingniú ón Aire, faoi réir a chruthuithe gur foilsíodh go cuibhe an fógra a héilítear leis an alt seo” sa bhfo-alt sin (3).

(5) Má bheartaíonn údarás pleanála ceantair aon talamh nó ceart ar thalamh a thógaint faoi mhír (b) d'fho-alt (3) den alt seo,—

(a) bhéarfaidh an t-údarás sin, ocht lá fichead ar a laghad roimh an tógaint sin, ráiteas scríofa d'únaer na talún nó an chirt sin a thaispeánfas fairsinge agus suíomh na talún nó an chirt sin;

(b) beidh an t-únaer sin i dteideal a fhoréileamh faoin bhfo-alt sin (3) a tharraing siar tráth nach déanaí ná ocht lá fichead tar éis dó an ráiteas scríofa sin a fháil.

Srian le crainn eiscithe a úsáid.

45. —(1) I gcás—

(a) fógra leagain faoin Acht seo a thabhairt a bhaineas i bpáirt nó go hiomlán le crann nó crainn adeirtear sa bhfógra sin a bheith ina chrann nó ina gcrainn eiscithe, agus

(b)  (i) tréimhse lae agus fiche a bheith caite ó tugadh an fógra sin gan ordú toirmisc faoin Acht seo maidir leis an gcrann nó na crainn sin a bheith arna dhéanamh, i rith na tréimhse sin, ag an Aire, nó

(ii) ordú toirmisc faoin Acht seo a bheith arna sheirbheáil go cuibhe agus ceadúnas leagain teoranta a bheith arna dheonadh ag an Aire a bhaineas i bpáirt nó go hiomlán leis an gcrann nó na crainn sin,

ní dleathach do dhuine ar bith an crann ná aon cheann de na crainn (do réir mar a bheas) ná aon chuid shubstainteach de a úsáid ná deighleáil leis ná a chur faoi ndear ná a cheadú an crann sin ná aon cheann de na crainn sin (do réir mar a bheas) ná aon chuid shubstainteach de a úsáid ná deighleáil leis, ar é a ghearradh anuas nó a thochailt de bhun an fhógra leagain sin nó do réir an údaráis a bheirtear leis an gceadúnas leagain teoranta sin, chun críche ar bith seachas an chríoch a ndúradh sa bhfógra leagain gur chuici a beartaíodh an crann sin a úsáid, ach amháin mar a foráltar le halt 46 den Acht seo.

(2) Gach duine a úsáidfeas crann nó aon chuid de chrann nó a dheighleálfas leis nó a chuirfeas faoi ndear nó a cheadós crann nó aon chuid de chrann a úsáid nó deighleáil leis contrártha don alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear, faoi réir ailt 53 den Acht seo, fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air in aghaidh gach crainn den tsórt sin.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le haon chrann atá marbh nó dreoite nó díobhálta thar fóir agus atá gan mhaith chun críocha trádála.

Orduithe úsáidte (crainn eiscithe).

46. —(1) I gcás—

(a) fógra leagain faoin Acht seo a thabhairt a bhaineas i bpáirt nó go hiomlán le crann nó crainn a deirtear sa bhfógra sin a bheith ina chrann eiscithe nó ina gcrainn eiscithe, agus

(b)  (i) tréimhse lae agus fiche a bheith caite ó tugadh an fógra sin gan ordú toirmisc faoin Acht seo maidir leis an gcrann nó na crainn sin a bheith arna dhéanamh, i rith na tréimhse sin, ag an Aire, nó

(ii) ordú toirmisc faoin Acht seo a bheith arna sheirbheáil go cuibhe agus ceadúnas leagain teoranta a bheith arna dheonadh ag an Aire a bhaineas i bpáirt nó go hiomlán leis an gcrann nó na crainn sin, agus

(c) únaer na talún ar a raibh an crann nó na crainn sin do chur iarratais (sa bhfoirm agus sa tslí ordaithe) chun an Aire ag lorg orduithe á údarú an crann nó na crainn sin a úsáid nó deighleáil leis nó leo chun críche nó críocha seachas an chríoch nó na críocha a sonraíodh sa bhfógra leagain sin,

féadfaidh an tAire ordú a dheonadh don duine sin á údarú an crann nó na crainn sin a úsáid nó deighleáil leis nó leo chun na críche nó na críocha a bheas luaite san iarratas.

(2) Aon uair a dhéanfas an tAire ordú úsáidte (crainn eiscithe) a dheonadh (seachas ordú úsáidte (crainn eiscithe) a údarós crann nó crainn a úsáid go haonta chun críche nó críocha a ndéanfadh úsáid an chrainn nó na gcrann chuici nó chucu, dá luaití an chríoch nó na críocha sin sa bhfógra leagain a bhain leis an gcrann nó na crainn, crann eiscithe den chrann nó de gach ceann de na crainn, do réir mar a bheas),—

(a) féadfaidh sé, más oiriúnach leis, na coinníollacha seo a leanas a chur leis an ordú, is é sin le rá:—

(i) coinníoll (dá ngairmtear an coinníoll plandála san alt seo) go ndéanfaidh an duine dá ndeonfar an t-ordú sin, roimh dheireadh tréimhse sonraithe nach giorra ná dhá mhí dhéag tar éis dáta an orduithe a dheonadh nó roimh dheireadh pé faduithe (más ann) ar an tréimhse sin a cheadós an tAire as a chomhairle féin, uimhir shonraithe chrann de chineál sonraithe nó (do réir mar is oiriúnach leis an Aire agus a shonrós sé san ordú) pé uimhreacha crann de chineálacha sonraithe éagsúla, a shonrós an tAire, a phlandáil, do réir gnáth-chleachta na dea-fhoraoiseachta, ar thalamh sonraithe is leis an duine sin ar dháta an orduithe,

(ii) coinníoll (dá ngairmtear an coinníoll cosanta san alt seo) go ndéanfaidh an duine dá ndeonfar an t-ordú sin, go ceann aon bhlian déag ó dháta an orduithe a dheonadh nó go ceann deich mbliana ón dáta plandála, pé tréimhse acu is déanaí a chríochnós, na crainn a plandáladh de bhun an choinníll phlandála a chaomhaint do réir gnáth-chleachta na dea-fhoraoiseachta, agus chuige sin go gcoimeádfaidh i ndeis mhaith agus i staid éifeachtúil gach fál agus cosaint eile is gá chun na crainn sin a chosaint ar a ndíobháladh nó a milleadh de dheascaibh treaspáis ag aon ainmhithe.

(b) má chuireann an tAire an coinníoll plandála agus an coinníoll cosanta leis an ordú, féadfaidh sé coinníoll a chur leis an ordú freisin go ndéanfaidh an duine dá ndeontar an t-ordú, sar a bplandálfaidh aon chrann de bhun an choinníll phlandála, an áit a mbeidh an crann sin le plandáil ann a fhálú i slí a dhéanfas an crann sin, ar é a bheith plandálta, a chosaint go héifeachtúil ar a dhíobháladh nó a mhilleadh de dheascaibh treaspáis ag aon ainmhithe.

(3) Aon uair a dhéanfas an tAire ordú úsáidte (crainn eiscithe) a dheonadh (seachas ordú úsáidte (crainn eiscithe) a údarós crann nó crainn a úsáid go haonta chun críche nó críocha a ndéanfadh úsáid an chrainn nó na gcrann chuici nó chucu, dá luaití an chríoch nó na críocha sin sa bhfógra leagain a bhain leis an gcrann nó na crainn, crann eiscithe den chrann nó de gach ceann de na crainn, do réir mar a bheas)—

(a) féadfaidh sé, más oiriúnach leis, coinníoll (dá ngairmtear an coinníoll cothabhála san alt seo) a chur leis an ordú go ndéanfaidh an duine dá ndeontar an t-ordú, go ceann aon bhliain déag ó dháta an orduithe a dheonadh, crainn atá ag fás, ar dháta an orduithe a dheonadh, ar thalamh sonraithe is leis an duine sin ar dháta an orduithe agus fós crainn a thosnós ag fás, de dhruim athghiniúna nádúrtha, ar an talamh sonraithe sin, nó a plandálfar air, tar éis dáta an orduithe, a chaomhaint do réir gnáth-chleachta na dea-fhoraoiseachta agus chuige sin go gcoimeádfaidh i ndeis mhaith agus i staid éifeachtúil gach fál agus cosaint eile is gá chun gach crann den tsórt sin a chosaint ar a dhíobháladh nó a mhilleadh de dheascaibh treaspáis ag aon ainmhithe;

(b) má chuireann an tAire an coinníoll cothabhála leis an ordú, féadfaidh sé coinníoll a chur leis an ordú freisin go ndéanfaidh an duine dá ndeontar an t-ordú, laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an orduithe a dheonadh, an talamh a bheas sonraithe sa choinníoll cothabhála a fhálú i slí a dhéanfas gach crann atá nó a bheas ag fás air a chosaint go héifeachtúil ar a dhíobháladh nó a mhilleadh de dheascaibh treaspáis ag aon ainmhithe.

(4) Má cuirtear an coinníoll cothabhála le hordú úsáidte (crainn eiscithe); ní oibreoidh sin chun a thabhairt go mbeidh sé neamhdhleathach ag an duine dá ndeonfar an t-ordú sin aon chrann a thochailt nó a ghearradh anuas faoi réir forál eile an Achta seo, má déantar an tochailt nó an gearradh anuas sin i gcúrsa, agus do réir gnáth-chleachta, na dea-fhoraoiseachta.

(5) Aon uair a bheas cumhacht ag an Aire, faoi fho-alt (2) den alt seo, coinníollacha athphlandála a chur le hordú úsáidte (crainn eiscithe) agus a bheas cumhacht aige, faoi fho-alt (3) den alt seo, coinníoll caomhanta nó coinníollacha caomhanta a chur leis an ordú, féadfaidh sé, más oiriúnach leis, na coinníollacha seo a leanas a chur ag gabháil leis an ordú:—

(a) coinníollacha athphlandála, agus

(b) coinníoll caomhanta nó coinníollacha caomhanta.

(6) I gcás aon choinníoll nó coinníollacha acu seo a leanas, eadhon, coinníollacha athphlandála agus coinníollacha caomhanta, a chur le hordú úsáidte (crainn eiscithe), beidh an coinníoll nó na coinníollacha sin mar cheangal ar an duine dá ndeonfar an t-ordú sin agus ar gach duine dá chomharbaí-i-dteideal chun na talún a bheas sonraithe sa choinníoll nó sna coinníollacha sin.

(7) I gcás—

(a) ina mbeidh aon choinníollacha athphlandála, i dteannta nó d'éagmais coinníll chaomhanta nó coinníollacha caomhanta, ag gabháil le hordú úsáidte (crainn eiscithe), agus

(b) nach é an duine dá ndeonfar an t-ordú sin is áititheoir ar an talamh a bheas sonraithe sna coinníollacha athphlandála sin,

beidh an coinníoll cosanta mar cheangal ar an duine is áititheoir de thuras na huaire ar an talamh sin.

(8) I gcás—

(a) ina mbeidh aon choinníoll nó coinníollacha caomhanta, i dteannta nó d'éagmais coinníollacha athphlandála, ag gabháil le hordú úsáidte (crainn eiscithe), agus

(b) nach é an duine dá ndeonfar an t-ordú sin is áititheoir ar an talamh a bheas sonraithe sa choinníoll nó sna coinníollacha caomhanta sin,

beidh an coinníoll cothabhála mar cheangal ar an duine is áititheoir de thuras na huaire ar an talamh sin.

(9) Más rud é, i gcás aon choinníoll nó coinníollacha acu seo a leanas, eadhon, coinníollacha athphlandála agus coinníollacha caomhanta, a bheith ag gabháil le hordú úsáidte (crainn eiscithe), go bhfailleoidh aon duine a mbeidh an coinníoll sin nó aon cheann de na coinníollacha sin (pé acu é) mar cheangal air an coinníoll nó na coinníollacha sin a chomhlíonadh, beidh an duine sin, in aghaidh gach mí a leanfas an fhaillí sin, ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear, i gcás an chéadchiontuithe den tsórt sin maidir leis an ordú úsáidte (crainn eiscithe) sin, fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air agus, i gcás gach ciontuithe ina dhiaidh sin maidir leis an ordú úsáidte (crainn eiscithe) sin, fíneáil nach mó ná deich bpuint.

Srian le crainn áirithe a úsáid is abhar d'ordú úsáidte (crainn eiscithe).

47. —(1) I gcás ina ndeonfaidh an tAire ordú úsáidte (crainn eiscithe) á údarú crann a úsáid nó deighleáil leis chun críche áirithe, a ndúradh san iarratas a cuireadh chuige ag lorg an orduithe sin gur críoch í a dhéanas crainn eiscithe den chrann sin, ní dleathach do dhuine ar bith an crann ná aon chuid shubstainteach de a úsáid ná deighleáil leis ná a chur faoi ndear ná a cheadú an crann sin ná aon chuid shubstainteach de a úsáid ná deighleáil leis, ar é a bheith gearrtha anuas de bhun an fhógra leagain iomchuibhe nó do réir an údaráis a bheirtear leis an gceadúnas leagain teoranta iomchuibhe, chun aon chríche seachas an chríoch a bheas údaraithe amhlaidh.

(2) Gach duine a úsáidfeas crann nó aon chuid de chrann nó a dheighleálfas leis nó a chuirfeas faoi ndear nó a cheadós crann nó aon chuid de chrann a úsáid nó deighleáil leis contrártha don alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear, faoi réir ailt 53 den Acht seo, fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air in aghaidh gach crainn den tsórt sin.

Ceadúnais leagain arna ndeonadh faoi alt 8 d'Acht 1928.

48. —(1) San alt seo, ciallaíonn an abairt “coinníoll plandála láithreach” coinníoll, maidir le plandáil chrann, arna chur le ceadúnas leagain faoi Acht 1928.

(2) Gach ceadúnas leagain faoi Acht 1928 leanfaidh sé, ar an dáta feidhme agus dá éis, de bheith i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige amhail is dá mba cheadúnas é á údarú don cheadúnaí an crann lena mbaineann an ceadúnas a thochailt nó a ghearradh anuas i rith na tréimhse dar thosach dáta an cheadúnais a dheonadh agus dar críoch comhaireamh dhá bhlian ón dáta feidhme.

(3) I gcás coinníoll plandála láithreach a bheith i gceadúnas leagain faoi Acht 1928, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(a) scoirfidh an coinníoll plandála láithreach, amhail ar an dáta feidhme agus uaidh sin amach, de bheith ag gabháil leis an gceadúnas,

(b) is tuigthe, de bhuaidh an fho-ailt seo, na coinníollacha seo a leanas a bheith ag gabháil, amhail ar an dáta feidhme agus uaidh sin amach, leis an gceadúnas sin—

(i) coinníoll (dá ngairmtear an coinníoll plandála nua sa bhfo-alt seo), má déantar aon chrann nó crainn lena mbaineann an ceadúnas a thochailt nó a ghearradh anuas, i rith na tréimhse dar thosach dáta an cheadúnais a dheonadh agus dar críoch comhaireamh dhá bhlian ón dáta feidhme, go ndéanfaidh an ceadúnaí, laistigh den tréimhse trí mblian ón dáta feidhme nó laistigh de pé fadú (más ann) ar an tréimhse sin a cheadós an tAire as a chomhairle féin, an uimhir chrann agus an cineál crann a sonraíodh sa choinníoll plandála láithreach a phlandáil, do réir gnáth-chleachta na dea-fhoraoiseachta, ar an talamh a sonraíodh sa cheadúnas,

(ii) coinníoll go ndéanfaidh an ceadúnaí, má phlandáil sé, de bhun an choinníll phlandála láithrigh, aon chrann laistigh de dheich mbliana roimh an dáta feidhme, fálú (mura bhfuil sin déanta cheana aige), roimh dheireadh tréimhse de shé mhí tar éis an dáta feidhme nó roimh dheireadh pé faduithe (más ann) ar an tréimhse sin a cheadós an tAire as a chomhairle féin, ar an áit ar ar plandáladh an crann sin i slí a dhéanfas an crann a chosaint go héifeachtúil ar a dhíobháladh nó a mhilleadh de dheascaibh treaspáis ag aon ainmhithe, nó, má phlandálann sé, de bhun an choinníll phlandála nua, aon chrann ar an dáta feidhme nó dá éis, fálú, roimh an gcrann a phlandáil, ar an áit ar a mbeidh an crann le plandáil i slí a dhéanfas an crann, ar é a bheith plandálta, a chosaint go héifeachtúil ar a dhíobháladh nó a mhilleadh amhlaidh,

(iii) coinníoll (dá ngairmtear an coinníoll cosanta sa bhfo-alt seo) go ndéanfaidh an ceadúnaí, go ceann trí bliana déag ón dáta feidhme nó go ceann tréimhse de dheich mbliana ar a lagad ón dáta plandála, pé acu sin is déanaí, na crainn a plandáladh de bhun an choinníll phlandála nua a chaomhaint do réir gnáth-chleachta na dea-fhoraoiseachta agus chuige sin go gcoimeádfaidh i ndeis mhaith agus i staid éifeachtúil gach fál agus cosaint eile is gá chun na crainn sin a chosaint ar a ndíobháladh nó a milleadh de dheascaibh treaspáis ag aon ainmhithe,

(c) má rinne an ceadúnaí, roimh an dáta feidhme, aon chrann a phlandáil de bhun an choinníll phlandála láithrigh, is tuigthe an crann sin a bheith arna phlandáil de bhun an choinníll phlandála nua, ach, d'ainneoin míre (b) den fho-alt seo, ní chuirfidh an coinníoll cosanta a bheas ag gabháil, de bhuaidh na míre sin (b), leis an gceadúnas ceangal ar an gceadúnaí an crann sin a chaomhaint tar éis tréimhse deich mbliana a bheith caite ón dáta plandála,

(d) má déantar dhá cheann nó níos mó, ach ná déanfar gach ceann, de na crainn lena mbaineann an ceadúnas a thochailt nó a ghearradh anuas faoin údarás a bheirtear leis an gceadúnas, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis—

(i) an ceadúnaí a shaoradh, i bpáirt nó go hiomlán, ó chomhlíonadh na gcoinníoll a bheas curtha leis an gceadúnas tríd an bhfo-alt seo, nó

(ii) an uimhir chrann a bheas le plandáil ag an gceadúnaí a laghdú.

(4) I gcás coinníollacha a chur, de bhuaidh fo-ailt (3) den alt seo, le ceadúnas leagain faoi Acht 1928—

(a) beidh na coinníollacha sin (ach amháin má déantar agus a mhéid a déanfar é nó iad a shaoradh uathu) mar cheangal ar an gceadúnaí agus ar gach duine dá chomharbaí-i-dteideal chun na talún a bheas sonraithe sa cheadúnas,

(b) murab é an ceadúnaí áititheoir na talún sin, beidh an coinníoll cosanta (ach amháin má saortar agus a mhéid a saorfar an ceadúnaí uaidh) mar cheangal ar an duine is áititheoir de thuras na huaire ar an talamh sin.

(5) Más rud é, i gcás aon choinníollacha a bheith, de bhuaidh fo-ailt (3) den alt seo, ag gabháil le ceadúnas leagain faoi Acht 1928, go bhfailleoidh aon duine a mbeidh aon choinníollacha den tsórt sin nó aon choinníoll áirithe den tsórt sin mar cheangal air an céanna a chomhlíonadh, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo in aghaidh gach mí a leanfas an fhaillí agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear, i gcás an chéad chiontuithe maidir leis an gceadúnas leagain sin faoi Acht 1928, fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air agus, i gcás gach ciontuithe ina dhiaidh sin maidir leis an gceadúnas leagain sin faoi Acht 1928, fíneáil nach mó ná deich bpuint.

Ceadúnais leagain ginearálta.

49. —(1) Féadfaidh an tAire, aon uair agus a mhinice is oiriúnach leis, ar iarratas (a bheas sa bhfoirm orduithe agus ina mbeidh na sonraí orduithe) arna dhéanamh ag aon únaer talún nó thar a cheann, ceadúnas a dheonadh don únaer á údarú aon ní a dhéanamh dá luaitear in aon mhír (a sonrófar sa cheadúnas) acu seo a leanas:—

(a) crainn in aon choill shonraithe ar an talamh a thochailt nó a ghearradh anuas i ngnáthchúrsa tanuithe na coille sin do réir gnáth-chleachta na dea-fhoraoiseachta,

(b) crainn ar chuid shonraithe den talamh a thochailt nó a ghearradh anuas chun an chuid sin a réiteach d'fhonn í a athphlandáil,

(c) crainn in aon choill shonraithe ar an talamh a thochailt nó a ghearradh anuas i ngnáthchúrsa tanuithe na coille sin do réir gnáth-chleachta na dea-fhoraoiseachta, agus crainn ar chuid shonraithe den talamh (seachas an chuid ar a bhfuil an choill sin) a thochailt nó a ghearradh anuas chun an chuid shonraithe sin a réiteach d'fhonn í a athphlandáil,

agus beidh an t-údarás a bhéarfar amhlaidh infheidhmithe, mura bhforceanntar roimhe sin é faoin alt seo, ar feadh na tréimhse a bheas sonraithe sa cheadúnas.

(2) Féadfaidh an tAire an t-údarás a bheirtear le ceadúnas leagain ginearálta a fhorceannadh tráth ar bith trí fhógra i scríbhinn i dtaobh an fhorceannta sin a sheirbheáil ar an duine ag a mbeidh, de thuras na huaire, teideal chun na talún lena mbaineann an ceadúnas.

(3) Beidh ag gabháil le gach ceadúnas leagain ginearálta a údarós crainn a thochailt nó a ghearradh anuas chun talamh a réiteach d'fhonn é a athphlandáil coinníollacha go ndéanfaidh an ceadúnaí—

(a) laistigh de tréimhse shonraithe nach giorra ná dhá mhí dhéag ó dheireadh na tréimhse a mbeidh an t-údarás a bheirtear leis an gceadúnas infheidhmithe ar a feadh nó laistigh de pé tréimhse (más ann) is faide ná sin a cheadós an tAire as a chomhairle féin, crainn a phlandáil, do réir gnáth-chleachta na dea-fhoraoiseachta agus chun sástachta an Aire, ar an talamh a réitíodh amhlaidh, agus

(b) go ceann aon bhliain déag ó dheireadh na tréimhse a mbeidh an t-údarás a bheirtear leis an gceadúnas infheidhmithe ar a feadh, nó go ceann deich mbliana ó dháta plandála na gcrann sin, pé acu sin is déanaí, an crann a plandáladh amhlaidh a chaomhaint, do réir gnáth-chleachta na dea-fhoraoiseachta, agus chun críche na caomhanta sin gach fál agus cosaint eile, is gá chun na crainn sin a chosaint ar a ndíobháladh nó a milleadh de dheascaibh treaspáis ag aon ainmhithe, a choimeád i ndeis mhaith agus i staid éifeachtúil.

(4) I gcás coinníollacha a bheith ag gabháil le ceadúnas leagain ginearálta de bhun fo-ailt (3) den alt seo, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, coinníoll a chur leis an gceadúnas freisin go ndéanfaidh an ceadúnaí, sar a bplandálfar aon chrainn do réir an choinníll chéadluaite, fálú ar an talamh ar a mbeidh na crainn sin le plandáil i slí a chosnós iad go héifeachtúil, ar iad a bheith plandálta, ar a ndíobháladh nó a milleadh de dheascaibh treaspáis ag aon ainmhithe.

(5) Beidh an t-údarás a bheirtear le ceadúnas leagain ginearálta infheidhmithe, go dtí deireadh na tréimhse a mbeidh an t-údarás a bheirtear leis an gceadúnas infheidhmithe ar a feadh, ag an gceadúnaí agus a chomharbaí-i-dteideal chun na talún lena mbaineann an ceadúnas.

(6) I gcás coinníollacha foraoisithe a bheith ag gabháil le ceadúnas leagain ginearálta—

(a) beidh na coinníollacha sin mar cheangal ar an gceadúnaí agus ar gach duine dá chomharbaí-i-dteideal chun na talún lena mbaineann an ceadúnas,

(b) murab é an ceadúnaí áititheoir na talún sin, beidh na coinníollacha sin, sa mhéid go mbainfid le crainn a chaomhaint agus le fálta agus cosaint eile a chothabháil, mar cheangal ar an duine is áititheoir de thuras na huaire ar an talamh sin.

(7) Más rud é, i gcás aon choinníollacha foraoisithe a bheith ag gabháil le ceadúnas leagain ginearálta, go bhfailleoidh aon duine a mbeidh na coinníollacha sin nó aon cheann de na coinníollacha sin mar cheangal air an céanna a chomhlíonadh, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo in aghaidh gach mí a leanfas an fhaillí sin, agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear, i gcás an chéad chiontuithe den tsórt sin maidir leis an gceadúnas leagain ginearálta sin, fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air agus, i gcás gach ciontuithe ina dhiaidh sin maidir leis an gceadúnas leagain ginearálta sin, fíneáil nach mó ná deich bpuint.

Na coinníollacha a cuirfear le ceadúnais, etc., a shonrú iontu.

50. —I gcás ina gcuirfidh an tAire aon choinníoll nó coinníollacha le ceadúnas leagain teoranta nó le ceadúnas leagain ginearálta nó le hordú úsáidte (crainn eiscithe), leagfar amach an coinníoll nó na coinníollacha sa cheadúnas nó san ordú.

Pionós mar gheall ar chrainn a dhíobháladh.

51. —(1) Ní dhéanfaidh duine ar bith ceachtar ní acu seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) ní dhéanfaidh, ná ní chuirfidh faoi ndear ná ní cheadóidh go ndéanfar, maidir le haon chrann (seachas crann nár shárú ar an Acht seo é a thochailt nó a ghearradh anuas) aon ghníomh ná ní, trí imghearradh coirte ná ar shlí ar bith eile, a bhéarfas nó dá dtiocfadh nó is cosúil a bhéarfadh éag nó dreo ar an gcrann sin nó a bhéarfas nó dá dtiocfadh nó is cosúil a bhéarfadh damáiste thar fóir ar an gcrann sin, ná

(b) ní bhainfidh, ná ní chuirfidh faoi ndear ná ní cheadóidh go mbainfear, adhmad d'aon chrann (seachas mar adúradh) ar shlí seachas do réir gnáth-chleachta na dea-fhoraoiseachta nó chun damáiste mór do bharraí a chosc.

(2) Gach duine a shárós fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear, faoi réir ailt 53 den Acht seo, fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air in aghaidh gach crainn a ndéanfar an sárú sin ina leith.

Orduithe athphlandála.

52. —(1) Aon uair a ciontófar duine i gcion, maidir le haon chrann atá nó a bhí ar thalamh dá chuid, faoi alt 37 nó alt 39 nó alt 45 nó alt 47 nó alt 51 den Acht seo, féadfaidh an tAire más oiriúnach leis, ordú a dhéanamh agus a sheirbheáil ar an duine sin á cheangal ar an duine sin na nithe seo a leanas a dhéanamh, is é sin le rá:—

(a) roimh dheireadh tréimhse sonraithe nach giorra ná dhá mhí dhéag ó dháta an orduithe nó laistigh de pé fadú (más ann) ar an tréimhse sin a cheadós an tAire as a chomhairle féin, uimhir shonraithe chrann de chineál sonraithe nó (do réir mar is oiriúnach leis an Aire agus a luafas sé san ordú) pé uimhreacha crann de chineálacha sonraithe éagsúla, a shonrós an tAire, a phlandáil do réir gnáth-chleachta na dea-fhoraoiseachta ar chuid shonraithe den talamh sin nó de thalamh eile is leis an duine sin ar dháta an orduithe, agus

(b) go ceann tréimhse aon bhliain déag ó dháta an orduithe nó go ceann tréimhse deich mbliana ón dáta plandála, pé tréimhse acu is déanaí a chríochnós, na crainn a plandáladh de bhun an orduithe a chaomhaint do réir gnáth-chleachta na dea-fhoraoiseachta agus chuige sin gach fál agus cosaint eile, is gá chun na crainn sin a chosaint ar a ndíobháladh nó a milleadh de dheascaibh treaspáis ag aon ainmhithe, a choimeád i ndeis mhaith agus i staid éifeachtúil.

(2) Féadfaidh ordú athphlandála, más oiriúnach leis an Aire agus má shonraíonn sé amhlaidh san ordú, a cheangal ar an duine a ndéanfar an t-ordú ina leith fálú a dhéanamh, sar a bplandálfaidh aon chrann de bhun an orduithe, ar an áit a bhfuil an crann le plandáil ann i slí a dhéanfas an crann a chosaint go héifeachtúil, ar bheith plandálta dhó, ar a dhíobhaladh nó a mhilleadh de dheascaibh treaspáis ag aon ainmhithe.

(3) I gcás ordú athphlandála a sheirbheáil ar dhuine ar bith, beidh forála an orduithe mar cheangal ar an duine sin agus ar gach duine dá chomharbaí-i-dteideal chun na talún lena mbaineann an t-ordú.

(4) I gcás—

(a) ina seirbheálfar ordú athphlandála ar dhuine ar bith, agus

(b) nach é an duine sin is áititheoir de thuras na huaire ar an talamh lena mbaineann an t-ordú,

beidh an t-ordú, sa mhéid go mbainfidh sé le crainn a chaomhaint agus le fálta agus cosaint eile a chothabháil, mar cheangal ar an duine is áititheoir de thuras na huaire ar an talamh sin.

(5) Má fhaillíonn duine ar bith, a mbeidh aon fhoráil nó forála d'ordú athphlandála mar cheangal air de thuras na huaire, an fhoráil nó na forála sin a chomhlíonadh, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo in aghaidh gach mí a leanfas an fhaillí sin agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear, i gcás an chéadchiontuithe den tsórt sin maidir leis an ordú athphlandála sin, fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air agus, i gcás gach ciontuithe den tsórt sin ina dhiaidh sin maidir leis an ordú athphlandála sin, fíneáil nach mó ná deich bpuint.

Teora le pionóis áirithe.

53. —I gcás—

(a) duine a chiontú i gcion faoi alt 37 nó alt 38 nó alt 39 nó alt 42 nó alt 45 nó alt 47 nó alt 51 den Acht seo, agus

(b) an cion do bhaint le níos mó ná fiche crann, agus

(c) an duine sin dá chruthú chun sástachta na Cúirte gur dhearmad fíorais bona fide, pé acu aige féin nó ag duine eile a bhí ag gníomhú faoina orduithe nó lena chead é, faoi ndear an cion,

ansin, ní raghaidh méid iomlán na fíneála á cuirfear air i leith an chiona thar céad punt.

Coinníollachaagus orduithe áirithe a chlárú faoin Registration of Title Act, 1891.

54. —(1) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “an t-údarás clárúcháin” an t-údarás clárúcháin faoi Acht 1891;

ciallaíonn an abairt “talamh cláraithe” talamh arna chlárú faoi Acht 1891.

(2) I gcás—

(a) aon choinníoll nó coinníollacha acu seo a leanas, eadhon, coinníollacha athphlandála agus coinníollacha caomhanta, a chur le ceadúnas leagain teoranta nó le hordú úsáidte (crainn eiscithe), agus

(b) aon talamh a mbeidh crainn le plandáil nó le caomhaint air de bhun an choinníll nó na gcoinníoll sin a bheith ina thalamh cláraithe,

déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir tar éis an ceadúnas a dheonadh nó an t-ordú a dhéanamh, cóip de a chur go dtí an t-údarás clárúcháin agus air sin déanfaidh an t-údarás clárúcháin an coinníoll nó na coinníollacha sin a cuireadh leis a chlárú mar ualach ar an talamh sin.

(3) I gcás—

(a) coinníollacha a bheith, de bhuaidh fo-ailt (3) d'alt 48 den Acht seo, ag gabháil le ceadúnas leagain faoi Acht 1928, agus

(b) an talamh ar a mbeidh crainn le plandáil de bhun na gcionníoll sin a bheith ina thalamh cláraithe,

déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir tar éis an dáta feidhme, cóip den cheadúnas a chur go dtí an t-údarás clárúcháin agus air sin cláróidh an t-údarás clárúcháin na coinníollacha sin mar ualach ar an talamh sin.

(4) I gcás—

(a) coinníollacha foraoisithe a chur le ceadúnas leagain ginearálta, agus

(b) an talamh ar a mbeid crainn le plandáil de bhun na gcoinníoll a bheith ina thalamh cláraithe,

déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir tar éis an ceadúnas a dheonadh, cóip de a chur go dtí an t-údarás clárúcháin agus air sin cláróidh an t-údarás clárúcháin na coinníollacha foraoisithe mar ualach ar an talamh sin.

(5) I gcás—

(a) ordú athphlandála a sheirbheáil ar dhuine ar bith, agus

(b) an talamh ar a mbeidh crainn le plandáil de bhun an orduithe sin a bheith ina thalamh cláraithe,

déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir tar éis an t-ordú a sheirbheáil, cóip de a chur go dtí an t-údarás clárúcháin agus cláróidh an t-údarás clárúcháin an t-ordú mar ualach ar an talamh sin.

(6) I gcás ualach ar thalamh ar bith a bheith arna chlárú faoin alt seo, agus an t-ualach a bheith arna fhuascailt i bpáirt nó go hiomlán nó a bheith arna mhodhnú,—

(a) déanfaidh an tAire, ar an duine is únaer de thuras na huaire ar an talamh dá iarraidh sin air sa bhfoirm orduithe, teastas a eisiúint chun an údaráis chlárúcháin ina luafaidh an méid is dóigh leis a fuascladh nó a modhnaíodh an t-ualach agus déanfaidh cóip den teastas sin a eisiúint freisin chun an únaera, agus

(b) déanfaidh an t-údarás clárúcháin, ar an teastas a fháil, é a chlárú mar chruthú ar fhuascailt nó páirtfhuascailt nó modhnú (do réir téarmaí an teastais) an ualaigh.

(7) Ní bheidh aon táillí iníoctha i leith aon imeachta i gClárlann na Talún faoin alt seo.

Painéal réiteoirí.

55. —(1) Bunófar agus cothabhálfar chun críocha an Achta seo painéal réiteoirí ar a mbeidh pé uimhir de dhaoine cearta oiriúnacha a gheobhfar ó am go ham a bheith riachtanach chun na gcríocha adúradh.

(2) Is é an Rialtas a cheapfas comhaltaí an phainéil réiteoirí agus beidh gach comhalta den tsórt sin i seilbh oifige go ceann cúig bliana ó dháta a cheaptha ach beidh sé inathcheaptha ar a théarma oifige a bheith caite.

(3) Íocfar le gach comhalta den phainéal réiteoirí pé táillí agus costais a ordós an tAire, le haontú an Aire Airgeadais, as gach scrúdú a dhéanfas sé agus gach tuarascáil a bhéarfas sé de bhun an Achta.

Nithe áirithe a chur faoi bhráid réiteora.

56. —(1) I gcás—

(a) ina ndiúltófar i bpáirt nó go hiomlán d'iarratas ar cheadúnas leagain teoranta, agus ina ndéanfaidh an t-iarratasóir, nó aon duine dá chomharbaí-i-dteideal chun na talún ar a bhfuil an crann lenar bhain an t-iarratas, agóid i gcoinne an diúltuithe sin, nó

(b) ina ndeonfaidh an tAire ceadúnais leagain teoranta a mbeidh aon choinníoll nó coinníollacha acu seo a leanas ag gabháil leis, eadhon, coinníollacha athphlandála agus coinníollacha caomhanta, agus ina ndéanfaidh an ceadúnaí nó aon duine dá chomharbaí-i-dteideal chun na talún a bheas sonraithe sa choinníoll nó sna coinniollacha sin agóid i gcoinne an coinníoll nó na coinníollacha sin a chur leis an gceadúnas sin nó i gcoinne téarmaí an choinníll nó na gcoinníoll sin, nó

(c) ina ndeonfaidh an tAire ceadúnas leagain teoranta a mbeidh coinníoll ranníoca ag gabháil leis agus ina ndéanfaidh an ceadúnaí agóid i gcoinne an coinníoll ranníoca a chur leis an gceadúnas sin nó i gcoinne méid na ranníocaíochta, nó

(d) ina bhforceannfaidh an tAire an t-údarás a bheirtear le ceadúnas leagain teoranta agus ina ndéanfaidh an ceadúnaí, nó aon duine dá chomharbaí-i-dteideal chun na talún ar a bhfuil nó ar a raibh an crann lena mbaineann an ceadúnas, agóid i gcoinne an fhorceannta sin, nó

(e) ina ndiúltóidh an tAire, tar éis dó an t-údarás a fhorceannadh a bheirtear le ceadúnas leagain teoranta a mbeidh aon choinníoll nó coinníollacha acu seo a leanas ag gabháil leis, eadhon, coinníollacha athphlandála agus coinníollacha caomhanta, an coinníoll nó na coinníollacha sin a mhodhnú, agus ina ndéanfaidh an ceadúnaí, nó aon duine dá chomharbaí-i-dteideal chun na talún a bheas sonraithe sa choinníoll nó sna coinníollacha sin, agóid i gcoinne an diúltuithe sin, nó

(f) ina ndéanfaidh an tAire, tar éis dó an t-údarás a fhorceannadh a bheirtear le ceadúnas leagain teoranta a mbeidh aon choinníoll nó coinníollacha acu seo a leanas ag gabháil leis, eadhon, coinníollacha athphlandála agus coinníollacha caomhanta, modhnú ar an gcoinníoll nó ná coinníollacha sin agus ina ndéanfaidh an ceadúnaí, nó aon duine dá chomharbaí-i-dteideal chun na talún a bheas sonraithe sa choinníoll nó sna coinníollacha sin, agóid i gcoinne méid an mhodhnuithe, nó

(g) ina ndiúltóidh an tAire, tar éis dó an t-údarás a fhorceannadh a bheirtear le ceadúnas leagain teoranta a mbeidh coinníoll ranníoca ag gabháil leis, an ranníocaíocht a aisíoc agus ina ndéanfaidh an ceadúnaí nó a ionadaithe pearsanta agóid i gcoinne an diúltuithe sin, nó

(h) ina ndéanfaidh an tAire, tar éis dó an t-údarás a fhorceannadh a bheirtear le ceadúnas leagain teoranta a mbeidh coinníoll ranníoca ag gabháil leis, cuid den ranníocaíocht a aisíoc agus ina ndéanfaidh an ceadúnaí nó a ionadaithe pearsanta agóid i gcoinne méid na haisíocaíochta, nó

(i) in a ndéanfaidh an tAire ordú úsáidte (crainn eiscithe) a mbeidh aon choinníoll nó coinníollacha acu seo a leanas ag gabháil leis, eadhon, coinníollacha athphlandála agus coinníollacha caomhanta, agus ina ndéanfaidh an duine dá ndeonfar an t-ordú, nó aon duine dá chomharbaí-idteideal chun na talún a bheas sonraithe sa choinníoll nó sna coinníollacha sin, agóid i gcoinne an coinníoll nó na coinníollacha sin a chur leis an ordú sin nó i gcoinne téarmaí an choinníll nó na gcoinníoll a cuireadh leis amhlaidh, nó

(j) ina ndéanfaidh an tAire ordú athphlandála i leith duine ar bith agus ina ndéanfaidh an duine sin, nó aon duine dá chomharbaí-i-dteideal chun na talún lena mbaineann an t-ordú, agóid i gcoinne an orduithe nó i gcoinne téarmaí an orduithe,

féadfaidh an t-agóidire nó na hagóidirí, do réir fo-ailt (2) den alt seo, a fhoréileamh go gcuirfear an agóid uaidh nó uathu faoi bhráid réiteora.

(2) Gach foréileamh a déanfar faoi fho-alt (1) den alt seo—

(a) beidh sé sa bhfoirm ordaithe agus luafar ann na forais ar a bhfuil an foréileamh bunaithe,

(b) cuirfear go dtí an tAire é sa tslí ordaithe agus laistigh den am ordaithe, agus

(c) cuirfear an táille ordaithe ina theannta.

(3) Aon uair a gheobhaidh an tAire foréileamh arna dhéanamh go cuibhe faoi na forála sin roimhe seo den alt seo, bhéarfaidh sé go ndéanfar abhar an fhoréilimh sin (is é sin le rá, an t-abhar a bhforéileofar leis an bhforéileamh sin é a chur faoi bhráid réiteora) a chur chun a scrúduithe faoi bhráid réiteora a ainmneos an tAire as an bpainéal réiteoirí a bheas bunaithe agus á chothábháil de bhun an Achta seo.

(4) Déanfaidh gach réiteoir a gcuirfear foréileamh faoina bhráid faoin alt seo abhar an fhoréilimh sin a scrúdú agus tuarascáil i scríbhinn a thabhairt don Aire i dtaobh toradh an scrúduithe sin.

(5) Breithneoidh an tAire gach tuarascáil a cuirfear chuige faoi fho-alt (4) den alt seo agus cuirfidh cóip den tuarascáil sin go dtí an duine a rinne an foréileamh lena mbaineann sí agus déanfaidh an tAire ansin pé ní acu seo leanas is cuibhe leis,—

(a) daingneoidh an beart a rinne sé sa ní dob abhar don fhoréileamh sin, nó

(b) déanfaidh pé beart a mheasfaidh is iomchuibhe chun an agóid dob abhar don fhoréileamh sin a shásamh (go hiomlán nó sa mhéid a chífear dó bheith ceart).

(6) I bhfeidhmiú a chumhacht faoi fho-alt (5) den alt seo, féadfaidh an tAire, gan dochar do ghinearáltacht na gcumhacht a bheirtear leis an bhfo-alt sin,—

(a) aon choinníollacha athphlandála a cuireadh le ceadúnas leagain teoranta, lenar bhain an foréileamh iomchuibhe faoin alt seo, a mhodhnú, amhail mar a cumhachtaítear do, faoi fho-alt (5) d'alt 41 den Acht seo, coinníollacha athphlandála a mhodhnú sna tosca a sonraítear sa bhfo-alt sin, agus beidh éifeacht ag an modhnú sin amhail is dá mba mhodhnú é iarbhír de bhuaidh an fho-ailt sin (5);

(b) aon choinníoll nó coinníollacha caomhanta a cuireadh le ceadúnas leagain teoranta, lenar bhain an foréileamh iomchuibhe faoin alt seo, a mhodhnú, amhail mar a cumhachtaítear dó, faoi fho-alt (6) d'alt 41 den Acht seo, coinníollacha caomhanta a mhodhnú sna tosca a sonraítear sa bhfo-alt sin, agus beidh éifeacht ag an modhnú sin amhail is dá mba mhodhnú é iarbhír de bhuaidh an fho-ailt sin (6);

(c) aon choinníoll ranníoca a cuireadh le ceadúnas leagain teoranta, lenar bhain an foréileamh iomchuibhe faoin alt seo, a mhodhnú, tríd an gcoinníoll a tharraing siar nó trí mhéid na ranníocaíochta a bheas sonraíthe sa choinníoll sin a laghdú;

(d) aon cheadúnas leagain teoranta, lenar bhain an foréileamh iomchuibhe faoin alt seo, a tharraing siar agus ceadúnas leagain teoranta nua a dheonadh ina ionad sa tslí a sonraítear in alt 40 den Acht seo agus, más oiriúnach leis,—

(i) aon choinníoll nó coinníollacha acu seo a leanas, eadhon, coinníollacha athphlandála agus coinníollacha caomhanta, nó

(ii) coinníoll ranníoca,

a chur leis an gceadúnas nua sin;

(e) in aon chás inar bhain an foréileamh iomchuibhe faoin alt seo le hordú úsáidte (crainn eiscithe), ordú úsáidte (crainn eiscithe) nua a dhéanamh amhail is ná beadh an t-ordú bunaidh, lenar bhain an foréileamh sin, arna dhéanamh, agus is tuigthe déanamh an orduithe úsáidte (crainn eiscithe) nua sin do chur an orduithe bhunaidh sin ar neamhbhrí;

(f) in aon chás inar bhain an foréileamh iomchuibhe faoin alt seo le hordú athphlandála, ordú athphlandála nua a dhéanamh amhail is ná beadh an t-ordú bunaidh, lenar bhain an foréileamh sin, arna dhéanamh, agus is tuigthe déanamh an orduithe athphlandála nua do chur an orduithe bhunaidh sin ar neamhbhrí.

(7) Aon uair a dhéanfas an tAire aon bheart chun an agóid dob abhar d'fhoréileamh faoin alt seo a shásamh, go hiomlán nó i bpáirt, aisíocfar leis an duine a rinne an foréileamh sin an táille a híocadh ar an bhforéileamh sin a dhéanamh.

Forála sealadacha.

57. —(1) Go ceann na tréimhse de dhá bhliain dar tosach an dáta feidhme, ní bhainfidh forála fo-ailt (1) d'alt 37 den Acht seo le tochailt ná gearradh anuas aon chrainn, más rud é—

(a) go ndearnadh, laistigh de dhá bhliain roimh an dáta feidhme, fógra leagain faoi Acht 1928, maidir leis an gcrann, a thabhairt do réir ailt 5 d'Acht 1928, agus

(b) go ndéanfar an crann a thochailt nó a ghearradh anuas (pé acu é) tráth nach déanaí ná dhá bhliain ón dáta ar ar tugadh an fógra sin amhlaidh, agus

(c) i gcás an fógra sin a thabhairt amhlaidh laistigh d'fhiche lá roimh an dáta feidhme, go mbeidh níos mó ná fiche lá caite ón dáta ar ar tugadh an fógra sin amhlaidh.

(2) I gcás fógra leagain faoi Acht 1928 a thabhairt tráth nár luaithe ná an fichiú lá roimh an dáta feidhme—

(a) déanfar an tagairt, i bhfo-alt (1) d'alt 39 den Acht seo, d'fhógra leagain faoin Acht seo a léiriú, go ceann na tréimhse d'fhiche lá dar tosach an dáta feidhme, mar thagairt a fholaíos tagairt don fhógra leagain sin faoi Acht 1928;

(b) déanfar an chéad tagairt, i bhfo-alt (2) den alt sin 39, d'fhógra leagain faoin Acht seo a léiriú mar thagairt a fholaíos tagairt don fhógra leagain sin faoi Acht 1928; agus

(c) déanfar an tagairt, i mír (b) den fho-alt sin (2), don áit a bheas ainmnithe sa bhfógra leagain sin faoin Acht seo chun ordú toirmisc faoin Acht seo a sheirbheáil ann a léiriú mar thagairt a fholaíos tagairt don áit a bheas ainmnithe sa bhfógra leagain sin faoi Acht 1928 chun doiciméidí a sheirbheáil ann faoi Acht 1928.

(3) Go ceann na tréimhse de dhá bhliain dar tosach an dáta feidhme, ní bhainfidh forála fo-ailt (1) d'alt 37 den Acht seo ná forála fo-ailt (3) d'alt 39 den Acht seo le tochailt ná gearradh anuas aon chrainn má tochaltar nó má gearrtar anuas an crann faoin údarás a bheirtear le ceadúnas leagain faoi Acht 1928.