An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Reamhraiteach agus Ginearalta.) Ar Aghaidh (CUID III. Oifigi agus Fostaiochta faoi Udarais Áitiúla.)

24 1946

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL, 1946

CUID II.

Costais Udaras Áitiúla Airithe.

Ciste contae comhairle contae.

7. —An ciste a bheas, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, á chothabháil ag comhairle chontae de bhun ailt 47 den Local Government (Ireland) Act, 1898, leanfaidh sé, d'ainneoin an t-alt sin a chúlghairm leis an Acht seo, de bheith á chothabháil ag an gcomhairle agus gairmfear an ciste contae dhe.

Suimeanna a gheobhas comhairle chontae.

8. —(1) Déanfar suim a gheobhas comhairle chontae, pé acu as rátaí é nó as fáige seachas rátaí, a íoc le cisteoir na comhairle agus, ach amháin mar a foráltar le fo-alt (2) den alt seo, is í admháil an chisteora an t-éinní is cúiteántas maith don duine a íocfas an tsuim.

(2) Beidh admháil ó bhailitheoir rátaí don chomhairle chontae, nó ó aon duine a bheas údaraithe go cuí ag comhairle chontae chun íocaíochta d'aon chineál áirithe eile a ghlacadh, ina cúiteántas maith do dhuine a dhéanfas (do réir mar a bheas) íocaíocht rátaí le bailitheoir den tsórt sin nó íocaíocht den chineál áirithe sin le duine údaraithe den tsórt sin, ach i ngach cás den tsórt sin beidh de dhualgas ar an mbailitheoir rátaí nó an duine údaraithe lena ndéanfar an íocaíocht suim na híocaíochta sin a íoc le cisteoir na comhairle laistigh de pé am a bheas sonraithe ag an gcomhairle nó le rialacháin ón Aire d'íocaíochta dá cineál nó, mura mbíonn aon am den tsórt sin sonraithe amhlaidh, láithreach.

(3) Déanfaidh cisteoir comhairle contae suim a gheobhas sé faoin alt seo a íoc—

(a) más chun críocha ciste fheabhsuithe chathartha thoildheonaigh a híocfar an tsuim, isteach sa chiste sin, agus

(b) in aon chás eile, isteach sa chiste contae.

Iocaíochta ag comhairle chontae.

9. —(1) Na costais faoina raghaidh comhairle chontae i bhfeidhmiú agus i gcomhlíonadh a gcumhacht agus a ndualgas (agus costais fuascailte dliteanas a bheas ann i dtosach feidhme an ailt seo a áireamh ach gan costais is iníochta as ciste feabhsuithe chathartha toildheonach a áireamh), íocfaidh cisteoir na comhairle iad as an gciste contae.

(2) Ní déanfar íocaíocht as ciste contae comhairle contae mura n-údaraítear sin do réir ailt 21 den Acht um Bainistí Chontae, 1940 (Uimh. 12 de 1940) , nó mura n-ordaí cúirt bhreithiúnais e.

Líomatáistí muirir costas comhairle contae.

10. —(1) Déanfar, ach amháin mar a foráltar a mhalairt le dlí costais chomhairle contae a mhuirearú go cothrom ar an gcontae iomlán.

(2) Gairmfear muirir ar an gcontae iomlán de chostais chomhairle contae a muirearófar ar an gcontae iomlán.

(3) Gairmfear muirir uirbeacha de chostais chomhairle contae a muirearófar ar líomatáiste uirbeach sa chontae.

(4) Is é a bheas i gcostais chomhairle contae faoina raghfar chun foréileamh a fhreagairt a dhéanfas baile-choimisinéirí faoi fho-alt (1) d'alt 26 den Acht seo—

(a) méid an fhoréilimh sin, agus

(b) suim (ná raghaidh, gan toiliú an Aire, thar seacht go leith faoin gcéad de mhéid an fhoréilimh sin) is comhionann le méid measta na rátaí a bheas le díscríobhadh mar rátaí do-aisghabhála agus costais an bhailithe,

agus muirearófar na costais sin ar líomatáiste an bhaile agus gairmfear muirir bhaile dhíobh.

(5) Más rud é, nuair a bheas an meastachán ar chostais chomhairle contae do bhliain airgeadais áitiúil á bhreithniú de bhun ailt 24 den Acht um Bainistí Chontae, 1940 (Uimh. 12 de 1940) , nach féidir go fóill an líomatáiste ar a bhfuil cuid de na costais sin inmhuirir ó cheart a chinneadh, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) áireofar an chuid sin sa mheastachán sin sa tslí ordaithe mar mhuirear ar an gcontae iomlán agus cruinneofar í dá réir sin tríd an ráta contae don bhliain sin;

(b) déanfar socrú sa tslí ordaithe i gcuntais na comhairle chun a chinneadh cá mhéid (más aon mhéid é) den chuid sin ba cheart a mhuirearú ar aon líomatáiste seachas an contae iomlán;

(c) más rud é, do réir míre (b) den fho-alt seo, go gcinnfear go raibh sé ceart aon mhéid a mhuirearú ar líomatáiste seachas an contae iomlán, déanfar coigeartú iomchuí sa tslí ordaithe ar an ráta contae do bhliain ina dhiaidh sin tríd an tsuim a muirearófar ar an líomatáiste sin a mhéadú agus na muirir ar an gcontae iomlán a laghdú.

(6) Má déantar costais chomhairle contae a mhuirearú ar líomatáiste a bheas comhdhéanta de líomatáiste nach líomatáiste uirbeach agus de líomatáiste uirbeach amháin nó dhá líomatáiste uirbeacha níos mó—

(a) is é méid de na costais a bheas le muirearú ar an gcuid den líomatáiste muirir nach líomatáiste uirbeach ná an méid a mbeidh idir é agus méid iomlán na gcostas an cothrom céanna a bheas idir luacháil na coda sin agus luacháil an líomatáiste mhuirir, agus

(b) is é méid de na costais a bheas le muirearú ar an líomatáiste uirbeach nó ar gach líomatáiste uirbeach faoi leith (do réir mar a bheas) ná an méid a mbeidh idir é agus méid iomlán na gcostas an cothrom céanna a bheas idir luacháil an líomatáiste uirbigh sin agus luacháil an líomatáiste mhuirir.

(7) Chun críocha fo-ailt (6) den alt seo, is é is luacháil líomatáiste ná iomlán na luacháil sna liostaí luachála a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire faoi na hAchta Luachála ar na hoidhreachtáin uile sa líomatáiste.

Comhairle chontae d'fháil cistí.

11. —(1) Déanfaidh comhairle chontae an t-airgead is gá chun slánuithe aon easnaimh (iarbhír nó ionchasach) sa chiste contae a fháil mar leanas:—

(a) más de dhroim costas a muirearaíodh go hiomlán ar líomatáiste nach líomatáiste uirbeach a thiocfas an t-easnamh, déanfaidh an chomhairle méid na gcostas a chruinniú go cothrom ar an líomatáiste sin tríd an ráta dealúis,

(b) más de dhroim costas a muirearaíodh go hiomlán ar líomatáiste uirbeach a thiocfas an t-easnamh, déanfaidh an chomhairle méid na gcostas a fhoréileamh ar údarás uirbeach an líomatáiste uirbigh sa tslí agus ar an modh ordaithe,

(c) más de dhroim costas a ndearnadh cuid díobh a mhuirearú ar líomatáiste nach líomatáiste uirbeach agus an chuid eile dhíobh a mhuirearú ar líomatáiste uirbeach nó ar dhá líomatáiste uirbeacha nó níos mó a thiocfas an t-easnamh, déanfaidh an chomhairle an méid de na costais a muirearaíodh ar an líomatáiste nach líomatáiste uirbeach a chruinniú go cothrom ar an líomatáiste sin tríd an ráta dealúis agus—

(i) más ar aon líomatáiste uirbeach amháin a muirearaíodh an chuid eile de na costais, déanfaid méid na coda eile sin a fhoréileamh ar údarás uirbeach an líomatáiste uirbigh sa tslí agus ar an modh ordaithe, agus

(ii) más ar dhá líomatáiste uirbeacha nó níos mó a muirearaíodh an chuid eile de na costais, déanfaid an pháirt den chuid eile sin a muirearaíodh ar gach líomatáiste uirbeach faoi leith a fhoréileamh ar an údarás uirbeach sin sa tslí agus ar an modh ordaithe.

(2) Íocfaidh údarás uirbeach le comhairle na contae ina mbeidh a líomatáiste uirbeach suim a fhoréileos an chomhairle faoin alt seo.

Ráta contae comhairle contae.

12. —(1) Gairmfear an ráta contae den ráta dealúis a chruinneos comhairle chontae de bhun ailt 11 den Acht seo.

(2) Déanfar fo-alt (1) den alt seo a léiriú mar ní ná déanann ach athrú ainme agus ní dhéanfaidh sé dochar do mharthain an ráta dhealúis ná d'éifeacht aon tagairte dhó in aon achtachán reachtúil nó in aon achtachán eile, ach, d'fhonn bheith i gcomhréir leis an athrú ainme sin, déanfar, i gcás an ráta chontae, tagairt don ráta sin a chur in ionad gach tagairte don ráta dealúis in aon rún, fógra, leabhar rátaí nó doiciméid eile a rithfeas nó a úsáidfeas comhairle chontae chun rátaí a ghearradh, a thobhach, a bhailiú nó a aisghabháil, agus leasófar dá réir sin, maidir lena feidhm i leith an ráta chontae, gach foirm a húsáidfear chun ráta dealúis a ghearradh, a thobhach, a bhailiú nó a aisghabháil.

Forála speisialta maidir le muirir bhaile.

13. —(1) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le haon chuid den ráta contae a ghearrfas comhairle chontae chun críocha easnaimh sa chiste contae a thiocfas de dhroim muirear baile:—

(a) déanfar an chuid sin a mheisiúnú agus a ghearradh ar leithligh ón gcuid eile den ráta contae,

(b) chun críocha an mheisiúnuithe sin, déanfar luacháil oidhreachtáin d'aon chineál acu seo a leanas a laghdú go dtí an ceathrú cuid de luacháil iarbhír an oidhreachtáin faoi na hAchta Luachála:—

(i) talamh ná húsáidtear ach chun críche nó críocha acu seo a leanas, sé sin le rá, mar thalamh arúil, talamh móinéir nó talamh féaraigh nó mar thalamh coille, nó garraí glasraí, nó garraí altran,

(ii) talamh faoi uisce a húsáidtear mar chanáil agus aon chosán tuála léi;

(iii) talamh a húsáidtear mar iarnród arna dhéanamh faoi chumhachta reachtúla le haghaidh iompair phoiblí,

(c) ní déanfar aon mheisiúnú ar aon leath-chíos is inrátuithe chun an ráta dhealúis faoi alt 63 den Poor Relief (Ireland) Act, 1838, agus na hachtacháin a leasaíos an céanna.

(2) Ní bheidh feidhm ag aon ní dá bhfuil san alt seo ná ní oibreoidh sé chun laghdú a dhéanamh maidir leis an luach bliantúil ar dá réir a fionntar an cháin i leith aon oidhreachtáin faoi Sceidil A agus B den Income Tax Act, 1918.

Rátaí ar áitribh folamha i gcontae.

14. —(1) I gcás oidhreachtán atá i gcontae ach ná fuil i líomatáiste uirbeach agus nach teach cónaithe beag do réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil (Rátaí ar Thithe Cónaithe Beaga), 1928 ( Uimh. 4 de 1928 ), a bheith neamháitithe tráth an ráta chontae a ghearradh, gearrfar an ráta sin ar an duine (dá ngairmtear an t-únaer san alt seo) a bheas de thuras na huaire i dteideal an t-oidhreachtán a áitiú agus, ar an ráta sin a bheith íoctha ag an únaer, beidh sé i dteideal aisíoc an dóú cuid déag den ráta sin a éileamh agus a fháil ón gcomhairle chontae i leith gach mí iomláin (arna áireamh ó lá ar bith in aon mhí go dtí cothrom an lae sin sa chéad mhí ina dhiaidh) a bheas an t-oidhreachtán neamháitithe d'fhonn méadú, athrú nó deisiú a dhéanamh air nó toisc gan é a bheith bona fide ar chumas an únaera tionónta oiriúnach a fháil dó, i gcás oidhreachtán lena mbaineann an tAcht Srianta Cíosa, 1946 (Uimh. 4 de 1946) , de thuras na huaire, ar an gcíos uasta a bheas ceadaithe de thuras na huaire faoin Acht sin nó, i gcás aon oidhreachtáin eile, ar chíos réasúnach.

(2) I gcás—

(a) ina ngearrfar ráta de bhuaidh an ailt seo ar únaer oidhreachtáin neamháitithe, agus

(b) ina ndéanfaidh an t-únaer nó ina ndéanfar thar a cheann an t-oidhreachtán a ligean ina dhiaidh sin, agus

(c) ina mbeidh an ráta nó aon chuid de i riaráiste agus gan íoc,

féadfaidh an bailitheoir rátaí ag a mbeidh an ráta inbhailithe, i dteannta aon chórach eile agus gan dochar d'aon chóir eile chun an méid den ráta a bheas i riaráiste agus gan íoc amhlaidh a aisghabháil, fógra a sheirbheáil i bpearsain nó leis an bpost ar áititheoir an oidhreachtáin ag luadh an méid sin atá i riaráiste agus gan íoc amhlaidh agus á cheangal ar an áititheoir an cíos go léir a bheas dlite uaidh an uair sin nó a thiocfas chun bheith dlite uaidh ina dhiaidh sin i leith an oidhreachtáin a íoc leis an mbailitheoir rátaí nó lena chomharba oifige go dtí go mbeidh an méid sin fuascailte tríd an íocaíocht sin nó ar shlí eile, agus air sin beidh ag an mbailitheoir rátaí nó ag a chomharba oifige an t-aon-cheart chun an cíos go léir a cheanglós an fógra a íoc leis a aisghabháil agus a ghlacadh agus cúiteántas maith a thabhairt ann.

(3) Aon ráta a gearrfar de bhuaidh an ailt seo ar únaer oidhreachtáin neamháitithe, ní bheidh sé neamhbhailí de bhíthin aon earráide nó easnaimh i mbreacadh ainme an únaera ná de bhíthin an tuairisc “an t-únaer” a úsáid gan aon ainm ná sonra a chur leis agus beidh an ráta inaisghabhála ón únaer d'ainneoin aon earráide nó easnaimh den tsórt sin nó aon tuairisc den tsórt sin a úsáid.

Ciste bardasach údaráis uirbigh.

15. —(1) Bunóidh agus cothabhálfaidh údarás uirbeach ciste dá ngairmfear an ciste bardasach.

(2) Is as an gciste bardasach a cothabhálfar ciste fiachmhúchta nó aon chiste eile (nach ciste feabhsuithe chathartha toildheonach) i gcóir dliteanais todhachaí nó ionchasaigh a mbeidh ceangailte ar údarás uirbeach le reacht nó faoi reacht é a chothabháil.

(3) Aon chiste a bhí á chothabháil ag údarás uirbeach díreach roimh thosach feidhme an ailt seo agus nár chiste fiachmhúchta ná ciste eile i gcóir dliteanais todhachaí nó ionchasaigh a raibh ceangailte le reacht nó faoi reacht ar an údarás uirbeach é a chothabháil ná nár chiste feabhsuithe chathartha toildheonach, scoirfear d'é a chothabháil agus—

(a) má bhí aon airgead i gcreidiúint don chiste díreach roimh an tosach feidhme sin, íocfar isteach sa chiste bardasach é, agus

(b) má bhí aon dliteanas ag gabháil leis an gciste díreach roimh an tosach feidhme sin, gabhfaidh sé leis an gciste bardasach agus fuasclófar é as an gciste bardasach.

Suimeanna a gheobhas údarás uirbeach.

16. —(1) Déanfar suim a gheobhas údarás uirbeach, pé acu as rátaí é nó as fáig seachas rátaí, a íoc le cisteoir an údaráis agus, ach amháin mar a foráltar le fo-alt (2) den alt seo, is í admháil an chisteora an t-éinní is cúiteántas maith don duine a íocfas an tsuim.

(2) Beidh admháil ó bhailitheoir rátaí d'údarás uirbeach, nó ó aon duine a bheas údaraithe go cuí ag údarás uirbeach chun íocaíochta d'aon chineál áirithe eile a ghlacadh, ina cúiteántas maith do dhuine a dhéanfas (do réir mar a bheas) íocaíocht rátaí le bailitheoir den tsórt sin nó íocaíocht den chineál áirithe sin le duine údaraithe den tsórt sin, ach i ngach cás den tsórt sin beidh de dhualgas ar an mbailitheoir rátaí nó an duine údaraithe lena ndéanfar an íocaíocht suim na híocaíochta sin a íoc le cisteoir an údaráis uirbigh laistigh de pé am a bheas sonraithe ag an údarás nó le rialacháin ón Aire d'íocaíochta dá cineál nó, mura mbíonn aon am den tsórt sin sonraithe amhlaidh, láithreach.

(3) Déanfaidh cisteoir údaráis uirbigh suim a gheobhas sé faoin alt seo a íoc—

(a) más chun críocha ciste fheabhsuithe chathartha thoildheonaigh a híocfar an tsuim, isteach sa chiste sin, agus

(b) in aon chás eile, isteach sa chiste bardasach.

Iocaíochta ag údarás uirbeach.

17. —(1) Na costais faoina raghaidh údarás uirbeach i bhfeidhmiú agus i gcomhlíonadh a gcumhacht agus a ndualgas (agus costais fuascailte dliteanas a bheas ann i dtosach feidhme an ailt seo a áireamh ach gan costais is iníoctha as ciste feabhsuithe chathartha toildheonach a áireamh), íocfaidh cisteoir an údaráis iad as an gciste bardasach.

(2) Ní déanfar íocaíocht as ciste bardasach údaráis uirbigh mura n-údaraítear sin do réir ailt 21 den Acht um Bainistí Chontae, 1940 (Uimh. 12 de 1940) , nó mura n-ordaí cúirt bhreithiúnais é.

Ráta bardasach údaráis uirbigh.

18. —(1) Déanfaidh údarás uirbeach ó am go ham pé ráta (dá ngairmfear an ráta bardasach) is gá chun slánuithe aon easnaimh (iarbhír nó ionchasach) sa chiste bardasach a ghearradh, a mheisiúnú agus a thobhach go cothrom ar a líomatáiste uirbeach, do réir na Coda seo den Acht seo.

(2) Faoi réir forál na Coda seo den Acht seo, beidh feidhm, maidir le gearradh, meisiúnú, tobhach, bailiú agus aisghabháil an ráta bhardasaigh ag údarás uirbeach, ag an dlí a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire maidir le gearradh, meisiúnú, tobhach, bailiú agus aisghabháil, faoi seach, an ráta dhealúis.

(3) D'ainneoin aon ní dá bhfuil in alt 3 den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 ( Uimh. 18 de 1926 ), is é a fhorghníomhós orduithe feidhmiúcháin do réir bhrí an Achta sin in imeachta sa Chúirt Dúiche chun airgead a aisghabháil i leith ráta bhardasaigh údaráis uirbigh ná an duine a bhunós na himeachta, má ordaíonn an Chúirt amhlaidh ar an duine sin dá iarraidh sin.

(4) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag fo-alt (7) d'alt 51 den Local Government (Ireland) Act, 1898, maidir le haon fhiach, éileamh ná foréileamh is iníoctha, go díreach nó go neamhdhíreach, ag údarás uirbeach as an gciste bardasach.

(5) Gach nóta foréilimh ar ráta bhardasach údaráis uirbigh, taispeánfaidh sé ar leithligh ar a éadan nó ar a chúl an chuid den ráta sa phunt den ráta sin atá á chruinniú chun aon chríche a n-ordóidh an tAire nó an t-údarás uirbeach sin a thaispeáint ar leithligh amhlaidh ina leith.

(6) Aon áit a bhfuil, de bhuaidh ailt 3 den Acht Airgeadais, 1944 (Uimh. 18 de 1944) , an abairt “an ráta cathartha” nó an abairt “the municipal rate” in aon achtachán dá luaitear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht sin, léireofar an abairt sin mar abairt a fholaíos an ráta is intobhaigh faoin alt seo.

Rátaí láithreacha a scor i líomatáiste uirbeach.

19. —(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, gach ráta a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, intobhaigh i líomatáiste uirbeach, scoirfid de bheith intobhaigh, ach ní dhéanfaidh an scor sin cosc ná dochar ná difir maidir le bailiú ná aisghabháil aon choda de ráta ar bith den tsórt sin a bhí, díreach roimh an tosach feidhme sin, dlite agus gan íoc, agus chun críocha an bhailithe nó na haisghabhála sin is tuigthe gur riaráiste ráta bhardasaigh aon chuid den tsórt sin.

(2) Ní bheidh réim ná feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le muirir (dá ngairmtear de ghnáth rátaí uisce conartha) a gearrfar as uisce a sholáthar d'oidhreachtáin áirithe chun críocha seachas críocha tís nó as uisce a sholáthar faoi chonradh speisialta do dhuine ar bith ná beadh teideal aige ar shlí eile chun an tsoláthair sin.

(3) I gcás beirt nó níos mó a bheith, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ag gníomhú mar bhailitheoirí rátaí i líomatáiste uirbeach, is tuigthe gach duine acu sin a bheith arna cheapadh go cuí díreach i dtosach feidhme an ailt seo chun bheith ina bhailitheoir ráta bhardasaigh sa líomatáiste uirbeach do pé ceantar a sannfar dó ar na téarmaí oifige céanna (lena n-áirítear téarmaí maidir le cearta pinsin agus aoisliúntais) ar a raibh sé i seilbh oifige díreach roimh an tosach feidhme sin agus, chun críocha aon achtacháin a bhaineas le haoisliúntas nó cúiteamh i gcailliúint oifige, is tuigthe nár oibrigh an tAcht seo chun deireadh a chur lena oifige ná chun a staid a athrú go habhartha chun dochair dó.

(4) I gcás gan ach duine amháin a bheith, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ag gníomhú mar bhailitheoir rátaí i líomatáiste uirbeach, is tuigthe an duine sin a bheith arna cheapadh go cuí díreach i dtosach feidhme an ailt seo chun bheith ina bhailitheoir ráta bhardasaigh sa líomatáiste uirbeach ar na téarmaí oifige céanna (lena n-áirítear téarmaí maidir le cearta pinsin agus aoisliúntais) ar a raibh sé i seilbh oifige díreach roimh an tosach feidhme sin agus, chun críocha aon achtacháin a bhaineas le haoisliúntas nó cúiteamh i gcailliúint oifige, is tuigthe nár oibrigh an tAcht seo chun deireadh a chur lena oifig ná chun a staid a athrú go habhartha chun dochair dó.

Cíosa a choigeartú i gcásanna áirithe i líomatáiste airbeach.

20. —(1) I gcás oidhreachtán i líomatáiste uirbeach a bheith, ar dháta thosach feidhme an ailt seo, ar seilbh (i dteannta nó d'éagmais áitreabh eile) faoi léas a cheanglas ar an léasóir aon rátaí (seachas ráta dealúis) is iníoctha i leith an oidhreachtáin a íoc nó asbhaint nó comhloghadh a lamháil ina n-aghaidh nó faoiseamh uathu a thabhairt don léasaí ar shlí eile, déanfar gach cíos is iníoctha faoin léas in aghaidh tréimhse dar tosach dáta thosach feidhme an ailt seo nó dáta dá éis a laghdú—

(a) i gcás cíosa bhliantúil, méid is comhionann leis an méid de na rátaí (seachas ráta dealúis) a bheas gearrtha ag an údarás uirbeach i leith an oidhreachtáin don bhliain airgeadais áitiúil a chríochnós i dtosach feidhme an ailt seo, agus a tháinig go dleathach faoi réim an fhaoisimh a tugadh don léasaí faoin léas, agus

(b) i gcás aon chíosa seachas cíos bliantúil, méid a mbeidh idir é agus na rátaí (seachas ráta dealúis) a bheas gearrtha ag an údarás uirbeach i leith an oidhreachtáin don bhliain airgeadais áitiúil sin agus a tháinig go dleathach faoi réim an fhaoisimh a tugadh don léasaí faoin léas an cothrom céanna a bheas idir an tréimhse ar dá réir a ríomhtar an cíos sin agus bliain.

(2) San alt seo, folaíonn an focal “léas” aon chonradh tionóntachta, i scríbhinn nó ó bhéal, trína gcruthnaítear coibhneas thiarna talún agus tionónta, agus folaíonn na focail “léasóir” agus “léasaí” faoi seach tiarna talún na tionóntachta sin agus an tionónta faoin tionóntacht sin.

Rátú cineálacha áirithe maoine i líomatáiste uirbeach.

21. —(1) Chun an ráta bardasach a mheisiúnú agus a thobhach ar oidhreachtán i líomatáiste uirbeach is buirg agus a háirítear i gcineál acu sin a luaitear sa dara colún de Chuid I den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, is tuigthe luacháil an oidhreachtáin a bheith arna laghdú go dtí an chionúireacht, a sonraítear sa chéad cholún den Chuid sin den Sceideal sin maidir leis an gcineál sin, de luacháil iarbhír an oidhreachtáin faoi na hAchta Luachála.

(2) Chun an ráta bardasach a mheisiúnú agus a thobhach ar oidhreachtán i líomatáiste uirbeach nach buirg agus a háirítear i gcineál acu sin a luaitear sa dara colún de Chuid II den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo is tuigthe luacháil an oidhreachtáin a bheith arna laghdú go dtí an chionúireacht, a sonraítear sa chéad cholún den Chuid sin den Sceideal sin maidir leis an gcineál sin, de luacháil iarbhír an oidhreachtáin faoi na hAchta Luachála.

(3) Beidh éifeacht ag Cuid II den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, maidir le hoidhreachtán is talamh talmhaíochta do réir bhrí an Achta um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1939 (Uimh. 23 de 1939) , i leith an chéad sé bliana airgeadais áitiúla a bheas an t-alt seo i bhfeidhm, faoi réir na modhnuithe seo a leanas:—

(a) i gcás an chéad bhliain de na blianta sin, is tuigthe gur sé fichiú an chionúireacht den luacháil a sonraítear sa chéad cholún den Chuid sin,

(b) i gcás an dara bliain de na blianta sin, is tuigthe gur seacht bhfichiú an chionúireacht sin,

(c) i gcás an tríú bliain de na blianta sin, is tuigthe gur ocht bhfichiú an chionúireacht sin,

(d) i gcás an ceathrú bliain de na blianta sin, is tuigthe gur naoi bhfichiú an chionúireacht sin,

(e) i gcás an cúigiú bliain de na blianta sin, is tuigthe gur deich bhfichiú an chionúireacht sin,

(f) i gcás an séú bliain de na blianta sin, is tuigthe gur aon fhichiú dhéag an chionúireacht sin.

(4) Ní bheidh feidhm ag aon ní san alt seo ná ní oibreoidh sé chun an luach bliantúil a laghdú ar dá réir a mbeidh an cháin i leith aon oidhreachtáin faoi Sceidil A agus B den Income Tax Act, 1918, le fionnadh.

Iasachta láithreacha údaráis uirbigh.

22. —(1) Aon iasacht ar údarás uirbeach is iarrthach maidir léi agus a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ina muirear ar ráta a scoirfeas faoi alt 19 den Acht seo de bheith intobhaigh, beidh sí ina muirear ar an ráta bardasach.

(2) Aon iasacht ar údarás uirbeach is iarrthach maidir léi agus a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ina muirear ar chiste a cothabháladh as an toradh ó ráta a scoirfeas faoi alt 19 den Acht seo de bheith intobhaigh, beidh sí ina muirear ar an gciste bardasach.

Rátaí ar áitribh folamha i líomatáiste uirbeach.

23. —(1) I gcás oidhreachtáin atá i líomatáiste uirbeach agus nach teach cónaithe beag do réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil (Rátaí ar Thithe Cónaithe Beaga), 1928 ( Uimh. 4 de 1928 ), a bheith neamháitithe tráth an ráta bhardasaigh a ghearradh, gearrfar an ráta sin ar an duine (dá ngairmtear an t-únaer san alt seo) a bheas de thuras na huaire i dteideal an t-oidhreachtán a áitiú agus, ar an ráta sin a bheith íoctha ag an únaer, beidh sé i dteideal aisíoc an dóú cuid déag den ráta sin a éileamh agus a fháil ó údarás uirbeach an líomatáiste uirbigh in aghaidh gach mí iomláin (arna áireamh ó lá ar bith in aon mhí go dtí cothrom an lae sin sa chéad mhí ina dhiaidh) a bheas an t-oidhreachtán neamháitithe d'fhonn méadú, athrú nó deisiú a dhéanamh air nó toisc gan é a bheith bona fide ar chumas an únaera tionónta oiriúnach a fháil dó, i gcás oidhreachtáin lena mbaineann an tAcht Srianta Cíosa, 1946 (Uimh. 4 de 1946) , de thuras na huaire, ar an gcíos uasta a bheas ceadaithe de thuras na huaire faoin Acht sin nó, i gcás aon oidhreachtáin eile, ar chíos réasúnach.

(2) I gcás—

(a) ina ngearrfar ráta de bhuaidh an ailt seo ar únaer oidhreachtáin neamháitithe, agus

(b) ina ndéanfaidh an t-únaer nó ina ndéanfar thar a cheann an t-oidhreachtán a ligean ina dhiaidh sin, agus

(c) ina mbeidh an ráta nó aon chuid de i riaráiste agus gan íoc,

féadfaidh an bailitheoir rátaí ag a mbeidh an ráta inbhailithe, i dteannta aon chórach eile agus gan dochar d'aon chóir eile chun an méid den ráta a bheas i riaráiste agus gan íoc amhlaidh a aisghabháil, fógra a sheirbheáil i bpearsain nó leis an bpost ar áititheoir an oidhreachtáin ag luadh an méid sin atá i riaráiste agus gan íoc amhlaidh agus á cheangal ar an áititheoir an cíos go léir a bheas dlite uaidh an uair sin nó a thiocfas chun bheith dlite uaidh ina dhiaidh sin i leith an oidhreachtáin a íoc leis an mbailitheoir rátaí nó lena chomharba oifige go dtí go mbeidh an méid sin fuascailte tríd an íocaíocht sin nó ar shlí eile, agus air sin beidh ag an mbailitheoir rátaí nó ag a chomharba oifige an t-aon-cheart chun an cíos go léir a cheanglós an fógra a íoc leis a aisghabháil agus a ghlacadh agus cúiteántas maith a thabhairt ann.

(3) Aon ráta a gearrfar de bhuaidh an ailt seo ar únaer oidhreachtáin neamháitithe, ní bheidh sé neamhbhailí de bhíthin aon earráide nó easnaimh i mbreacadh ainme an únaera ná de bhíthin an tuairisc “an t-únaer” a úsáid gan aon ainm ná sonra a chur leis, agus beidh an ráta inaisghabhála ón únaer d'ainneoin aon earráide nó easnaimh den tsórt sin nó aon tuairisc den tsórt sin a úsáid.

Cosaint do bhuirg Dhún Laoghaire.

24. —Ní bheidh feidhm ag ailt 15 go 23 den Acht seo maidir le buirg Dhún Laoghaire ná maidir le bardas na buirge sin.

Forála maidir leis an deontas talmhaíochta.

25. —(1) I gcás aon chuid den deontas talmhaíochta a bheith iníoctha, sa bhliain airgeadais áitiúil a chríochnós díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ag comhairle chontae le comhairle cheantair uirbigh, déanfaidh an chomhairle chontae sin, gach bliain airgeadais áitiúil ina dhiaidh sin, méid is comhionann leis an gcuid sin a íoc leis an gcomhairle cheantair uirbigh sin as an deontas talmhaíochta agus air sin íocfar an méid sin isteach sa chiste bardasach.

(2) Íocfar isteach sa chiste bardasach aon chuid den deontas talmhaíochta a thiocfas chun bheith iníoctha tar éis tosach feidhme an ailt seo le húdarás uirbeach faoi fho-alt (1) d'alt 5 den Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1939 ( Uimh. 23 de 1939 ).

(3) San alt seo, tá leis an abairt “an deontas talmhaíochta” an bhrí atá léi san Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1939 (Uimh. 23 de 1939) .

Costais na gcoimisinéirí ar bhaile nach ceantar uirbeach.

26. —(1) An t-airgead is gá faoi chomhair costas na gcoimisinéirí ar bhaile nach ceantar uirbeach, déanfaidh comhairle na contae ina mbeidh an baile é a sholáthar do na coimisinéirí ar mheastachán agus foréileamh blíantúil a dhéanamh sa bhfoirm ordaithe.

(2) Aon tsuim a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, dlite do na coimisinéirí ar bhaile nach ceantar uirbeach agus gan íoc leo i leith rátaí, tiocfaidh sí chun bheith sí ina suim a bheas dlite do chomhairle na contae ina mbeidh an baile agus gan íoc leo agus beidh sí inaisghabhála ag an gcomhairle sin nó thar a gceann trí aicsean, tocsal nó ar shlí eile, amhail is dá mbeadh sí dlite don chomhairle sin agus gan íoc leo i leith rátaí a ghearradar faoi chomhair foréilimh bhliantúil ó na coimisinéirí sin a rinneadh de bhun fo-ailt (1) den alt seo, agus déanfar an tsuim sin, ar í a aisghabháil amhlaidh, a úsáid amhail is dá mba i leith rátaí a gearradh mar adúradh a haisghabhadh í.

(3) Duine ar bith—

(a) a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, i seilbh oifige mar bhailitheoir rátaí faoi choimisinéirí baile, agus

(b) a bhí i seilbh na hoifige sin ar feadh deich mbliana ar a laghad, agus

(c) ná fuil i dteideal, faoi achtachán ar bith seachas an fo-alt seo, cúiteamh a fháil toisc deireadh a chur leis an oifig sin,

íocfaidh na coimisinéirí sin leis i ngeall ar dheireadh a chur leis an oifig sin, aisce is comhionann—

(i) leis an gcúigiú cuid déag dá thuarastal agus sochar oifige bliantúil, do réir bhrí Coda IV den Acht Rialtais Áitiúil, 1925 (Uimh. 5 de 1925) , i leith na hoifige sin in aghaidh gach bliana iomláine dá sheirbhís, nó

(ii) leis an tuarastal agus an sochar oifige bliantúil sin, pé acu sin is lú.

(4) Duine ar bith a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo—

(a) i seilbh oifige mar bhailitheoir rátaí faoi choimisinéirí baile, agus

(b) i seilbh oifige nó oifigí eile freisin faoi na coimisinéirí sin nó faoi aon údarás áitiúil eile, agus

(c) a thug iomlán a chuid ama do dhualgais na n-oifigí sin uile, agus

(d) a bhí ina oifigeach inphinsin chun críocha Coda IV den Acht Rialtais Áitiúil, 1925 (Uimh. 5 de 1925) ,

is tuigthe chun críocha na Coda sin IV, faid a leanfas sé i seilbh na hoifige nó na n-oifigí eile sin, é do thabhairt iomlán a chuid ama do dhualgais na hoifige nó na n-oifigí eile sin (do réir mar a bheas).

Iasachta do na coimisinéirí ar bhaile nach ceantar uirbeach.

27. —(1) Féadfaidh comhairle chontae, le toiliú an Aire, airgead a fháil ar iasacht ar urrús an ráta chontae chun go dtabharfaidís ar iasacht, do na coimisinéirí ar bhaile nach ceantar uirbeach agus atá sa chontae, aon tsuimeanna a theastós ó na coimisinéirí chun aon chumhachta, feadhma nó dualgais dá gcuid a fheidhmiú nó a chomhlíonadh.

(2) Má bhíonn suim, arb é atá inti cuid d'iasacht a thug comhairle chontae de bhun an ailt seo de choimisinéirí baile nó ús ar aon iasacht den tsórt sin, gan áireamh ag na coimisinéirí sa bhforéileamh iomchuí faoi fho-alt (1) d'alt 26 den Acht seo, is tuigthe an tsuim sin a bheith arna háireamh sa bhforéileamh agus beidh éifeacht dá réir sin ag fo-alt (4) d'alt 10 den Acht seo.

(3) Aon iasacht, arb iad na coimisinéirí ar bhaile nach ceantar uirbeach is iarrthach ina leith agus a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ina muirear ar ráta a scoirfeas de bheith intobhaigh, de bhuaidh ailt 60 go 65 den Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, a athghairm leis an Acht seo, beidh sí ina muirear ar ráta contae na contae ina mbeidh an baile.

Cíos a choigeartú i gcásanna áirithe i mbaile.

28. —(1) I gcás oidhreachtán i mbaile nach ceantar uirbeach a bheith, ar dháta thosach feidhme an ailt seo, ar seilbh (i dteannta nó d'éagmais áitreabh eile) faoi léas a cheanglas ar an léasóir aon rátaí a bheas gearrtha ag coimisinéirí an bhaile agus is iníoctha i leith an oidhreachtáin a íoc nó asbhaint nó comhloghadh a lamháil ina n-aghaidh nó faoiseamh uathu a thabhairt don léasaí ar shlí eile, déanfar gach cíos is iníoctha faoin léas in aghaidh tréimhse dar tosach dáta thosach feidhme an ailt seo nó dáta dá éis a laghdú—

(a) I gcás cíosa bhliantúil, méid is comhionann leis an méid de na rátaí a bheas gearrtha ag coimisinéirí an bhaile i leith an oidhreachtáin don bhliain airgeadais áitiúil a chríochnós i dtosach feidhme an ailt seo agus a tháinig go dleathach faoi réim an fhaoisimh a tugadh don léasaí faoin léas, agus

(b) i gcás aon chíosa seachas cíos bliantúil, méid a mbeidh idir é agus na rátaí a bheas gearrtha ag coimisinéirí an bhaile i leith an oidhreachtáin don bhliain airgeadais áitiúil sin agus a tháinig go dleathach faoi réim an fhaoisimh a tugadh don léasaí faoin léas an cothrom céanna a bheas idir an tréimhse ar dá réir a ríomhtar an cíos sin agus bliain.

(2) San alt seo, folaíonn an focal “léas” aon chonradh tionóntachta, i scríbhinn nó ó bhéal, trína gcruthnaítear coibhneas thiarna talún agus tionónta, agus folaíonn na focail “léasóir” agus “léasaí” faoi seach tiarna talún na tionóntachta sin agus an tionónta faoin tionóntacht sin.

Ráta a ghearradh.

29. —Déanfaidh údarás rátúcháin, díreach roimh thosach nó i dtosach gach bliana airgeadais áitiúla, aon ráta amháin a ghearradh d'iomlán na bliana airgeadais áitiúla agus baileoid an ráta sin ina dhá leath chothroma, leath amháin acu sin in aghaidh gach leithbhliana den bhliain airgeadais áitiúil sin.

Rátaí neamhdhóthaineacha.

30. —(1) Más rud é, tráth ar bith tar éis an ráta sa phunt den ráta do bhliain airgeadais áitiúil a bheith arna chinneadh ag údarás rátúcháin, go bhfeicfear don Aire gur dócha an ráta sin do réir an ráta sin sa phunt a bheith neamhdhóthaineach faoi chomhair na coda is iníoctha as rátaí de na costais faoina raghaidh an t-údarás rátúcháin sa bhliain airgeadais sin—

(a) chun na seirbhísí poiblí a mbeidh an t-údarás rátúcháin freagarthach iontu a chothabháil do réir chaighdeáin réasúnta, agus

(b) chun aon tsuimeanna a íoc le haon chomhlacht eile a mbeidh ar an údarás rátúcháin iad a íoc leis an gcomhlacht sin,

féadfaidh an tAire, tar éis fiosrúchán áitiúil i dtaobh dóthaineachta an ráta sin a chur á dhéanamh ag duine dá chigirí, a cheangal ar an údarás rátúcháin an cinneadh sin a chúlghairm agus ráta nua sa phunt a chinneadh don ráta sin nó (más caothúla é mar gheall ar aon bhearta a bheith déanta cheana chun an ráta sin a ghearradh, a thobhach nó a bhailiú) ráta sa phunt de ráta forlíontach a chinneadh in aghaidh na bliana airgeadais áitiúla sin.

(2) Laistigh de cheithre lá déag tar éis rúnaí nó cléireach údaráis rátúcháin d'fháil fhógra go ndearnadh ceanglas faoi fho-alt (1) den alt seo, déanfaidh an t-údarás rátúcháin do réir an cheanglais sin.

(3) Má chinneann údarás rátúcháin, de bhun ceanglais faoi fho-alt (1) den alt seo, ráta sa phunt de ráta forlíontach, beidh de dhualgas ar an údarás rátúcháin an ráta forlíontach sin a ghearradh, a thobhach, a bhailiú agus a aisghabháil.

(4) I gcás údarás rátúcháin a ndéanfar ceanglas ina leith faoi fho-alt (1) den alt seo do chinneadh agus do ghearradh, de bhun an ordacháin—

(a) ráta nua sa phunt de ráta, nó

(b) ráta sa phunt de ráta forlíontach,

is dóigh leis an Aire a bheith neamhdhóthaineach, féadfaidh an tAire, le hordú, comhaltaí an údaráis rátúcháin a chur as oifig.

(5) Chun críocha Coda IV d'Acht 1941, is tuigthe gur ordú faoi alt 44 den Acht sin, arna leasú leis an Acht seo, ordú faoi fho-alt (4) den alt seo agus is tuigthe gur cur as oifig faoin alt sin cur na gcomhaltaí den údarás rátúcháin iomchuí as oifig.

(6) Má cheapadh duine nó daoine faoi Chuid IV d'Acht 1941 chun bheith ina choimisinéir nó ina gcoimisinéirí d'údarás rátúcháin ar cuireadh a chomhaltaí as oifig, féadfaidh an duine nó na daoine sin cúlghairm a dhéanamh ar aon chinneadh ag an údarás rátúcháin ar ráta sa phunt de ráta don bhliain airgeadais áitiúil reatha nó don chéad bhliain airgeadais áitiúil ina dhiaidh sin a rinneadh sar ar ceapadh é nó iad (pé acu céadchinneadh ráta sa phunt é nó cinneadh an ráta sa phunt de ráta nua nó cinneadh an ráta sa phunt de ráta forlíontach) agus féadfaidh an ráta sa phunt den ráta sin a chinneadh amhail is ná beadh aon chinneadh roimhe sin déanta nó féadfaidh ráta sa phunt de ráta forlíontach a chinneadh don bhliain airgeadais áitiúil sin agus féadfaidh an ráta forlíontach sin a ghearradh, a thobhach a bhailiú agus a aisghabháil.

(7) An dlí a bhaineas le cinneadh an ráta sa phunt de ráta ag údarás rátúcháin beidh feidhm aige, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, maidir le cinneadh an ráta sa phunt d'aon ráta de bhun an ailt seo.

(8) An dlí a bhaineas le gearradh, tobhach, bailiú agus aisghabháil rátaí ag údarás rátúcháin, beidh feidhm aige, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, maidir le gearradh, tobhach, bailiú agus aisghabháil aon rátaí de bhun an ailt seo.

(9) Má éiríonn aon deacracht maidir leis an ráta sa phunt d'aon ráta a chinneadh de bhun an ailt seo nó maidir le haon ráta a ghearradh, a thobhach, a bhailiú nó a aisghabháil de bhun an ailt seo, féadfaidh an tAire, le hordú, gach beart agus gach ní a dhéanamh is dóigh leis is gá chun an deacracht sin a shárú.

Rátaí baile do 1946-1947 a dhéanamh bailí.

31. —Ní bheidh ráta a ghearr Coimisinéirí baile faoin Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, don bhliain airgeadais áitiúil dar tosach an lú lá d'Aibreán, 1946, neamhbhailí toisc nár comhlíonadh alt 172 den Towns Improvement Clauses Act, 1847, alt a cúlghairmtear leis an Acht seo.

An ráta sa phunt a chinn comhairle chontae do 19461947 a laghdú.

32. —Ní bheidh an ráta dealúis a ghearr comhairle chontae don bhliain airgeadais áitiúil dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1946, neamhbhailí toisc gur tharla, tar éis an chruinnithe mheastacháin, a tionóladh faoi alt 24 den Acht um Bainistí Chontae, 1940 ( Uimh. 12 de 1940 ), agus ag ar chinn an chomhairle sin an ráta sa phunt a bhí le tobhach chun bóithre a dhéanamh agus a chothabháil, go ndearna an chomhairle sin, in oirchill ar mhéadú sna fáltais i bhfoirm deontais as an Ród-Chiste, an ráta sin sa phunt a laghdú agus an ráta dealúis don bhliain sin a ghearradh dá réir sin.

Ceantair bhailiúcháin líomatáiste rátaithe á athrú.

33. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, an roinnt ina cheantair bhailiúcháin atá déanta ar líomatáiste rátaithe a athrú nó, i gcás líomatáiste rátaithe arb aon cheantar bailiúcháin amháin é, an líomatáiste sin a roinnt ina dhá cheantar bhailiúcháin nó níos mó agus, sa chéad chás, féadfaidh go háirithe, leis an ordú, an méid ceantar bailiúcháin sa líomatáiste rátaithe a mhéadú nó a laghdú.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú faoin alt seo, socrú a dhéanamh i gcóir pé aistrithe (más ann) ar bhailitheoirí rátaí don údarás rátúcháin iomchuí a mheasfas sé is gá nó is fóirstineach de dhroim an orduithe.

(3) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “líomatáiste rátaithe” an líomatáiste a mbeidh cumhacht ag údarás rátúcháin rátaí a thobhach ann,

ciallaíonn an abairt “ceantar bailiúcháin” an líomatáiste a mbeidh bailitheoir rátaí d'údarás rátúcháin ceaptha dhó.

Srian le feidhm an Achta Rialtais Áitiúil (Rátaí ar Thithe Cónaithe Beaga), 1928, agus le hairgead áirithe a íoc le húdaráis rátúcháin a airbheartós a bheith arna bhailiú faoin Acht sin i leith rátaí.

34. —(1) Aon oidhreachtán a bheadh, mura mbeadh an t-alt seo, ina thigh cónaithe beag do réir bhrí Achta 1928 maidir le haon bhliain airgeadais áitiúil, ní bheidh sé, maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil sin, ina thigh cónaithe beag do réir bhrí Achta 1928 más rud é, ar an 1ú lá d'Aibreán sa bhliain airgeadais áitiúil sin, gur údarás Stáit is únaer ar an oidhreachtán sin do réir bhrí an Achta sin.

(2) I gcás ina ndearnadh gála cíosa, a d'íoc áititheoir oidhreachtáin roimh an Acht seo a rith le húdarás Stáit, a mhéadú, i gcomhlíonadh airbheartaithe ailt 6 d'Acht 1928, de shuim (dá ngairmtear an bhreis sa bhfo-alt seo) a airbheartaíos a bheith ag freagairt do chuid de ráta a airbheartaíos a bheith arna ghearradh i leith an oidhreachtáin sin faoi alt 4 d'Acht 1928 chun seirbhíse bliana airgeadais áitiúla áirithe, ansin, mura ndearna an t-údarás Stáit sin an bhreis a aisiriú don áititheoir sin roimh an Acht seo a rith, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(a) déanfaidh an t-údarás Stáit sin an bhreis a íoc leis an údarás rátúcháin a ghearr an ráta sin,

(b) ar an mbreis a íoc amhlaidh leis an údarás rátúcháin sin, is tuigthe í a bheith arna híoc ag an údarás Stáit sin, ar an áititheoir sin dá iarraidh sin, i leith ráta a gearradh go dleathach ar an áititheoir sin i leith an oidhreachtáin sin chun seirbhíse na bliana airgeadais áitiúla sin.

(3) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “Acht 1928” an t Acht Rialtais Áitiúil (Rátaí ar Thithe Cónaithe Beaga), 1928 (Uimh. 4 de 1928) ;

ciallaíonn an abairt “údarás Stáit” aon údarás acu seo a leanas—

(a) Aire Stáit, nó

(b) na Coimisinéirí Ioncaim, nó

(c) Coimisiún Talún na hÉireann, nó

(d) Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn.