An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VIII. Sonraiochta Caighdeanacha agus Marcanna Caighdeanacha.) Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Rialacha a Bhaineas leis an gComhairle.)

25 1946

AN tACHT TAIGHDE AGUS CAIGHDEÁN TIONSCAIL, 1946

CUID IX.

Riaradh na hInstitiuide.

Séala na hInstitiúide.

29. —(1) A luaithe is féidir tar éis an tAcht seo a rith déanfaidh an Coiste Taighde Thionscail séala don Institiúid a sholáthar agus a choimeád ina seilbh.

(2) Déanfar séala na hInstitiúide, ar é a ghreamú d'aon doiciméid a dhílse-dheimhniú trí shíniú cathaoirligh an Choiste Thaighde Thionscail nó trí shíniú comhalta éigin eile dhe a bheas údaraithe ag an gCoiste sin chuige sin.

(3) Bhéarfaidh gach cúirt bhreithiúnais áird i gcúrsaí breithiúnais ar shéala na hInstitiúide agus, mura gcruthaítear a mhalairt, is tuigthe gach doiciméid a airbheartós a bheith séalaithe le séala na hInstitiúide agus a bheith dílse-dheimhnithe do réir an ailt seo a bheith arna séalú amhlaidh go cuibhe agus go dleathach agus, ach amháin mar adúradh, glacfar i bhfianaise í gan a thuilleadh cruthúnais agus, go sonrach, gan cruthúnas ar aon tsíniú a bheas curtha leis an doiciméid sin chun críche an dílsedheimhnithe sin agus gan cruthúnas ar oifig ná údarás an duine a n-airbheartóidh an síniú sin gurb é a shíniú é.

Oifigí agus áitribh.

30. —(1) Chun oifigí agus áitribh a chur ar fáil a bheas ag teastáil chun a feadhma a chomhlíonadh, féadfaidh an Institiúid—

(a) aon talamh a cheannach nó a thógaint ar léas,

(b) oifigí agus áitribh a thógáil, a ghléasadh agus a chothabháil.

(2) Féadfar deontais de pé méideanna a cheadós an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc leis an Institiúid ó am go ham, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, chun iomlán costais chaipitiúil tailimh, foirgintí agus trealaimh don Institiúid nó aon chuid den chostas sin a íoc.

(3) A luaithe is féidir tar éis an tAcht seo a rith, agus ina dhiaidh sin ar an Aire dá iarraidh sin, ullmhóidh an Coiste Taighde Thionscail agus cuirfidh faoi bhráid an Aire tograí chun oifigí agus áitribh don Institiúid a chur ar fáil agus a ghléasadh.

(4) Féadfaidh an Institiúid aon talamh, oifigí nó áitribh a bheas ina seilbh agus ná beidh ag teastáil a thuilleadh chun comhlíonadh a dhéanamh ar a feadhma a dhíol nó a chur ar léas.

Foireann.

31. —(1) Féadfaidh an Institiúid pé foireann a fhostú is gá chun a feadhma a chomhlíonadh.

(2) Déanfaidh an Stiúrthóir, le ceadú an Choiste Thaighde Thionscail, comhaltaí foirne na hInstitiúide a cheapadh agus a chur as oifig.

(3) Cinnfidh an Stiúrthóir ó am go ham, le ceadú an Aire, arna thabhairt tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, líon, gráid, luach saothair, sealbhaíocht oifige agus coinníollacha seirbhíse comhaltaí foirne na hInstitiúide, ach ní gá ceadú i leith daoine a beartófar a fhostú go ceann tréimhse is giorra ná dhá mhí dhéag.

(4) Ní ceapfar duine ar bith chun oifige ná poist i ngrád cléireachais de sheirbhís na hInstitiúide murab é tuairim an Choiste Thaighde Thionscail go bhfuil eolas maith aige ar an nGaeilge, agus, nuair a bheas ceapachán á dhéanamh chun aon oifige nó poist eile sa tseirbhís sin, bhéarfar tosaíocht do dhuine a mbeidh aige, i dtuairim an Choiste sin, eolas maith ar an nGaeilge.

Aoisliúntais.

32. —(1) A luaithe is caothúil tar éis an tAcht seo a rith, ullmhóidh an Institiúid agus cuirfidh faoi bhráid an Aire scéim nó scéimeanna chun pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonadh, ar iad do scor, don Stiúrthóir agus d'fhoirinn bhuan na hInstitiúide.

(2) Má cheadaíonn an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, scéim a cuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo cuirfidh an Institiúid an scéim i ngníomh do réir a téarmaí.

(3) Féadfaidh an Institiúid tráth ar bith, le ceadú an Aire, arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, scéim faoin alt seo a leasú.

(4) Aon scéim a cuirfear faoi bhráid an Aire agus a ceadófar faoin alt seo, ceapfaidh sí an tráth agus na coinníollacha scortha do na daoine uile lena mbeidh, ar iad do scor, pinsin, aiscí nó liúntais iníoctha faoin scéim, agus féadfar trátha agus coinníollacha difriúla a cheapadh i leith aicmí difriúla daoine.

(5) Má éiríonn aon díospóid i dtaobh éilimh dhuine ar bith ar aon phinsean, aisce nó liúntas is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo nó i dtaobh méid an chéanna, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus cuirfidh seisean faoi bhreith an Aire Airgeadais í agus ní bheidh dul thar a bhreith sin uirthi.

(6) Gach scéim a cuirfear faoi bhráid an Aire agus a ceadófar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tighe den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceaduithe, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an scéim a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag cur na scéime ar neamhbhrí, beidh an scéim arna cur ar neamhbhrí dá réir sin, ach beidh sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

Scoláireachta agus deontais do thaighde tionscail.

33. —(1) Féadfaidh an Institiúid, le ceadú an Aire, scoláireachta agus dámhachtana eile a chur ar fáil chun daoine a oiliúint i dtaighde tionscail.

(2) Féadfaidh an Institiúid pé cúnamh airgeadais nó cúnamh eile is cuibhe léi a thabhairt do dhaoine a ghabhfas de láimh taighde a dhéanamh de chineál a húdaraítear don Institiúid féin a ghabháil de láimh.

An Stát do mhaoiniú na hInstitiúide.

34. —(1) Sa bhliain airgeadais a bheas ann tráth an Achta seo a rith agus i ngach bliain airgeadais ina dhiaidh sin, íocfar leis an Institiúid, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, deontas cúig mhíle dhéag punt i leith costas riartha na hInstitiúide.

(2) Féadfar, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, deontais de pé méideanna a cheadós an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a thabhairt don Institiúid chun íoctha costais iomláin, nó aon choda de chostas, fiosruithe speisialta a ghabhfas an Institiúid de láimh, lena n-áirítear costas aon trealaimh speisialta.

(3) Chun críocha fo-ailt (2) den alt seo, ullmhóidh an Coiste Taighde Thionscail agus cuirfidh faoi bhraid an Aire, gach bliain, clár agus meastachán d'ioncam agus caiteachas na hInstitiúide maidir le fiosruithe speisialta.

Cumhacht chun táillí a éileamh.

35. —Beidh cumhacht ag an Institiúid táillí a éileamh, a ghlacadh agus a aisghabháil mar gheall ar thaighdithe, tástála, fiosruithe, agus taifigh a ghabhfas an Institiúid de láimh thar ceann duine ar bith, seachas an tAire.

Cumhacht na hInstitiúide chun bronntais a ghlacadh.

36. —(1) Féadfaidh an Institiúid bronntais airgid, tailimh nó maoine eile a ghlacadh, ar pé iontaobhais agus coinníollacha, más ann, a shonrós an duine a bhéarfas an bronntas.

(2) Ní ghlacfaidh an Institiúid aon bhronntas má bhíonn na coinníollacha a chuirfeas an bronntóir ag gabháil le glacadh an bhronntais ar neamhréir le feadhma na hInstitiúide.

(3) Is é an Coiste Taighde Thionscail a thógfas agus a chuirfeas chun úsáide bronntais a ghlacfas an Institiúid faoin alt seo.

Airgeadas, cuntais agus niúchadh.

37. —(1) Déanfaidh an Coiste Taighde Thionscail gnótha airgeadais na hInstitiúide a riaradh agus chuige sin íocfar leis an gCoiste sin an t-airgead uile is iníoctha faoin Acht seo nó ar shlí eile leis an Institiúid agus déanfaidh an Coiste sin gach díolaíocht a déanfar ag an Institiúid nó thar a ceann.

(2) Coimeádfaidh an Coiste Taighde Thionscail, i pé foirm a cheadós an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, gach cuntas is cuibhe agus is gnáth ar an airgead uile a gheobhaid nó a chaithfid, agus, go sonrach, coimeádfaidh sa bhfoirm adúradh gach cuntas speisialta a ndéanfaidh an tAire, uaidh féin nó ar an Aire Airgeadais dá iarraidh, é a ordú ó am go ham.

(3) Déanfaidh an Coiste Taighde Thionscail, gach bliain, cuntais a coimeádfar de bhun an ailt seo a chur faoi bhráid an Árd-Reachtaire Chuntas agus Ciste chun a n-iniúchta pé tráth a ordós an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus déanfar na cuntais sin, arna n-iniúchadh amhlaidh, maraon le tuarascáil an Árd-Reachtaire Chuntas agus Ciste orthu, a thíolacadh don Aire agus bhéarfaidh an tAire go leagfar cóipeanna dhíobh faoi bhráid gach Tighe den Oireachtas.

Tuarascáil bhliantúil ón gCoiste Taighde Thionscail.

38. —(1) Ullmhóidh an Coiste Taighde Thionscail i ngach bliain airgeadais dréacht-thuarascáil ar obair na hInstitiúide sa bhliain airgeadais roimhe sin agus clár ginearálta den obair atá beartaithe a dhéanamh.

(2) Déanfaidh an Coiste Taighde Thionscail an tuarascáil agus an clár a hullmhófar faoi fho-alt (1) den alt seo a chur faoi bhráid an Stiúrthóra agus na Comhairle, agus breithneoidh an Chomhairle an dréacht-thuarascáil agus an clár agus déanfaid, laistigh de dhá mhí tar éis dóibh iad a fháil, aon tuairimí is mian leo a thabhairt orthu a chur faoi bhráid an Choiste sin.

(3) Breithneoidh an Coiste Taighde Thionscail tuairimí an Stiúrthóra agus na Comhairle ar an dréacht-thuarascáil agus an clár agus ullmhóidh tuarascáil agus clár deiridh lena dtíolacadh don Aire.

(4) Déanfar cóip de gach tuarascáil a chuirfeas an Coiste Taighde Thionscail faoi bhráid an Aire faoin alt seo a chur faoi bhráid an Rialtais agus a leagadh faoi bhráid gach Tighe den Oireachtas laistigh de dhá mhí tar éis í a fháil ón gCoiste sin.

Eolas eolaíochta agus eolas teicniúil.

39. —(1) Baineann an t-alt seo leis an gCoiste Taighde Thionscail agus leis an gCoiste Caighdeán agus léireofar an focal “Coiste” dá réir sin san alt seo.

(2) Féadfaidh Coiste ó am go ham, le toiliú an Aire, eolas eolaíochta agus eolas teicniúil a fhoilsiú in ainm na hInstitiúide.

(3) Bhéarfaidh gach Coiste don Aire pé eolas i dtaobh a imeachta a theastós ón Aire ó am go ham.

An Institiúid, a comhaltaí agus a foireann a chosaint ar imeachta dlí.

40. —Ní luífidh aon aicsean ná imeacht (ach amháin i gcás faillí nó mainneachtana toiliúla) in aghaidh na hInstitiúide ná in aghaidh aon duine dá comhaltaí, dá hoifigigh nó dá seirbhísigh i dtaobh, nó de dhruim, an Institiúid do dhéanamh aon taighde, fiosruithe, tástála nó taifigh do réir an Achta seo nó d'fhoilsiú a thortha sin.