|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT TAIGHDE AGUS CAIGHDEÁN TIONSCAIL, 1946) | Ar Aghaidh (CUID II. Bunu agus Feadhma na hInstitiuide.) |
AN tACHT TAIGHDE AGUS CAIGHDEÁN TIONSCAIL, 1946
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Reamhraiteach agus Ginearalta. | |
[EN] |
Gearr-theideal. |
1. —Féadfar an tAcht Taighde agus Caighdeán Tionscail, 1946 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] |
Mínithe. |
2. —San Acht seo— |
[EN] | an Chomhairle. |
ciallaíonn an abairt “an Chomhairle” Comhairle na hInstitúide; |
[EN] | an Stiúrthóir. |
ciallaíonn an abairt “an Stiúrthóir” an Stiúrthóir Taighde agus Caighdeán Tionscail; |
[EN] | an Chomhairle Thaighde Thionscail. |
ciallaíonn an abairt “an Chomhairle Thaighde Thionnscail” an comhlacht a cheap an tAire Tionnscail agus Tráchtála ina Chomhairle Thaighde Thionscail an 20ú lá de Mhárta, 1934; |
[EN] | an Institúid. |
ciallaíonn an abairt “an Institiúid” an Institiúid Taighde agus Caighdeán Tionscail a bunaítear leis an Acht seo; |
[EN] | marc. |
folaíonn an focal “mare” comharthacht, branda, mírcheann, lipéad, ticéad, ainm, síniú, focal, litir, uimhir nó aon chomhnascadh dhíobh sin; |
an tAire. |
ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Trách tála; | |
clár. |
ciallaíonn an focal “clár”, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, clár a choimeádfas an tAire de bhun ailt 23 den Acht seo; | |
sonraíocht. |
folaíonn an focal “sonraíocht” tuairisc ar aon earra, próiseas nó cleacht trí thagairt d'aon cheann nó cinn acu seo a leanas, eadhon, nádúir, cáilíocht, neart, íonacht, comhshuíomh, cainníocht, tuisí, meáchan, grád, buanadas, bunús, aois agus aon airí eile; | |
marc caighdeánach. |
ciallaíonn an abairt “marc caighdeánach” marc arna ordú le hordú faoi alt 22 den Acht seo chun a úsáidte maidir le hearra, próiseas nó cleacht chun a thaispeáint go bhfuil sin do réir sonraíochta caighdeánaí áirithe; | |
sonraíocht chaighdeánach. |
ciallaíonn an abairt “sonraíocht chaighdeánach” sonraíocht arna dearbhú le hordú faoi alt 20 den Acht seo a bheith ina sonraíocht chaighdeánach. | |
[EN] |
Costais. |
3. —Na costais faoina raghaidh an tAire chun an tAcht seo a riaradh déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad a íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas. |