|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III. Comhairle na hInstitiuide.) | Ar Aghaidh (CUID V. An Coiste Caighdean.) |
AN tACHT TAIGHDE AGUS CAIGHDEÁN TIONSCAIL, 1946
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV. An Coiste Taighde Thionscail. | |
[EN] |
An Coíste Taighde Thionscail. |
8. —(1) Beidh comhlacht ann, dá ngairmfear an Coiste Taighde Thionscail, chun na feadhma a ceaptar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh. |
[EN] | (2) Beidh an Coiste comhdhéanta de naonúr comhaltaí ar a mhéid, a gceapfar gach duine acu mar gheall ar a bhuaidheanna i dtaighde eolaíochta i leith tionscail nó toisc é a bheith ionadaitheach do thionscal nó a bheith cumasach ar cabhair mhór phraiticiúil a thabhairt in obair na hInstitiúide. | |
[EN] | (3) Ceapfaidh an tAire an Coiste Taighde Thionscail i gceann gach trí mblian. | |
[EN] | (4) Bainfidh na rialacha atá sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo le ceapadh, éirí as oifig agus cur as oifig comhaltaí den Choiste Taighde Thionscail agus le himeachta an Choiste sin. | |
[EN] |
An Coiste Taighde Thionscail d'fheidmhiú feadhma áirithe de chuid na hInstitiúide. |
9. —Gníomhóidh an Coiste Taighde Thionscail in ainm agus thar ceann na hInstitiúide i ngach ní ach amháin mar foráltar a mhalairt go folas san Acht seo, agus is gníomhartha ón Institiúid a bheas i ngníomhartha an Choiste sin i bhfeidhmiú na gcumhacht a bheirtear leis an alt seo. |
[EN] |
Luach saothair comhaltaí. |
10. —Féadfar pé luach saothair agus costais a chinnfeas an Coiste Taighde Thionscail a íoc le comhaltaí an Choiste sin as airgead a bheas faoina réir ag an Institiúid. |