|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV. An Coiste Taighde Thionscail.) | Ar Aghaidh (CUID VI. An Stiurthoir Taighde agus Caighdean Tionscail.) |
AN tACHT TAIGHDE AGUS CAIGHDEÁN TIONSCAIL, 1946
[EN] | ||
[EN] |
CUID V. An Coiste Caighdean. | |
[EN] |
An Coiste Caighdeán. |
11. —(1) Beidh comhlacht ann, dá ngairmfear an Coiste Caighdeán, chun na feadhma a ceaptar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh. |
[EN] | (2) Beidh an Coiste Caighdeán comhdhéanta de sheachtar comhaltaí, a mbeidh triúr acu, agus gan thar triúr acu, ina gcomhaltaí den Choiste Taighde Thionscail. | |
[EN] | (3) Ceapfaidh an tAire an Coiste Caighdeán i gceann gach trí mblian. | |
[EN] | (4) Bainfidh na rialacha atá sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo le ceapadh, éirí as oifig agus cur as oifig comhaltaí den Choiste Caighdeán agus le himeachta an Choiste sin. | |
[EN] |
An Coiste Caighdeán d'fheidhmiú feadhma áirithe de chuid na hInstitiúide. |
12. —Gníomhóidh an Coiste Caighdeán in ainm agus thar ceann na hInstitiúide i bhfeidhmiú feadhma na hInstitiúide faoi alt 20 den Acht seo agus is gníomhartha ón Institiúid a bheas i ngníomhartha an Choiste sin i bhfeidhmiú na gcumhacht a bheirtear leis an alt seo. |
[EN] |
Luach saothair comhaltaí. |
13. —Féadfar pé luach saothair agus costais a chinnfeas an Coiste Taighde Thionscail a íoc le comhaltaí an Choiste Chaighdeán as airgead a bheas faoina réir ag an Institiúid. |