An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V. An Coiste Caighdean.) Ar Aghaidh (CUID VII. Taighde Eolaiochta.)

25 1946

AN tACHT TAIGHDE AGUS CAIGHDEÁN TIONSCAIL, 1946

CUID VI.

An Stiurthoir Taighde agus Caighdean Tionscail.

An Stiúrthóir Taighde agus Caighdeán Tionscail.

14. —(1) Ceapfaidh an tAire an Stiúrthóir Taighde agus Caighdeán Tionscail agus féadfaidh an tAire, más cuibhe leis, é a chur as oifig as a chomhairle féin nó ar mholadh an Choiste Thaighde Thionscail, ar chúiseanna a luafar.

(2) Is do réir mar chinnfeas an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, nuair a bheas duine á cheapadh aige ina Stiúrthóir a bheas luach saothair, sealbhaíocht oifige agus coinníollacha seirbhíse an duine sin.

Feadhma an Stiúrthóra.

15. —Is iad príomhdhualgais an Stiúrthóra stiúrú agus maoirseacht a dhéanamh—

(a) ar thaighde ar a gcinnfidh an Coiste Taighde Thionscail, agus

(b) faoi réir ordachán an Choiste Chaighdeán, ar fhoirmliú sonraíochtaí do réir ailt 20 den Acht seo,

ach, faoina réir sin, féadfaidh sé, gan spleáchas leis an gCoiste Taighde Thionscail, pé taighde is cuibhe leis a dhéanamh thar ceann na hInstitiúide.

Ceart labhartha ag cruinnithe.

16. —Féadfaidh an Stiúrthóir bheith i láthair agus labhairt ag gach cruinniú den Chomhairle, den Choiste Taighde Thionscail agus den Choiste Caighdeán, ach ní bheidh ceart vótála aige ag aon chruinniú den tsórt sin.

Coistí comhairlitheacha ag an Stiúrthóir.

17. —(1) Féadfaidh an Stiúrthóir coistí comhairlitheacha a cheapadh chun dul i gcomhairle leis agus é a chomhairliú i dtaobh aon choda dá fheadhma, ach i gcás feadhma a mbeidh baint ag an gCoiste Taighde Thionscail nó an Coiste Caighdeán leo, toiliú an Choiste a bheas i gceist a fháil roimh ré.

(2) Féadfar pé costais taistil agus cothuithe a chinnfeas an Coiste Taighde Thionscail a íoc, as airgead a bheas faoina réir ag an Institiúid, le comhaltaí coiste chomhairlithigh a ceapfar go cuibhe faoi fho-alt (1) den alt seo.