An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VII. Taighde Eolaiochta.) Ar Aghaidh (CUID IX. Riaradh na hInstitiuide.)

25 1946

AN tACHT TAIGHDE AGUS CAIGHDEÁN TIONSCAIL, 1946

CUID VIII.

Sonraiochta Caighdeanacha agus Marcanna Caighdeanacha.

Sonraíochta caighdeánacha.

20. —(1) Déanfaidh an Institiúid sonraíochta a fhoirmliú don Aire do pé earraí, próisis agus cleachta a iarrfas an tAire ó am go ham.

(2) Nuair a bheas sonraíochta á bhfoirmliú ag an Institiúid faoi fho-alt (1) den alt seo, comhlíonfaid ordacháin an Aire.

(3) Féadfaidh an tAire, ar shonraíocht a fháil ón Institiúid, a dhearbhú, le hordú, an tsonraíocht a bheith ina sonraíocht chaighdeánach don earra, don phróiseas nó don chleacht lena mbaineann sí.

(4) I gcás ina n-údaraítear d'aon Aire Stáit, faoi aon Acht seachas an tAcht seo, sonraíocht nó caighdeán cáilíochta a ordú d'aon earra, próiseas nó cleacht nó ceadúnais a eisiúint chun aon earra a dhíol nó a fhógairt, ní dhearbhóidh an tAire sonraíocht i leith na hearra, an phróisis nó an chleachta sin a bheith ina sonraíocht chaighdeánach, ach amháin le toiliú an Aire Stáit sin.

(5) Féadfaidh an tAire ordú arna dhéanamh aige faoi fho-alt (3) den alt seo a chúlghairm.

(6) Gach ordú a déanfar faoi fho-alt (3) den alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tighe den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag cur an orduithe ar neamhbhrí, beidh an t-ordú arna chur ar neamhbhrí dá réir sin ach beidh sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Gó-thuairisciú maidir le sonraíochta caighdeánacha.

21. —(1) Gach duine a dhéanfas aon tuairisciú, a bheas bréagach in aon phonc abhartha, gur de shonraíocht chaighdeánach aon earra, próiseas nó cleacht, beidh sé, mura gcruthaí sé gur gan intinn díobarta a ghníomhaigh sé, ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear príosúntacht ar feadh tréimhse nach sia ná sé mhí a chur air nó fíneáil nach mó ná céad punt nó an phríosúntacht sin agus an fhíneáil sin le chéile.

(2) San alt seo ciallaíonn an focal “tuairisciú” maidir le hearra, próiseas nó cleacht, aon tuairisciú, díreach nó neamhdhíreach, ó bhéal nó trí iompar nó i scríbhinn, agus, más i scríbhinn é, folaíonn sé tuairisciú in aon fhógrán, clárliosta, ceann bille, nó doiciméid eile a bhainfeas leis an earra, an próiseas nó an cleacht nó a cuirfear i gcéill trí aon mharc nó teideal trádála a úsáid.

(3) Ní léireofar aon ní san alt seo mar ní a theorannaíos oibriú míre (d) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Merchandise Marks Act, 1887.

Marcanna caighdeánacha.

22. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, marc a ordú chun a úsáidte, do réir an Achta seo, maidir le hearra, próiseas nó cleacht sonraithe chun a chur in iúl go bhfuil sin do réir sonraíochta caighdeánaí áirithe.

(2) Beidh na focail “Caighdeán Éireannach” nó na hinisealacha “C.E.” i marc caighdeánach agus féadfar na focail “Irish Standard” nó na hinisealacha “I.S.” nó aon mharc eile a chur ann.

(3) Féadfaidh an tAire ordú arna dhéanamh aige faoin alt seo a chúlghairm.

(4) Aon uair a bheas ordú i bhfeidhm de thuras na huaire ag ordú marc chaighdeánaigh chun a úsáidte maidir le hearra, próiseas nó cleacht a bheas do réir sonraíochta caighdeánaí áirithe, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(a) is é an tAire a bheas ina dhílseánach ar an marc caighdeánach;

(b) chun críocha na nAcht Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1887 go 1931, beidh an marc caighdeánach ina mharc trádála;

(c) beidh úsáid an mharc chaighdeánaigh, maidir le hearra, próiseas nó cleacht ná beidh do réir na sonraíochta caighdeánaí sin, ina thuairisc thrádála bhréagach, do réir bhrí na nAcht sin;

(d) beidh feidhm ag na hAchta sin dá réir sin.

(5) Féadfaidh an tAire ceadúnas a dheonadh do dhuine chun marc caighdeánach a úsáid, faoi réir pé coinníoll a luafar sa cheadúnas, maidir le haon earra, próiseas nó cleacht a mbeidh sonraíocht chaighdeánach ann dó.

(6) Má dhearbhaíonn an tAire, le toiliú aon Aire Stáit eile, sonraíocht a bheith ina sonraíocht chaighdeánach d'earra, próiseas nó cleacht, ní dheonfaidh sé ceadúnas faoin alt seo chun marc caighdeánach a úsáid maidir leis an earra, an próiseas nó an cleacht sin ach amháin le toiliú an Aire Stáit sin.

(7) Féadfaidh an tAire ceadúnas faoin alt seo a chúlghairm ach, más le toiliú aon Aire Stáit eile a deonadh an ceadúnas, ní fhéadfaidh sé sin a dhéanamh gan toiliú an Aire Stáit sin.

(8) Duine ar bith—

(a) a úsáidfeas marc caighdeánach ar shlí seachas do réir ceadúnais faoin alt seo, nó

(b) a dhéanfas aon tuairisciú nó a úsáidfeas aon mharc maidir le haon earra, próiseas nó cleacht a thabharfas le tuigsint nó is dócha a thabharfadh le tuigsint duine ná fuil ceadúnaithe chun marc caighdeánach a úsáid maidir leis an earra, an próiseas nó an cleacht sin a bheith ceadúnaithe amhlaidh nó a bheith i dteideal marc caighdeánach a úsáid,

beidh sé, mura gcruthaí sé gur gan intinn díobarta a ghníomhaigh sé, ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear príosúntacht ar feadh tréimhse nach sia ná sé mhí a chur air nó fíneáil nach mó ná céad punt nó an phríosúntacht sin agus an fhíneáil sin le chéile.

(9) Tá leis an bhfocal “tuairisciú” i bhfo-alt (8) den alt seo an bhrí atá leis in alt 21 den Acht seo.

Cláir.

23. —(1) Coimeádfaidh an tAire—

(a) clár de shonraíochta caighdeánacha (dá ngairmfear an Clár de Shonraíochta Caighdeánacha), agus

(b) clár de mharcanna caighdeánacha (dá ngairmfear an Clár de Mharcanna Caighdeánacha).

(2) Beidh gach clár acu ar fáil chun a iniúchta ag duine ar bith, ar tháille scillinge a íoc, gach tráth réasúnach.

(3) Beidh teastas faoi shéala oifigiúil an Aire i dtaobh lánais chláir nó i dtaobh aon iontrála ann ina fhianaise prima facie ar na nithe a bheas teastasaithe amhlaidh.

(4) Bhéarfaidh an tAire do dhuine ar bith, ar tháille scillinge a íoc in aghaidh gach iontrála, teastas mar a luaitear i bhfo-alt (3) den alt seo.

Marcanna caighdeánacha a chlárú lasmuigh den Stát.

24. —Féadfaidh an tAire a thabhairt go ndéanfar marc caighdeánach a chlárú in aon chlár a bheas á choimeád in aon áit lasmuigh den Stát, agus féadfaidh a thabhairt go gclárófar é féin sa chlár mar dhílseánach an mharc chaighdeánaigh.

Srian le clárú faoin Registration of Business Names Act, 1916.

25. —(1) Ní déanfar, tar éis an tAcht seo a rith, duine a chlárú faoin Registration of Business Names Act, 1916, faoi ainm ina mbeidh, nó arb é a bheas inti, an focal “Caighdeán”, nó an focal “Standard”, nó na hinisealacha “C.É.” nó “I.S.” ná faoi ainm a bheas chomh cosúil le haon fhocal nó inisealacha acu sin gur dócha mealladh nó mearbhall a theacht de.

(2) Ní bhaineann fo-alt (1) den alt seo le clárú duine faoi ainm i gcosúlacht na hainme faoina raibh aon réamhtheachtaí i ngnó ar an duine sin cláraithe, díreach roimh an Acht seo a rith, faoi na hAchta Cuideachtan, 1908 go 1924, nó faoin Registration of Business Names Act, 1916.

Srian le clárú faoi na hAchta Cuideachtan, 1908 go 1924.

26. —(1) Ní déanfar, tar éis an tAcht seo a rith, cuideachta a chlárú faoi na hAchta Cuideachtan, 1908 go 1924, faoi ainm ina mbeidh, nó arb é a bheas inti, an focal “Caighdeán” nó an focal “Standard” nó na hinisealacha “C.É.” nó “I.S.” ná faoi ainm a bheas chomh cosúil le haon fhocal nó inisealacha acu sin gur dócha mealladh nó mearbhall a theacht de.

(2) Ní bhaineann fo-alt (1) den alt seo le clárú cuideachtan faoi ainm i gcosúlacht na hainme faoina raibh aon réamhtheachtaí i ngnó ar an gcuideachtain sin cláraithe, díreach roimh an Acht seo a rith, faoi na hAchta Cuideachtan, 1908 go 1924, nó faoin Registration of Business Names Act, 1916.

Srian le clárú faoi na hAchta Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927 agus 1929.

27. —Ní déanfar, tar éis an tAcht seo a rith, aon mharc ná dearadh trádála a chlárú faoi na hAchta Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927 agus 1929, a mbeidh ann, nó arb é a bheas ann, an focal “Caighdeán” nó an focal “Standard” nó na hinisealacha “C.É.” nó “I.S.” nó a mbeidh cosúlacht chomh mór sin aige le haon fhocal nó inisealacha acu sin nó le haon mharc caighdeánach gur dócha mealladh nó mearbhall a theacht de.

Cionta.

28. —Féadfar cion faoi na hAchta Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1887 go 1931, nó faoi alt 22 den Acht seo, maidir le marc caighdeánach nó sonraíocht chaighdeánach nó ceadúnas faoin alt sin, a ionchúiseamh ag an Aire nó ar agra an Aire mar ionchúisitheoir.