|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM CHEANTÁLAITHE AGUS GNÍOMHAIRÍ TITHE, 1947) | Ar Aghaidh (CUID II. Ceadunais agus Ceada Ceantala.) |
AN tACHT UM CHEANTÁLAITHE AGUS GNÍOMHAIRÍ TITHE, 1947
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Reamhraiteach agus Ginearalta. | |
[EN] |
Gearrtheideal. |
1. —Féadfar an tAcht um Cheantálaithe agus Gníomhairí Tithe, 1947 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] |
Mínithe. |
2. —(1) San Acht seo— |
[EN] | ceantáil. |
folaíonn an focal “ceantáil” ceantáil Dúitseach agus léireofar an focal “ceantálaí” dá réir sin; |
[EN] | cead ceantála. |
ciallaíonn an abairt “cead ceantála” cead, faoi alt 9 den Acht seo, chun ceantáil a dhéanamh; |
[EN] | ceadúnas ceantálaí. |
ciallaíonn an abairt “ceadúnas ceantálaí” ceadúnas, faoi alt 8 den Acht seo, chun gnó ceantálaí a sheoladh; |
[EN] | deimhniú cáiliúcháin. |
ciallaíonn an abairt “deimhniú cáiliúcháin” deimhniú cáiliúcháin, faoi alt 12 den Acht seo, chun ceadúnas ceantálaí nó ceadúnas gníomhaire thithe a shealbhú; |
[EN] | éarlais. |
ciallaíonn an focal “éarlais” éarlais chun críocha an Achta seo a coimeádfar san Ard-Chúirt do réir ailt 14 den Acht seo; |
[EN] | breitheamh dúiche. |
ciallaíonn an abairt “breitheamh dúiche” Breitheamh den Chúirt Dúiche; |
[EN] | teach. |
folaíonn an focal “teach” cuid de thigh agus folaíonn sé freisin foirgint d'aon tsórt agus cuid d'aon fhoirgint; |
[EN] | gníomhaire tithe. |
ciallaíonn an abairt “gníomhaire tithe” duine a dhéanfas, mar ghníomhaire do dhuine eile agus ar luach saothair nó mar shúil le luach saothair, teach a cheannach, a dhíol, a ligean nó a thairiscint chun a dhíolta nó a ligthe, nó tairisceana a lorg chun é a cheannach nó a thógaint ar ligean, nó margántaíocht a shaothrú chun é a cheannach, a dhíol nó a ligean, ar shlí seachas trí cheantáil, nó a fhéachfas le ceannach, díol nó ligean den tsórt sin a dhéanamh; |
ceadúnas gníomhaire thithe. |
ciallaíonn an abairt “ceadúnas gníomhaire thithe” ceadúnas faoi alt 10 den Acht seo, chun gnó gníomhaire thithe a sheoladh; | |
ceadúnas. |
ciallaíonn an focal “ceadúnas” ceadúnas ceantálaí nó ceadúnas gníomhaire thithe; | |
cuideachta árachais cheadúnaithe. |
ciallaíonn an abairt “cuideachta árachais cheadúnaithe” cuideachta árachais ag á bhfuil ceadúnas árachais faoin Acht Arachais, | |
ceantálaí ceadúnaithe. |
ciallaíonn an abairt “ceantálaí ceadúnaithe” sealbhóir ceadúnais cheantálaí; | |
gníomhaire tithe ceadúnaithe. |
ciallaíonn an abairt “gníomhaire tithe ceadúnaithe” sealbhóir ceadúnais gníomhaire thithe; | |
an tAire. |
ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt; | |
an dáta feidhme. |
ciallaíonn an abairt “an dáta feidhme” an 6ú lá d'Iúil díreach tar éis an tAcht seo a rith. | |
(2) Déanfar tagairtí san Acht seo do thigh a léiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí d'aon talamh a bheas ar seilbh ina theannta agus fós d'aon leas i dtigh. | ||
[EN] |
Rialacháin. |
3. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le haon ní a measfaidh an tAire é a bheith riachtanach nó inmhianuithe rialacháin a dhéanamh ina thaobh chun éifeacht a thabhairt do chuspóirí an Achta seo, ach, maidir le bailiú na ndleacht máil is iníoctha ar cheadúnais agus ar cheada ceantála agus maidir lena n-eisiúint, lena gcealú agus lena bhfionraí, ní dhéanfaidh rialacháin den tsórt sin ach amháin le toiliú an Aire Airgeadais. |
[EN] | (2) Gach rialachán a déanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhníú an rialacháin, beidh an rialachán neamhnithe dá réir sin ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin. | |
[EN] |
Costais |
4. —Na costais faoina raghaidh an tAire nó na Coimisinéirí Ioncaim ag riaradh an Achta seo déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad a íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas. |
[EN] |
Athghairm. |
5. —Déantar leis seo gach achtachán a luaitear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a athghairm, le héifeacht ón dáta feidhme, a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin os coinne lua an achtacháin sin. |