An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Reamhraiteach agus Ginearalta.) Ar Aghaidh (CUID III. Deimhnithe Cailiuchain chun ceadunas Ceantalai no Ceadunas Gniomhaire Thithe a Shealbhu.)

10 1947

AN tACHT UM CHEANTÁLAITHE AGUS GNÍOMHAIRÍ TITHE, 1947

CUID II.

Ceadunais agus Ceada Ceantala.

Srianta le gníomhú mar cheantálaí.

6. —(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo—

(a) ní dhéanfaidh duine ar bith, ar an dáta feidhme ná dá éis, gnó ceantálaí a sheoladh ná a thabhairt le tuiscint ná a chur in iúl gnó ceantálaí a bheith á sheoladh aige, ach amháin faoi réim agus do réir cheadúnais faoi alt 8 den Acht seo,

(b) ní dhéanfaidh duine ar bith ceantáil, ar an dáta feidhme ná dá éis, ach amháin faoi réim agus do réir cheadúnais faoi alt 8, nó do réir cheada faoi alt 9, den Acht seo.

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo—

(a) le ceantáil a dhéanfas oifigeach custam agus máil ar ordachán ó na Coimisinéirí Ioncaim,

(b) le ceantáil a dhéanfas sirriam, foshirriam nó cláraitheoir contae nó a dhéanfas oifigeach d'éinne acu sin,

(c) le ceantáil a dhéanfas bailitheoir cánach ioncaim, nó a ionadaí, faoi na hAchta Cánach Ioncaim,

(d) le ceantáil, faoi aon achtachán maidir le tocsal i leith rátaí, a dhéanfas bailitheoir rátaí,

(e) le ceantáil a déanfar faoi chumhacht díola a bheirtear le mír 8 d'alt 19 den Summary Jurisdiction (Ireland) Act, 1851, nó le halt 71 den Towns Improvement (Ireland) Act, 1854,

(f) le ceantáil raice a dhéanfas glacadóir raice faoi chumhacht díola a bheirtear dó le Cuid IX den Merchant Shipping Act, 1894,

(g) le ceantáil éisc úir,

(h) le ceantáil maoine Stáit a dhéanfas oifigeach don Stát,

(i) le ceantáil a dhéanfas duine a bheas údaraithe, le haon achtachán nó faoi, chun sin a dhéanamh gan bheith ceadúnaithe,

(j) le ceantáil a dhéanfas duine ar bith ar earraí is leis an duine sin amháin.

(3) Duine a dhéanfas gnó ceantálaí a sheoladh nó a bhéarfas le tuiscint nó a chuirfeas in iúl gnó ceantálaí a bheith á sheoladh aige nó a dhéanfas ceantáil, contrártha don alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear pionós máil céad punt a chur air.

Srianta le gníomhú mar ghníomhaire tithe.

7. —(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, ní dhéanfaidh duine ar bith, ar an dáta feidhme nó dá éis, gnó gníomhaire thithe a sheoladh ná a thabhairt le tuiscint ná a chur in iúl gnó gníomhaire thithe a bheith á sheoladh aige ná gníomhú mar ghníomhaire tithe, ach amháin faoi réim agus do réir cheadúnais faoi alt 10 den Acht seo.

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo—

(a) le ceantálaí ceadúnaithe,

(b) le haturnae a bheas cáilithe go cuí de thuras na huaire chun gníomhú mar aturnae,

(c) le duine a bheas ag gníomhú mar ghníomhaire d'Aire Stáit, do Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, do Choimisiún Talún na hÉireann nó d'aon duine a bheas údaraithe chun talamh a thógaint go héigeanta.

(3) Duine a dhéanfas gnó gníomhaire thithe a sheoladh nó a bhéarfas le tuiscint nó a cuirfeas in iúl gnó gníomhaire thithe a bheith á sheoladh aige nó a ghníomhós mar ghníomhaire tithe, contrártha don alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear pionós máil céad punt a chur air.

Ceadúnas ceantálaí a dheonadh.

8. —(1) Deonfaidh na Coimisinéirí Ioncaim do dhuine a iarrfas sin, do réir fo-ailt (2) den alt seo, ceadúnas chun gnó ceantálaí a sheoladh faoin ainm a sonrófar sa cheadúnas.

(2) Beidh ag gabháil le hiarratas ar cheadúnas ceantálaí—

(a) deimhniú cáiliúcháin a deonadh don iarratasóir ocht lá fichead ar a mhéid roimh dháta an iarratais,

(b) deimhniú ó Chuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais, a deonadh ocht lá fichead ar a mhéid roimh dháta an iarratais, á dheimhniú go bhfuil éarlais ar coimeád san Ard-Chúirt ag an iarratasóir agus, más banna ráthaíochta an éarlais, go bhfuil éifeacht aige don tréimhse iomlán dá mbeidh an ceadúnas le deonadh, agus

(c) an dleacht mháil is iníoctha ar cheadúnas ceantálaí.

(3) Maidir le ceadúnas ceantálaí—

(a) sonrófar ann an t-ainm a mbeidh údaraithe don cheadúnaí gnó a sheoladh faoi,

(b) tosnóidh sé ar an dáta a sonrófar ann chuige sin, agus

(c) mura gcealaítear é roimhe sin, leanfaidh sé i bhfeidhm (faoi réir na cumhachta fionraíochta atá in alt 18 den Acht seo) go dtí an 5ú lá d'Iúil díreach ina dhiaidh sin.

(4) Udaróidh ceadúnas ceantálaí do phearsa ainmnithe amháin (arb é an ceadúnaí é nó pearsa éigin a bheas ainmnithe aige) ceantáil a dhéanamh thar ceann an cheadúnaí.

(5) Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ceadúnas ceantálaí a chealú ar an gceadúnaí dá iarraidh sin.

Cead ceantála a dheonadh.

9. —(1) Aon uair a iarrfas ceantálaí ceadúnaithe cead ceantála ar na Coimisinéirí Ioncaim—

(a) más pearsa an t-iarratasóir—pé cead acu seo leanas a iarrfas sé,

(i) cead don iarratasóir chun ceantáil a dhéanamh thar a cheann féin, nó

(ii) cead do phearsa bheas ainmnithe ag an iarratasóir chun ceantáil a dhéanamh thar ceann an iarratasóra,

(b) más comhlucht corpraithe nó comhlucht neamhchorpraithe daoine an t-iarratasóir—cead do phearsa bheas ainmnithe ag an gcomhlucht sin chun ceantáil a dhéanamh thar a gceann.

(2) Beidh an dleacht mháil is iníoctha ar chead ceantála ag gabháil le hiarratas faoi fho-alt (1) den alt seo.

(3) Maidir le cead ceantála—

(a) tosnóidh sé ar an dáta a sonrófar ann chuige sin, agus

(b) mura gcealaítear é roimhe sin, leanfaidh sé i bhfeidhm (faoi réir na cumhachta fionraíochta atá in alt 18 den Acht seo) go dtí

(i) an 5ú lá d'Iúil díreach ina dhiaidh sin, nó

(ii) dáta cealuithe an cheadúnais cheantálaí a bheas ag an duine ar deonadh an cead thar a cheann,

pé acu sin is luaithe.

(4) Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, ar cheantálaí ceadúnaithe dá iarraidh sin, cead ceantála sonraithe a deonadh thar a cheann a chealú.

Ceadúnas gníomhaire thithe a dheonadh.

10. —(1) Deonfaidh na Coimisinéirí Ioncaim do dhuine a iarrfas sin, do réir fo-ailt (2) den alt seo, ceadúnas chun gnó gníomhaire thithe a sheoladh faoin ainm a sonrófar sa cheadúnas.

(2) Beidh ag gabháil le hiarratas ar cheadúnas gníomhaire thithe—

(a) deimhniú cáiliúcháin a deonadh don iarratasóir ocht lá fichead ar a mhéid roimh dháta an iarratais,

(b) deimhniú ó Chuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais, a deonadh ocht lá fichead ar a mhéid roimh dháta an iarratais, á dheimhniú go bhfuil éarlais ar coimeád san Ard-Chúirt ag an iarratasóir agus, más banna ráthaíochta an éarlais, go bhfuil éifeacht aige d'iomlán na tréimhse dá mbeidh an ceadúnas le deonadh, agus

(c) an dleacht mháil is iníoctha ar cheadúnas gníomhaire thithe.

(3) Maidir le ceadúnas gníomhaire thithe—

(a) sonrófar ann an t-ainm a mbeidh údaraithe don cheadúnaí gnó a sheoladh faoi,

(b) tosnóidh sé ar an dáta a sonrófar ann chuige sin, agus

(c) mura gcealaítear é roimhe sin, leanfaidh sé i bhfeidhm (faoi réir na cumhachta fionraíochta atá in alt 18 den Acht seo) go dtí an 5ú lá d'Iúil díreach ina dhiaidh sin.

(4) Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ceadúnas gníomhaire thithe a chealú ar an gceadúnaí dá iarraidh sin.