|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. Ceadunais agus Ceada Ceantala.) | Ar Aghaidh (CUID IV. Earlaisi.) |
AN tACHT UM CHEANTÁLAITHE AGUS GNÍOMHAIRÍ TITHE, 1947
[EN] | ||
[EN] |
CUID III. Deimhnithe Cailiuchain chun ceadunas Ceantalai no Ceadunas Gniomhaire Thithe a Shealbhu. | |
[EN] |
Deimhniú cáiliúcháin a iarraidh. |
11. —(1) Duine a bheas ar intinn deimhniú cáiliúcháin a iarraidh i leith gnótha áirithe— |
[EN] | (a) bhéarfaidh sé go bhfoilseofar, ocht lá fichead ar a laghad sar a ndéana sé an t-iarratas a bheas sé ar intinn a dhéanamh, i nuachtán a léitear sa cheantar cúirte dúiche a mbeidh beartaithe aige a phríomh-áit ghnótha sa Stát a bheith aige ann, fógra go bhfuil sé ar intinn an t-iarratas a dhéanamh, | |
[EN] | (b) déanfaidh sé fógra ocht lá fichead ar a laghad, á rá go bhfuil sé ar intinn an t-iarratas a dhéanamh, a thabhairt i scríbhinn don Cheannphort Gharda Shíochána ar ina cheantar a bheas beartaithe aige a phríomh-áit ghnótha sa Stát a bheith aige. | |
[EN] | (2) Sonrófar i bhfógra faoi fho-alt (1) den alt seo— | |
[EN] | (a) ainm an iarratasóra agus, más comhlucht neamh-chorpraithe an t-iarratasóir, ainmneacha a chomhaltaí, | |
[EN] | (b) an t-ainm a mbeidh beartaithe ag an iarratasóir gnó a dhéanamh faoi agus an seoladh a mbeidh beartaithe aige a phríomh-áit ghnótha sa Stát a bheith aige ann, | |
[EN] | (c) an t-am agus an áit a mbeidh beartaithe aige an t-iarratas a dhéanamh. | |
[EN] | (3) Gach iarratas ar dheimhniú cáiliúcháin i leith gnótha áirithe déanfar é chun breithimh dhúiche ag a mbeidh dlínse— | |
[EN] | (i) más san aon cheantar cúirte dúiche amháin a bheas beartaithe ag an iarratasóir an gnó a sheoladh—sa cheantar cúirte dúiche sin, | |
[EN] | (ii) má bhíonn beartaithe ag an iarratasóir an gnó a sheoladh i níos mó ná aon cheantar cúirte dúiche amháin—sa cheantar cúirte dúiche a mbeidh beartaithe aige a phríomh-áit ghnótha a bheith aige ann. | |
[EN] | (4) Ar iarratas ar dheimhniú cáiliúcháin a bheith á éisteacht féadfaidh aon chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná Cigire, agus aon duine a measfaidh an breitheamh dúiche a bheas ag éisteacht an iarratais leas a bheith aige ann, láithriú agus éisteacht a fháil maidir leis an iarratas agus féadfaidh fianaise a thabhairt ar aird mar thaca leis na cúis-aithristí a chuirfeas sé faoi bhráid na Cúirte. | |
[EN] | (5) Ní thabharfaidh an Chúirt aird ar agóid in aghaidh iarratais ar dheimhniú cáiliúcháin mura mbeidh an té a bheas ar intinn an agóid a dhéanamh tar éis fógra i scríbhinn, ina mbeidh forais a agóide, a thabhairt, seacht lá ar a laghad roimh an iarratas a éisteacht, don iarratasóir agus don chléireach cúirte dúiche. | |
[EN] |
Deimhnithe cáiliúcháin a dheonadh. |
12. —(1) Aon uair a déanfar iarratas go cuí chun breithimh dhúiche ag iarraidh deimhniú cáiliúcháin chun gnó ceantálaí a sheoladh nó ag iarraidh deimhniú cáiliúcháin chun gnó gníomhaire thithe a sheoladh, déanfaidh an breitheamh, faoi réir ailt 13 den Acht seo, an deimhniú a dheonadh don iarratasóir. |
[EN] | (2) Sonrófar i ndeimhniú cáiliúcháin an t-ainm a mbeidh ceadúnaithe don tsealbhóir gnó a sheoladh faoi. | |
[EN] |
Forais chun deimhniú cáiliúcháin a dhiúltú. |
13. —Féadfar diúltú d'iarratas ar dheimhniú cáiliúcháin ar aon fhoras acu seo a leanas:— |
[EN] | (a) nach duine cuí oiriúnach an t-iarratasóir chun deimhniú a bheith aige, | |
[EN] | (b) gur féimhí neamhurscaoilte nó féichiúnaí comhshocraitheach an t-iarratasóir, | |
[EN] | (c) go bhfuil an t-iarratasóir faoi bhun bliana is fiche d'aois, | |
[EN] | (d) go bhfuil an t-iarratasóir dícháilithe faoi alt 18 den Acht seo chun ceadúnas ceantálaí nó ceadúnas gníomhaire thithe a bheith aige, | |
[EN] | (e) gur fionraíodh nó gur cealaíodh faoi alt 18 den Acht seo ceadúnas ceantálaí nó ceadúnas gníomhaire thithe a bhí roimhe sin ag an iarratasóir, | |
[EN] | (f) gur duine a bhféadfaí diúltú faoin alt seo dá iarratas, dá n-iarradh sé féin deimhniú cáiliúcháin, pearsa atá freagarthach nó a mbeidh beartaithe é a bheith freagar thach i mbainistí ghnótha an iarratasóra agus fós, i gcás comhluchta neamh-chorpraithe, gur pearsa den tsórt sin aon chomhalta áirithe den chomhlucht. |