|
||||
|
AN tACHT UM CHEANTÁLAITHE AGUS GNÍOMHAIRÍ TITHE, 1947
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV. Earlaisi. | |
[EN] |
Forála ginearálta maidir le héarlaisí. |
14. —Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le héarlais lóisteálfar san Ard-Chúirt de bhun an Achta seo:— |
[EN] | (a) dhá mhíle punt an luach a bheas san éarlais; | |
[EN] | (b) beidh an éarlais faoi urlámhas na hArd-Chúirte; | |
[EN] | (c) ar an duine a bheartós an éarlais a lóisteáil dá n-iarraidh bhéarfaidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais dó in aisce na foirmeacha is gá chuige sin; | |
[EN] | (d) in ionad an éarlais a lóisteáil in airgead féadfar í a lóisteáil— | |
[EN] | (i) trí urrúis a lóisteáil a bheas údaraithe le rialacha cúirte maidir le suncáil airgid faoi urlámhas na hArd-Chúirte, nó | |
[EN] | (ii) trí bhanna ráthaíochta a lóisteáil, a bheas cuideachta árachais cheadúnaithe tar éis a thabhairt i bhfoirm arna ceadú ag an Aire, lena ráthóidh an chuideachta, i bhfábhar Uachtaráin na hArd-Chúirte, suas go dtí teora dhá mhíle punt go gcomhlíonfaidh an lóisteálaí go cuí a oblagáidí mar cheantálaí ceadúnaithe nó gníomhaire tithe ceadúnaithe maidir le hairgead a ghlacadh agus a íoc agus maoin a choimeád slán; | |
[EN] | (e) más in airgead a lóisteálfar nó a coimeádfar an éarlais, déanfar an t-airgead nó cuid shonraithe dhe a shuncáil, ar iarratas agus ar chostas an lóisteálaí, in urrúis a bheas údaraithe mar adúradh agus a shonrós an lóisteálaí; | |
[EN] | (f) íocfar leis an lóisteálaí an t-ioncam as na hurrúis dá mbeidh an éarlais comhdhéanta i bpáirt nó go hiomlán; | |
[EN] | (g) déanfar, ar iarratas agus ar chostas an lóisteálaí, na hurrúis sin nó aon chuid díobh a mhalairtiú ar urrúis eile a bheas údaraithe mar adúradh agus a shonrós an lóisteálaí; | |
[EN] | (h) bhéarfaidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais in aisce don lóisteálaí, ar é dá iarraidh sin, deimhniú á dheimhniú do na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil luach sonraithe d'éarlais nó banna ráthaíochta ar shuim shonraithe ar coimeád do réir an ailt seo ag an lóisteálaí. | |
[EN] |
Fiach breithiúnais a íoc as éarlaisí. |
15. —(1) Aon uair a gheobhaidh duine ar bith (dá ngairmtear an gearánaí sa bhfo-alt seo) breith nó ordú nó aithne, in aon imeachta, in aghaidh aon duine eile (dá ngairmtear an cosantóir sa bhfo-alt seo) chun airgead a íoc d'urscaoileadh dliteanais faoina ndeachaigh an cosantóir mar cheantálaí ceadúnaithe nó gníomhaire tithe ceadúnaithe maidir le hairgead a ghlacadh nó a íoc nó le maoin a choimeád slán, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar an ngearánaí dá iarraidh sin ar shlí achomair, a ordú an t-airgead sin (i bhfarra nó d'éagmais costas an iarratais) a íoc leis an ngearánaí as an éarlais a bheas ar coimeád ag an gcosantóir, nó, más banna ráthaíochta an éarlais agus go ndearnadh, roimh na himeachta a éisteacht, fógra ar thionscnamh na n-imeacht a sheirbheáil ar an gcuideachtain árachais iomchuí, é a íoc le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais ón gcuideachtain árachais thar ceann an ghearánaí. |
[EN] | (2) Aon uair a thionscnós duine (dá ngairmtear an gearánaí sa bhfo-alt seo) imeachta in aghaidh aon duine eile (dá ngairmtear an cosantóir sa bhfo-alt seo) ina n-éileofar airgead a íoc d'urscaoileadh dliteanais a líomhnófar an cosantóir a bheith tar éis dul faoi mar cheantálaí ceadúnaithe nó gníomhaire tithe ceadúnaithe maidir le hairgead a ghlacadh nó a íoc nó le maoin a choimeád slán, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar an ngearánaí dá iarraidh sin, a ordú, le hordú, gan an éarlais a bheas ar coimeád ag an gcosantóir nó gan cuid shonraithe áirithe dhi a scaoileadh go dtí go mbeidh deireadh leis na himeachta nó go ceann pé tréimhse eile is cuí leis an gCúirt, agus féadfaidh an Chúirt an t-ordú sin a neamhníú nó a athrú. | |
[EN] | (3) Aon uair a dhéanfas an Chúirt ordú faoin alt seo á ordú airgead a íoc as éarlais nó ag cuideachtain árachais, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:— | |
[EN] | (a) ar Chuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais do dhéanamh aon íocaíochta faoin ordú, bhéarfaidh sé fógra láithreach do na Coimisinéirí Ioncaim agus don lóisteálaí á insint sin dóibh agus ag insint luacha an iarmhéid a bheas fágtha dá éarlais nó an iarmhéid a bheas urraithe le ráthaíocht na cuideachtan árachais, pé acu é; | |
[EN] | (b) más lú ná dhá mhíle punt luach an iarmhéid sin, agus mura ndéana an lóisteálaí, laistigh de chúig lá déag tar éis dáta an fhógra sin, deimhniú ón gCuntasóir a thabhairt ar aird do na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil lóis teálta aige, do réir ailt 14 den Acht seo, suim is ionann agus méid an easnaimh nó banna ráthaíochta ar an méid sin, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim láithreach cealú ar cheadúnas ceantálaí nó ceadúnas gníomhaire thithe an lóisteálaí agus ar gach cead ceantála a deonadh dhó féin agus do dhuine ar bith chun ceantáil a dhéanamh thar a cheann. | |
[EN] |
Éarlais a scaoileadh. |
16. —(1) Más mian leis an lóisteálaí a iarraidh go scaoilfí éarlais, bhéarfaidh sé go ndéanfar, sé lá caogad ar a laghad sar a ndéana sé an t-iarratas a bheas sé ar intinn dhéanamh, fógra, á rá go bhfuil sé ar intinn an t-iarratas a dhéanamh, a fhoilsiú i nuachtán a léitear sa cheantar cúirte dúiche ina bhfuil, nó ina raibh go deiridh, a phríomh-áit ghnótha ag an lóisteálaí mar cheantálaí nó mar ghníomhaire tithe (pé acu é). |
[EN] | (2) I gcás ina n-iarrfaidh an lóisteálaí, tar éis dó fo-alt (1) den alt seo a chomhlíonadh, éarlais a scaoileadh, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:— | |
[EN] | (a) mura bhfuil ceadúnas ag an lóisteálaí agus mura raibh sin aige aon tráth sa tréimhse de chúig lá caogad roimh dháta an iarratais, déanfar, faoi réir ailt 15 den Acht seo, an éarlais a scaoileadh; | |
[EN] | (b) in aon chás eile, ní scaoilfear an éarlais. | |
[EN] | (3) Baineann an t-alt seo le hiarratas ó leachtóir, ionadaí pearsanta, sannaí nó comharba-i-dteideal eile lóisteálaí amhail mar bhaineas sé le hiarratas ó lóisteálaí. | |
[EN] |
An clár de lóisteálaithe. |
17. —(1) Coimeádfaidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais clár (dá ngairmtear an clár de lóisteálaithe san alt seo) de dhaoine a mbeidh éarlaisí ar coimeád acu. |
[EN] | (2) Beidh sa chlár de lóisteálaithe, maidir le gach duine a mbeidh éarlais ar coimeád aige,— | |
[EN] | (a) ainm an lóisteálaí agus an t-ainm faoina bhfuil gnó ceantálaí nó gníomhaire thithe á sheoladh aige nó faoina bhfuil beartaithe aige an gnó sin a sheoladh, | |
[EN] | (b) seoladh na príomh-áite gnótha atá aige sa Stát nó atá beartaithe a bheith aige sa Stát, | |
[EN] | (c) más trí bhanna ráthaíochta atá an éarlais ar coimeád, ainm agus seoladh na cuideachtan árachais lena mbaineann. | |
[EN] | (3) Coimeádfar an clár de lóisteálaithe in oifig Chuntasóra na gCúirteanna Breithiúnais agus féadfaidh duine ar bith é a iniúchadh ar é d'íoc pé táille (más ann) a bheas ordaithe faoi alt 65 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 ( Uimh. 48 de 1936 ), aon tráth a bheas an oifig sin ar oscailt chun gnó poiblí a dhéanamh. | |
[EN] | (4) Deimhniú, a airbheartós a bheith sínithe ag Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais, á dheimhniú ná raibh duine a bheas ainmnithe ann cláraithe lá áirithe sa chlár de lóisteálaithe nó go raibh sé cláraithe amhlaidh agus go raibh éarlais shonraithe ar coimeád aige, beidh sé ina fhianaise prima facie ar na fíorais a bheas deimhnithe amhlaidh agus ní gá síniú an Chuntasóra sin a chruthú ná a chruthú gurb é Cuntasóir na gCúirteannan Breithiúnais é. | |
[EN] | (5) Féadfaidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais deimhniú den tsórt a luaitear i bhfo-alt (4) den alt seo a thabhairt do dhuine ar bith, ar é d'íoc pé táille (más ann) a bheas ordaithe faoi alt 65 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 ( Uimh. 48 de 1936 ). |