An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Earlaisi.) Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Athghairm.)

10 1947

AN tACHT UM CHEANTÁLAITHE AGUS GNÍOMHAIRÍ TITHE, 1947

CUID V.

Forala Ilghneitheacha maidir le Ceadunais agus Ceada Ceantala.

Cealú, fionraí agus dícháiliú maidir le ceadúnais agus ceada ceantála.

18. —(1) Aon uair a déanfar duine is ceantálaí nó gníomhaire tithe ceadúnaithe a chiontú i gcion ina mbeidh calaois, mí-ionraiceas nó sárú iontaoibhe i gceist, féadfaidh an Chúirt, gan dochar do ghearradh aon phionóis eile a bheas údaraithe le dlí, pé ní nó nithe acu seo a leanas a dhéanamh is cuí leis an gCúirt, is é sin le rá:—

(a) cealú a dhéanamh ar cheadúnas an duine sin agus, más ceantálaí ceadúnaithe é, ar gach cead ceantála a deonadh do féin nó do dhuine ar bith chun ceantáil a dhéanamh thar a cheann,

(b) an ceadúnas sin agus gach cead ceantála mar adúradh a fhionraí go ceann tréimhse sonraithe,

(c) a dhearbhú an duine sin a bheith dícháilithe, go ceann tréimhse sonraithe, chun ceadúnas a bheith aige.

(2) I gcás ina ndéanfar achomharc in aghaidh ciontuithe no pianbhreithe mar gheall ar chion lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo, beidh ag Cúirt éisteachta an achomhairc an dlínse a bheirtear leis an bhfo-alt sin do Chúirt trialta an chiontaitheora agus beidh aici dlínse chun aon chealú, fionraí nó dícháiliú a rinneadh faoin bhfo-alt sin a dhaingniú, a neamhniú nó a athrú.

(3) Aon uair a chealós nó a fhionrós an Chúirt ceadúnas nó cead ceantála nó a dhearbhós sí duine a bheith dícháilithe chun ceadúnas a bheith aige nó a dhaingneos nó a neamhneos nó a athrós sí aon chealú, fionraí nó dícháiliú, cuirfidh cláraitheoir nó cléireach na Cúirte é sin in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim.

Ceadúnais cheantálaithe agus ceada ceantála a thabhairt ar aird d'oifigigh chustam agus máil.

19. —(1) Gach duine a bheas ag déanamh ceantála (seachas ceantáil lena mbaineann fo-alt (2) d'alt 6 den Acht seo), déanfaidh sé, ar oifigeach custam agus máil dá iarraidh sin air, ceadúnas ceantálaí nó cead ceantála faoina raibh údaraithe dhó an cheantáil a dhéanamh a thabhairt ar aird agus a thaispeáint don oifigeach ansin agus an uair sin nó déanfaidh, laistigh de sheacht lá ón uair sin, ceadúnas nó cead den tsórt sin a thabhairt ar aird agus a thaispeaint d'aon oifigeach custam agus máil in oifig chustam agus máil a ainmneos an duine sin an tráth a déanfar an t-iarratas sin.

(2) Gach duine a shárós fo-alt (1) den alt seo beidh sé, mura gcruthaí sé don Chúirt go raibh údaraithe dhó an cheantáil a dhéanamh agus gur nithe ná raibh neart aige orthu faoi ndear an sárú, ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear pionós máil caoga punt a chur air.

Duine a dhéanfas ceantáil do thaispeáint placaird

20. —(1) Gach duine a bheas ag déanamh ceantála (seachas ceantáil lena mbaineann fo-alt (2) d'alt 6 den Acht seo), coimeádfaidh sé ar taispeáint, faid a bheas an cheantáil ar siúl, in ionad sofheicse san áit ina mbeidh an cheantáil á dhéanamh placard ar a mbeidh—

(a) más ceantálaí ceadúnaithe é, an t-ainm faoina bhfuil sé ceadúnaithe chun gnó a dhéanamh agus seoladh a phríomh-áite gnótha sa Stát,

(b) más sealbhóir é ar chead ceantála chun ceantáil a dhéanamh thar ceann duine eile is ceantálaí ceadúnaithe, an t-ainm faoina bhfuil an ceantálaí ceadúnaithe sin ceadúnaithe chun gnó a dhéanamh agus seoladh príomh-áite gnótha an cheantálaí sa Stát.

(2) Gach duine a shárós fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear pionós máil deich bpunt a chur air.

(3) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo le ceantáil, ag ceantálaí ceadúnaithe nó thar a cheann, a ndéanfar fógra, ina mbeidh an t-ainm faoina bhfuil sé ceadúnaithe chun gnó a dhéanamh agus seoladh a phríomh-áite gnótha sa Stát, a fhoilsiú i nuachtán a léitear sa cheantar ina ndéanfar an cheantáil nó a chur a taispeáint in ionad sofheicse sa cheantar.

Srian le ceantálaithe do dheighleáil in earraí inmháil.

21. —(1) Ní údaróidh ceadúnas ceantálaí ná cead ceantála dá shealbhóir deighleáil in earra, ná earra a dhíol, thar a cheann féin ná thar ceann aon duine eile, is earra ar gá ceadúnas máil chun deighleáil inti nó í a dhíol, ach amháin i gcás sin a dhéanamh in áit a mbeidh ceadúnas máil chun an earra a dhíol faighte agus i bhfeidhm ina leith ag únaer na hearra.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a údarú do cheantálaí ceadúnaithe earra de chineál lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo a dhíol ar ceantáil thar ceann pearsan más deimhin leo gur leis an bpearsain sin an earra agus nach i leith trádála na pearsan sin a beifear á díol.

Ceadúnais agus ceada ceantála a thabhairt suas ar iad a chealú.

22. —(1) I gcás ina gcealófar ceadúnas nó cead ceantála, nó ina raghaidh cead ceantála as feidhm toisc ceadúnas ceantála a chealú, déanfaidh a shealbhóir laistigh de sheacht lá tar éis na Coimisinéirí Ioncaim dá iarraidh sin air, an ceadúnas nó an cead ceantála a thabhairt suas do na Coimisinéirí Ioncaim.

(2) Gach duine a shárós fo-alt (1) den alt seo trí fhaillí a dhéanamh i gceadúnas nó cead ceantála a thabhairt suas, beidh sé, mura gcruthaí sé don Chúirt gur nithe ná raibh neart aige orthu faoi ndear an sárú, ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear pionós máil fiche punt a chur air.

Fógra a fhoilsiú gur cealaíodh ceadúnais nó ceada ceantála.

23. —Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, a luaithe is féidir tar éis ceadúnas nó cead ceantála a chealú, fógra i dtaobh an chealuithe a fhoilsiú san Iris Oifigiúil.

Ceadúnais sealadacha.

24. —(1) Aon uair a diúltófar d'iarratas ar dheimhniú cáiliúcháin i leith gnótha áirithe agus a lóisteálfar achomharc chun na Cúirte Cuarda, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, gan dleacht mháil a íoc, ceadúnas sealadach a thabhairt don iarratasóir chun an gnó sin a sheoladh faoin ainm a bheas sonraithe sa cheadúnas.

(2) Ní féadfar ceadúnas sealadach a thabhairt ach sna tosca seo a leanas:—

(a) i gcás iarratais a déanfar roimh an dáta feidhme, go mbeidh an t-iarratasóir, ar dháta an iarratais, agus go raibh, ar feadh an dá mhí dhéag roimhe sin, ina shealbhóir—

(i) más gnó ceantálaí an gnó a bheas i gceist, ar cheadúnas faoin Auctioneers Act, 1845, nó

(ii) más gnó gníomhaire thithe é, ar cheadúnas a deonadh faoi alt 11 den Revenue (No. 1) Act, 1861;

(b) in aon chás eile, go mbeidh an t-iarratasóir, tráth an iarratais a dhéanamh, ina shealbhóir—

(i) más gnó ceantálaí an gnó a bheas i gceist, ar cheadúnas ceantálaí,

(ii) más gnó gníomhaire thithe é, ar cheadúnas gníomhaire thithe;

(c) go dtabharfaidh an t-iarratasóir ar aird do na Coimisinéirí Ioncaim deimhniú ó Chuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais a deonadh ocht lá fichead ar a mhéid roimhe sin á dheimhniú go bhfuil éarlais ar coimeád san Ard-Chúirt ag an iarratasóir agus, más banna ráthaíochta an éarlais, go bhfuil éifeacht aige don tréimhse iomlán dá mbeidh an ceadúnas le deonadh.

(3) Maidir le ceadúnas sealadach—

(a) sonrófar ann an t-ainm a mbeidh údaraithe don cheadúnaí gnó a sheoladh faoi,

(b) tosnóidh sé ar an dáta a sonrófar ann chuige sin,

(c) leanfaidh sé i bhfeidhm go ceann pé tréimhse, ná mairfidh thar seacht lá i ndiaidh breith a thabhairt ar an achomhare, is oiriúnach leis na Coimisinéirí Ioncaim, agus

(d) beidh pé coinníollacha ag gabháil leis is cuí leo a fhorchur.

(4) Udaróidh ceadúnas sealadach chun gnó ceantálaí a sheoladh do phearsa ainmnithe amháin (arb é an ceadúnaí é nó pearsa éigin a bheas ainmnithe aige) ceantáil a dhéanamh thar ceann an cheadúnaí.

(5) Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, ceadúnas sealadach ceadúnaí a chealú ar an gceadúnaí dá iarraidh sin.

(6) Faid a bheas ceadúnas sealadach i bhfeidhm, is tuigthe, chun críocha an Achta seo, é a bheith—

(a) más ceadúnas é chun gnó ceantálaí a sheoladh, ina cheadúnas faoi alt 8 den Acht seo, agus

(b) más ceadúnas é chun gnó gníomhaire thithe a sheoladh, ina cheadúnas faoi alt 10 den Acht seo.