24 1947


Uimhir 24 de 1947.


AN tACHT UM OIFIGÍ AIREACHTA AGUS PARLAIMINTE (LEASÚ), 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM OIFIGÍ AIREACHTA AGUS PARLAIMINTE, 1938. [23ú Iúil, 1947.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht seo, ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 (Uimh. 38 de 1938) .

Cuid II den Phríomh-Acht a leasú.

2. —(1) I bhfo-alt (1) d'alt 3 agus in alt 4 den Phríomh-Acht, léireofar na tagairtí do shuim £2,500 mar thagairtí don tsuim sin arna méadú fiche faoin gcéad.

(2) I bhfo-alt (1) d'alt 3 agus i bhfo-alt (1) d'alt 5 den Phríomh-Acht, léireofar na tagairtí do shuim £1,700 mar thagairtí don tsuim sin arna méadú cúig fichead faoin gcéad.

(3) I bhfo-alt (2) d'alt 3 agus i bhfo-alt (1) d'alt 6 den Phríomh-Acht, léireofar na tagairtí do shuim £1,200 mar thagairtí don tsuim sin arna méadú tríocha faoin gcéad.

(4) I bhfo-alt (1) d'alt 5 den Phríomh-Acht, léireofar an tagairt do shuim £1,000 mar thagairt don tsuim sin arna méadú tríocha faoin gcéad.

(5) I bhfo-alt (1) d'alt 6 den Phríomh-Acht, léireofar an tagairt do shuim £750 mar thagairt don tsuim sin arna méadú tríocha faoin gcéad.

Cuid III den Phríomh-Acht a leasú.

3. —(1) I bhfo-alt (1) d'alt 10 den Phríomh-Acht, léireofar an tagairt do shuim £800 mar thagairt don tsuim sin arna méadú tríocha faoin gcéad.

(2) I bhfo-alt (2) d'alt 10 den Phríomh-Acht, léireofar an tagairt do shuim £500 mar thagairt don tsuim sin arna méadú tríocha faoin gcéad.

Gearrtheideal agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1947 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 agus 1947, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.