An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V. Bia agus Deoch.) Ar Aghaidh (CUID VII. Oifigigh D'Udarais Slainte.)

28 1947

AN tACHT SLÁINTE, 1947

CUID VI.

Forala Maidir le hUllmhoidi Leighis agus Maisiochta agus le hEarrai Airithe Eile.

Fógairt nó díol ullmhóidí leighis agus maisíochta a rialú.

65. —(1) San alt seo—

folaíonn an focal “substaint” ullmhóid;

ciallaíonn an abairt “sloinníocht dílseánaigh” sloinníocht ar shubstaint a mhonaraíos, a roghnaíos nó a iomdháileas duine áirithe agus a húsáidtear chun an tsubstaint sin d'idirdhealú ó shubstaintí a mhonaraíos, a roghnaíos nó a iomdháileas daoine eile;

ciallaíonn an abairt “ullmhóid leighis”—

(a) substaint a díoltar faoi shloinníocht dílseánaigh agus is féidir d'úsáid chun aon éalaing, éiglíocht, gortú nó éislinn a bhíos ar dhaoine a chosc nó a chóireáil, nó

(b) aon tsubstaint urchoscach, nó eadargnaíoch nó freapach eile is féidir d'úsáid chun aon éalaing, éiglíocht, gortú nó éislinn a bhíos ar dhaoine a chosc nó a chóireáil;

ciallaíonn an abairt “ullmhóid mhaisíochta” substaint a díoltar faoi shloinníocht dílseánaigh lena húsáid chun críocha maisíochta nó cosmaidíochta ar chorp an duine nó ar aon chuid de.

(2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh do rialú fógraíochta nó díola ullmhóidí leighis nó ullmhóidí maisíochta i gcoitinne nó aon chinéil shonraithe de na hullmhóidí sin nó aon ullmhóide leighis nó ullmhóide maisíochta áirithe.

(3) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo socrú a dhéanamh, go sonrach, le haghaidh gach ní nó éinní acu seo a leanas:—

(a) chun toirmeasc a chur leis an ullmhóid nó na hullmhóidí lena mbaineann na rialacháin a mhonarú, d'ullmhú, d'allmhuiriú, d'iomdháil, a dhíol nó a thairiscint nó a choimeád chun a díolta nó a ndíolta agus sin go hiomlán nó faoi réir coinníoll sonraithe (lena n-áirítear ceadúnas a dheonadh chun an ullmhóid nó na hullmhóidí sin a mhonarú, d'ullmhú, d'allmhuiriú, d'iomdháil nó a dhíol);

(b) chun toirmeasc a chur le fógraíocht ar an ullmhóid nó na hullmhóidí lena mbaineann na rialacháin agus sin go hiomlán nó faoi réir coinníoll sonraithe (lena n-áirítear ceadúnas a dheonadh chun fógraíocht a dhéanamh ar an ullmhóid nó na hullmhóidí sin) agus chun toirmeasc a chur le haon ullmhóid den tsórt sin, ar a ndéanfar fógraíocht contrártha do na rialacháin sin, a dhíol nó a thairiscint nó a choimeád chun a díolta;

(c) chun a cheangal comhshuíomh na n-ullmhóidí a chlóbhualadh ar an taobh amuigh de phacaidí nó de choimeádáin ina ndíolfar na hullmhóidí sin agus chun toirmeasc a chur le haon ullmhóid a dhíol i bpacáid nó i gcoimeádán ná beidh comhshuíomh na hullmhóide clóbhuailte ar an taobh amuigh dhe;

(d) chun na haicmí daoine dá ndeonfar ceadúnais faoi na rialacháin a chinneadh;

(e) chun coinníollacha d'ordú a bhainfeas le deonadh, coinneáil nó athnuachaint ceadúnas faoi na rialacháin;

(f) chun a cheangal ar iarratasóirí nó sealbhóirí ceadúnas faoi na rialacháin eolas sonraithe a thabhairt maidir le comhdhéanamh, monarú, allmhuiriú, stóráil, iomdháil, díol nó fógraíocht na n-ullmhóidí lena mbaineann a n-iarratais nó a gceadúnais;

(g) chun ceadúnais faoi na rialacháin a dhiúltú nó a chúlghairm;

(h) chun samplaí d'ullmhóidí leighis nó d'ullmhóidí mais íochta a thabhairt agus a thógaint (gan íocaíocht);

(i) chun muirir (pé acu seasta, inathruithe, nó seasta go páirteach agus inathruithe go páirteach dhóibh) a ghearradh i leith deonadh, coinneáil nó athnuachaint ceadúnas faoi na rialacháin.

(4) Duine ar bith a shárós rialachán faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig céad punt a chur air.

(5) Féadfaidh an tAire inchúiseamh a dhéanamh i gcás ciona faoin alt seo.

Srian le hearraí áirithe d'allmhuiriú, a mhonarú nó a dhíol.

66. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, a fhoráil gur earra shrianta chun críocha an ailt seo—

(a) aon ionstraim, fearas nó goireas de chineál arb é a thuairim go dtiocfadh den phobal i gcoitinne d'úsáid ionstraimí, fearas nó goireas den chineál sin go mbeidís i gcontúirt a mór-ghortuithe ó thaobh sláinte nó coirp, nó

(b) substaint arb é a thuairim gur dócha, dá mbeadh sí ar fáil ag an bpobal i gcoitinne, go n-úsáidfí í chun críocha lena ngabhfadh contúirt mhór-ghortuithe ó thaobh sláinte nó coirp.

(2) Sna fo-ailt ina dhiaidh seo den alt seo, ciallaíonn an abairt “earra shrianta” earra a ndearbhófar le hordú faoin alt seo gur earra shrianta í chun críocha an ailt seo.

(3) Féadfaidh an tAire cead a dheonadh do dhochtúir leighis cláraithe chun earra shrianta d'allmhuiriú, a mhonarú, a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile agus féadfaidh pé coinníollacha (más ann) is cuí leis a chur ag gabháil leis an gcead.

(4) Ní dleathach, ach amháin a mhéid a húdarófar le cead faoi fho-alt (3) den alt seo, do dhuine earra shrianta d'allmhuiriú, a mhonarú, a dhíol ná a dhiúscairt ar shlí eile, ná a thairiscint ná a choimeád chun a díolta nó chun a diúscartha ar shlí eile.

(5) Ní dleathach do dhuine fógraíocht a dhéanamh ar earra shrianta.

(6) Duine ar bith a shárós fo-alt (4) nó (5) den alt seo nó ná déanfaidh, ar chead a dheonadh dhó faoi fho-alt (3) den alt seo agus ar é d'úsáid an cheada sin, coinníoll a bheas ag gabháil leis an gcead a chomhlíonadh, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile agus, i ngach cás, dlífear an earra shrianta ar ina leith a rinneadh an cion d'fhorghéilleadh.

(7) Aon earra a forghéillfear faoi fho-alt (6) den alt seo déanfar i a dhiúscairt i pé slí a ordós an tAire.

(8) Más rud é, le linn iniúchadh a dhéanamh faoi alt 94 den Acht seo ar aon áitreabh, go bhfaighfear aon earra shrianta a mbeidh cúis réasúnach ag an duine a bheas ag déanamh an iniúchta chun a chreidiúint go ndearnadh cion faoin alt seo maidir léi, féadfaidh an duine sin an earra d'urghabháil, d'aistriú agus a choinneáil.

(9) Féadfaidh an tAire inchúiseamh a dhéanamh i gcás ciona faoin alt seo.

Rialacháin maidir le flocas.

67. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh—

(a) ag ordú caighdeán glaineachta maidir le flocas i gcoitinne nó maidir le saghas áirithe flocais,

(b) á thoirmeasc flocas ná beidh do réir na gcaighdeán ordaithe a dhíol nó a choimeád chun a dhíolta, nó d'úsáid nó a choimeád chun a úsáidte chun leapacha, cúisíní, earraí forchumhdaigh agus earraí dá samhail sin a dhéanamh.

(2) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo—

(a) socrú a dhéanamh chun oifigigh don Aire, údaráis sláinte agus a n-oifigigh agus, le toiliú an Aire Rialtais Áitiúil oifigigh d'údaráis sláintíochta d'fhorfheidhmiú agus d'fhorghníomhú na rialachán,

(b) socrú a dhéanamh chun a chumhachtú do dhaoine sonraithe (is oifigigh údaraithe chun críche Coda IX den Acht seo) flocas ná beidh do réir na gcaighdeán ordaithe d'urghabháil agus a thabhairt leo, agus é a choinneáil agus a dhíothú nó é a dhiúscairt ar shlí oiriúnach eile,

(c) socrú a dhéanamh chun samplaí d'fhlocas a thabhairt agus a thógaint (gan íocaíocht) agus chun tástála, scrúduithe agus taifigh a dhéanamh ar na samplaí sin,

(d) na haicmí daoine d'ordú a bheas freagarthach i dtástála, scrúduithe agus taifigh a dhéanamh ar shamplaí d'fhlocas agus na meáin agus an modh d'ordú trína mbeidh an tástáil, an scrúdú nó an taifeach sin le déanamh,

(e) an deimhniú nó an fhianaise eile d'ordú a bheas le tabhairt ar thoradh aon tástála, scrúduithe nó taifigh agus na haicmí daoine d'ordú a mbeidh an deimhniú nó an fhianaise sin le tabhairt acu nó dhóibh,

(f) a fhoráil go mbeidh aon deimhniú nó fianaise eile a hordófar faoi mhír (e) den fho-alt seo, agus a bhéarfar maidir leis an tástáil nó an scrúdú nó an taifeach ar shampla, ina fhianaise chun gach críche, maidir leis an sampla sin, ar thoradh na tástála sin,

(g) socrú a dhéanamh chun áitribh a chlárú a gcoimeádtar flocas iontu lena dhíol nó lena úsáid chun leapacha, cúisíní, earraí forchumhdaigh agus earraí dá samhail sin a dhéanamh.

(3) Aon uair a fhorálfas rialacháin faoi fho-alt (1) den alt seo go mbeidh aon deimhniú nó fianaise eile áirithe ina fhianaise chun gach críche ar thoradh tástála nó scrúduithe nó taifigh ar shampla, glacfaidh gach Cúirt Bhreithiúnais leis an deimhniú nó leis an bhfianaise eile sin mar fhianaise, maidir leis na samplaí sin, ar thoradh na tástála sin, agus glacfaidh gach Cúirt Bhreithiúnais leis freisin mar fhianaise go ndearnadh an tástáil sin faoi réim agus do réir na rialachán.

(4) Aon uair a cúiseofar duine i dtaobh flocas a bheith ina sheilbh aige contrártha do rialacháin faoin alt seo, is tuigthe, go dtí go gcruthaítear a mhalairt, aon fhlocas a gheofar ina sheilbh a bheith beartaithe chun a dhíolta nó a úsáidte chun leapacha, cúisíní, earraí forchumhdaigh nó earraí dá samhail sin a mhonarú.

(5) Má chruthaíonn an cosantóir in aon inchúiseamh i leith. ciona faoin alt seo—

(a) gur cheannaigh sé an flocas mar fhlocas de chaighdeán glaineachta ná sáródh aon rialachán faoin alt seo agus fara baránta i scríbhinn sa chéill sin, agus

(b) ná raibh aon chúis aige, an tráth a rinne sé an cion a mbeidh sé á chúiseamh ann, chun a chreidiúint nár den chaighdeán glaineachta ordaithe don fhlocas, agus

(c) go raibh an flocas, an tráth sin, sa staid chéanna ina raibh sé nuair a cheannaigh sé é,

urscaoilfear an cosantóir sin ón inchúiseamh, ach dlífidh sé na costais a ndeachaigh an t-inchúisitheoir fúthu d'íoc mura dtug sé fógra cuí don inchúisitheoir go raibh beartaithe aige seasamh ar an gcosaint sin.

(6) Aon ráiteas ó mhonaróir, allmhuireoir nó díoltóir flocais, maidir le caighdeán glaineachta an fhlocais, i bhforchuntas, nó ar lipéad a bheas greamaithe den fhlocas nó ar an gcoimeádán ina ndíolfar an flocas, is tuigthe chun críocha míre (a) d'fho-alt (5) den alt seo gur baránta é.

(7) Má chítear don údarás nó don oifigeach a bheas ag forfheidhmiú rialachán faoin alt seo cion a bheith déanta a bhféadfaí imeachta a bhunú ina leith faoin alt seo i gcoinne duine éigin ach go bhféadfadh an duine sin cosaint a shuíomh faoi fho-alt (5) den alt seo trína chruthú gurbh é gníomh nó faillí dhuine éigin eile faoi ndear an cion a mbeifear ag gearán ina thaobh, féadfaidh an t-údarás nó an t-oifigeach sin imeachta a bhunú i gcoinne an duine eile sin gan imeachta a bhunú i gcoinne an duine chéadluaite.

(8) Duine ar bith a shárós rialachán faoin alt seo nó a bhacfas go toiliúil forghníomhú rialacháin faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

(9) San alt seo folaíonn an focal “flocas”—

(a) ceirt-fhlocas a táirgtear go hiomlán nó go páirteach trí abhar fite nó cniotálta nó feiltithe nó earraí eile dá samhail sin, nua nó sean, a stracadh, agus

(b) rón, ascartach, fannchlúmh, clúmh, agus earraí eile dá samhail sin, nua nó sean, a húsáidtear chun leapacha, cúisíní, earraí forchumhdaigh nó earraí dá samhail sin a dhéanamh.