|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III. Dleachta Stampa.) | Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Biotaille (Ratai Gnathdhleachta Custam).) |
AN tACHT AIRGEADAIS (Uimh. 2), 1947
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV. Ginearalta. | |
[EN] |
Airgead d'aistriú as an Ród-Chiste chun an Stát-Chiste. |
14. —D'fhonn airgead a sholáthar le haghaidh muirear ginearálta a thitfeas ar an bPríomh-Chiste, déanfar suim dhá chéad míle punt d'aistriú agus d'íoc as an Ród-Chiste isteach sa Stát-Chiste pé tráth nó trátha sa bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1948, agus i pé slí, a ordós an tAire Airgeadais. |
[EN] |
Cúram agus bainistí cánach agus dleacht. |
15. —Cuirtear faoi chúram agus bainistí na gCoimisinéirí Ioncaim leis seo na cánacha agus na dleachta uile (ach amháin na dleachta máil ar fheithiclí inneallghluaiste) a forchuirtear leis an Acht seo. |
[EN] |
Gearrtheideal agus léiriú. |
16. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Léireofar Cuid I den Acht seo i dteannta na nAcht Cánach Ioncaim. | |
[EN] | (3) Léireofar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineas sí le dleachta custam, i dteannta na nAcht Custam agus, a mhéid a bhaineas sí le dleachta máil, i dteannta na reacht a bhaineas leis na dleachta máil agus le bainistí na ndleacht sin. |