|
||||
|
AN tACHT LOINGIS CHEANNAÍOCHTA, 1947
[EN] | ||
[EN] |
AN DARA SCEIDEAL. Rialacha i dTaobh Billi Ladala. | |
Airteagal I.—Mínithe: | ||
Sna Rialacha seo tá leis na habairtí seo a leanas na bríonna a bheirtear dóibh faoi seach leis seo, is é sin le rá— | ||
(a) Folaíonn “iompróir” an t-únaer nó an fostóir a dhéanfas conradh iompair le loingseoir; | ||
(b) Ní bhaineann “conradh iompair” ach le conartha iompair lena ngabhann bille ládála nó aon doiciméid teidil dá shamhail sin, sa mhéid go mbaineann an doiciméid sin le hiompar earraí de mhuir, lena n-áirítear aon bhille ládála nó aon doiciméid dá shamhail mar adúradh a heisítear faoi réim nó de bhun conartha fhostuithe ón am a rialaíos an bille ládála nó an doiciméid teidil dá shamhail sin an caidreamh idir iompróir agus duine is sealbhóir ar an gcéanna; | ||
(c) Folaíonn “earraí” earraí, bathair, marsantais, agus airceadail de gach aon tsaghas, ach amháin ainmhithe beo agus last adeirtear sa chonradh iompair a bheith á iompar ar an leibhinn agus a hiompraítear amhlaidh; | ||
(d) Ciallaíonn “long” aon árthach a húsáidtear d'iompar earraí de mhuir; | ||
(e) Folaíonn “iompar earraí” an tréimhse ón am a lódáltar na hearraí ar an loing go dtí an t-am a dílódáltar aisti iad. | ||
Airteagal II.—Fiontair: | ||
Faoi réir forál Airteagail VI, faoi gach conradh iompair earraí de mhuir beidh an t-iompróir, maidir le lódáil, láimhsiú, stuáil, iompar, coimeád, aireachasú, agus dílódáil na n-earraí sin, faoi na freagarthachta agus na dliteanais, agus i dteideal na gceart agus na saoirsí atá leagtha amach anseo ina dhiaidh seo. | ||
Airteagal III.—Freagarthachta agus Dliteanais: | ||
1. Beidh de cheangal ar an iompróir, roimh an turas agus ina thosach, dícheall cuí a dhéanamh chun— | ||
(a) An long a dhéanamh muir-acmhainneach; | ||
(b) An long d'fhoireannú, a ghléasadh, agus a lónú; | ||
(c) Boilg na loinge, na seomraí cuisníochta agus fionnuarais, agus gach ball eile sa loing ina n-iompraítear earraí, a dhéanamh oiriúnach agus sábhálta chun iad a ghlacadh, d'iompar agus a chaomhaint. | ||
2. Faoi réir forál Airteagail IV, déanfaidh an t-iompróir na hearraí a bheas á n-iompar a lódáil, a láimhsiú, a stuáil, d'iompar, a choimeád, d'aireachasú agus a dhílódáil go cuí agus go cúramach. | ||
3. Tar éis dó na hearraí a ghlacadh faoina chúram, déanfaidh an t-iompróir, nó an máistir nó gníomhaire an iompróra, ar an loingseoir dá iarraidh sin air, bille ládála a thabhairt don loingseoir a thaispeánfas, i measc rudaí eile,— | ||
(a) Na príomh-mharcanna is gá chun na hearraí d'aithint mar bheas an céanna tugtha i scríbhinn ag an loingseoir sar a dtosnaítear ar lódáil na n-earraí sin, ar choinníoll go ndéanfar na marcanna sin a stampáil, nó a thaispeáint go soiléir ar shlí eile, ar na hearraí má bhíd gan clúdach, nó ar na cásanna nó na clúdaigh ina mbeidh na hearraí sin, ar chuma a bhéarfadh de ghnáth go mbeidís so-léite go dtí deireadh an turais; | ||
(b) An uimhir de phacáistí nó de phíosaí, nó an chainníocht, nó an meáchan, do réir mar bheas, amhail mar bheas sin tugtha ag an loingseoir i scríbhinn; | ||
(c) An t-ord agus an bhail a dhealraíos a bheith ar na hearraí; | ||
Ar choinníoll ná beidh de cheangal ar aon iompróir, máistir, ná gníomhaire don iompróir, aon mharcanna, uimhir, cainníocht, ná meáchan a lua ná a thaispeáint ar an mbille ládála a mbeidh cúis réasúnach amhrais aige ná léiríonn na hearraí a fuarthas iarbhír nó ná raibh caoi réasúnach aige chun a bhfíoruithe. | ||
4. Beidh bille ládála den tsórt sin ina fhianaise prima facie go bhfuair an t-iompróir na hearraí mar bheid tuairiscithe ann do réir míre 3 (a), (b) agus (c). | ||
5. Is tuigthe an loingseoir a bheith tar éis ráthaíocht a thabhairt don iompróir ar na marcanna, an uimhir, an chainníocht, agus an meáchan, mar bheid sin tugtha aige, a bheith cruinn tráth an loingsithe, agus slánóidh an loingseoir an t-iompróir i gcoinne an chaillteanais, na ndamáistí, agus na gcostas uile a éireos nó a thiocfas de neamhchruinnis sna sonraí sin. Ní dhéanfaidh ceart an iompróra chun na slánaíochta sin teora a chur in aon tslí lena fhreagarthacht agus a dhliteanas faoin gconradh iompair do dhuine ar bith seachas an loingseoir. | ||
6. Mura ndéantar fógra i dtaobh caillteanais nó damáiste agus cinéil ghinearálta an chaillteanais nó an damáiste sin a thabhairt i scríbhinn don iompróir nó dá ghníomhaire ag an bport dílódála roimh na hearraí d'aistriú, nó le linn iad d'aistriú, chun coimeád an duine a mbeidh teideal aige go seachadfar chuige iad faoin gconradh iompair, nó, mura léir an caillteanas nó an damáiste laistigh de thrí lá, beidh an t-aistriú sin ina fhianaise prima facie gur sheachaid an t-iompróir na hearraí mar bheid tuairiscithe sa bhile ládála. | ||
Ní gá an fógra i scríbhinn a thabhairt má rinneadh suirbhéireacht nó iniúchadh i gcomhar ar staid na n-earraí an tráth a fuarthas iad. | ||
In aon chás fuasclófar an t-iompróir agus an long ó gach dliteanas i leith caillteanais nó damáiste mura dtugtar agra chun cinn laistigh de bhliain tar éis na hearraí a sheachadadh nó tar éis an dáta ar ar chóir na hearraí a sheachadadh. | ||
I gcás ina dtarlóidh aon chaillteanas nó damáiste nó ina measfar é a tharlachtaint bhéarfaidh an t-iompróir agus an glacadóir gach saoráid réasúnach dá chéile chun na hearraí d'iniúchadh agus a chomhaireamh. | ||
7. Tar éis na hearraí a lódáil is é bille ládála a eiseos an t-iompróir nó an máistir nó gníomhaire an iompróra don loingseoir, má iarrann an loingseoir sin, ná bille ládála “loingsithe,” ar choinníoll go ndéanfaidh an loingseoir má bhíonn aon doiciméid teidil chun na n-earraí sin tógtha suas roimhe sin aige, an céanna a ghéilleadh in aghaidh eisiúna an bhille ládála “loingsithe,” ach, más rogha leis an iompróir, féadfaidh an t-iompróir, an máistir nó an gníomhaire an doiciméid sin a nótú, ag an bport loingsithe, le hainm nó le hainmneacha na loinge nó na long ar ar loingsíodh na hearraí agus le dáta nó dátaí an loingsithe, agus, arna nótú amhlaidh, is tuigthe chun críocha an Airteagail seo gur bille ládála “loingsithe” í. | ||
8. Aon chlásal, cúnant nó comhaontú i gconradh iompair a fhuasclós an t-iompróir nó an long ó dhliteanas i leith cailliúna nó damáiste d'earraí nó maidir le hearraí de dheasca mainneachtana, lochta nó faillí sna dualgais agus sna hoblagáidí a foráltar san Airteagal seo nó a laghdós an dliteanas sin ar shlí seachas mar foráltar sna Rialacha seo, beidh sé ar neambhrí agus ar neamhní agus gan éifeacht ar bith. | ||
Is tuigthe gur clásal ag fuascailt an iompróra ó dhliteanas clásal tairbhe árachais nó clásal dá shamhail. | ||
Airteagal IV.—Cearta agus Saoirsí: | ||
1. Ní bheidh an t-iompróir ná an long faoi dhliteanas i leith caillteanais ná damáiste a éireos nó a thiocfas de neamhmuiracmhainneacht muran é is siocair leis an neamh-muiracmhainneacht sin gan an t-iompróir do dhéanamh díchill chuí chun an long a dhéanamh muiracmhainneach, agus chun a áirithiú an long a bheith foirinnithe, gléasta agus lónaithe go ceart, agus chun boilg na luinge agus na seomraí cuisníochta agus fionnuarais agus gach ball eile sa loing ina n-iompraítear earraí a dhéanamh oiriúnach agus sábhálta chun na hearraí a ghlacadh, d'iompar agus a chaomhaint do réir forál míre 1 d'Airteagal III. | ||
Aon uair a tharlós caillteanas nó damáiste de dheasca neamhmuiracmhainneachta is ar an iompróir nó ar pé duine eile a bheas ag éileamh saoirse faoin alt seo a bheas sé de mhortabháil a chruthú go ndearnadh dícheall cuí. | ||
2. Ní bheidh an t-iompróir ná an long freagarthach i gcaillteanas ná i ndamáiste a éireos nó a thiocfas de dheasca aon ní acu seo a leanas— | ||
(a) Gníomh, faillí nó mainneachtain an mháistir, an mhuirigh, an phíolóta nó seirbhíseach an iompróra maidir le loingsiú nó bainistí na loinge; | ||
(b) Tóiteán, mura trí fhaillí nó rannpháirtíocht an iompróra féin a tharlós sé; | ||
(c) Guaiseanna, contúirtí agus tionóiscí na farraige nó uiscí intseolta eile; | ||
(d) Foiche Dé; | ||
(e) Gníomh cogaidh; | ||
(f) Gníomh namhad poiblí; | ||
(g) Prionsaí, rialaitheoirí nó daoine a chur faoi ghabháil nó faoi shrianadh, nó urghabháil a dhéanamh faoi phróis dlíthiúil; | ||
(h) Srianta coraintín; | ||
(i) Gníomh nó neamhghníomh ag an loingseoir nó ag únaer na n-earraí, a ghníomhaire nó a ionadaí; | ||
(j) Aon stailc nó frithdhúnadh nó saotharstad nó srianadh saothair ó chúis ar bith, páirteach nó ginearálta; | ||
(k) Aon chíréib nó suathadh síbhialta; | ||
(l) Iarrtháil nó iarracht tarrthála ar dhuine nó ar dhaoine nó ar mhaoin ar farraige; | ||
(m) Traothadh toirte nó meáchain nó aon chaillteanas nó damáiste eile a éireos de deascaibh éalainge, airíon nó lochta is dual do na hearraí; | ||
(n) Neamhdhóthanacht pacála; | ||
(o) Neamhdhóthanacht nó neamhdhiongbháltacht marcanna; | ||
(p) Ealaing folaigh nach infhionnta d'ainneoin díchill chuí; | ||
(q) Aon chúis eile a éireos gan faillí ná rannpháirtíocht an iompróra, agus gan faillí ná mainneachtain ghníomhairí nó seirbhíseach an iompróra, ach is ar an duine a bheas ag éileamh sochar na heisceachta seo a bheas de mhortabháil a chruthú nár chuidigh faillí nn rannpháirtíocht an iompróra ná faillí ná mainá-eachtain ghníomhairí nó seirbhíseach an iompróra leis an gcaillteanas ná an damáiste. | ||
3. Ní bheidh an loingseoir freagarthach in aon chaillteanas ná damáiste a fhuilingeos an t-iompróir nó an long agus a éireos nó a thiocfas de chúis ar bith gan gníomh, faillí ná mainneachtain an loingseora, a ghníomhairí ná a sheirbhíseach. | ||
4. Ní tuigthe gur sárú ná briseadh ar na Rialacha seo ná ar an gconradh iompair aon fhordul chun tarrtháil nó iarracht tarrthála a dhéanamh ar dhuine nó ar dhaoine nó ar mhaoin ar farraige ná fós aon fhordul réasúnach, agus ní bheidh an t-iompróir faoi dhliteanas maidir le haon chaillteanas nó damáiste a thiocfas de sin. | ||
5. In aon chás ní bheidh an t-iompróir ná an long faoi dhliteanas ná ní thiocfaid faoi dhliteanas maidir le haon chaillteanas nó damáiste d'earraí, nó i ndáil le hearraí, méid is mó ná £100 an pacáiste nó an t-aonad nó comhoiread na suime sin in airgeadra eile, mura rud é go mbeidh cineál agus luach na n-earraí sin dearbhaithe ag an loingseoir roimh iad a loingsiú agus curtha isteach sa bhille ládála. | ||
Is fianaise prima facie an dearbhú seo má bhíonn sé corpraithe sa bhille ládála, ach ní bheidh sé ina cheangal críochnaitheach ar an iompróir. | ||
Má dhéanann an t-iompróir, an máistir nó gníomhaire an iompróra agus an loingseoir comhaontú chuige sin, féadfar uasmhéid eile a cheapadh seachas an uasmhéid a luaitear sa mhír seo, ach ar choinníoll gur lú an uasmhéid a ceapfar amhlaidh ná an figiúir thuasluaite. | ||
In aon chás, ní bheidh an t-iompróir ná an long freagarthach in aon chaillteanas ná damáiste d'earraí ná i ndáil le hearraí más rud é gur thug an loingseoir, go feasach, míráiteas ar chineál nó luach na n-earraí sin sa bhille ládála. | ||
6. I gcás aon earraí de chineál adhantach, pléascach nó contúirteach, nár thoiligh an t-iompróir, an máistir nó gníomhaire an iompróra, i bhfios a gcineál agus a gcáilíochta, iad a loingsiú féadfaidh an t-iompróir, aon uair roimh dhílódáil, na hearraí sin a chur i dtír in aon áit nó iad a dhíthiú nó iad a dhéanamh neamhbhaolach gan cúiteamh agus is ar loingseoir na n-earraí sin a bheas an dliteanas maidir le gach damáiste agus costas a éireos nó a thiocfas go díreach nó go neamhdhíreach d'aon loingsiú den tsórt sin. | ||
I gcás aon earraí den tsórt sin a loingseofar leis an bhfios agus leis an toiliú sin a theacht chun bheith ina gcontúirt don loing nó don last, féadfaidh an t-iompróir, sa tslí chéanna, na hearraí sin a chur i dtír in aon áit nó iad a dhíthiú nó iad a dhéanamh neamhbhaolach gan dliteanas ar bith a bheith ar an iompróir dá chionn sin ach amháin maidir le muirchaill ilpháirteach, más ann. | ||
Airteagal V.—Cearta agus Saoirsí a ghéilleadh, agus freagarthachta agus dliteanais a mhéadú: | ||
Beidh de chead ag iompróir a chearta agus a shaoirsí go léir nó aon chuid díobh a ghéilleadh go hiomlán nó go páirteach nó aon chuid dá fhreagarthachta nó dá dhliteanais a mhéadú faoi na Rialacha atá in aon Airteagal acu seo, ar choinníoll go gcorprófar an géilleadh nó an méadú sin sa bhille ládála a heiseofar chun an loingseora. | ||
Ní bheidh feidhm ag forála na Rialacha seo maidir le conartha fostuithe, ach má heisítear billí ládála i gcás loinge faoi chonradh fostuithe ní foláir na billí ládála sin a bheith do réir téarmaí na Rialacha seo. Ní tuigthe aon ní sna Rialacha seo a bheith dá chosc aon fhoráil dleathach maidir le muirchaill ilpháirteach a chur i mbille ládála. | ||
Airteagal VI.—Coinníollacha Speisialta: | ||
D'ainneoin forál na nAirteagal sin roimhe seo, beidh de chead, maidir le haon earraí áirithe, ag iompróir, ag máistir nó ag gníomhaire an iompróra, agus ag loingseoir aon chomhaontú a dhéanamh in aon téarmaí maidir le freagarthacht agus dliteanas an iompróra i dtaobh na n-earraí sin, agus maidir le cearta agus saoirsí an iompróra i leith na n-earraí sin, nó a oblagáid i dtaobh muiracmhainneachta, sa mhéid ná beidh an comha seo contrártha do bheartas poiblí, nó do chúram nó dícheall seirbhíseach nó gníomhairí an iompróra maidir le lódáil, láimhsiú, stuáil, iompar, coimeád, aireachasú agus dílódáil na n-earraí a hiompraítear de mhuir, ar choinníoll nár heisíodh agus ná heiseofar aon bhille ládála sa chás seo agus go gcorprófar na téarmaí ar comhaontaíodh orthu in admháil a bheas ina doiciméid neamhintráchta agus a bheas marcálta amhlaidh. | ||
Aon chomhaontú a déanfar amhlaidh beidh lán-éifeacht dlíthiúil aige: | ||
Ar choinníoll ná bainfidh an tAirteagal seo le gnáth-loingsithe tráchtála a déanfar i ngnáth-chúrsa trádála, ach go mbainfidh sé amháin le loingsithe eile ina mbeidh nádúir nó staid na maoine a bheas le hiompar nó ina mbeidh na himthosca, na téarmaí agus na coinníollacha faoina ndéanfar an t-iompar de shaghas a bheir gur ceart comhaontú speisialta a dhéanamh ina leith. | ||
Airteagal VII.—Teoranta le Feidhm na Rialacha: | ||
Ní choiscfidh aon ní dá bhfuil anseo iompróir ná loingseoir ó aon chomhaontú, comha, coinníoll, forcoimeádas nó eisceacht a dhéanamh maidir le freagarthacht agus dliteanas an iompróra nó na loinge i leith caillteanas nó damáiste nó i ndáil le coimeád agus aireachasú agus láimhsiú earraí, roimh iad a lódáil ar an loing ina mbeid á n-iompar de mhuir agus tar éis iad a dhílódáil aisti. | ||
Airteagal VIII.—Teora le Dliteanas. | ||
Ní dhéanfaidh forála na Rialacha seo aon difir do chearta ná d'oblagáidí an iompróra faoi aon reacht a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire agus a bhainfeas le dliteanas únaeraí árthach farraige a theorannú. |