An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS, 1948) Ar Aghaidh (CUID II. Custaim agus Mal.)

12 1948

AN tACHT AIRGEADAIS, 1948

CUID I.

Cain Ioncaim.

Cáin ioncaim agus forcháin in aghaidh na bliana 1948-49.

1. —(1) Muirearófar cáin ioncaim in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1948, do réir seacht scillinge sa phunt.

(2) Muirearófar forcháin in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1948, ar ioncam aon phearsan ar mó ná míle agus chúig chéad punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh, agus is do réir na rátaí ar dá réir a muirearaítear í in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1947, a muirearófar amhlaidh í.

(3) Na forála reachtúla agus eile, a bhí i bhfeidhm an 5ú lá d'Aibreán, 1948, maidir le cáin ioncaim agus forcháin, beidh éifeacht acu uile agus faoi seach, faoi réir forál an Achta seo, maidir leis an gcáin ioncaim agus an fhorcháin a muirearófar mar adúradh in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1948.

An comhaontú maidir le cáin ioncaim dúbalta a dhaingniú.

2. —Daingnítear leis seo an comhaontú atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas léis an Acht seo agus a rinneadh an 21ú lá d'Iúil, 1947, idir an Rialtas agus Rialtas na Ríochta Aontaithe ag leasú an chomhaontuithe atá leagtha amach i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht Airgeadais, 1926 (Uimh. 35 de 1926) (arna leasú leis an gcomhaontú atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht Airgeadais, 1928 (Uimh. 11 de 1928) ) agus, faoi réir a dhaingnithe ag Parlaimint na Ríochta Aontaithe, beidh éifeacht aige dá réir sin.