|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. Leasuithe ar Achta na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1938.) | Ar Aghaidh (CUID III. Leasuithe ar na hAchta um Arachas Slainte Naisiunta, 1911 go 1947.) |
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1948
[EN] | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Caibidil II. Leasuithe ar na hAchta go bhfeidhm amhail ón 7ú lá d'Eanáir, 1949. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Méadú ar na rátaí pinsean. |
9. —Faoi réir ailt 13 den Acht seo, íocfar pinsean do réir an ráta atá leagtha amach sa Táible don alt seo in ionad an ráta a cinneadh le halt 2, agus leis an gCéad Sceideal, d'Acht 1924, arna leasú le halt 2 d'Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1928 ( Uimh. 1 de 1928 ). | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | An Taible D'Alt 9. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | An Ráta Pinsin. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 8 d'Acht 1924 |
10. —I bhfo-alt (1) d'alt 8 d'Acht 1924, cuirfear na focail “caoga agus dhá phunt agus chúig scillinge” in ionad na bhfocal “naoi bpuint tríochad agus coróinn.” | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Gan aon aird a thabhairt ar íocaíchta faoi alt 44 den Acht Sláinte, 1947 , nuair a bheas acmhainn á ríomh. |
11. —Nuair a bheas acmhainn aon duine á ríomh chun críocha na nAcht, arna leasú leis an gCaibidil seo, ní tabharfar aon aird ar aon íocaíochta a tugadh, faoi alt 44 den Acht Sláinte, 1947 ( Uimh. 28 de 1947 ), ó údarás sláinte don duine sin nó dá chleithiúnaithe nó ina leith. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
An aois cháilitheach maidir le pinsin do dhaill d'ísliú go dtí 21 bhliain agus forála eile maidir le pinsin do dhaill. |
12. —(1) Déantar leis seo alt 6 (a dhéanas socrú chun pinsin d'íoc le daill atá tríocha blian d'aois nó os a chionn) d'Acht 1932 a leasú mar leanas:— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) cuirfear na focail “a bhfuil bliain agus fiche d'aois slán aige” in ionad na bhfocal “a bhfuil aois tríochad blian slán aige” áit ar bith a bhfuil na focail deiridh sin, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) i mír (c) cuirfear na focail “deich mbliana” in ionad na bhfocal “ocht mbliana déag”. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) (a) Nuair a beifear ag ríomh an ioncaim, a luaitear i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Old Age Pensions Act, 1911, atá ag dall, ní tabharfar aon aird ar thuilleamh an daill sin ach amháin má háirítear, agus a mhéid a háirítear, suim bhliantúil an tuillimh sin a bheith níos mó ná suim arna comhdhéanamh mar leanas:— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) más fear an dall sin, £52, móide £39 má tá bean chéile aige, móide £26 i leith gach linbh faoi leith, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) más bean an dall sin, £52, móide £26 i leith gach linbh faoi leith, móide £39 má tá fear céile in éintíos léi nach féidir leis, de dheasca easláine coirp nó meabhrach, é féin a chothabháil; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) Sa bhfo-alt seo— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | folaíonn an focal “tuilleamh” páigh, brabús as aon tsórt féin-fhostaíochta i gceird nó i ngnó (lena n-áirítear feirmeoireacht), sochar dífhostaíochta agus cúnamh dífhostaíochta; ciallaíonn an focal “leanbh,” maidir le dall, aon leanbh is leis an dall sin nó lena bhean chéile nó lena fear céile agus atá faoin bun sé bliana déag d'aois. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Nuair a beifear ag ríomh, chun críocha na nAcht arna leasú leis an gCaibidil seo, tuilleamh daill a bhfuil liúntas nó deontas á íoc leis de bhun scéime chun leas na ndall a chur chun cinn a hullmhaíodh faoi alt 2 den Blind Persons Act, 1920, ní tabharfar aon aird ar an deontas ná an liúntas sin. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Má dhéanann duine, a raibh pinsean á fháil aige faoi alt 6 d'Acht 1932 ar an 6ú lá d'Eanáir, 1949, ceist a tharraingt anuas d'iarraidh méadú pinsin agus go bhfaighidh an t-oifigeach pinsin iomchuí fógra i dtaobh na ceiste lá nach déanaí ná an lú lá d'Iúil, 1949, is tuigthe, chun críche ailt 6 den Old Age Pensions Act, 1919, go bhfuair an t-oifigeach pinsin an fógra an 7ú lá d'Eanáir, 1949. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Cosaint do phinsinéirí láithreacha áirithe. |
13. —(1) Duine ar bith a bhí, díreach roimh an 7ú lá d'Eanáir, 1949, ag fáil pinsin agus forlíontais air faoi Ordú 1947, ní bhfaighidh sé, má leanann sé de bheith i dteideal an phinsin sin tar éis an 6ú lá d'Eanáir, 1949, pinsean is lú ná mar a gheobhadh sé dá mba nár ritheadh an tAcht seo agus gur lean Ordú 1947 de bheith i bhfeidhm. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) (a) Sa bhfo-alt seo, ciallaíonn an abairt “an ráta seachtainiúil caighdeánach,” maidir le pinsean, an ráta ar dá réir a bheadh an pinsean sin iníoctha de thuras na huaire faoi na hAchta, arna leasú leis an gCaibidil seo, dá mba nár hachtaíodh fo-alt (1) den alt seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) Má tharlann, de bhuaidh fo-ailt (1) den alt seo, go mbeidh pinsean á fháil ag duine, ar an 7ú lá d'Eanáir, 1949, nó dá éis, do réir ráta sheachtainiúil is airde ná an ráta seachtainiúil caighdeánach, athbhreithneoidh an t-oifigeach pinsin iomchuí an pinsean sin ó am go ham agus, ar aon athbhreithniú den tsórt sin a bheith déanta, déanfaidh sé pé coigeartú (más gá) ar an ráta seachtainiúil dob iomchuí dá mba nár ritheadh an tAcht seo agus gur lean Ordú 1947 de bheith i bhfeidhm, ach ní dhéanfaidh sé coigeartú ar an bpinsean sin a thabharfas go mbeidh sé iníoctha do réir ráta sheachtainiúil is ísle ná an ráta seachtainiúil caighdeánach. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) Má coigeartaítear aon phinsean faoin bhfo-alt seo, tiocfaidh an pinsean sin air sin, ach faoi réir aon choigeartuithe bhreise, chun bheith iníoctha do réir an ráta sheachtainiúil ar ar coigeartaíodh amhlaidh é. |