An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil II. Leasuithe ar na hAchta go bhfeidhm amhail ón 7ú lá d'Eanáir, 1949.) Ar Aghaidh (CUID IV. Leasuithe ar na hAchta um Arachas Difhostaiochta, 1920 go 1946.)

17 1948

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1948

CUID III.

Leasuithe ar na hAchta um Arachas Slainte Naisiunta, 1911 go 1947.

Tosach feidhme Coda III.

14. —Tiocfaidh an Chuid seo i ngníomh an 4ú lá de Dheireadh Fómhair, 1948.

Léiriú Coda III.

15. —(1) Sa Chuid seo—

Acht 1920.

ciallaíonn an abairt “Acht 1920” an National Health Insurance Act, 1920;

an Príomh-Acht.

ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an National Insurance Act, 1911;

an Cumann.

ciallaíonn an abairt “an Cumann” Cumann an Árachais Náisiúnta ar Shláinte.

(2) Léireofar mar aon ní amháin an Chuid seo agus na hAchta um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1947.

Na rátaí ranníoca.

16. —(1) Na ranníoca is iníoctha faoin bPríomh-Acht i leith ranníocóirí fostaithe, beid do réir na rátaí atá leagtha amach sa Táible don alt seo, in ionad na rátaí a sonraítear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhas le hAcht 1920, agus léireofar tagairtí in aon achtachán do Chuid II den Dara Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht mar thagairtí don Táible a ghabhas leis an alt seo.

(2) An tagairt i bhfo-alt (10) d'alt 81 den Phríomh-Acht don difir idir méid na ranníoc d'íoc ranníocóir, nó a híocadh ina leith, do réir an ráta a sonraítear i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht agus an méid a híocfaí dá mba do réir an ráta a sonraítear i gCuid I den Sceideal sin a bheadh na ranníoca sin, léireofar í mar thagairt do shuim dhá phingin.

An Taible D'Alt 16.

Na rátaí ranníoca i leith ranníocóirí fostaithe.

s.

d.

I gcás fear

..

..

..

1

sa tseachtain.

I gcás ban

..

..

..

0

11½

sa tseachtain.

Ranníoca ó Fhostóirí agus ó Ranníocóirí Fostaithe.

Le n-íoc ag an bhfostóir

..

6½d.

sa tseachtain.

Le n-íoc ag an ranníocóir

fir

6d.

sa tseachtain.

mná

5d.

sa tseachtain.

Leasú ar alt 15 den Acht um Arachas Sláinte Náisiúnta agus um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1936 .

17. —I bhfo-alt (1) d'alt 15 den Acht um Arachas Sláinte Náisiúnta agus um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1936 ( Uimh. 12 de 1936 ), cuirfear na focail “seacht bpingne” in ionad na bhfocal “cheithre pingne go leith”.

Na rátaí sochair bhreoiteachta agus mhíchumais.

18. —(1) Is é an gnáth-ráta sochair bhreoiteachta i gcás fir suim fiche agus dhá scilling agus sé pingne sa tseachtain agus i gcás mná suim ocht scillinge déag sa tseachtain ar feadh iomláine na tréimhse fiche agus sé seachtaine.

(2) Is é an ráta sochair mhíchumais i gcás fir chúig scillinge déag sa tseachtain agus i gcás mná trí scillinge déag agus sé pingne sa tseachtain.

(3) I bhfo-alt (1) d'alt 12 den National Health Insurance Act, 1918 (arna leasú le fo-alt (3) d'alt 2 d'Acht 1920), cuirfear na focail “sixteen shillings and sixpence” agus na focail “thirteen shillings and sixpence” in ionad na bhfocal “nine shillings” agus na bhfocal “seven shillings and sixpence” faoi seach.

Leasú ar alt 109 den Phríomh-Acht.

19. —In alt 109 den Phríomh-Acht, arna leasú le hAcht 1920, cuirfear na focail “ten shillings” in ionad na bhfocal “seven shillings and sixpence”.

Cistí a sholáthar don Chiste Lia-Dheimhniúcháin.

20. —(1) Féichiúnófar ar chiste sochair an Chumainn, i leith gach comhalta (nach saighdiúir ar seirbhís) den Chumann, don bhliain 1948 agus do gach bliain ina dhiadh sin, pé suim a chinnfeas an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(2) Na suimeanna a hordaítear le fo-alt (1) den alt seo d'fhéichiúnú ar chiste sochair an Chumainn creidiúnófar iad chun an Chiste Lia-Dheimhniúcháin.

(3) Chun na suimeanna iomlána a ríomh a bheas le féichiúnú ar chiste sochair an Chumainn faoin alt seo, ríomhfar uimhir iomlán chomhaltaí (nach saighdiúirí ar seirbhís) an Chumainn i pé slí a ordós an tAire

Suimeanna áirithe d'íoc as an gCiste Arachais Sláinte Náisiúnta leis an Stát-Chiste.

21. —As an airgead is iníoctha faoi mhír (5) d'Airteagal 3 den Ordú Leasa Shóisialaigh (Liúntais Ionaid), 1948 (I.R. Uimh. 8 de 1948 ), ag an Aire le húdaráis chúnaimh phoiblí, déanfar cion is inchurtha i leith seacht naoú de na híocaíochta a rinne na húdaráis sin faoi mhír (1) den Airteagal sin 3 d'íoc as an gCiste Arachais Sláinte Náisiúnta leis an Stát-Chiste.

Cumhacht ag an gCumann chun rialacha a dhéanamh.

22. —Féadfaidh Coiste Bainistí an Chumainn, le formheas an Aire, rialacha a dhéanamh chun cúrsaí an Chumainn a riaradh, agus féadfaidh aon cheann de na rialacha láithreacha a chúlghairm nó a leasú.