|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III. Leasuithe ar na hAchta um Arachas Slainte Naisiunta, 1911 go 1947.) | Ar Aghaidh (CUID V. Leasuithe ar na hAchta um Chunamh Difhostaiochta, 1933 go 1940.) |
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1948
[EN] | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
CUID IV. Leasuithe ar na hAchta um Arachas Difhostaiochta, 1920 go 1946. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Léiriú Coda IV. |
23. —(1) Sa Chuid seo— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | na hAchta. |
ciallaíonn an abairt “na hAchta” na hAchta um Arachas Dífhostaíochta, 1920 go 1946; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | an Príomh-Acht. |
ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an Unemployment Insurance Act, 1920; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
an Scéim. |
ciallaíonn an abairt “an Scéim” Scéim Arachais Dífhostaíochta Ghnótha an Arachais a bunaíodh faoi na hAchta. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(2) Léireofar mar aon ní amháin an Chuid seo agus na hAchta. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar an mbrí atá sna hAchta le tréimhse leanúnach dífhostaíochta agus leasú ar Airteagal 7 den Scéim. |
24. —(1) Chun críocha na nAcht— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) áireofar mar thréimhse leanúnach dífhostaíochta aon trí lá dífhostaíochta (lena n-áirítear trí lá ar túisce lá nó dhá lá acu ná dáta an Achta seo a rith), pé acu as a chéile dhóibh nó nach ea, laistigh de thréimhse sé lá as a chéile, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) áireofar mar aon tréimhse leanúnach dífhostaíochta amháin aon tréimhse leanúnach dífhostaíochta den tsórt sin agus tréimhse leanúnach eile dífhostaíochta den tsórt sin nó tréimhse leanúnach dífhostaíochta roimh dháta an Achta seo a rith, a mbeidh tréimhse nach sia ná fiche seachtain eatarthu, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) léireofar an abairt “ar dífhostú go leanúnach” dá réir sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) In Airteagal 7 den Scéim, déanfar mír (1) (eadhon, an mhír a cuireadh isteach tríd an Ordú Leasúcháin um Arachas Dífhostaíochta (Scéim Speisialta Ghnótha an Arachais), 1942 (R. &O. R., Uimh. 550 de 1942)), a scrios agus cuirfear an mhír seo a leanas ina hionad:— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(1) Is iad na coinníollacha ar a bhfaighidh duine atá árachaithe faoin Scéim sochar díth-oibre ná na coinníollacha a luaitear maidir le sochar dífhostaíochta in alt 7 den Acht, arna leasú le halt 10 den Unemployment Insurance (No. 2) Act, 1921, agus le fo-alt (1) d'alt 24 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1948 , agus beidh feidhm ag an alt sin 7, arna leasú amhlaidh, chun críocha na Scéime.” | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht agus leasú ar alt 8 den Acht sin. |
25. —(1) Leasaítear leis seo mír (h) de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht trí na focail “five hundred pounds” a chur in ionad na bhfocal “two hundred and fifty pounds” mar a bhfuil na focail deiridh sin. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh pé lá a shocrós an tAire chuige sin le hordú. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) (a) Aon bhliain árachais sonraithe, a raibh duine ar a feadh nó ar feadh coda dhi ag gabháil d'aon fhostaíocht a bhí, roimh thosach feidhme fo-ailt (1) den alt seo, ina fostaíocht eiscithe de bhuaidh míre (h) de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht agus nár híocadh lena linn aon ranníoc i leith an duine sin faoi na hAchta ná faoin Scéim, déanfar, maidir le haon éileamh ar shochar dífhostaíochta nó sochar díth-oibre a déanfar ar dháta thosach feidhme fo-ailt (1) den alt seo nó ina dhiaidh sin, neamhaird a thabhairt uirthi chun críocha fo-ailt (4) d'alt 8 den Phríomh-Acht, arna leasú le halt 6 den Acht um Arachas Dífhostaíochta, 1926 (Uimh. 21 de 1926) , nó chun críocha an fho-ailt sin (4) arna leasú amhlaidh agus arna thanasc i leith na Scéime. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) Sa bhfo-alt seo, ciallaíonn an abairt “bliain árachais sonraithe”— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) maidir le héilitheoir ar shochar dífhostaíochta, aon bhliain árachais sa tréimhse a thosnaigh an 7ú lá de Dheireadh Fómhair, 1940, agus a chríochnós an 3ú lá de Dheireadh Fómhair, 1948, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) maidir le héilitheoir ar shochar díth-oibre, aon bhliain árachais sa tréimhse a thosnaigh an lú lá d'Iúil, 1940, agus a chríochnós an 30ú lá de Mheitheamh, 1949. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar mhír 1 den Dara Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht. |
26. —Sa Dara Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht, cuirfear an mhír seo a leanas in ionad míre (1):— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “1. Unemployment benefit shall be payable in respect of each week of any continuous period of unemployment after the first week of unemployment and shall, in the case of recipients of any class set out in column (2) of the Table to this paragraph at any reference number, be at the weekly rate set out in column (3) of the said Table at that reference number. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | Table to Paragraph 1. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | Weekly Rates of Benefit. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Iocaíocht as an gCiste Dífhostaíochta leis an Stát-Chiste. |
27. —Íocfar as an gCiste Dífhostaíochta leis an Stát-Chiste suim is comhionann leis an gcion (más ann) den airgead a híocadh, faoi Airteagal 13 d'Ordú 1947, isteach sa Chiste Dífhostaíochta agus is inchurtha i leith na n-íocaíocht a rinneadh, faoi Airteagal 6 d'Ordú 1947, i leith na tréimhse dar thosach an lú lá d'Iúil, 1948, agus dar chríoch an lá díreach roimh dháta an Achta seo a rith. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Athrú ar na rátaí ranníoca. |
28. —(1) Na ranníoca is iníoctha faoi na hAchta i leith daoine fostaithe ag na daoine sin agus ag a bhfostóirí faoi seach, beid do réir na rátaí faoi seach atá leagtha amach i gcolúin (3) agus (4) den Táible don fho-alt seo in ionad na rátaí a socraíodh le fo-alt (1) d'alt 2 den Acht um Arachas Dífhostaíochta, 1933 (Uimh. 44 de 1933) . | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | An Taible d'Fho-alt (1). | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | Na rátaí seachtainiúla ranníoca is iníoctha ag daoine fostaithe agus ag fostóirí. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 4ú lá de Dheireadh Fómhair, 1948. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 1 den Unemployment Insurance Act. 1922, agus ar mhír 4 den Dara Sceideal a ghabhas leis an Scéim. |
29. —(1) Déanfar fo-alt (1) d'alt 1 den Unemployment Insurance Act, 1922, a léiriú agus beidh éifeacht aige— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) amhail is dá gcuirtí na focail “seven shillings and sixpence” in ionad na bhfocal “five shillings,” mar a bhfuilid sin, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) amhail is dá gcuirtí na focail “two shillings and sixpence” in ionad na bhfocal “one shilling”. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Déanfar mír 4 den Dara Sceideal a ghabhas leis an Scéim a léiriú agus beidh éifeacht aici— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) amhail is dá gcuirtí na focail “seven shillings and sixpence” in ionad na bhfocal “five shillings,” mar a bhfuilid sin, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) amhail is dá gcuirtí na focail “two shillings and sixpence” in ionad na bhfocal “one shilling”. |