An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V. Dleachta Stampa.) Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Na Ratai Dleachta ar Dheimhniu Airm Tine.)

13 1949

AN tACHT AIRGEADAIS, 1949

CUID VI.

Ilghneitheach agus Ginearalta.

Airgead d'aistriú as an Ród-Ciste go dtí an Stát-Chiste.

28. —D'fhonn airgead a sholáthar faoi chomhair muirear ginearálta a thitfeas ar an bPríomh-Chiste, déanfar suim trí chéad míle punt d'aistriú go dtí an Stát-Chiste agus d'íoc leis as an Ród-Chiste pé tráth nó tráth sa bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1950, agus i pé slí, a ordós an tAire Airgeadais.

An Ciste Forbartha Idirlinne.

29. —(1) Is é dáta is déanaí chun an Ciste Forbartha Idirlinne a ghliondáil ná an 31ú lá de Mhárta, 1950, in ionad an dáta, an 31ú lá de Mhárta, 1949, a hordaíodh in alt 15 den Acht Airgeadais, 1948 ( Uimh. 12 de 1948 ).

(2) Is tuigthe fo-alt (1) den alt seo a theacht i ngníomh an 31ú lá de Mhárta, 1949.

Eisteacht i gcúirt iata.

30. —(1) Is i gcúirt iata a athéistfeas an Chúirt Chuarda gach achomharc faoi alt 196 den Income Tax Act, 1918, agus, más mian leis an duine arb é a inmhuirearacht i leith cánach is abhar don chás, is i gcúirt iata a éistfeas an Ard-Chúirt nó an Chúirt Uachtarach cás sonraithe faoi alt 149 den Acht sin, nó faoin alt sin arna leathnú le halt 10 den Acht Airgeadais, 1924 (Uimh. 27 de 1924) .

(2) Má dhéanann an Ard-Chúirt nó an Chúirt Uachtarach cás sonraithe d'éisteacht i gcúirt iata, de bhun an ailt seo, ní bhéarfaidh sin nach bhféadfar tuairisc ar imeachta, ná ar bhreithiúnais, na hArd-Chúirte nó na Cúirte Uachtaraí, d'fhoilsiú sna dlí-thuairiscí a fhoilsíos Comhairle Chorpraithe na dTuairiscí Dlí d'Éirinn ná in aon dlí-thuairiscí aitheanta eile ná in aon tuairiscí a clóbhuailfear le cead na Comhairle Corpraithe sin, ach ní nochtfar in aon tuairisc den tsórt sin ainm an duine arb é a inmhuirearacht i leith cánach is abhar don chás.

(3) Bainfidh an t-alt seo, leis na modhnuithe is gá, le hachomhairc in aghaidh measúnuithe i leith forchánach nó i leith cánach brabús corparáide.

Cúram agus bainistí cánach agus dleacht.

31. —Cuirtear faoi chúram agus bainistí na gCoimisinéirí Ioncaim leis seo na cánacha agus na dleachta uile a forchuirtear leis an Acht seo.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

32. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1949 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar Cuid I den Acht seo i dteannta na nAcht Cánach Ioncaim.

(3) Forléireofar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineas sí le dleachta custam, i dteannta na nAcht Custam agus, a mhéid a bhaineas sí le dleachta máil, forléireofar í i dteannta na Reacht a bhaineas leis na dleachta máil agus le bainistí na ndleacht sin.

(4) Forléireofar Cuid V den Acht seo i dteannta an Stamp Act, 1891, agus i dteannta na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

(5) Is tuigthe Cuid I den Acht seo a theacht i bhfeidhm an 6ú lá d'Aibreán, 1949, agus beidh éifeacht aici amhail ar an lá sin agus uaidh sin amach.