|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 25 de 1949. | ||
[EN] |
AN tACHT UM MÍNTÍRIÚ TALÚN, 1949. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DÁ ÚDARÚ DON AIRE TALMHAÍOCHTA MÍNTÍRIÚ TALÚN, SILTEAN TALÚN AGUS OIBREACHA EILE A DHÉANAMH CHUN GABHÁLTAIS TALMHAÍOCHTA D'FHEABHSÚ AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN NA hÁITITHEOIRÍ D'ÍOC RANNÍOCA I LEITH COSTAIS NA nOIBREACHA SIN AGUS I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [30ú Iúil, 1949.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht seo— |
[EN] | Coimisiún na Talún. |
ciallaíonn “Coimisiún na Talún” Coimisiún Talún na hÉireann; |
[EN] | an tAire. |
ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta; |
[EN] | ordú. |
ciallaíonn an briathar “ordú” ordú le rialacha faoi mhír 6; |
[EN] | blianacht cheannaigh. |
ciallaíonn “blianacht cheannaigh” íocaíocht bhliantúil le Coimisiún na Talún faoi na hAchta Talamh-Cheannaigh, seachas cíos faoi chomhaontú sealadach; |
[EN] | comhaontú.sealadach. |
ciallaíonn “comhaontú sealadach” ligean mar áis sealadach, mar riachtanas sealadach nó mar inghealtas sealadach nó comhaontú innír, conacra, nó féaraigh; |
[EN] | oibreacha. |
tagrann “oibreacha” do na nithe seo a leanas nó d'aon ní acu: |
[EN] | (a) siltean talún; | |
[EN] | (b) míntíriú talún; | |
(c) uisce-chúrsaí a dhéanamh agus d'fheabhsú; | ||
(d) fálta neamh-riachtanacha a dhíláithriú; | ||
(e) fálta nua a thógáil agus fálta atá ann cheana d'fheabhsú; | ||
(f) inníor cnoic d'fheabhsú; | ||
(g) talamh seiscinn ag inbhir agus talamh chalaidh a mhíntíriú; | ||
(h) aon oibríochta a ghabhas leo sin adúradh. | ||
[EN] |
Cumhacht an Aire chun oibreacha a dhéanamh agus ranníoc an áititheora i leith an chostais. |
2. —(1) Féadfaidh an tAire, ar áititheoir talún dá iarraidh sin, oibreacha a dhéanamh ar an talamh agus gach ní a dhéanamh is gá chuige sin. |
[EN] | (2) Aon uair a bheartós an tAire oibreacha a dhéanamh ar aon talamh, cuirfidh sé in iúl don áititheoir cineál agus réim na n-oibreacha atá beartaithe agus méid an ranníoca a bheas le déanamh ag an áititheoir i leith costais a ndéanta. | |
[EN] | (3) Má ghlacann áititheoir talún le tairiscint an Aire, bhéarfaidh an tAire fógra láithreach do Choimisiún na Talún sa bhfoirm ordaithe, agus déanfaidh Coimisiún na Talún, ach amháin i gcás talún neamhchláraithe faoi bhlianacht cheannaigh nó talún a bheas á sealbhú faoi chomhaontú sealadach le Coimisiún na Talún, nó talún arb é Coimisiún na Talún a húnaer cláraithe, an fógra a chur chun a chláruithe go dtí Clarlann na Talún nó Clarlann na nDintiúirí (pé acu is cuí), agus ní héileofar aon táille ná íocaíocht eile i leith an chláruithe. | |
[EN] | (4) (a) Mura gcuire an t-áititheoir in iúl don Aire, ag glacadh le tairiscint an Aire dhó, gur ina bhlianacht is mian leis a ranníoc d'íoc, tiocfaidh an ranníoc chun bheith dlite agus iníoctha leis an Aire ón té is áititheoir de thuras na huaire ar an dáta a ndeimhneoidh an tAire go bhfuil na hoibreacha críochnaithe. | |
[EN] | (b) Mura n-íoctar an ranníoc laistigh de thrí mhí tar éis é a theacht chun bheith dlite agus iníoctha, bhéarfaidh an tAire fógra do Choimisiún na Talún i dtaobh na mainneachtana. | |
[EN] |
Ranníoc an áititheora d'íoc ina bhlianacht. |
3. —(1) Beidh feidhm ag an alt seo i gcás— |
[EN] | (a) ina gcuirfidh an t-áititheoir in iúl don Aire, ag glacadh le tairiscint an Aire dhó, gur ina bhlianacht is mian leis a ranníoc d'íoc, nó | |
[EN] | (b) ina dtarlóidh mainneachtaint faoi fho-alt (4) d'alt 2. | |
[EN] | (2) In aon chás lena mbaineann an t-alt seo, muirearóidh Coimisiún na Talún ranníoc an áititheora sa tslí ordaithe ar gach leas (lena n-áirítear feo simplí) sa talamh ar comhaontaíodh na hoibreacha a dhéanamh air agus i ngach talamh a sealbhófar ina teannta leis an tionacht chéanna nó faoin tionóntacht chéanna, agus beidh éifeacht ag an muirearú sin amhail ar an dáta agus ón dáta a ndeimhneoidh an tAire go bhfuil na hoibreacha críochnaithe, agus urscaoilfear é trí bhlianacht (dá ngairmtear blianacht mhíntírithe san Acht seo) a bheas iníoctha ar na laethe gála ordaithe agus a ríomhfar do réir ceathair faoin gcéad sa bhliain. | |
[EN] | (3) Beidh tosaíocht ag an muirear a bunófar faoin alt seo ar gach muirear agus eire, reachtúil nó eile, ach amháin suimeanna is iníoctha le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn nó le Coimisiún na Talún. | |
[EN] | (4) I gcás talamh ar a muirearófar blianacht mhíntírithe a bheith, nó a theacht, faoi bhlianacht cheannaigh, beidh an dá bhlianacht, ar feadh na tréimhse ordaithe, ar comhdhlúthú i dtreo gurb aon bhlianacht cheannaigh amháin iad. | |
[EN] | (5) Chun amhrais a sheachaint, dearbhaítear leis seo nach mbeidh blianacht mhíntirithe, ná an chuid de bhlianacht chomhdhlúite a ionadaíos blianacht mhíntírithe, inathscrúduithe faoi Chuid III den Acht Talún, 1933 (Uimh. 38 de 1933) . | |
[EN] | (6) Aon talamh a bheas faoin muirear a bunófar faoin alt seo agus a bheas á díol nó á dílsiú ag Coimisiún na Talún faoi aon chumhacht reachtúil, díolfar nó dílseofar í faoi réir an mhuirir. | |
[EN] | (7) I ngach cás lena mbaineann an t-alt seo, déanfaidh Coimisiún na Talún, ach amháin i gcás talún neamhchláraithe faoi bhlianacht cheannaigh nó talún a sealbhófar faoi chomhaontú sealadach le Coimisiún na Talún, nó talún arb é Coimisiún na Talún a húnaer cláraithe, sonraí an mhuirir a chur chun a gcláruithe go dtí Clarlann na Talún nó Clarlann na nDintiúirí (pé acu is cuí) agus ní héileofar aon táille ná íocaíocht eile i leith an chláruithe. | |
[EN] | (8) Aon deimhniú a airbheartós bheith faoi chomhshéala Choimisiún na Talún, is fianaise é go ndearnadh an talamh a tuairiscítear ann a mhuirearú go cuí faoin alt seo do réir téarmaí an deimhnithe. | |
[EN] |
Forála maidir le blianachta. |
4. —(1) Beidh ag Coimisiún na Talún na cearta agus na leigheasanna uile, chun airgead is iníoctha leo i leith blianachta míntírithe a ghnóthú, atá acu faoi na hAchta Talamh-Cheannaigh i gcás airgid is iníoctha leo i leith aon tailte. |
[EN] | (2) Go sonrach, féadfar an t-airgead uile is iníoctha leo i leith blianachta míntírithe a ghnóthú ón duine a bheas iarbhír ag áitiú na talún san am a tosnófar imeachta chun an t-airgead a ghnóthú mar dhliteanas pearsanta ar an duine sin d'ainneoin iomlán an riaráiste nó cuid de d'fhaibhriú chun bheith dlite sar a ndeachaigh an duine sin ag áitiú na talún. | |
[EN] | (3) Ní shaorfaidh aon ní san alt seo duine ar bith eile ó dhliteanas i leith aon riaráiste den tsórt sin agus, amhail idir únaerí nó áititheoirí leanúnacha ar an talamh, beidh an t-airgead uile d'íoc áititheoir nó a gnóthaíodh uaidh i leith riaráiste a tháinig trí mhainneachtaint únaera nó áititheora roimhe sin inghnóthuithe ag an únaer d'íoc é, nó ónar gnóthaíodh é, mar fhiach a bhí dlite dhó ón únaer nó on áititheoir a rinne an mhainneachtaint. | |
[EN] | (4) Aon deimhniú a airbheartós bheith faoi chomhshéala Choimisiún na Talún, is fianaise é go bhfuil gach suim dlite dhóibh adeirtear ann a bheith dlite dhóibh, agus go bhfuil sí iníoctha ag an duine nó na daoine a bheas ainmhithe sa deimhniú mar dhaoine a dhlíos í d'íoc. | |
[EN] | (5) Is muirear ar an gCiste Ráthaíochta faoi na hAchta Talamh-Cheannaigh gach riaráiste blianacht míntírithe agus slánófar don Stát-Chiste as an gCiste Ráthaíochta é. | |
[EN] | (6) I gcás talamh a bheith faoi bhlianacht chomhdhlúite nó blianacht mhíntírithe, beidh ag Coimisiún na Talún, chun an bhlianacht a chionroinnt, na cumhachta uile atá acu faoi na hAchta Talamh-Cheannaigh chun cionroinnt a dhéanamh ar aon airgead a muirearaítear ar thalamh nó atá iníoctha as talamh, agus féadfaid, más oiriúnach leo, aon chuid nó coda de thalamh d'urscaoileadh óna thuilleadh dliteanais i leith na blianachta nó aon choda dhi nó aon riaráiste dhi, agus as sin amach déanfar iomlán na blianachta a mhuirearú go haonartha ar iarmhar na talún sin. | |
[EN] |
Uisce-chúrsaí a réiteach. |
5. —(1) Féadfaidh an tAire, má chítear dó é a bheith riachtanach chun aon talamh a mhíntíriú go cuí faoi aon oibreacha a bheas á ndéanamh aige, uisce-chúrsa a réiteach nó a dheisiú, agus chuige sin beidh rochtain aige, trína sheirbhísigh agus a ghníomhairí, ar an uisce-chúrsa, agus féadfaidh sé gabháil fan a bhruacha, le sásra nó gan sásra, a mhéid a chífear dó a bheith riachtanach chun é a chur i riocht uisce a tharraingt ba chóir go gnáthdhálach a raghadh tríd, agus féadfaidh pé ní is oiriúnach leis a dhéanamh leis an gcartadh. |
[EN] | (2) Sar a raghaidh sé isteach ar thalamh faoin alt seo, gheobhaidh an tAire toiliú an áititheora (i gcás talún áitithe), nó an únaera (i gcás talún neamh-áitithe), nó bhéarfaidh sé fógra cheithre lá déag ar a laghad i scríbhinn go bhfuil ar intinn aige dul isteach ar an talamh amhlaidh. | |
[EN] | (3) Féadfar an fógra dá dtagartar sa bhfo-alt roimhe seo a thabhairt do dhuine in aon tslí acu seo a leanas:— | |
[EN] | (a) trína sheachadadh don duine sin, | |
[EN] | (b) trína fhágaint ag an seoladh mar a mbíonn gnáthchónaí ar an duine sin, | |
[EN] | (c) trína sheoladh leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha chun an duine sin faoi sheoladh na háite a mbíonn gnáth-chonaí air, nó | |
[EN] | (d) trína phostáil ag an talamh nó in aice na talún a bheas i gceist. | |
[EN] |
Cúiteamh. |
6. —(1) Aon duine dá mbainfidh damáiste mar gheall ar aon chur isteach, a thiocfas d'oibreacha a dhéanamh de bhun an Achta seo, ar aon talamh atá ar únaeracht nó á áitiú aige, nó ar aon éasúint, profit-a-prendre nó aon cheart eile atá aige, beidh sé, faoi réir forál an Achta seo, i dteideal cúiteamh d'íoc leis i leith an damáiste sin ón Aire. |
[EN] | (2) Ní foláir gach éileamh ar chúiteamh faoin alt seo a dhéanamh i scríbhinn chun an Aire roimh dheireadh na tréimhse a thosnós ar dháta tosnuithe na n-oibreacha dá dtáinig an cur isteach lena mbaineann an t-éileamh agus a chríochnós dhá bhliain ina dhiaidh sin nó bliain amháin tar éis na hoibreacha sin a chríochnú (pé acu sin is déanaí). | |
[EN] | (3) D'éagmais comhaontuithe ar mhéid aon chúitimh is iníoctha ag an Aire faoin alt seo, cinnfidh an Chúirt Dúiche a mhéid, mura mó ná fiche punt an tsuim a héileofar, nó, in aon chás eile, cinnfear é trí eadráin faoin Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919 (arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin) amhail is dá mba é a bhí sa chúiteamh an praghas ar thalamh a tógadh go héigeantach, agus beidh dlínse ag an gCúirt nó ag an eadránaí, pé acu é, chun a chinneadh an bhfuil aon chúiteamh iníoctha i gcúrsaí an cháis. | |
[EN] | (4) Nuair a beifear ag cinneadh cúitimh faoin alt seo bhéarfar aird ar aon chosaint nó tairbhe a bheas ag sroicheadh don éilitheoir de chionn na hoibreacha a dhéanamh a mbaineann an t-éileamh leo. | |
[EN] | (5) Nuair a bheas breitheamh den Chúirt Dúiche ag déanamh orduithe faoin alt seo, féadfaidh sé, faoina rogha, a ordú na costais, go dtí trí ghiní ar a mhéid, faoina raghaidh aon pháirtí sna himeachta maidir leis na himeachta (maille le pé caiteachais finnéithe is réasúnach leis an mbreitheamh) a bheith le n-íoc ag aon pháirtí eile sna himeachta. | |
[EN] | (6) Más rud é, i gcás iarratais chun na Cúirte Dúiche chun an cúiteamh a chinneadh a bheas le n-íoc ag an Aire faoin alt seo, nach mó an cúiteamh a chinnfeas an Chúirt ná an cúiteamh a thairg an tAire go neamh-choinníollach sar a ndearnadh an t-iarratas, féadfaidh an Chúirt a ordú na costais sin agus na caiteachais finnéithe sin, de chuid an Aire, is réasúnach leis an gCúirt, a bhaint den chúiteamh a chinnfeas an Chúirt. | |
[EN] | (7) An dlínse a bheirtear leis an alt seo don Chúirt Dúiche, feidhmeofar í ag an mbreitheamh ar laistigh dá dhúthaigh a rinneadh na hoibreacha nó aon chuid díobh, nó ag an mbreitheamh ar laistigh dá dhúthaigh a tharla an cur isteach nó aon chuid den chur isteach, pé acu sin is rogha leis an éilitheoir. | |
[EN] |
Rialacháin. |
7. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais rialacháin a dhéanamh i dtaobh ríomh, tréimhse íoca, fuascailt agus diúscairt blianacht faoin Acht seo. |
[EN] | (2) An chumhacht chun rialacha a dhéanamh a bheirtear le fo-alt (1) d'alt 3 den Acht Talún, 1933 (Uimh. 38 de 1933) , beidh feidhm aici maidir le rialacha a dhéanamh i dtaobh aon ní dá dtagartar san Acht seo mar ní atá ordaithe. | |
[EN] | (3) Aon rialacháin a déanfar faoin alt seo leagfar iad faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ndéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífeas an Teach sin tar éis na rialacháin a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na rialachán, beidh na rialacháin arna neamhniú dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi na rialachán. | |
[EN] |
Costais. |
8. —Na costais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas. |
[EN] |
Gearrtheideal. |
9. —Féadfar an tAcht um Míntíriú Talún, 1949 , a ghairm den Acht seo. |