|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR, 1950) | Ar Aghaidh (CUID II. Leasuithe Ilghneitheacha ar an bPriomh-Acht agus ar Acht 1946.) |
AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR, 1950
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Reamhraiteach agus Ginearalta. | |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
1. —(1) Féadfar an tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1950 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchta Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1950, a ghairm de na hAchta Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1946, agus den Acht seo le chéile. | |
[EN] |
Léiriú. |
2. —(1) San Acht seo— |
[EN] | Acht 1946. |
ciallaíonn an abairt “Acht 1946” an t Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1946 (Uimh. 23 de 1946) ; |
[EN] | an tAire. |
ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála; |
an Príomh-Acht. |
ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht um Aerloingseoireacht agus Aeriompar, 1936 (Uimh. 40 de 1936) . | |
(2) Forléireofar mar aon ní amháin an tAcht seo agus na hAchta Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1946. | ||
[EN] |
Inchúiseamh i gcionta faoin bPríomh-Acht, faoi Acht 1946 agus faoin Acht seo. |
3. —Féadfaidh an tAire, nó féadfar ar agra an Aire, mar inchúisitheoir inchúiseamh a dhéanamh i gcion faoi aon fho-alt nó alt dá bhfuil sa Phríomh-Acht, in Acht 1946 nó san Acht seo. |
[EN] |
Athghairm. |
4. —Déantar leis seo an t-achtachán a sonraítear i gcolún (2) den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin. |