|
||||
|
AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR, 1950
[EN] | ||
[EN] |
CUID III. Talamh airithe a dhilsiu san Aire, agus forala i dtaobh na talun sin agus aon talun eile a thogfas an tAire. | |
[EN] |
Na tailte a tuairiscítear sa Dara Sceideal a dhílsiú san Aire agus Acht na dTailte Stáit, 1924 , do scor d'fheidhm a bheith aige maidir leis na tailte a tuairiscítear i gCuid I den Dara Sceideal. |
10. —(1) (a) Ar an Acht seo a rith, dílseoidh na tailte a tuairiscítear i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo (tailte is cuid d'Aerphort Bhaile Atha Cliath) san Aire, de bhuaidh an fho-ailt seo, chun an leasa uile a bhí, díreach roimh an Acht seo a rith, ag an Stát iontu. |
[EN] | (b) Scoirfidh Acht na dTailte Stáit, 1924 (Uimh. 45 de 1924) , d'fheidhm a bheith aige maidir leis na tailte a tuairiseítear i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo. | |
[EN] | (2) Ar an Acht seo a rith, dílseoidh na tailte a tuairiscítear i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo (tailte is cuid eile d'Aerphort Bhaile Atha Cliath) san Aire, de bhuaidh an fho-ailt seo, chun an leasa uile iontu a bhí, díreach roimh an Acht seo a rith, dílsithe san Aire Cosanta. | |
[EN] | (3) Chun críocha ailt 6 den Conveyancing Act, 1881, beidh éifeacht ag fo-ailt (1) agus (2) den alt seo mar thíolacais talún. | |
[EN] | (4) (a) I gcás aon duine a bheith cláraithe faoin Registration of Title Act, 1891, mar únaer aon leasa in aon talamh a dhílseos, de bhuaidh fo-ailt (1) nó (2) den alt seo, san Aire, cuirfidh Cláraitheoir na dTeideal faoi ndear, ar dheimhniú faoi shéala oifigiúil an Aire a thabhairt ar aird á dheimhniú gur dhílsigh an talamh sin ann de bhuaidh an fho-ailt sin, an tAire a chlárú mar únaer ar an leas sin in ionad an duine sin. | |
[EN] | (b) Ní bheidh táillí ar bith iníoctha i leith aon imeacht i gClarlann na Talún faoin bhfo-alt seo. | |
[EN] |
Feidhm an Phríomh-Achta maidir leis na tailte a tuairiscítear sa Dara agus sa Tríú Sceideal. |
11. —Na tailte a tuairiscítear sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus na tailte a tuairiscítear sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo (ar tailte iad na tailte deiridh sin is cuid d'Aerphort na Sionna agus a fuair an tAire faoin Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 315), 1944 (R. & O. R. Uimh. 74 de 1944)), measfar chun críocha an Phríomh-Achta gur faoin bPríomh-Acht a fuarthas iad. |
[EN] |
Talamh a bheas tógtha ag an Aire faoin bPríomh-Acht agus na tailte a tuairiscítear sa Dara agus sa Tríú Sceideal a dhiúscairt. |
12. —(1) San alt seo, ciallaíonn an focal “diúscairt”, maidir le talamh, aon ní acu seo a leanas a dhéanamh leis an talamh— |
[EN] | (a) é a dhíol, | |
[EN] | (b) é a chur ar léas nó a ligean, | |
[EN] | (c) ceadúnas a dheonadh ina leith, | |
[EN] | (d) ceart ina leith a dheonadh (trí léas, ligean nó ceadúnas), | |
[EN] | agus forléireofar an focal “diúscairt” dá réir sin. | |
[EN] | (2) (a) Féadfaidh an tAire, le toiliú, ginearálta nó sonrach, ón Aire Airgeadais, diúscairt a dhéanamh ar an iomlán nó ar aon chuid— | |
[EN] | (i) de thalamh a bheas tógtha aige (roimh an Acht seo a rith nó dá éis) faoin bPríomh-Acht, | |
[EN] | (ii) de na tailte a tuairiscítear sa Dara agus sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo. | |
[EN] | (b) Folóidh an chumhacht diúscartha a bheirtear le mír (a) den fho-alt seo cumhacht chun coda d'fhoirgintí a dhiúscairt. | |
[EN] | (c) Ní dhéanfaidh an tAire, i bhfeidhmiú a chumhacht faoi mhír (a) den fho-alt seo, aon mhianraí Stáit, do réir bhrí an Achta Forbairte Minearál, 1940 ( Uimh. 31 de 1940 ), a dhiúscairt, ach amháin gainimh, gairbhéal, cloch nó cré nach bhfuil níos mó ná fiche troigh faoi uachtar na talún. | |
[EN] | (3) Aon airgead a gheobhas an tAire i leith talamh a dhiúscairt faoi fho-alt (2) den alt seo, íocfar isteach sa Stát-Chiste, nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste, é i pé slí a ordós an tAire Airgeadais. |