|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT IOMPAIR, 1950) | Ar Aghaidh (CUID II. Coras Iompair Éireann.) |
AN tACHT IOMPAIR, 1950
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Reamhraiteach agus Ginearalta. | |
[EN] |
Gearrtheideal. |
1. —Féadfar an tAcht Iompair, 1950 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] |
Léiriú. |
2. —(1) San Acht seo— |
[EN] | Acht 1944. |
ciallaíonn an abairt “Acht 1944” an t Acht Iompair, 1944 (Uimh. 21 de 1944) ; |
[EN] | an Bord |
ciallaíonn an abairt “an Bord” an bord a bunaítear le halt 5; |
[EN] | Córas Iompair Éireann (1945). |
ciallaíonn an abairt “Córas Iompair Éireann (1945)” an chuideachta a corpraíodh an 1ú lá d'Eanáir, 1945, le halt 9 d'Acht 1944; |
[EN] | an gnóthaire díscaoilte. |
ciallaíonn an abairt “an gnóthaire díscaoilte” aon chomhlucht acu seo a leanas— |
[EN] | (a) Córas Iompair Éireann (1945), nó | |
[EN] | (b) Cuideachta Chanáil Laighean; | |
[EN] | achtachán. |
folaíonn an focal “achtachán” aon ionstraim arna déanamh faoi achtachán; |
[EN] | an dáta bunuithe. |
ciallaíonn an abairt “an dáta bunuithe” an 1ú lá de Mheitheamh, 1950; |
[EN] | uisce-bhealach intíre. |
folaíonn an abairt “uisce-bhealach intíre” aon uisce-bhealach intíre pé acu nádúrtha nó saorga é; |
[EN] | talamh. |
folaíonn an focal “talamh” aon éasúint, brabús nó ceart ar nó thar talamh nó talamh faoi uisce; |
[EN] | dliteanas. |
folaíonn an focal “dliteanas” oblagáid; |
[EN] | marsantas. |
folaíonn an focal “marsantas” earraí, mianraí, beodhíle agus ainmhithe de gach saghas; |
an tAire. |
ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála; | |
urrúis. |
folaíonn an focal “urrúis” aon scaireanna, stoc, bintiúirí nó stoc bintiúir; | |
stoc iompair malairtithe. |
ciallaíonn an abairt “stoc iompair malairtithe” stoc iompair a luaitear i gcolún (3) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo; | |
gnóthas aistrithe. |
ciallaíonn an abairt “gnóthas aistrithe” gnóthas gnóthaire dhíscaoilte; | |
seirbhísí iompair. |
ciallaíonn an abairt “seirbhísí iompair” seirbhísí iompair d'iarnród, de thrambhealach, d'uisce-chonair intíre, de mhuir nó de bhóthar; | |
stoc iompair. |
ciallaíonn an abairt “stoc iompair” stoc a chruthnós agus a eiseos an Bord faoi alt 29; | |
gnóthaire iompair |
ciallaíonn an abairt “gnóthaire iompair” aon ghnóthaire a oibríos seirbhís iompair phoiblí; | |
gnóthas iompair. |
ciallaíonn an abairt “gnóthas iompair” gnóthas gnóthaire iompair. | |
(2) Déanfar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán d'fhorléiriú mar thagairtí don achtachán sin arna leasú le haon achtachán iardain. | ||
(3) San Acht seo, aon tagairt a déantar do réir uimhreach do Chuid nó d'alt is tagairt í don Chuid nó don alt den Acht seo lena ngabhann an uimhir sin mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'Acht eile í. | ||
[EN] |
Athghairm. |
3. —Déantar leis seo na hachtacháin atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm, amhail ar an dáta bunuithe agus ón dáta sin amach, a mhéid a sonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin. |
[EN] |
Costais. |
4. —Na costais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas. |