An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Custaim agus Mal.) Ar Aghaidh (CUID IV. Cain Bhrabus Corparaide.)

18 1950

AN tACHT AIRGEADAIS, 1950

CUID III.

Dleachta Bais.

An Coinbhinsiún atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a dhaingniú.

10. —(1) Déantar leis seo an coinbhinsiún atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus a rinneadh an 13ú lá de Mheán Fómhair, 1949, idir an Rialtas agus Rialtas Stát Aontaithe Mheirice (dá ngairmtear an Coinbhinsiún san alt seo) a dhaingniú agus beidh feidhm dlí aige.

(2) Ní bheidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt 7 den Finance Act, 1894 (a dhéanas socrú le haghaidh faoisimh i leith dleachta is iníoctha i dtír choigríche) maidir le cáin eastáit atá inmhuirir faoi dhlithe Stát Aontaithe Mheirice agus lena mbaineann forála an Choinbhinsiúin.