An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V. Faoiseamh o Chanachas Dubalta: Cain Ioncaim, Forchain Agus Cain Bhrabus Corparaide.) Ar Aghaidh (CUID VII. Ilghneitheach agus Ginearalta.)

18 1950

AN tACHT AIRGEADAIS, 1950

CUID VI.

Dleachta Stampa.

Eisceadh ó fheidhm alt 24 agus 25 den Acht Airgeadais, 1949 .

16. —(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, ní bheidh feidhm, agus measfar nach raibh feidhm riamh, ag ailt 24 agus 25 den Acht Airgeadais, 1949 (Uimh. 13 de 1949) , i gcás léasa ó údarás áitiúil faoi fhorála Acht Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1931, nó Acht na Sclábhaithe, 1883 go 1941, nó aon Acht ag leasú nó ag leathnú na nAcht sin, ná i gcás léasa ó chumann atá cláraithe faoi Achta na gCumann Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1936, agus a tugadh, do réir scéime chun tithe a sholáthar le haghaidh a chomhaltaí, do chomhalta nó don chomhalta sin agus do chéile an chomhalta sin, agus má híocadh aon mhéid dleachta roimh an Acht seo a rith i leith aon léasa den tsórt sin de-bhreis ar an méid is inmhuirir faoi mhír (3) den mhírcheann “Lease or Tack” sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Stamp Act, 1891, arna leasú le hachtacháin iardain seachas an tAcht Airgeadais, 1949 , féadfar é d'aisíoc.

(2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo i gcás (agus sa chás sin amháin)—

(a) maidir le halt 24 den Acht Airgeadais, 1949 —ina mbeidh sa léas ráiteas ón léasaí á dheimhniú an phearsa a thiocfas i dteideal an leasa thairbhiúil uile i leas an léasaí faoin léas (nó, má thagann níos mó ná pearsa amháin i dteideal leasa thairbhiúil ann, gach pearsa faoi leith dhíobh) a bheith ina pearsa d'aicme shonraithe de na haicmí atá leagtha amach i míreanna (a) go (f) d'fho-alt (4) d'alt 24 den Acht Airgeadais, 1949 , agus

(b) maidir le halt 25 den Acht Airgeadais, 1949 —ina mbeidh ráiteas mar adúradh sa léas nó inar deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim go bhféadfadh ráiteas mar adúradh a bheith go cuí ann.

Dleachta stampa ar ionstraimí áirithe i gcás laghdú cíosa.

17. —(1) Aon uair agus a mhinice a déanfar an cíos is iníoctha de thuras na huaire i leith aon léasa a forghníomhaíodh i gcéadóir ar an 3ú lá de Bhealtaine, 1950, nó dá éis sin, a laghdú ar an dáta sin nó dá éis i gcomaoin aon airgead, stoc nó urrús do dhul chun an léasóra nó chun aon phearsan eile, ansin, an ionstraim (dá ngairmtear an ionstraim sin sna fo-ailt ina dhiaidh seo den alt seo) trína ndéanfar ar an dáta sin nó dá éis admháil go bhfuarthas an chomaoin as an laghdú (nó, má bhíonn an chomaoin iníoctha ina tráthchoda, go bhfuarthas an tráthchuid ar tar éis a híoctha a thiocfas an laghdú in éifeacht) nó taifeadadh go díreach nó go neamhdhíreach gur laghdaíodh an cíos, déanfar, d'ainneoin aon ní in aon Acht eile, í a chur faoi mhuirear na dleachta stampa céanna, agus beidh sí faoi réir forál an Stamp Act, 1891 (arna leasú le hachtacháin iardain), amhail is dá mb'é a bheadh inti, in ionad í a bheith ina hionstraim den tsórt sin,—

(a) léas ar thailte, tionóntáin nó oidhreachtáin a rinneadh i gcomaoin an chíosa a laghdaíodh mar adúradh agus comaoin an laghduithe, agus a tugadh ar feadh téarma éiginnte agus gurbh í an phearsa ag a raibh teideal tairbhiúil, ar dháta an laghdú ar an gcíos a theacht in éifeacht, chun leasa an léasaí sa mhaoin as a n-eisíonn an cíos arna laghdú amhlaidh, ba léasaí faoi, nó

(b) sa chás a sonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo, léas den tsórt dá dtagartar sa mhír roimhe seo agus ráiteas ann den tsórt dá dtagartar i bhfo-alt (4) d'alt 24 den Acht Airgeadais, 1949 ( Uimh. 13 de 1949 ).

(2) Is é cás dá dtagartar i mír (b) d'fho-alt (1) den alt seo cás ina mbeidh san ionstraim sin ráiteas, ón bpearsa ag a mbeidh teideal, ar dháta an laghdú ar an gcíos a theacht in éifeacht, chun an leasa thairbhiúil i leas an léasaí sa mhaoin as a n-eisíonn an cíos arna laghdú amhlaidh, á rá go bhfuil sé in aicme de na haicmí a sonraítear i míreanna (a) go (f) d'fho-alt (4) d'alt 24 den Acht Airgeadais, 1949 , nó, má bhí teideal den tsórt sin ag dhá phearsa nó níos mó, ina mbeidh san ionstraim sin ráiteas ó gach pearsa acu mar adúradh.

(3) (a) Má forghníomhaítear an ionstraim sin roimh an Acht seo a rith, measfar, chun críocha an Achta seo, í d'fhorghníomhú i gcéadóir ar dháta an Achta seo a rith, agus muirearófar uirthi dá réir sin an dleacht stampa a sonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo.

(b) Má forghníomhaítear an ionstraim sin roimh an Acht seo a rith, beidh éifeacht ag forála míre (a) den fho-alt seo maidir léi, d'ainneoin í a bheith, roimh an Acht seo a rith, arna stampáil le stampa áirithe á chur in iúl nach bhfuil aon dleacht inmhuirir uirthi nó go bhfuil sí stampálta go cuí.

(c) D'ainneoin aon cheann de na forála roimhe seo den fho-alt seo, ní bheidh iomlán na dleachta stampa is inmhuirir ar an ionstraim sin, má forghníomhaítear í roimh an Acht seo a rith, níos mó ná an méid a muirearófaí uirthi dá mba tar éis an tAcht seo a rith a forghníomhófaí í iarbhír.

(d) Más rud é, ar thríocha lá a bheith caite tar éis an tAcht seo a rith, nach mbeidh an ionstraim sin, i gcas í d'fhorghníomhú roimh an Acht seo a rith, stampálta leis an dleacht stampa a bheas muirearaithe uirthi de bhuaidh an Achta seo, beidh suim is comhionann le dhá oiread méid na dleachta stampa neamhíoctha dlite ansin mar fhiach don Aire Airgeadais chun tairbhe an Phríomh-Chiste ón bpearsa ag a raibh an teideal tairbhiúil, ar dháta an laghdú ar an gcíos a theacht in éifeacht, chun leasa an léasaí sa mhaoin as a n-eisíonn an cíos arna laghdú amhlaidh nó, i gcás teideal den tsórt sin a bheith ag dhá phearsa nó níos mó, ó na pearsain sin i gcomhpháirt agus ar leithligh agus féadfar an tsuim sin a ghnóthú ar agra an Ard-Aighne in aon chúirt dlínse inniúla.

(e) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más oiriúnach leo, aon tsuim is inghnóthuithe faoi fhorála míre (d) den fho-alt seo a mhaolú nó a loghadh.

Admhála áirithe a dhíolmhadh ó dhleacht stampa.

18. Ní bheidh dleacht stampa inmhuirir ar aon admháil a bhéarfar ar aon íocaíocht phinsin faoi Achta na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1948.

Comhaontuithe maidir le dleacht stampa ar pholasaithé arachais thionscail.

19. —(1) I gcás inar dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim aon chomhlucht daoine a sheolas gnó árachais thionscail a bheith ag seoladh an ghnótha sin ar mhodh nach féidir nó nach fóirstineach a cheangal go ndéanfaí na dleachta stampa is inmhuirir ar pholasaithe a eisíos an comhlucht sin i gcúrsa an ghnótha sin a mhuirearú agus d'íoc ar na polasaithe sin, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim comhaontú a dhéanamh leis an gcomhlucht sin chun cuntais thréimhsiúla a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim ina dtabharfar na sonraí a hiarrfar i dtaobh na bpolasaithe a eisíos an comhlucht amhlaidh.

(2) Beidh an comhaontú i pé foirm, agus beidh pé téarmaí agus coinníollacha ann, is cuí leis na Coimisinéirí Ioncaim.

(3) Má bítear tar éis comhaontú a dhéanamh faoin alt seo idir na Coimisinéirí Ioncaim agus aon chomhlucht daoine, ansin, aon pholasaí a dhéanfas an comhlucht sin, i rith na tréimhse a bheas an comhaontú i bhfeidhm, d'eisiúint i gcúrsa a ghnótha árachais thionscail agus ina mbeidh ráiteas gur híocadh nó go n-íocfar an dleacht stampa iomchuí leis na Coimisinéirí Ioncaim do réir forál an ailt seo, ní bheidh sé inchurtha faoi mhuirear aon dleachta stampa ach, ina ionad sin agus i modh imshocraíochta, muirearófar, i leith na bpolasaithe á heiseofar i rith na tréimhse lena mbainfidh aon chuntas den tsórt a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, dleacht stampa de mhéid is comhionann le comhshuim na méideanna dleachta stampa a bheadh, mura mbeadh forála an ailt seo, inmhuirir ar na polasaithe sin, agus íocfar an dleacht stampa is inmhuirir faoin bhfo-alt seo i modh imshocraíochta mar adúradh ón gcomhlucht leis na Coimisinéirí Ioncaim ar an gcuntas a sheachadadh.

(4) Má mhainníonn comhlucht aon chuntas a sheachadadh is gá do réir aon chomhaontuithe den tsórt sin, nó an dleacht d'íoc is iníoctha ar aon chuntas den tsórt sin a sheachadadh, dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur ar an gcomhlucht in aghaidh gach lae a leanfas an mhainneachtaint agus fairis sin, i dteannta an dleacht d'íoc, dlífid ús, a bheas inghnóthuithe amhail is dá mba chuid den dleacht é, d'íoc ar an dleacht do réir chúig faoin gcéad sa bhliain ón dáta a thosnaigh an mhainneachtaint.

(5) San alt seo, tá leis an abairt “gnó árachais thionscail” an bhrí atá léi san Acht Arachais, 1936 (Uimh. 45 de 1936) .