|
||||
|
AN tACHT AIRGEADAIS, 1950
[EN] | ||
[EN] |
AN CHEAD SCEIDEAL. COINBHINSIUN IDIR RIALTAS NA hÉIREANN AGUS RIALTAS STAT AONTAITHE MHEIRICE CHUN CANACHAS DUBALTA A SHEACHAINT AGUS COSC A CHUR LE hIOMGHABHAIL FIOSCACH I LEITH CANACHA AR EASTAIT DAOINE MARBHA. | |
Tá Rialtas na hÉireann agus Rialtas Stát Aontaithe Mheirice, | ||
D'fhonn Coinbhinsiún a dhéanamh chun cánachas dúbalta a sheachaint agus cosc a chur le hiomghabháil fioscach i leith cánacha ar eastáit daoine marbha, | ||
Tar éis na daoine seo a leanas a cheapadh mar Lánchumhachtóirí uathu chun na críche sin: | ||
Rialtas na hÉireann: | ||
Pádraig Mac Giollagáin, Aire Airgeadais; | ||
Seán Mac Giolla Bhrighde, Aire Gnóthaí Eachtracha; | ||
agus | ||
Rialtas Stát Aontaithe Mheirice: | ||
George A. Garrett, Toscaire Urghnáthach agus Aire Lánchumhachtach Stát Aontaithe Mheirice i mBaile Atha Cliath; | ||
Noch do rinne, ar iad do thaispeáint a lánchumhacht faoi seach, a fríth i bhfoirm mhaith chuí, comhaontú mar leanas:— | ||
Airteagal I. | ||
(1) Is iad cánacha is ábhar don Choinbhinsiún seo: | ||
(a) I Stáit Aontaithe Mheirice, cáin eastáit na Cónaidhme, agus | ||
(b) in Éirinn, an dleacht eastáit a forchuirtear san críocha sin. | ||
(2) Bainfidh an Coinbhinsiún seo freisin le haon chánacha eile a bheas go substainteach i gcosúlacht leis na cánacha sin agus a fhorchuirfeas ceachtar Páirtí Conarthach tar éis dáta sínithe an Choinbhinsiúin seo. | ||
AIRTEAGAL II. | ||
(1) Sa Choinbhinsiún seo, mura n-éilí an comhthéacs a mhalairt: | ||
(a) ciallaíonn an téarma “na Stáit Aontaithe” Stáit Aontaithe Mheirice agus, nuair a húsáidtear é i gcéill gheografach, ciallaíonn sé na Stáit, Críocha Alasca agus Hawaii, agus Ceantar Columbia; | ||
(b) ciallaíonn an téarma “Éire” Poblacht na hÉireann; | ||
(c) ciallaíonn an téarma “críocha,” nuair a húsáidtear é maidir le ceachtar de na Páirtithe Conarthacha, na Stáit Aontaithe nó Éire, do réir mar éilíos an comhthéacs; | ||
(d) ciallaíonn an téarma “cáin” an dleacht eastáit a forchuirtear in Éirinn nó cáin eastáit Chónaidhm na Stát Aontaithe, do réir mar éilíos an comhthéacs. | ||
(2) Nuair a bheas feidhm á tabhairt d'fhorála an Choinbhinsiúin seo ag ceann de na Páirtithe Conarthacha, aon téarma nach mínítear ar shlí eile beidh leis, mura n-éilí an comhthéacs a mhalairt, an bhrí atá leis faoi na dlithe de chuid an Pháirtí Chonarthaigh sin a bhaineas leis na cánacha is ábhar don Choinbhinsiún seo. | ||
Airteagal III. | ||
(1) Chun críocha an Choinbhinsiúin seo, déanfar an cheist i dtaobh éagach a bheith ina shainchónaí in aon chuid de chríocha cheann de na Páirtithe Conarthacha tráth a bháis a chinneadh do réir an dlí a bheas i bhfeidhm sna críocha sin. | ||
(2) I gcás duine d'fháil bháis agus é ina shainchónaí in aon chuid de chríocha Pháirtí Chonarthaigh, ansin, maidir le situs aon chearta nó leas, dlíthúil nó cothromais, in aon cheann nó ar aon cheann de na haicmí maoine seo a leanas is cuid, chun críocha cánach, d'eastát an duine sin nó a aistríos, chun críocha cánach, ar é d'fháil bháis, déanfar, chun cáin ioncaim d'fhorchur agus chun críocha an chreidmheasa atá le lamháil faoi Airteagal V, é a chinneadh go heisiach do réir na rialacha seo a leanas, ach i gcásanna nach dtagann faoi na rialacha sin déanfar situs aon cheart nó leas den tsórt sin a chinneadh, chun na gcríocha sin, do réir an dlí maidir le cáin a bheas i bhfeidhm i gcríocha an Pháirtí Chonarthaigh eile: | ||
(a) I gcás maoine do-chorruithe measfar a láthair suímh a bheith san áit ina bhfuil an mhaoin sin; | ||
(b) I gcás maoine tadhaill so-chorruithe (seachas maoin dá ndéantar socrú sainráite anseo ina dhiadh seo) agus nótaí bainc nó nótaí airgid reatha, cineálacha eile airgid reatha a haitheantar mar dhlí-thairiscint in áit a n-eisithe, billí malairte intráchta agus nótaí geallúna intráchta, measfar a láthair suímh a bheith san áit ina bhfuil an mhaoin, na nótaí, an t-airgead reatha nó na doiciméid sin tráth a bháis, nó, más in transitu dóibh, ag an gceann scríbe; | ||
(c) I gcás fiacha, urraithe nó neamhurraithe, seachas na foirmeacha fiachais dá ndéantar socrú sainráíte anseo, measfar a láthair suímh a bheith san áit ina raibh an t-éagach ina shainchónaí tráth a bháis; | ||
(d) I gcás scaireanna nó stoic i gcorparáid seachas corparáid bhardasach nó rialtasach (lena n-áirítear scaireanna nó stoc ar teachtadh ag ainmní i gcás an únaeracht tairbhiúil a bheith fianaithe le scruith-dheimhnithe nó ar shlí eile), measfar a láthair suímh a bheith san áit ina ndearnadh, nó ar faoina dlithe a rinneadh, an chorparáid sin a chruthnú nó d'eagrú; ach, más faoi dhlithe Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann nó faoi dhlithe Thuaisceart Éireann a cruthnaíodh nó a heagraíodh an chorparáid sin, agus má meastar faoi dhlithe na Ríochta Aontaithe nó Thuaisceart Éireann agus faoi dhlithe na hÉireann gur sócmhainní a bhfuil a láthair suímh in Éirinn scaireanna nó stoc na corparáide sin nuair a bhíd cláraithe ar chraobh-chlár leis an gcorparáid sin a coimeádtar in Éirinn, measfar gur sócmhainní a bhfuil a láthair suímh in Éirinn na scaireanna nó an stoc sin; | ||
(e) I gcás airgid is iníoctha faoi pholasaí árachais ar shaol an éagaigh, measfar a láthair suímh a bheith san áit ina raibh an t-éagach ina shainchónaí tráth a bháis; | ||
(f) I gcás long agus aerárthaí agus scaireanna iontu, measfar a láthair suímh a bheith ag áit chláruithe nó doiciméaduithe na loinge nó an aerárthaigh; | ||
(g) I gcás cáilmheasa mar shócmhainn cheirde nó ghnótha, nó ghairme, measfar a láthair suímh a bheith san áit ina mbítear ag gabháil don cheird, don ghnó nó don ghairm lena mbaineann sé; | ||
(h) I gcás paitinní, trádmharcanna, agus dearacht, measfar a láthair suímh a bheith san áit ina bhfuilid cláraithe; | ||
(i) I gcás cóipchirt, díolúíntí, agus cearta nó ceadúnas chun aon ábhar cóipchirt, paitinn, trádmharc nó dearacht d'úsáid, measfar a láthair suímh a bheith san áit ina bhfuil na cearta a éiríos astu infheidhmithe; | ||
(j) I gcás ceart nó cúiseanna caingin ex delicto atá ar marthain chun tairbhe eastáit éagaigh, measfar a láthair suímh a bheith san áit inar éirigh na cearta nó na cúiseanna caingin sin; | ||
(k) I gcás fiacha breithiúnais, measfar a láthair suímh a bheith san áit ina dtaifeadtar an breithiúnas: | ||
ar choinníoll, má dhéanfadh Páirtí Conarthach cáin d'fhorchur, lasmuigh den mhír seo, ar aon mhaoin a bhfuil a láthair suímh i gcríocha an Pháirtí sin, nach mbeidh feidhm ag an mír seo maidir leis an maoin sin mura rud é, de bhíthin a feidhme nó ar chúis eile, go ndéanann an Páirtí Conarthach eile, nó go ndéanfadh mura mbeadh díolúine sonrach éigin, cáin d'fhorchur ar an maoin sin. | ||
Airteagal IV. | ||
(1) Nuair a beifear ag cinneadh an mhéid ar a bhfuil cáin le ríomh, lamhálfar asbhaintí ceadaithe do réir an dlí a bheas i bhfeidhm sna críocha ina bhforchuirtear an cháin. | ||
(2) I gcás Páirtí Conarthach d'fhorchur cánach ar dhuine d'fháil bháis nach raibh tráth a bháis ina shainchónaí in aon chuid de chríocha an Pháirtí Chonarthaigh sin ach a bhí ina shainchónaí i gcuid éigin de chríocha an Pháirtí Chonarthaigh eile, ní tabharfar aon aird, le linn méid nó ráta na cánach sin a chinneadh, ar mhaoin a bhfuil a láthair suímh lasmuigh de na críocha céadluaite: ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an mír seo maidir le cáin a forchuirtear— | ||
(a) Sna Stáit Aontaithe i gcás saoránach de chuid na Stát Aontaithe d'fháil bháis agus é ina shainchónaí in aon chuid d'Éirinn; nó | ||
(b) In Éirinn i gcás maoin d'aistriú faoi dhiúscairt atá faoi réim dlí na hÉireann. | ||
Airteagal V. | ||
(1) I gcás ina ndéanfaidh Páirtí Conarthach cáin d'fhorchur toisc éagach a bheith ina shainchónaí i gcuid éigin dá chríocha nó toisc gur náisiúnach dá chuid é, lamhálfaidh an Páirtí sin, i gcoinne an mhéid dá cháin (arna ríomh ar shlí eile) is inchurtha i leith maoine a bhfuil a láthair suímh i gcríocha an Pháirtí Chonarthaigh eile, creidmheas (nach mó ná méid na cánach is inchurtha i leith na maoine sin amhlaidh) is comhionann leis an oiread is inchurtha i leith na maoine sin den cháin a forchuirtear i gcríocha an Pháirtí eile sin; ach ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le haon mhaoin den tsórt a luaitear i mír (2) den Airteagal seo. | ||
(2) I gcás ina ndéanfaidh gach Páirtí Conarthach faoi leith cáin d'fhorchur toisc éagach a bheith ina shainchónaí i gcuid éigin dá chríocha, lamhálfaidh gach Páirtí faoi leith, i gcoinne an mhéid dá cháin (arna ríomh ar shlí eíle) is inchurtha i leith maoine a bhfuil a láthair suímh, nó a meastar faoi mhír (2) d'Airteagal III a láthair suímh a bheith, | ||
(a) i gcríocha an dá Pháirtí, nó | ||
(b) lasmuigh de chríocha an dá Pháirtí, | ||
creidmheas a mbeidh idir é agus an méid dá cháin is inchurtha i leith na maoine sin amhlaidh nó idir é agus an méid de cháin an Pháirtí eile is inchurtha i leith na maoine céanna, pé acu sin is lú, an cothrom céanna a bheas idir an méid céadluaite agus suim an dá mhéid. | ||
(3) I gcás ina ndéanfaidh Éire dleacht d'fhorchur ar mhaoin a aistríos faoi dhiúscairt atá faoi réim dhlí na hÉireann, lamhálfaidh an Páirtí sin creidmheas de shamhail an chreidmheasa a foráltar le mír (1) den Airteagal seo. | ||
(4) Chun críocha an Airteagail seo, déanfar an méid de cháin Pháirtí Chonarthaigh is inchurtha i leith aon mhaoine d'fhionnadh tar éis aird a thabhairt ar aon chreidmheas nó liúntas nó faoiseamh, nó aon loghadh nó laghdú i leith cánach, seachas i leith cánach is iníoctha i gcríocha an Pháirtí Chonarthaigh eile; agus más rud é, i gcás maoine a bhfuil a láthair suímh lasmuigh de chríocha an dá Pháirtí, go lamhálfaidh Páirtí Conarthach i gcoinne a chánach creidmheas maidir le cáin is iníoctha sa tír ina bhfuil láthair suímh na maoine, cuirfear an creidmheas sin san áireamh nuair a beifear ag fionnadh, chun críocha míre (2) den Airteagal seo, an mhéid de cháin an Pháirtí sin is inchurtha i leith na maoine. | ||
Airteagal VI. | ||
(1) Aon éileamh ar chreidmheas nó ar aisíoc cánach a bheas bunaithe ar fhorála an Choinbhinsiúin seo, déanfar é laistigh de shé bliana ó dháta báis an éagaigh ar i leith a eastáit a bheas an t-éileamh á dhéanamh, nó, i gcás leasa frithdhílse ina n-iarchuirtear íoc na cánach go dtí dáta an leasa a theacht chun seilbhe nó dáta dá éis sin, laistigh de shé bliana ón dáta sin. | ||
(2) Déanfar aon aisíoc den tsórt sin gan ús d'íoc ar an tsuim a haisíocfar amhlaidh, ach amháin sa mhéid a híocadh ús ar an tsuim a haisíocadh amhlaidh nuair a híocadh an cháin. | ||
Airteagal VII. | ||
(1) Déanfaidh údaráis chánachais na bPáirtithe Conarthacha pé eolas (is eolas a bheas ar fáil faoi dhlithe cánachais na bPáirtithe Conarthacha faoi seach) a mhalaírtiú is gá chun forála an Choinbhinsiúin seo a chur i gcrích nó chun calaois a chosc nó forála reachtúla a riaradh i gcoinne seachanta dlíthiúla maidir leis na cánacha is ábhar don Choinbhinsiún seo. Aon eolas a malairteofar amhlaidh coimeádfar ina rún é agus ní nochtfar é d'aon duine seachas na daoine a mbeidh baint acu le measúnú agus bailiú na gcánach is ábhar don Choinbhinsiún seo. Ní malairteofar aon eolas a nochtfadh aon rún ceirde nó aon phróis cheirde. | ||
(2) Mar a húsáidtear é san Airteagal seo, ciallaíonn an téarma “údaráis chánachais,” i gcás na Stát Aontaithe, an Coimisinéir Ioncaim Intíre nó a ionadaí údaraithe; i gcás na hÉireann, na Coimisinéirí Ioncaim nó a n-ionadaí údaraithe. | ||
Airteagal VIII. | ||
(1) Daingneofar an Coinbhinsiún seo agus malairteofar na hionstraimí daingniúcháin i Washington, Ceantar Columbia, a luaithe is féidir. | ||
(2) Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm ar dháta na ndaingniúchán a mhalairtiú agus ní bheidh éifeacht aige ach amháin | ||
(a) maidir le heastáit daoine a gheobhas bás ar an dáta sin nó dá éis; agus | ||
(b) maidir le heastát aon duine a fuair bás roimh an dáta sin agus tar éis lá deiridh na bliana caileandair díreach roimh an dáta sin agus a roghnóidh a ionadaí pearsanta, i pé slí a hordófar, go gcuirfear forála an Choinbhinsiúin seo i bhfeidhm maidir leis an eastát sin. | ||
Airteagal IX. | ||
(1) Fanfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm go ceann trí bliana ar a laghad tar éis dáta a theachta i bhfeidhm. | ||
(2) Más rud é, laistigh de shé mhí ar a laghad roimh dheireadh na tréimhse trí mblian sin, nach mbeidh ceachtar de na Páirtithe Conarthacha tar éis fógra i scríbhínn, a thabhairt, trí mheáin taidhleoireachta go bhfuil ar intinn aige an Coinbhinsiún seo d'fhorceannadh, fanfaidh an Coinbhinsiún i bhfeidhm tar éis na tréimhse trí mblian sin go dtí go mbeidh ceachtar de na Páirtithe Conarthacha tar éis fógra i scríbhinn a thabhairt go bhfuil sin ar intinn aige, agus sa chás sin ní bheidh éifeacht ag an gCoinbhinsiún seo maidir le heastáit daoine a gheobhas bás ar an dáta (nach luaithe ná an seascadú lá tar éis dáta an fhógra sin) a sonrófar sa bhfógra sin nó i ndiaidh an dáta sin, nó, mura sonraítear aon dáta, ar an seascadú lá nó i ndiaidh an seascadú lae tar éis an fhógra sin. | ||
DA FHIANU SIN tá na Lánchumhachtóirí thuas-ainmnithe tar éis an Coinbhinsiún seo a shíniú agus a séalaí a ghreamú dhe. | ||
Arna dhéanamh i mBaile Atha Cliath, i ndúblach, an 13ú lá seo de Mhéan Fómhair, 1949. | ||
Thar ceann Rialtas na hÉireann: | ||
(Sínithe) PADRAIG MAC GIOLLAGAIN | ||
SEAN MAC GIOLLA BHRIGHDE | ||
Thar ceann Rialtas Stát Aontaithe Mheirice: | ||
(Sínithe) GEORGE A. GARRETT. |