Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Cionta Indiotaltha a bhFeadfaidh an Chuirt Duiche Deighleail leo go hAchomair.)

2 1951


Uimhir 2 de 1951.


AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL, 1951.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AN DLÍ AGUS AN RIARACHÁIN CHOIRIÚIL. [21ú Feabhra, 1951.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Cúirt.

1. —San Acht seo tagrann “Cúirt” d'aon chúirt a fheidhmíos dlínse choiriúil, ach amháin san áit a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, ach ní fholaíonn sí arm-chúirt.

Cionta indíotáltha a thriail go hachomair.

2. —(1) (a) San Acht seo, ciallaíonn “cion sceidealta”—

(i) cion a sonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, nó

(ii) cion indíotáltha a dearbhófar a bheith ina chion sceidealta le hordú faoi mhír (b) a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire;

(b) Féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt a dhearbhú le hordú, gur cion sceidealta aon chion indíotáltha áirithe a shonrós sé.

(c) Ní thiocfaidh ordú i bhfeidhm mura gceadaítear é le rún ó gach Tigh den Oireachtas ach, ar é a cheadú amhlaidh, tiocfaidh é i bhfeidhm láithreach.

(2) (a) Féadfaidh an Chúirt Dúiche duine a cúiseofar i gcion sceidealta a thriail go hachomair más rud é—

(i) gur dóigh leis an gCúirt, ó na fíorais a cruthaíodh nó a líomhnadh, gur mion-chion é atá oiriúnach lena thriail amhlaidh, agus

(ii) ar an gCúirt dá chur in iúl don chúisí ceart a bheith aige chun a thriala le giúiré, nach ndéanfaidh sé agóid i gcoinne a thriala go hachomair.

(b) Ní triailfear duine go hachomair i gcion a sonraítear sa Chéad Sceideal ag uimhreacha tagartha 1, 2 nó 3, ná in iarracht ar chion acu sin a dhéanamh, mura mbeidh an tArd-Aighne tar éis toiliú lena thriail amhlaidh.

(3) Ní dhéanfaidh an t-alt seo an Chúirt a chosc ó dhuine a chur ar aghaidh chun a thriala i gcion sceidealta.

An nós imeachta má phléadálann cúisí ciontach sa Chúirt Dúiche i gcion indíotáltha.

3. —(1) Baineann an t-alt seo le gach cion indíotáltha ach amháin iad seo a leanas—cion faoin Acht Tréasa, 1939 (Uimh. 10 de 1939) , dúnmharú, iarracht ar dhúnmharú, comhcheilg um dhúnmharú agus píoráideacht, lena n-áirítear cion ag cúl pháirtí roimh an ngníomh nó i ndiaidh an ghnímh.

(2) Más rud é, roimh theistíochta a thógaint nó a chríochnú, nó ina dhiaidh sin—

(a) go bhfionnfaidh an Chúirt Dúiche gur mian le duine a cúisítear i gcion lena mbaineann an t-alt seo pléadáil chiontachta a dhéanamh, agus

(b) go mbeidh an Chúirt sásta go dtuigeann sé nádúir an chiona agus na fíorais a líomhantar,

féadfaidh an Chúirt—

(i) mura ndéana an tArd-Aighne agóid, deighleáil go hachomair leis an gcion, nó

(ii) má shíníonn an cúisí pléadáil chiontachta, é a chur ar aghaidh chun a thriala leis an bpléadáil sin agus le haon teistíochta a tógadh cheana.

(3) (a) I gcás duine a cuirfear ar aghaidh chun a thriala faoin alt seo dá rá, ar é a dhíotchúiseamh, gur mian leis a phléadáil scríofa a tharraingt siar agus pléadáil neamhchiontachta a dhéanamh, déanfaidh an breitheamh triala pléadáil neamhchiontachta a thaifeadadh agus dáta a cheapadh don triail.

(b) Má beartaítear, ag an triail, daoine nach ndearna teistíochta a ghairm mar fhínnéithe ar thaobh an inchúisimh, cuirfidh an tArd-Aighne faoi ndeara, seacht lá ar a laghad roimh an triail, fógra i scríbhinn a sheirbheáil ar an gcúisí ag sonrú na ndaoine sin agus ag tabhairt ráitis ar an bhfianaise a bheas le tabhairt ag gach duine acu.

Pionós ar dhuine a chiontú go hachomair i gcionta indíotáltha áirithe.

4. —(1) Ar a chiontú ag an Cúirt Dúiche i gcion sceidealta nó i gcion indíotáltha lena ndeighleálfar faoi alt 3 den Acht seo, dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur ar an gcúisí nó, de roghain na Cúirte, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá mhí dhéag nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

(2) I gcás ciona faoi alt 11 den Acht Radio-Telegrafaíochta, 1926 (Uimh. 45 de 1926) , áfach, ní dhéanfaidh an Chúirt Dúiche fíneáil is mó ná deich bpunt ná téarma príosúntachta is sia ná mí d'fhorchur.

Forchur téarmaí leanúnacha príosúntachta ag an gCúirt Dúiche.

5. —Má thugann an Chúirt Dúiche pianbhreith phríosúntachta ar dhuine ar bith, féadfaidh an Chúirt a ordú go dtosnóidh an phianbhreith ar dheireadh a theacht le haon téarma eile príosúntachta a tugadh cheana mar phianbhreith ar an duine sin, ach sin i slí nach mó ná dhá mhí dhéag an téarma iomlán príosúntachta in aon chás ina n-ordófar dhá phianbhreith nó níos mó, a bhéarfas an Chúirt Dúiche, a bheith le leanúint as a chéile.

Cionta achomaire d'áireamh i ndíotáil.

6. —I gcás duine a chur ar aghaidh chun a thriala i gcion indíotáltha, is cead go mbeadh sa díotáil scór i leith déanamh aon chiona is féidir a thriail go hachomair (dá ngairmtear cion achomair san alt seo) agus is cion ar cúisíodh an duine sin ann agus a éiríos as an sreath céanna fíoras agus, má gheibhtear ciontach é ar an scór sin, féadfar aon phionós a chur air d'fhéadfaí a chur ar dhuine a ciontaíodh go hachomair sa chion achomair.

Srian le halt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851.

7. —Ní bhainfidh mír 4 (a ordaíos teoranta ama chun gearáin a dhéanamh i gcásanna dlínse achomaire) d'alt 10 den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, le gearán i leith ciona indíotáltha.

Cionta eile a chur san áireamh nuair a bheas pionós á ghearradh.

8. —(1) I gcás duine dá admháil, ar é a chiontú i gcion, go bhfuil sé ciontach in aon chion eile, agus é dá iarraidh an cion eile sin a chur san áireamh nuair a beifear ag gearradh pionóis, féadfaidh an Chúirt an cion eile sin a chur san áireamh dá réir sin.

(2) Má chuireann an Chúirt cion san áireamh, déanfar nóta ina thaobh sin agus comhdófar an nóta sin i dteannta taifead na pianbhreithe, agus ní hinchúiseofar an cúisí sa chion sin, mura ndéantar a chiontú d'fhreaschur ar achomharc.

Teistíocht mar fhianaise i dtriail.

9. —(1) Féadfar, faoi réir fo-ailt (2), teistíocht a tógadh sa réamh-imscrúdú ar chion indíotáltha a léamh mar fhianaise le linn triala an chúisí, má cruthaítear—

(a) go bhfuil an teisteoir marbh nó ina gheilt nó chomh tinn sin nach féidir leis freastal ar an triail, agus

(b) gur tógadh an teistíocht i láthair an chúisí, agus

(c) go raibh caoi ag an gcúisí nó ag a abhcóide nó a aturnae an teisteoir a chroscheistiú.

(2) I gcás an teisteoir a bheith ina gheilt nó a bheith tinn ní léifear an teistíocht gan cead an chúisí.

Ní d'fháil le dúmas bréige.

10. —Aon duine a gheobhas, le haon dúmas bréige agus le hintinn calaois a dhéanamh, aon ní is féidir a ghoid, nó a chuirfeas faoi ndear amhlaidh aon ní den tsórt sin a sheachadadh dhó féin nó d'aon duine eile chun a úsáide nó a thairbhe féin nó ar a chuntas féin nó chun úsáide nó tairbhe nó ar chuntas aon duine eile, beidh sé ciontach in oilghníomh agus ar a chiontú ann dlífear pian-tseirbhís ar feadh téarma nach sia ná chúig bliana, nó príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá bhliain, a chur air.

Alt 42 den Offences against the Person Act, 1861, a leasú.

11. —(1) San alt seo, is tagairtí do chionta faoi alt 42 den Offences against the Person Act, 1861, na tagairtí a déantar do mhionionsaí agus slacairt.

(2) Aon duine a ciontófar i mionionsaí nó slacairt, dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt nó, de roghain na Cúirte, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí, a chur air.

(3) Féadfar inchúiseamh achomair a dhéanamh i leith mionionsaí agus slacairt ar ghearán dá dhéanamh ag an duine ar a ngoillfidh nó thar ceann an duine sin nó ar shlí eile.

(4) Ní dhéanfaidh breithniú gearáin maidir le mionionsaí no slacairt difir d'aon leigheas sibhialta a bheas ag an ngearánach i gcoinne an chosantóra maidir le hábhar an ghearáin.

Ailt 51 agus 52 den Malicious Damage Act, 1861, a leasú.

12. —(1) Leasaítear leis seo alt 51 den Malicious Damage Act, 1861, trí “fifty pounds” a chur in ionad “five pounds” agus forléireofar alt 52 den Acht dá réir sin.

(2) Aon uair a dhéanfas an Chúirt duine a chiontú i gcion faoi alt 52 den Malicious Damage Act, 1861,—

(a) dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt nó, de roghain na Cúirte, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí, a chur air;

(b) is féidir, má cuirtear fíneáil air, suim nach mó ná caoga punt a bheith sa chúiteamh a féadfar a cheangal air d'íoc.

(3) Leanfaidh alt 135 den Grand Jury (Ireland) Act, 1836, arna leathnú le fo-alt (1) d'alt 5 den Local Government (Ireland) Act, 1898, den fheidhm chéanna a bheith aige a bhí aige roimh an Acht seo a rith.

Seilbh neamhdhleathach.

13. —(1) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána duine a ghabháil gan barántas má bhíonn amhras réasúnach aige aon ní a goideadh nó a fuarthas go neamhdhleathach a bheith ag an duine sin nó a bheith á iompar aige in aon tslí.

(2) Má cúisítear duine os comhair na Cúirte Dúiche i dtaobh aon ní a bheith ina sheilbh nó ina áitreabh aige go bhfios dó nó á iompar aige in aon tslí is ní a mbeidh amhras réasúnach ann gur goideadh nó go bhfuarthas go neamhdhleathach é, agus mura dtuga sé cuntas chun sástachta na Cúirte ar an gcuma ar tharla aige é, beidh an duine sin ciontach i gcion agus ar a chiontú ann ag an gCúirt dlífear fíneáil nach mó ná chuig puint a chur air nó, de roghain na Cúirte, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá mhí.

Scaoileadh daoine faoi bhannaí, i gcásanna áirithe, ag comhaltaí den Gharda Síochána.

14. —(1) Aon uair a dhéanfas comhalta den Gharda Síochána duine a thabhairt i gcoimeád go dtí stáisiún Garda Shíochána, féadfaidh an sáirsint nó an comhalta eile i gceannas an stáisiúin, má mheasann sé é a bheith ciallmhar sin a dhéanamh agus mura mbíonn aon bharántas i bhfeidhm á ordú an duine sin a choinneáil, é a scaoileadh faoi bhannaí agus chuige sin cúirt-bhanna a thógaint uaidh, le hurraí nó gan urraí, go láithreoidh sé go cuí os comhair na Cúirte Dúiche san am agus san áit iomchuí.

(2) Féadfar an cúirt-bhanna d'eistréathadh amhail mar déanfaí eistréathadh ar chúirt-bhanna a ndeachthas faoi os comhair Breithimh.

(3) Ní bhaineann an t-alt seo le duine a gabhfar faoi alt 13 den Acht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1942 (Uimh. 3 de 1942) , ar amhras gur tréigtheoir nó neamhláithrí gan cead ó na Fórsaí Cosanta é.

Nós imeachta ar dhuine a ghabháil.

15. —(1) Aon duine a cúiseofar i gcion, déanfar, ar é a ghabháil, é a thabhairt os comhair Breithimh den Chúirt Dúiche ag a mbeidh dlínse chun deighleáil leis an gcion, má bhíonn Breitheamh ar fáil láithreach.

(2) Mura mbíonn, déanfar, a luaithe is féidir, é a thabhairt os comhair Feadhmannaigh Shíochána i ndúthaigh Bhreithimh den tsórt sin.

(3) Má tugtar os comhair Feadhmannaigh Shíochána déanfaidh an Feadhmannach, tar éis dó an fhianaise a tabharfar d'éisteacht, é d'athchur, i gcoimeád nó faoi bhannaí is oiriúnach leis an bhFeadhmannach, agus an cás a tharchur chun a éisteachta os comhair Breithimh den Chúirt Dúiche ag a mbeidh dlínse chun deighleáil leis.

(4) Má déantar an cúisí d'athchur, faoi bhannaí, agus go bhfaighidh sé bannaí láithreach bonn, tarchuirfear an cás chun an chéad suí den Chúirt.

(5) In aon chúinsí eile, tarchuirfear an cás chun suí den Chúirt a bheas ann, laistigh d'ocht lá tar éis na gabhála, in áit a hainmneofar.

Cumhacht na Cúirte Cuarda chun duine a scaoileadh ó chúirt-bhanna.

16. —Aon uair a dhéanfas an Chúirt Dúiche ordú ag cur bannaí síochána nó dea-iompair, nó bannaí síochána agus dea-iompair, ar dhuine agus á cheangal air dul faoi chúirt-bhanna chuige sin, féadfaidh an duine sin, tráth ar bith laistigh de mhí agus ar fhógra seacht lá a thabhairt don oifigeach Garda Shíochána i gceannas na dúiche ina bhfuil cónaí ar an duine sin, iarratas a dhéanamh go hachomair, chun an bhreithimh den Chúirt Dúiche ar ina chuaird atá an teach cúirte ina ndearnadh an t-ordú sin, á iarraidh é a scaoileadh ó na hoblagáidí a cuireadh air leis an ordú sin agus leis an gcúirt-bhanna sin faoi seach (má chuaigh sé faoin gcúirt-bhanna sin) agus, ar an iarratas sin d'éisteacht, féadfaidh an breitheamh sin, más cuí leis é, an duine sin a scaoileadh ó na hoblagáidí sin nó modhnú a dhéanamh i pé slí is cuí leis an mbreitheamh sin ar gach oblagáid nó aon oblagáid acu sin, agus féadfaidh sé an scaoileadh nó an modhnú sin a dhéanamh go hiomlán nó faoi réir coinníoll agus, go háirithe, faoi réir an choinníll go raghaidh an duine sin, sa Chúirt Dúiche, faoi chúirt-bhanna nua in ionad an chúirt-bhanna chéadluaite.

Cúirt-bhannaí ó chorparáid.

17. —(1) Aon uair a ceangailtear leis an dlí, nó le hordú cúirte, ar chorparáid (pé acu ilchorparáid nó corparáid aonair í) dul faoi chúirt-bhanna, féadfaidh gníomhaire dul faoin gcúirtbhanna don chorparáid agus thar ceann na corparáide más rud é—

(a) go mbeidh an gníomhaire údaraithe ag an gcorparáid, i scríbhinn faoi shéala na corparáide, chun dul faoin gcúirt-bhanna thar a ceann agus go dtabharfaidh sé an t-údarás sin ar aird nuair a bheas an cúirt-bhanna á fhorghníomhú aige, agus

(b) go mbeidh sé sainráite sa chúirt-bhanna gur thar ceann na corparáide a téitear faoin gcúirt-bhanna agus gur ceangal ar earraí na corparáide é agus, i gcoitinne, go gcuireann sé an chorparáid faoi cheangal na gcoinníoll atá sa chúirt-bhanna.

(2) Má bhíonn foirm chúirt-bhanna ordaithe le reacht nó le riail chúirte nó le haon ionstraim reachtúil agus go raghfar faoin gcúirt-bhanna thar ceann corparáide faoin alt seo, féadfar an fhoirm a bheas ordaithe amhlaidh a mhodhnú do réir mar is gá chun an t-alt seo a chomhlíonadh.

(3) Aon chúirt-bhanna faoina raghfar, faoin alt seo, thar ceann corparáide, cuirfidh sé ar an gcorparáid agus ar a hearraí ceangal chomh hiomlán céanna agus a cuirfí ar dhuine agus ar a earraí dá dtéadh an duine sin faoi chúirt-bhanna dá shamhail.

Aire Stáit, an tArd-Aighne agus comhaltaí den Gharda Síochána a dhíolmhadh ón dliteanas chun dul faoi chúirt-bhannaí,

18. —D'fhonn amhras a sheachaint, dearbhaítear leis seo, d'ainneoin aon ní in aon achtachán, nach gá d'Aire Stáit, don Ard-Aighne ná do chomhalta den Gharda Síochána, nuair a bheas sé ag tabhairt aon achomhairc ar aghaidh (pé acu mar chás ríofa nó eile é), dul faoi chúirt-bhanna.

An Chúirt Chuarda d'aistriú trialacha ó áit go háit.

19. —(1) (a) Féadfaidh an Chúirt Chuarda, ina suí dhi in aon chuaird, triail shaincheiste coiriúla d'aistriú ón áit inar gá do réir dlí í a chur ar siúl go dtí aon áit eile sa chuaird chéanna.

(b) Sna cúinsí sin, cuirfear an triail ar siúl san áit chun ar haistríodh í le giúiré ón dúthaigh giúiré nó ón gceantar eile a bheas ordaithe le haghaidh trialacha ag an gCúirt Chuarda ina suí dhi san áit sin.

(2) (a) Ní fhéadfaidh an Chúirt Chuarda ordú a dhéanamh faoin alt seo ach ar iarratas ón Ard-Aighne nó ó chúisí.

(b) Féadfaidh an t-ordú socrú a dhéanamh i dtaobh nithe a ghabhfas nó a bhainfeas leis an aistriú.

(c) Beidh an t-ordú ina ordú críochnaitheach agus ní féidir achomharc a dhéanamh ina choinne.

(3) Ní dhéanfaidh an Chúirt ordú faoin alt seo mura mbeidh sí sásta gur neamhdhócha go bhfaighfí triail chóir nó nach féidir triail a chur ar siúl san áit a n-iarrtar an triail d'aistriú uaidh.

Eisiamh daoine as an gcúirt agus toirmeasc le tuairiscí ar imeachta.

20. —(1) Ar an réamh-imscrúdú a dhéanamh ar chion indíotáltha, féadfaidh an Chúirt, má bhíonn sí sásta go bhfuil sin fóirstineach chun a áirithiú nach ndéanfar dochar don chúisí ina thriail, aon ní nó nithe acu seo a leanas a dhéanamh:—

(a) faoi réir fo-ailt (4), an pobal nó aon chuid áirithe den phobal nó aon duine nó daoine áirithe ach amháin ionadaithe bona fide an Phreas, d'eisiamh as an gCúirt le linn na héisteachta;

(b) foilsiú eolais i dtaobh na n-imeacht, nó i dtaobh aon choda áirithe dhíobh, a thoirmeasc;

(c) srianta nó teoranta a chur le foilsiú eolais.

(2) Aon ordú a dhéanfas an Chúirt Dúiche faoi mhír (b) nó mír (c) d'fho-alt (1), scoirfidh sé de bheith i bhfeidhm—

(a) má deighleáltar go hachomair leis an gcúisí—ar na himeachta sa Chúirt Dúiche a bheith críochnaithe;

(b) má diúltaítear don fhaisnéis—i gceann míosa tar éis an diúltuithe sin, mura ndéantar, laistigh den mhí sin, an cúisí a chur ar aghaidh chun a thriala ar ordachán ón Ard-Aighne;

(c) má cuirtear an cúisí ar aghaidh chun a thriala—ar an triail a bheith críochnaithe nó ar nolle prosequi a thaifeadadh.

(3) In aon imeachta coiriúla i leith ciona is dóigh leis an gCúirt a bheith de chineál mígheanasach nó draosta, féadfaidh an Chúirt, faoi réir fo-ailt (4), gach duine d'eisiamh as an gCúirt le linn na héisteachta ach amháin oifigigh na Cúirte, daoine a bhfuil baint díreach acu leis na himeachta, ionadaithe bona fide don Phreas agus pé daoine eile a dtabharfaidh an Chúirt, dá roghain féin, cead dóibh fanúint i láthair.

(4) In aon imeachta coiriúla—

(a) más duine faoi bhun bliain is fiche d'aois an cúisí, nó

(b) más cion de chineál mígheanasach nó draosta an cion agus má líomhantar gur duine faoi bhun na haoise sin nó gur baineannach an duine lena ndearnadh nó ar a ndearnadh é,

beidh duine de thuismitheoirí an duine sin nó gaol eile nó cara don duine sin i dteideal fanúint sa Chúirt le linn iomlán na héisteachta.

(5) Duine ar bith a shárós ordú nó ordachán ón gCúirt faoin alt seo, beidh sé, gan dochar dá dhliteanas i leith aon chiona eile ina mbeidh sé ciontach, ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de roghain na Cúirte, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

(6) Na cumhachta a bheirtear leis an alt seo, is cumhachta iad de bhreis ar aon chumhacht eile dá mbeidh ag an gCúirt chun gach ceann nó aon cheann de na nithe a húdaraítear leis an alt seo a dhéanamh.

Fianaise ar an mbreith i gcásanna dlínse achomaire.

21. —(1) I ngach cás dlínse achomaire, déanfaidh an Breitheamh éifeacht a bhreithe a thaifeadadh go comair ina Leabhar Miontuairiscí.

(2) Síneoidh sé an taifead agus is tuigthe ansin gurb é an taifead sin breith na Cúirte.

(3) Ní gá don Bhreitheamh taifeadadh a dhéanamh ina Leabhar Miontuairiscí i dtaobh aon iarmartaí reachtúla a leanfas de riachtanas as ciontú.

(4) I gCeantar Chathair Bhaile Atha Cliath féadfar an taifeadadh a dhéanamh i nDuilleog na gCúiseamh in ionad é a dhéanamh sa Leabhar Miontuairiscí.

(5) Ullmhófar ordú, do réir na rialacha cúirte, nuair a bheas gá leis sin agus beidh cóip den ordú sin, arna deimhniú do réir na rialacha, ina fianaise prima facie ar an mbreith.

(6) Is fianaise prima facie ar an mbreith sin freisin cóip, arna deimhniú do réir na rialacha cúirte, den taifead sínithe i Leabhar Miontuairiscí an Bhreithimh nó i nDuilleog na gCúiseamh.

(7) Duine ar bith a mbeidh leas bona fide aige sa scéal, féadfaidh sé, ar an táille ordaithe d'íoc, cóip dheimhnithe den ordú d'fháil agus, ag an am sin nó ina dhiaidh sin, cóip dheimhnithe den taifead sínithe d'fháil.

Fiat, etc., an Ard-Aighne a bheith inghlactha i bhfianaise.

22. —Aon doiciméad a oirbheartós gurb é fiat, ordú nó toiliú an Ard-Aighne é chun imeachta coiriúla a thionscnamh, nó chun imeachta coiriúla a thionscnamh i bhfoirm áirithe, agus go bhfuil sé sínithe ag an Ard-Aighne, glacfar i bhfianaise é agus measfar gurb é an doiciméad sin é gan a thuilleadh cruthúnais, mura suítear a mhalairt.

Pionós, forghéilleadh agus dícháiliú a loghadh.

23. —(1) Ach amháin i gcásanna lena ngabhann pionós báis, féadfaidh an Rialtas aon phionós a bheas forchurtha ag Cúirt a fheidhmíos dlínse choiriúil d'iomalairtiú nó a loghadh, go hiomlán nó go páirteach, faoi réir pé coinníoll is cuí leis an Rialtas.

(2) Féadfaidh an Rialtas aon fhorghéilleadh nó dícháiliú a bheas forchurtha ag Cúirt a fheidhmíos dlínse choiriúil a loghadh, go hiomlán nó go páirteach, agus féadfaidh ábhar an fhorghéillte a thabhairt ar ais nó d'athbheochaint, go hiomlán nó go páirteach.

(3) Féadfaidh an Rialtas aon chumhacht dá dtugtar leis an alt seo a tharmligean chun an Aire Dlí agus Cirt agus féadfaidh aon tarmligean den tsórt sin a chúlghairm.

(4) Ní dhéanfaidh an t-alt seo difir d'aon chumhacht d dtugtar le dlí d'údaráis eile.

(5) I gcás duine a dhícháiliú ó cheadúnas tiomána a bheith aige faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 (Uimh. 11 de 1933) , agus an dícháiliú sin a loghadh, go hiomlán nó go páirteach, faoin alt seo, déanfar fógra i dtaobh an loghtha d'fhoilsiú, a luaithe is féidir, san Iris Oifigiúil.

Ceart achomhairc i gcoinne orduithe chun duine a chur i scoil saothair nó ceartúcháin nó i bhForas Borstal nó in áit choinneála.

24. —D'fhonn deireadh a chur le hamhrais, dearbhaítear leis seo go bhféadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda i gcoinne orduithe ón gCúirt Dúiche chun duine a chur i scoil dheimhnithe do réir bhrí Acht na Leanaí, 1908 go 1949, nó i bhForas Borstal nó in áit choinneála a cuireadh ar fáil faoi Chuid V den Children Act, 1908.

Maoin i seilbh an Gharda Shíochána a dhiúscairt.

25. —Féadfar ordú a dhéanamh faoi alt 1 den Police Property Act, 1897, chun maoin i seilbh an Gharda Shíochána a dhiúscairt d'ainneoin nár cúisíodh aon duine i gcion ina leith.

Athghairm.

26. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa dara colún den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

Gearrtheideal.

27. —Féadfar an tAcht um Cheartas Coiriúil, 1951 , a ghairm den Acht seo.