|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Airgeadas, Riarachán agus Imeachta Dlíthiúla.) | Ar Aghaidh (CUID VI. Forála Breise.) |
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1952
[EN] | ||
[EN] |
CUID V. Ilghnéitheach. | |
[EN] |
Deontais do chistí scéimeanna aoisliúntais. |
60. —(1) Féadfar a fhoráil le rialacháin go bhféadfaidh an tAire más rud é, i gcás aon ghrúpa de dhaoine fostaithe— |
[EN] | (a) go bhfuil na daoine sin ar fostú ag an duine céanna nó ina gcomhaltaí de cheardchumann do réir brí na nAcht Ceardchumann, 1871 go 1949, | |
[EN] | (b) go bhfuil na daoine sin ina ndaoine árachaithe nó go mbeidís ina ndaoine árachaithe mura mbeadh rialacháin a rinneadh chun críocha míre (a) d'fho-alt (5) d'alt 4 den Acht seo, agus | |
[EN] | (c) go bhfuil scéim aoisliúntais i bhfoirm a cheadaigh an tAire curtha ar bun ar mhaithe leis an ngrúpa sin, | |
[EN] | deontais d'íoc le cistí na scéime aoisliúntais. | |
[EN] | (2) Déanfar deontais a híocfar de bhun rialachán chun críocha an ailt seo, agus aon chaiteachais faoina raghaidh an tAire ag cur na rialachán sin in éifeacht, d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas agus ní bheidh feidhm ag alt 40 den Acht seo maidir leis na deontais ná na caiteachais sin. | |
[EN] |
Pinsin (neamhranníocach) bhaintreach agus dílleachtaí. |
61. —(1) Déanfar íocaíochtaí a híocfar an lá ceaptha nó dá éis i leith pinsin (neamhranníocach) bhaintrí nó pinsin (neamhranníocach) dílleachta faoi na hAchta um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1952, d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas. |
[EN] | (2) Más rud é, maidir le pinsean (neamhranníocach) baintrí is iníoctha faoi na hAchta um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1952, agus a bhfuil liúntas i leith leanaí ar áireamh ann, gurb é an lá ceaptha nó aon lá dá éis an lá ónarb iníoctha an pinsean, ní bheidh ráta an phinsin níos mó ná tríocha agus dhá scilling sa tseachtain. | |
[EN] | (3) Nuair a bheas feidhm á tabhairt d'alt 55 den Acht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 ( Uimh. 29 de 1935 ), maidir le haon tréimhse a thosnós an lá ceaptha nó dá éis, déanfar an tagairt i bhfo-alt (1) den alt sin do Chiste Pinsean na mBaintreach agus na nDílleachtaí d'fhorléiriú mar thagairt d'airgead arna sholáthar ag an Oireachtas. | |
[EN] | (4) Nuair a bheas feidhm á tabhairt d'fho-alt (1) d'alt 56 den Acht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 , maidir le haon tréimhse a thosnós an lá ceaptha nó dá éis, forléireofar an fo-alt sin amhail is dá bhfágtaí ar lár na focail “agus sa chás san, íocfaidh leis an Aire Tionscail agus Tráchtála, amach as Ciste Pinsean na mBaintreach agus na nDílleachtaí, suim is comhionann leis an méid a laghdófar an riaráiste amhlaidh”. | |
[EN] | (5) Nuair a bheas feidhm á tabhairt d'fho-alt (3) d'alt 57 den Acht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 , maidir le haon tsuim a haisíocfar nó a gnóthófar faoin alt sin i leith aon tréimhse a thosnós an lá ceaptha nó dá éis, forléireofar an fo-alt sin amhail is dá gcuirtí na focail “sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí a threorós an tAire Airgeadais” in ionad na bhfocal “i gCiste Pinsean na mBaintreach agus na nDílleachtaí”. | |
[EN] |
Forála maidir le cúnamh teaghlaigh do thairbhithe. |
62. —Nuair a bheas cúnamh teaghlaigh á dheonadh do dhuine atá ag fáil, nó a bhfuil teideal aige chun, aon tsochair is íocaíocht tréimhsiúil, ní chuirfidh údarás cúnaimh phoiblí san áireamh aon tsochar den tsórt sin is iníoctha, ach amháin sa mhéid gur mó ná deich scillinge sa tseachtain an sochar sin. |
[EN] |
Feidhm Achta na Leabhar Pinsean (Toirmeasc ar Aistriú), 1932 . |
63. —Gach leabhar, cárta, ordú, deimhniú nó doiciméad eile a heiseofar chun duine ar bith agus a mbeidh aon tsochar faoin Acht seo iníoctha leis an duine sin as é dá sheachadadh nó dá thabhairt ar aird nó dá shealbhú ar dháta nó i ndiaidh dáta a bheas curtha in iúl, go sainráite nó go hintuigthe, ar an doiciméad sin agus is dáta i ndiaidh dáta an doiciméid sin d'eisiúint, measfar, chun críocha Achta na Leabhar Pinsean (Toirmeasc ar Aistriú), 1932 (Uimh. 1 de 1932) , gur doiciméad é lena mbaineann an tAcht deiridh sin agus forléireofar an tAcht deiridh sin agus beidh éifeacht aige dá réir sin, |
[EN] |
Comharshocraíochtaí. |
64. —Féadfaidh an tAire pé orduithe is gá a dhéanamh chun aon chomhar-shocraíochtaí nó socraíochtaí eile d'oibriú, a rinneadh leis an údarás cuí faoi aon Rialtas eile, maidir le nithe a bhaineas le hárachas faoin Acht seo, agus féadfaidh, le haon ordú den tsórt sin, pé oiriúnuithe agus modhnuithe is dóigh leis is gá a dhéanamh ar an Acht seo. |
[EN] |
Bord Ionchorpraithe Arachais Díomhaointis Ghnótha an Arachais. |
65. —(1) Déantar feis seo Ordú Scéime Arachais Díomhaointis Ghnótha an Arachais (Bord Bainistí), 1923, agus Ordú Scéime Arachais Díomhaointis Ghnótha an Arachais (Ciste Arachais), 1923, a chúlghairm amhail ar an lá ceaptha agus ón lá sin amach. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire gach ní a dhéanamh is dóigh leis is gá nó is oiriúnach chun cúrsaí Bhord Ionchorpraithe Arachais Díomhaointis Ghnótha an Arachais d'fhorceannadh. | |
[EN] |
Córais árachais láithreacha d'fhorceannadh agus d'athghairm agus árachas agus sochar do leanúint ar marthain. |
66. —(1) Ar an lá ceaptha agus dá éis, ní bheidh duine ar bith, ná ní measfar ná ní háireofar é a bheith, árachaithe— |
[EN] | (a) faoin National Insurance Act, 1911, ná | |
[EN] | (b) faoin Unemployment Insurance Act, 1920, nó aon scéim faoin Acht sin, ná | |
[EN] | (c) faoin Acht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 (Uimh. 29 de 1935) , | |
[EN] | agus, dá réir sin, déantar leis seo, faoi réir na bhforál ina dhiaidh seo den Acht seo, na hachtacháin atá leagtha amach sa Chúigiú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm amhail ón lá sin a mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin. | |
[EN] | (2) Faoi réir a ndúradh, beidh ag na forála sin roimhe seo den Acht seo, i gcás— | |
[EN] | (a) daoine (dá ngairmtear ranníocóirí láithreacha ina dhiaidh seo san Acht seo) a bheas, nó a measfar nó a háireofar a bheith, laistigh den tréimhse ordaithe roimh an lá ceaptha, árachaithe amhlaidh, agus | |
[EN] | (b) daoine (dá ngairmtear tairbhithe láithreacha ina dhiaidh seo san Acht seo)— | |
[EN] | (i) a mbeidh, nó a mbeadh mura mbeadh aon dícháilíocht, aon tsochar nó pinsean nó liúntas iníoctha leo nó ina leith díreach roimh an lá sin faoi réim nó de bhuaidh na n-achtachán a hathghairmtear leis an Acht seo, nó | |
[EN] | (ii) a mbeidh acu an uair sin, ar shlí seachas mar ranníocóirí láithreacha nó i leith árachais ranníocóirí láithreacha, aon cheart ionchasach chun go bhfaighdís, nó aon choinne go bhfaighdís, aon tsochar nó pinsean nó liúntas faoi réim nó de bhuaidh na n-achtachán sin, | |
[EN] | éifeacht le pé modhnuithe, breisithe agus eisceachtaí a hordófar chun comhleanúnachas an Achta seo agus na n-achtachán sin d'áirithiú nó chun cearta a bheirtear faoi réim nó de bhuaidh na n-achtachán sin a bhuanchoimeád ar shlí eile. | |
[EN] | (3) Forálfar, go sonrach, le rialacháin faoi fho-alt (2) den alt seo— | |
[EN] | (a) maidir le ranníocóirí láithreacha, go ndéanfar modhnú ar na coinníollacha chun sochar d'fháil faoin Acht seo, pé acu ag ranníocóir láithreach é nó i leith a árachais sin ag duine eile, ionas go gcuirfear i gcuntas, chun pé críocha (lena n-áirítear críocha na sochar go léir faoin Acht seo nó críocha coda acu) agus i é slí agus faoi réir pé coinníoll a hordófar, ranníoca a bheas, nó a measfar nó a háireofar a bheith, íoctha faoi na hachtacháin sin agus tréimhsí árachais faoi na hachtacháin sin, | |
[EN] | (b) maidir le tairbhithe láithreacha— | |
[EN] | (i) go gcuirfear in ionad aon chirt chun sochair, pinsin nó liúntais is iníoctha faoi réim nó de bhuaidh na n-achtachán sin ceart chun pé sochair faoin Acht seo a hordófar a bheith ar comhréir leis sin, nó | |
[EN] | (ii) go ndéanfar aon cheart den tsórt sin a bhuanchoimeád agus éifeacht a thabhairt dó (pé acu faoin Acht seo é nó trí oibriú na n-achtachán sin maidir leis an gceart sin a bhuanú go hiomlán nó go páirteach), | |
[EN] | ach in aon chás faoi réir pé modhnuithe, eisceachtaí agus breisithe (más ann) is iomchuí leis an Aire. | |
[EN] |
Aistriú chun an Chiste i gcásanna áirithe. |
67. —(1) Ar an lá ceaptha, tiocfaidh sócmhainní uile aon chiste lena mbaineann an t-alt seo chun bheith ina sócmhainní ag an gCiste agus tiocfaidh dliteanais uile an chiste sin chun bheith ina ndliteanais ar an gCiste. |
[EN] | (2) Chun críocha fo-ailt (1) den alt seo, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas— | |
[EN] | (a) na sócmhainní go léir atá ag aon chiste lena mbaineann an t-alt seo agus is infheistíochtaí (lena n-áirítear airgead in aon chuntas infheistíochta) atá ar seilbh thar ceann an chiste sin, tiocfaid, an lá ceaptha, chun bheith aistrithe, de bhuaidh an ailt seo, chun cuntas infheistíochta an Chiste, | |
[EN] | (b) na sócmhainní go léir atá ag aon chiste lena mbaineann an t-alt seo (seachas na sócmhainní a haistrítear leis an mír sin roimhe seo) agus is féidir d'aistriú chun cuntais reatha an Chiste, tiocfaid, an lá ceaptha, chun bheith aistrithe amhlaidh, | |
[EN] | (c) na sócmhainní eile go léir atá ag aon chiste lena mbaineann an t-alt seo, sealbhóidh an tAire iad thar ceann an Chiste an lá ceaptha agus dá éis, | |
[EN] | (d) aon infheistíocht a haistrítear le mír (a) den fho-alt seo agus atá i leabhair aon bhainc, corpráide nó cuideachtan, in ainm aon duine seachas an tAire Airgeadais, déanfar, ar an Aire sin dá iarraidh sin, iad d'aistriú sna leabhair sin chun ainme an Aire sin, | |
[EN] | (e) aon tsócmhainn a haistrítear le mír (b) den fho-alt seo agus atá in ainm aon duine seachas an tAire i leabhair aon bhainc, corpráide nó cuideachtan, déanfar, ar an Aire dá iarraidh sin, iad d'aistriú sna leabhair sin chun ainme an Aire, | |
[EN] | (f) má thagann aon ábhar i gcaingean chun bheith, faoin alt seo, ina shócmhainn ag an gCiste, ní gá fógra i dtaobh aon ní a déantar leis an alt seo a thabhairt don duine atá faoi cheangal ag an ábhar i gcaingean sin. | |
[EN] | (3) San alt seo— | |
[EN] | folaíonn “sócmhainní” gach maoin, réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean); | |
[EN] | ciallaíonn “ciste lena mbaineann an t-alt seo”— | |
[EN] | (a) aon chiste a bunaíodh faoi aon achtachán a hathghairmtear leis an Acht seo, nó | |
[EN] | (b) an Cuntas Suncála Pinsean faoin Acht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 (Uimh. 29 de 1935) , nó | |
[EN] | (c) an Ciste Arachais faoi Ordú Scéime Arachais Díomhaointis Ghnótha an Arachais (Ciste Arachais), 1923. | |
[EN] | (4) Go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht fo-ailt (3) den alt seo, folaíonn aon tagairt san alt seo do shócmhainní ciste tagairt d'aon tsuim (pé acu bheas a méid fionnta roimh an lá ceaptha nó nach mbeidh) a bheas iníoctha faoi aon achtachán a hathghairmtear leis an Acht seo leis an gciste sin díreach roimh an lá ceaptha, nó a thiocfadh, mura mbeadh an athghairm sin, chun bheith iníoctha dá éis sin leis an gciste sin, maidir le haon tréimhse a chríochnaigh díreach roimh an lá ceaptha nó níos luaithe ná sin, agus, más gá agus a mhéid is gá sin chun aon tsuim den tsórt sin d'fhionnadh an lá ceaptha nó dá éis agus chun í d'aistriú isteach sa Chiste de bhun an ailt seo, measfar nár hathghairmeadh an t-achtachán sin. | |
[EN] | (5) Na dliteanais aisfhillteacha a thiocfas tar éis an lae cheaptha, de dhroim an dílsithe a rinneadh le fo-alt (2) d'alt 8 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1950 ( Uimh. 14 de 1950 ), ar an Aire chun an Aire Airgeadais, féadfar iad d'fhuascailt trí íocaíocht amháin i bhfoirm imshocraíochta agus is é a bheas san íocaíocht amháin sin pé suim ar a gcomhaontóidh an tAire agus an tAire Airgeadais. | |
[EN] |
Achta áirithe a leasú. |
68. —(1) Amhail ón lá ceaptha— |
[EN] | (a) déanfar na leasuithe a sonraítear i gCuid I den Séú Sceideal ar an Acht um Chúnamh Dhíomhaointis, 1933 (Uimh. 46 de 1933) , | |
[EN] | (b) déanfar an leasú a sonraítear i gCuid II den Sceideal sin ar an Acht um Chúnamh Dhíomhaointis (Leasú), 1935 (Uimh. 38 de 1935) , | |
[EN] | (c) déanfar na leasuithe a sonraítear i gCuid III den Sceideal sin ar an Acht Arachais (Breac Dhíomhaointeas), 1942 (Uimh. 7 de 1942) . | |
[EN] | (2) I gcás aon ábhair a tarchuireadh nó a tuairisciodh, roimh an lá ceaptha, chun aon mholtóra nó cúirte réiteoirí agus a bhfuil foráil ina ionad á déanamh de bhuaidh an ailt seo, ní dhéanfaidh aon leasú a déantar leis an alt seo difir d'aon imeachta maidir leis an ábhar sin, ach amháin go ndéanfar, faoi réir forál aon rialachán, aon leanúint ar na himeachta sin, agus aon imeachta eile maidir leis an ábhar sin, a sheoladh chun críche amhail is dá mba do réir an Achta iomchuí arna leasú leis an alt seo a tarchuireadh nó a tuairiscíodh an t-ábhar. | |
[EN] | (3) An duine a bhí, díreach roimh an lá ceaptha, ceaptha mar Mholtóir chun críocha an Unemployment Insurance Act, 1920, measfar é a cheapadh an lá ceaptha faoi fho-alt (1), arna leasú leis an alt seo, d'alt 21 den Acht um Chúnamh Dhíomhaointis, 1933, ina Mholtóir chun críocha an Achta dheiridh sin. | |
[EN] | (4) Amhail ón lá ceaptha, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le fo-alt (3) d'alt 5 den Acht um Chúnamh Dhíomhaointis (Leasú), 1938 (Uimh. 2 de 1938) :— | |
[EN] | (a) más é an chéad lá d'Aibreán an lá ceaptha, ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt sin maidir leis an mbliain airgeadais ina dtitfidh an lá ceaptha ná le haon bhliain airgeadais iardain, | |
[EN] | (b) murab é an chéad lá d'Aibreán an lá ceaptha— | |
[EN] | (i) ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt sin maidir leis an mbliain airgeadais díreach i ndiaidh na bliana airgeadais ina dtitfidh an lá ceaptha ná le haon bhliain airgeadais iardain, | |
[EN] | (ii) déanfar, maidir leis an mblíain airgeadais ina dtitfidh an lá ceaptha, an fo-alt sin d'fhorléiriú amhail is dá mba rud é, in ionad a cheangal trí chéad míle punt d'aistriú chun an Aire sa bhliain sin, gur cheangail sé suim d'aistriú chun an Aire sa chuid den bhliain sin roimh an lá ceaptha a mbeidh idir í agus trí chéad míle punt an coibhneas céanna a bheas idir an chuid sin agus bliain. | |
[EN] | (5) Amhail ón lá ceaptha, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1950 (Uimh. 14 de 1950) :— | |
[EN] | (a) más é an chéad lá d'Aibreán an lá ceaptha, ní bheidh feidhm ag alt 15 ná ag alt 16 den Acht sin maidir leis an mbliain airgeadais ina dtitfidh an lá ceaptha ná le haon bhliain airgeadais iardain, | |
[EN] | (b) murab é an chéad lá d'Aibreán an lá ceaptha— | |
[EN] | (i) ní bheidh feidhm ag alt 15 ná ag alt 16 den Acht sin maidir leis an mbliain airgeadais díreach i ndiaidh na bliana airgeadais ina dtitfidh an lá ceaptha ná le haon bhliain airgeadais iardain, | |
[EN] | (ii) déanfar, maidir leis an mbliain airgeadais ina dtitfidh an lá ceaptha, alt 15 den Acht sin d'fhorléiriú amhail is dá mba rud é, in ionad a mheas gurb é méid a caitheadh ar riarachán sa bhliain sin comhshuim dhá chéad agus cúig mhíle dhéag punt agus na suime a híocadh as an gCiste Lia-Dheimhniúcháin sa bhliain sin, gurb é a mheas sé a bheith sa mhéid a caitheadh amhlaidh sa chuid den bhliain sin roimh an lá ceaptha comhshuim méide a mbeidh idir é agus dhá chéad agus cúig mhíle dhéag punt an coibhneas céanna a bheas idir an chuid sin agus bliain agus na suime a híocadh as an gCiste Lia-Dheimhniúcháin i leith na coda sin, | |
[EN] | (iii) déanfar, maidir leis an mbliain airgeadais ina dtitfidh an lá ceaptha, alt 16 den Acht sin d'fhorléiriú amhail is dá mba rud é, in ionad a cheangal dhá chéad agus cúig mhíle dhéag punt d'íoc sa bhliain sin, gurb é a cheangail sé suim d'íoc in aghaidh na coda den bhliain sin roimh an lá ceaptha a mbeidh idir í agus dhá chéad agus cúig mhíle dhéag punt an coibhneas céanna a bheas idir an chuid sin agus bliain, | |
[EN] | (c) más é an chéad lá d'Eanáir an lá ceaptha— | |
[EN] | (i) ní bheidh feidhm ag alt 17 den Acht sin maidir leis an mbliain airgeadais díreach ina dhiaidh sin ná le haon bhliain airgeadais iardain, | |
[EN] | (ii) ní bheidh feidhm ag alt 26 den Acht sin maidir leis an mbliain chaileandair ina dtitfidh an lá ceaptha ná le haon bhliain chaileandair iardain, | |
[EN] | (d) murab é an chéad lá d'Eanáir an lá ceaptha— | |
[EN] | (i) déanfar, maidir leis an mbliain airgeadais díreach i ndiaidh tosach na bliana caileandair ina dtitfidh an lá ceaptha, alt 17 den Acht sin d'fhorléiriú amhail is dá mba rud é gur cheangail sé suim d'íoc a mbeidh idir í agus cúig mhíle dhéag punt an coibhneas céanna a bheas idir an chuid den bhliain chaileandair sin roimh an lá ceaptha agus bliain, agus ní bheidh feidhm aige maidir le haon bhliain airgeadais iardain, | |
[EN] | (ii) ní bheidh feidhm ag alt 26 den Acht sin maidir leis an mbliain chaileandair díreach i ndiaidh na bliana caileandair ina dtitfidh an lá ceaptha ná le haon bhliain chaileandair iardain, | |
[EN] | (iii) déanfar, maidir leis an mbliain chaileandair ina dtitfidh an lá ceaptha, alt 26 den Acht sin d'fhorléiriú amhail is dá mba rud é, in ionad a cheangal ceathracha agus ceithre mhíle punt d'íoc in aghaidh na bliana sin, gurb é a cheangail sé suim d'íoc in aghaidh na coda den bhliain sin roimh an lá ceaptha a mbeidh idir í agus ceathracha agus ceithre mhíle punt an coibhneas céanna a bheas idir an chuid sin agus bliain. | |
[EN] | (e) forléireofar “Ciste” in alt 21 den Acht sin mar thagairt don Chiste Arachais Shóisialaigh faoin Acht seo ach amháin, i gcás na céad áite agus na tríú háite ina bhfuil an focal sin i bhfo-alt (3) maidir le híocaíochtaí a rinneadh faoin alt sin roimh an lá ceaptha, | |
[EN] | (f) scoirfidh an dara mír (a thosnaíos leis na focail “Chun críocha an fho-ailt seo”) d'fho-alt (3) d'alt 21 den Acht sin d'éifeacht a bheith aici. | |
[EN] | (6) I bhfo-alt (5) den alt seo, forléireofar tagairt do bhliain chaileandair mar thagairt d'aon bhliain dár críoch an 31ú lá de Nollaig. | |
[EN] |
Cumhacht chun forála iarmartacha agus forála idirlinne breise a dhéanamh. |
69. —(1) Gan dochar d'aon chumacht shonrach a bheirtear le haon cheann de na trí hailt deiridh roimhe seo, féadfar rialacháin a dhéanamh chun go mb'fhusaide iad d'oibriú nó an córas árachais a bunaítear leis an Acht seo a thabhairt i bhfeidhm, lena n-áirítear, go háirithe, rialacháin á fhoráil — |
[EN] | (a) go ndéanfar modhnú maidir leis an tréimhse roimh an lá ceaptha, ar aon fhorála atá in aon achtachán, nó a rinneadh faoi aon achtachán, a hathghairmtear nó a leasaítear leis na forála sin roimhe seo den Chuid seo den Acht seo, nó | |
[EN] | (b) go ndéanfar aon chosaint nó aon chosaint bhreise a thabhairt in aghaidh éifeachta aon athghairme nó leasuithe a déantar leis an Acht seo. | |
[EN] | (2) Féadfar aon scéim chun pinsin nó sochair eile a sholáthar (gan áireamh a dhéanamh ar aon scéim a bunaíodh le haon achtachán a hathghairmtear leis an Acht seo ach áireamh a dhéanamh ar aon scéim eile a bunaíodh le haon achtachán nó faoi, nó ag a bhfuil feidhm reachtúil de bhuaidh aon achtacháin, agus ar aon scéim atá i dtaobh le polasaí nó polasaithe árachais dá fianú) a mhodhnú nó d'fhorceannadh i ndáil leis an Acht seo a rith— | |
[EN] | (a) trí chomhaontú idir na páirtithe éagsúla lena mbaineann an scéim sin, nó | |
[EN] | (b) do réir rialachán arna ndéanamh, tar éis aon uiríolla a bhreithniú a dhéanfas na páirtithe éagsúla lena mbaineann an scéim, ag pé Aire a gcinnfidh an tAire Airgeadais gurb é an tAire iomchuí é maidir leis an scéim nó, má chinneann an tAire Airgeadais nach bhfuil aon Aire iomchuí ann, ag an Aire Tionscail agus Tráchtála. | |
[EN] |
Foráil speisialta do dhaoine a bhí árachaithe go saorálach. |
70. —I gcás duine a bheith, díreach roimh an lá ceaptha, árachaite go saorálach faoin National Insurance Act, 1911, beidh ag an duine sin, ar iarratas a dhéanamh sa tslí ordaithe agus laistigh den tréimhse ordaithe dár tosach an lá ceaptha agus ar choinníoll nach bhfuil sé tar éis teacht chun bheith ina ranníocóir fostaithe, teideal chun bheith ina ranníocóir saorálach. |
[EN] |
Cumhacht chun deacrachtaí a réiteach. |
71. —(1) Má éiríonn aon deacracht in aon tslí maidir leis an Acht seo a thabhairt i bhfeidhm, féadfaidh an tAire, le hordú, aon ní a dhéanamh a chífear dó a bheith riachtanach nó oiriúnach chun an tAcht seo a thabhairt i bhfeidhm, agus féadfaidh, le haon ordú den tsórt sin, modhnú a dhéanamh ar fhorála an Achta seo sa mhéid a chífear dó é a bheith riachtanach nó oiriúnach chun an t-ordú a chur in éifeacht. |
[EN] | (2) Gach ordú a dhéanfas an tAire faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an orduithe sin, beidh an t-ordú sin ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú sin. | |
[EN] | (3) Ní féadfar aon ordú a dhéanamh faoin alt seo tar éis bliana in ndiaidh an lae cheaptha. | |
[EN] |
An lá ceaptha. |
72. —(1) San Acht seo, ciallaíonn “an lá ceaptha”, faoi réir na bhfórál ina dhiaidh seo den alt seo, pé lá a cheapfas an tAire le hordú agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críocha éagsúla den Acht seo nó chun na críche céanna maidir le cásanna éagsúla nó aicmí éagsúla cásanna. |
[EN] | (2) Aon ordú a déanfar faoi fho-alt (1) den alt seo, más amhlaidh nach ndéanfar an lá a ceaptar leis a cheapadh ach chun cuid de chríocha an Achta seo nó maidir le cásanna airithe nó aicmí áirithe cásanna, féadfaidh pé forála teagmhasacha nó forlíontacha a bheith ann a chífear don Aire a bheith riachtanach nó oiriúnach maidir leis an tréimhse nach mbeidh ach feidhm pháirteach ag an Acht seo, nó maidir leis an athrú ón tréimhse sin go dtí an tréimhse ina mbeidh feidhm iomlán ag an tAcht seo. | |
[EN] | (3) Gan dochar do ghinearáltacht fo-ailt (2) den alt seo, is cead, go sonrach, go mbeadh sna forála a féadfar a dhéanamh faoin bhfo-alt sin foráil chun modhnú agus forlíonadh a dhéanamh, maidir leis an tréimhse lena mbaineann an t-ordú sin, ar fhorála an Achta seo agus (mura bhfuil an athghairm nó an leasú tagtha in éifeacht fós) ar fhorála aon Achta a hathghairmtear nó a leasaítear leis an Acht seo; agus áiritear ar na modhnuithe a féadfar a dhéanamh ar an Acht seo leis an ordú sin forála ag cur tórainn leis na daoine a bheas le hárachú i gcaitheamh aon tréimhse nach mbeidh feidhm ag an Acht seo ach amháin maidir le cuid de na sochair a bheirtear leis agus forála ag laghdú rátaí aon ranníoc is iníoctha in aghaidh aon tréimhse den tsórt sin. | |
[EN] | (4) Féadfar aon ordú den tsórt a luaitear san alt seo d'athrú nó a chúlghairm le hordú ina dhiaidh sin ag ceapadh lae nó ag ceapadh lae eile chun críocha an Achta seo. |