An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil III. Campai Saoire.)

15 1952

AN tACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1952

AN SCEIDEAL.

Fógra Fáilte.

Alt 33.

Corprú.

1. Beidh an Bord ina chomhlucht corpraithe le comharbas suthain agus gnáthshéala agus cumhacht agartha agus chun bheith inagartha faoina ainm chorpraithe agus cumhacht chun talamh a thógaint, a shealbhú agus a dhiúscairt.

Ceapadh agus coinníollacha seirbhíse.

2. (1) Beidh an Bord comhdhéanta de sheisear comhaltaí a mbeidh duine acu ina Chathaoirleach.

(2) (a) Is é an tAire a cheapfas an Cathaoirleach agus na comhaltaí eile.

(b) Roghnófar an Cathaoirleach agus beirt chomhaltaí eile as comhaltaí An Bhoird Fáilte.

(3) Is mar chinnfeas an tAire tráth a cheaptha, le toiliú an Aire Airgeadais, a bheas téarma oifige comhalta (ach ní bheidh sé níos sia ná cúig bliana).

(4) Íocfar le gach comhalta, as cistí a bheas faoina réir ag an mBord, pé luach saothair agus liúntais in aghaidh caiteachas a chinnfeas an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(5) Féadfar comhalta a bheas ag dul as oifig d'athcheapadh.

Nós imeachta.

3. (1) Ceathrar is córam ag cruinniú den Bhord (mura dtreoróidh an tAire a mhalairt).

(2) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas ina chomhaltas.

(3) Féadfaidh an Bord a nós imeachta féin a rialáil.

Cur as oifig, éirí as oifig agus dícháiliú.

4. (1) Féadfaidh an tAire comhalta a chur as oifig.

(2) Féadfaidh comhalta éirí as a oifig.

(3) Má thagann comhalta den Bhord chun bheith ina chomhalta de cheachtar Tigh den Oireachtas, ansin, ar é a theacht, faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin, i dteideal suí sa Tigh sin, scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Bhord.

(4) Aon duine a bheas de thuras na huaire i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas, suí sa Tigh sin, beidh sé dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Bhord.

(5) Beidh comhalta dícháilithe chun bheith, agus scoirfidh de bheith, i seilbh oifige má breithnítear ina fhéimhí é, nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht lena chreidiúnaithe nó má dhaorann cúirt dlínse inniúla chun príosúntachta nó piantseirbhíse é nó má scoireann sé de bheith ina ghnáthchónaí sa Stát.

Aoisliúntas do chomhaltaí.

5. (1) Féadfaidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, scéim nó scéimeanna a dhéanamh chun pinsin, aiscí agus liúntais eile, ar scor dóibh, a dheonadh do chomhaltaí lánaimsire an Bhoird, agus féadfaidh, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, aon scéim a leasú.

(2) Cuirfidh an Bord scéim a déanfar faoin mír seo i bhfeidhm do réir a téarmaí.

(3) Má éiríonn aon díospóid i dtaobh éilimh dhuine ar bith maidir le haon phinsean, aisce nó liúntas is iníoctha de bhun scéime faoin mír seo, nó i dtaobh a mhéid, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean chun an Aire Airgeadais í agus ní bheidh dul thar a bhreith sin uirthi.

(4) Gach scéim a déanfar faoin mír seo, leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an scéim a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

Gnáthshéala.

6. (1) Déanfar gnáthshéala an Bhoird, nuair a cuirfear ar dhoiciméad é, d'fhianú le síniú an Chathaoirligh nó chomhalta éigin eile a bheas údaraithe ag an mBord chun gníomhú chuige sin agus le síniú oifigigh don Bhord a bheas údaraithe go cuí ag an mBord chun gníomhú chuige sin.

(2) Bhéarfaidh gach cúirt bhreithiúnais aird bhreithiúnach ar ghnáthshéala an Bhoird agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartós a bheith ina ionstraim arna déanamh ag an mBord agus a bheith séalaithe leis an ngnáthshéala agus a bheith fianaithe do réir na míre seo, agus measfar, gan a thuilleadh cruthúnais, gurb í an ionstraim sin í, mura gcruthaítear a mhalairt.

Conartha agus ionstraimí gan séala.

7. Aon chonradh nó ionstraim nár ghá a bheith faoi shéala dá mba phearsa a dhéanfadh nó d'fhorghníomhódh é, féadfaidh aon duine a bheas údaraithe go ginearálta nó go speisialta ag an mBord chuige sin é a dhéanamh nó d'fhorghníomhú thar ceann an Bhoird.

Oifigigh agus seirbhísigh an Bhoird.

8. (1) Ceapfaidh an Bord pé oifigigh agus seirbhísigh agus pé méid doibh is cuí leis an mBord.

(2) Íocfaidh an Bord lena oifigigh agus lena sheirbhísigh pé luach saothair agus liúntais a chinnfeas an Bord.

(3) Féadfaidh bainisteoir ginearálta, a mbeidh a cheapadh agus a théarmaí oifige agus a chur as oifig faoi réir a gceaduithe ag an Aire, a bheith ar oifigigh an Bhoird, má thoilíonn an tAire leis sin.

(4) Féadfaidh an Bord más oiriúnach leis, chun duine a cheapadh le post a líonadh i seirbhís an Bhoird, a iarraidh ar na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla duine a mholadh dhó chun a cheaptha chun an phoist sin, agus ar na Coimisinéirí d'fháil an iarratais sin déanfaid, faoi réim agus do réir Achta na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 ( Uimh. 39 de 1926 ), duine a roghnú agus a mholadh don Bhord chun a cheaptha chun an phoist sin agus déanfaid, más cuí leo, beirt nó níos mó a roghnú agus a mholadh don Bhord le haghaidh an cheapacháin sin, agus déanfaidh an Bord, ar an moladh sin d'fháil ó na Coimisinéirí an duine a mhol na Coimisinéirí amhlaidh nó, má moladh amhlaidh níos mó ná duine amháin, pé duine is cuí leis an mBord de na daoine a moladh amhlaidh, a cheapadh chun an phoist sin.

(5) Íocfaidh an Bord leis na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, as na cistí a bheas faoina réir, pé caiteachais, maidir leis an roghnú agus an moladh ag na Coimisinéirí faoin mír seo ar dhaoine chun poist i seirbhís an Bhoird a líonadh, a socrófar trí chomhaontú idir an Bord agus na Coimisinéirí le toiliú an Aire Airgeadais nó, cheal comhaontuithe den tsórt sin, a shocrós an tAire Airgeadais.

(6) Gach suim a gheobhas na Coimisinéirí um Cheapacháin Aitiúl faoi fho-mhír (5), measfar chun críocha míre (b) d'fho-alt (2) d'alt 12 d'Acht na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926, gur táille í a híocadh leis na Coimisinéirí faoin Acht sin.

Aoisliúntas don fhoirinn.

9. (1) A luaithe is caothúil tar éis an tAcht seo a rith, ullmhóidh an Bord, agus cuirfidh faoi bhráid an Aire, scéim nó scéimeanna chun pinsin, aiscí agus liúntais eile, ar scor dóibh, a dheonadh dá bhuan-fhoirinn.

(2) Aon scéim a cuirfear faoi bhráid an Aire faoin mír seo, déanfaidh an Bord, má cheadaíonn an tAire í le comhthoiliú an Aire Airgeadais, í a chur i bhfeidhm do réir a téarmaí.

(3) Féadfaidh an Bord tráth ar bith, le ceadú an Aire arna thabhairt le comhthoiliú an Aire Airgeadais, scéim faoin mír seo a leasú.

(4) Socrófar le scéim a cuirfear faoi bhráid an Aire agus a ceadófar faoin mír seo an tráth agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir lena mbeidh pinsin, aiscí nó liúntais, ar scor dóibh, iníoctha faoin scéim, agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a shocrú maidir le haicmí éagsúla daoine.

(5) Má éiríonn aon díospóid i dtaobh éilimh dhuine ar bith maidir le haon phinsean, aisce nó liúntas is iníoctha de bhun scéime faoin mír seo, nó i dtaobh a mhéid, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean chun an Aire Airgeadais í, agus ní bheidh dul thar a bhreith sin uirthi.

(6) Gach scéim a cuirfear faoi bhráid an Aire agus a ceadófar faoin mír seo, leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceaduithe agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an scéim a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

Feidhmeanna an Bhoird d'fheidhmiú trína oifigigh.

10. Ach amháin mar foráltar a mhalairt leis an Acht seo, féadfaidh an Bord aon cheann de na cumhachta a tugtar dó leis an Acht seo d'fheidhmiú, agus aon cheann de na feidhmeanna a cuirtear air leis an Acht seo a chomhlíonadh trí aon duine dá oifigigh nó dá sheirbhísigh a bheas údaraithe ag an mBord chuige sin.

Leas i gconradh a nochtadh.

11. Aon chomhalta den Bhord a mbeidh aon leas aige in aon chuideachta nó gnólucht a mbeidh an Bord chun aon chonradh a dhéanamh leis, nó a mbeidh aon leas aige i gconradh den tsórt sin, nochtfaidh sé don Bhord an leas sin a bheith aige agus cad é an saghas é, agus ní ghlacfaidh an comhalta sin aon pháirt in aon bhreithniú nó cinneadh a dhéanfas an Bord i dtaobh an chonartha sin agus taifeadfar an nochtadh i miontuairiscí an Bhoird.

Cuntais agus iniúchadh.

12. (1) Coimeádfaidh an Bord, i pé foirm a cheadós an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnáth ar an airgead a gheobhas agus a chaithfeas sé, agus go háirithe coimeádfaidh na cuntais speisialte sin go léir a threorós an tAire ó am go ham.

(2) Cuirfidh an Bord na cuntais faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gach bliain lena n-iniúchadh, pé tráth a threorós an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus tar éis an iniúchta déanfar cóip den chlár comharduithe agus den chuntas fáltais agus caiteachais mar bheid ceadaithe ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, maraon lena thuarascáil orthu, a thíolacadh don Aire agus bhéarfaidh seisean go leagfar cóipeanna dhíobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, agus déanfaidh, freisin, na doiciméid sin d'fhoilsiú agus a chur ar díol.

Tuarascáil bhliantúil.

13. Bhéarfaidh an Bord, gach bliain, ar pé data agus i pé foirm agus i pé slí a threorós an tAire, tuarascáil bhliantúil ar a ghníomhachtaí agus bhéarfaidh an tAire go leagfar cóipeanna den tuarascáil faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Tuairisceán.

14. Bhéarfaidh an Bord don Aire pé eolas i dtaobh a ghníomhachtaí a iarrfas sé ó am go ham.