An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Iasachtai a Rathu.) Ar Aghaidh (CUID V. Fógra Fáilte.)

15 1952

AN tACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1952

CUID IV.

Aitribh a Chlaru.

Forléiriú.

25. —Forléireofar an Chuid seo agus Cuid III d'Acht 1939 mar aon ní amháin.

Táille chláraitheachta d'íoc.

26. —Aon iarratasóir a bheas á iarraidh go gclárófar áitreabh i gclár agus nach ndéanfaidh, tar éis fógra ón mBord a sheirbheáil air go gclárófar an t-áitreabh ar an táille ordaithe iomchuí d'íoc, an táille d'íoc leis an mBord laistigh de thrí mhí tar éis na seirbheála sin, beidh a iarratas ar neamhní, d'ainneoin fo-ailt (4) d'alt 27 d'Acht 1939.

An táille iarratais a thabhairt ar ais.

27. —An táille a cuirfear le hiarratas, faoi alt 26 nó 20 d'Acht 1939, á iarraidh áitreabh a chlárú nó clárú áitribh d'athnuachaint, féadfar, ar an iarratasóir dá iarraidh sin agus faoi rogha an Bhoird, í d'aisíoc leis an iarratasóir mura rud é, tar éis an táille d'fháil, go mbeidh an t-áitreabh iniúchta ag oifigeach don Bhord.

Leasú ar alt 30 d'Acht 1939.

28. —Leasaítear leis seo fo-alt (4) d'alt 30 d'Acht 1939 (a bhaineas le clárú d'athnuachaint) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad míre (a):—

“(a) seirbheálfaidh an Bord fógra ar an iarratasóir á rá gurb é tuairim an Bhoird go bhfuil scortha, ar chúiseanna a luafar, ag an áitreabh sin de bheith inchláruithe sa chlár sin agus go bhféadfaidh an t-iarratasóir, laistigh de cheithre lá déag tar éis dáta seirbheála an fhógra sin, uiríolla scríofa a chur chun an Bhoird d'fhonn a thaispeáint nach bhfuil scortha ag an áitreabh sin de bheith inchláruithe sa chlár sin;”.

Leasú ar alt 30 d'Acht 1939.

29. —Déanfar fo-ailt (5) agus (6) d'alt 30 d'Acht 1939 (a chumasaíos don Bhord diúltú d'iarratas ar chlárú d'athnuachaint má d'fhailligh an t-iarratasóir cloí leis an scála d'éilithe a bhí sonraithe aige) d'fhorléiriú amhail is dá gcuirtí na focail “go toiliúil” isteach i ndiaidh na bhfocal “an t-iarratasóir” i bhfo-alt (5) agus i ndiaidh an fhocail “iarratasóir” i bhfo-alt (6).

Leasú ar alt 31 d'Acht 1939.

30. —Beidh éifeacht ag Acht 1939 amhail is dá gcuirtí an t-alt seo a leanas in ionad ailt 31 de:—

“31. (1) Aon uair a chlárós an Bord aon áitreabh, bhéarfaidh an Bord deimhniú (dá ngairmtear deimhniú cláraitheachta san Acht seo) ar an gclárú sin don dílseánach cláraithe in aisce.

(2) Má chruthaíonn dílseánach cláraithe aon áitribh chláraithe chun sástachta an Bhoird gur díthíodh go tionóisceach an deimhniú cláraitheachta atá i bhfeidhm de thuras na huaire i leith an áitribh sin, féadfaidh an Bord deimhniú cláraitheachta nua d'eisiúint chun an dílseánaigh chláraithe sin in ionad an deimhnithe a díthíodh amhlaidh.

(3) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le gach deimhniú cláraitheachta, is é sin le rá:—

(a) is sa bhfoirm ordaithe a bheas an deimhniú sin agus luafar ann an t-áitreabh lena mbaineann sé, ainm dhílseánaigh chláraithe an áitribh sin agus pé nithe eile is gá do réir na foirme ordaithe;

(b) beidh an deimhniú sin sínithe ag oifigeach don Bhord a bheas údaraithe chuige sin ag an mBord;

(c) ní foláir an deimhniú sin a bheith ar taispeáint, ach amháin i gcaitheamh aon tréimhse a bheas sé curtha ar ais chun an Bhoird do réir an Achta seo, in áit fheiceálach ag an bpríomh-shlí isteach san áitreabh sin nó ina haice an fhaid a mhairfeas an clárú a dheimhníos sé;

(d) ní foláir an deimhniú sin a chur ar ais chun an Bhoird láithreach ar dhul in éag don chlárú nó aon uair a iarrfas an Bord é.

(4) Aon uair a mhainneos dílseánach cláraithe aon áitribh chláraithe an deimhniú cláraitheachta atá i bhfeidhm de thuras na huaire i leith an áitribh sin a thaispeáint do réir míre (c) d'fho-alt (3) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air maraon le fíneáil bhreise nach mó ná punt in aghaidh gach lae a leanfas an cion.

(5) Aon uair nach gcuirfear deimhniú cláraitheachta ar ais chun an Bhoird láithreach ar dhul in éag dó nó ar an mBord dá iarraidh, beidh an duine dár tugadh an deimhniú sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air maraon le fíneáil bhreise nach mó ná deich scillinge in aghaidh gach lae a leanfas an cion.”

Feidhm a bheith ag ailt 33 go 37 d'Acht 1939 maidir le háititheoirí.

31. —Déanfar an focal “dílseánach”, gach áit ina bhfuil sé seachas mar chuid den abairt “dílseánach cláraithe”) in ailt 33 go 37 d'Acht 1939, d'fhorléiriú mar fhocal a fholaíos “áititheoir”.

Clárú a chealú.

32. —(1) Féadfaidh an Bord, tráth ar bith, clárú áitribh chláraithe a chealú más é tuairim an Bhoird gur mhainnigh an dílseánach cláraithe go toiliúil, gan toiliú an Bhoird, cloí le héilithe nár mhó ná na héilithe a sonraíodh sa scála d'éilithe a chuir sé isteach lena iarratas ar chlárú nó leis an iarratas deiridh uaidh ar chlárú d'athnuachaint, do réir mar bheas.

(2) Más é tuairim an Bhoird, tráth ar bith tar éis oifigeach don Bhord d'iniúchadh áitribh chláraithe, go bhfuil scortha ag an áitreabh sin de bheith inchláruithe, bhéarfaidh an Bord go ndéanfaidh oifigeach don Bhord an dara hiniúchadh ar an áitreabh sin.

(3) Más rud é, tar éis an dara hiniúchadh a dhéanamh ar áitreabh faoin alt seo, gurb é tuairim an Bhoird i gcónaí go bhfuil scortha ag an áitreabh sin de bheith inchláruithe—

(a) seirbheálfaidh an Bord fógra ar an dílseánach cláraithe á rá gurb é tuairim an Bhoird go bhfuil scortha, ar chúiseanna a luafar, ag an áitreabh sin de bheith inchláruithe agus go bhféadfaidh an dílseánach cláraithe, laistigh de thríocha lá tar éis dáta seirbheála an fhógra sin, uiríolla scríofa a chur chun an Bhoird d'fhonn a thaispeáint nach bhfuil scortha ag an áitreabh sin de bheith inchláruithe;

(b) mura bhfaighe an Bord aon uiríolla scríofa den tsórt sin i rith an tríocha lá sin, cealóidh an Bord an clárú;

(c) má gheibheann an Bord uiríolla scríofa den tsórt sin i rith an tríocha lá sin, bhéarfaidh an Bord go ndéanfar an tríú hiniúchadh ar an áitreabh sin ag oifigeach eile don Bhord;

(d) más rud é, d'ainneoin an tríú hiniúchadh sin agus tar éis breithniú a dhéanamh ar na huiríolla scríofa a fuarthas mar adúradh, gurb é tuairim an Bhoird i gcónaí go bhfuil scortha ag an áitreabh sin de bheith inchláruithe, cealóidh an Bord an clárú;

(e) más rud é, de thoradh an tríú hiniúchadh sin agus tar éis breithniú a dhéanamh ar na huiríolla scríofa a fuarthas mar adúradh, gurb é tuairim an Bhoird nach bhfuil scortha ag an áitreabh sin de bheith inchláruithe, bhéarfaidh an Bord fógra á rá sin don dílseánach cláraithe.

(4) Beidh éifeacht ag cealú, faoin alt seo, ar chlárú ó dháta a cheapfas an Bord agus nach luaithe ná ceithre lá déag tar éis an lae a cinnfear an cealú a dhéanamh, agus déanfaidh an Bord, seacht lá ar a dhéanaí roimh an dáta a ceapfar amhlaidh, fógra a sheirbheáil ar an dílseánach cláraithe go gcealófar an clárú ar an dáta sin.

(5) Na tagairtí atá san alt seo do thuairim an Bhoird gur mhainnigh dílseánach cláraithe go toiliúil cloí le haon éilithe áirithe nó go bhfuil scortha ag áitreabh cláraithe de bheith inchláruithe, is mar thagairtí don tuairim sin a bheith ag an mBord féin a forléireofar iad agus ní mar thagairtí don tuairim sin a bheith ag an mBord ag gníomhú dhó trí aon duine dá oifigigh nó dá sheirbhísigh.