|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Aitribh a Chlaru.) | Ar Aghaidh (CUID VI. Ostlanna agus Campai Saoire a Cheadunu.) |
AN tACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1952
[EN] | ||
[EN] |
CUID V. Fógra Fáilte. | |
[EN] |
Fógra Fáilte. |
33. —(1) Beidh comhlucht ann ar a dtabharfar Fógra Fáilte (dá ngairmtear an Bord sa Chuid seo). |
[EN] | (2) Bainfidh forála an Sceidil leis an mBord. | |
[EN] |
Feidhmeanna. |
34. —(1) Is iad feidhmeanna an Bhoird— |
[EN] | (a) aon chineál poiblíochta a dhéanamh, laistigh agus lasmuigh den Stát, i ndáil leis an trácht cuartaíochta, lena n-áirítear fógraíocht a dhéanamh i dtaobh buntáistí agus taithneamhachtaí áiteanna sa Stát mar áiteanna do lucht saoire; | |
[EN] | (b) leabhair eolais, turas-fhaisnéisí, am-chláir agus foilseacháin eile d'ullmhú agus d'fhoilsiú mar eolas do chuairteoirí; | |
[EN] | (c) oifigí eolais do lucht cuartaíochta, nó aon ghníomhaireacht dá samhail sin i ndáil le poiblíocht do lucht cuartaíochta, a bhunú, a threalmhú agus d'oibriú, nó cabhrú lena n-oibríú, laistigh agus lasmuigh den Stát; | |
[EN] | (d) comhoibriú le comhluchta eile i ndáil le poiblíocht do lucht cuartaíochta. | |
[EN] | (2) Ag comhlíonadh a fheidhmeanna faoin Acht seo dhó, féachfaidh an Bord chuige go stiúrófar an phoiblíocht do lucht cuartaíochta do réir beartais an Bhoird Fáilte maidir le forbairt an tráchta chuartaíochta sa Stát agus chun an Stáit. | |
[EN] |
Deontas nach mbeidh le haisíoc. |
35. —(1) Gach bliain airgeadais, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, pé suimeanna a theastós ó am go ham ón mBord agus nach mó san iomlán ná dhá chéad agus caoga míle punt in aon bhliain airgeadais áirithe, d'íoc leis an mBord as airgead a sholáthrós an tOireachtas. |
[EN] | (2) Ní bheidh suimeanna a híocfar faoin alt seo inaisíoctha. | |
[EN] |
Deontais ó fhoinsí eile. |
36. —(1) Féadfaidh an Bord deontais airgid a ghlacadh ó chuideachta cheadaithe faoi Acht Trácht na gCuairteoirí (Feabhsú), 1931 (Uimh. 15 de 1931) , nó ó aon fhoinse eile. |
[EN] | (2) Cuirfidh an Bord in iúl don Aire gach deontas a gheofar faoin alt seo agus úsáidfidh na deontais sin chun críocha a fheidhmeanna faoin gCuid seo. | |
[EN] |
Leasú ar Acht Trácht na gCuairteoirí (Feabhsú), 1931 . |
37. —Leasaítear leis seo fo-alt (8) d'alt 3 d'Acht Trácht na gCuairteoirí (Feabhsú), 1931 ( Uimh. 15 de 1931 ), trí thagairt d'Fhógra Fáilte a chur in ionad na tagairte do Bhord Cuartaíochta na hÉireann (a cuireadh isteach ann le halt 52 d'Acht 1939). |