An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI. Ostlanna agus Campai Saoire a Cheadunu.) Ar Aghaidh (Caibidil III. Campai Saoire.)

15 1952

AN tACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1952

Caibidil II.

Ostlanna.

Ostlann.

40. —(1) Chun críocha na caibidle seo, ciallaíonn “óstlann” teach a bhfuil deich gcinn ar a laghad, nó, más i gcontae-bhuirg dó, fiche ceann ar a laghad, de sheomraí ann atá ceaptha agus a húsáidtear d'aon fheidhm chun cóiríocht chodlata a sholáthar do thaistealaithe agus, mura raibh sé ceadúnaithe an 31ú lá d'Iúil, 1902, nó aon tráth idir an 1ú lá d'Eanáir, 1902, agus an dáta sin, nach bhfuil barra poiblí chun deocha meisciúla a dhíol ann.

(2) Measfar gur contae-bhuirg chun críche an ailt seo Dúthaigh Phríomh-Chathrach Bhaile Atha Cliath.

Dearbhú maidir le hoiriúnacht agus áisiúlacht óstlainne atá beartaithe.

41. —(1) Má bheartaíonn duine áitreabh a dhéanamh nó áitreabh d'athrú lena úsáid mar óstlann agus a iarraidh go ndéanfaí an óstlann a cheadúnú chun deocha meisciúla a dhíol, féadfaidh sé dearbhú d'iarraidh ar an gCúirt Chuarda go mbeadh an t-áitreabh atá beartaithe oiriúnach agus áisiúil chun a cheadúnuithe amhlaidh, agus féadfaidh an Chúirt, más deimhin léi sin a bheith amhlaidh, an t-iarratas a dheonadh ar pé téarmaí is oiriúnach leis an gCúirt.

(2) Ní foláir don duine atá chun iarratas a dhéanamh—

(a) a chur faoi ndear go bhfoilseofar fógra go bhfuil sé chun an t-iarratas a dhéanamh, lá agus fiche ar a laghad sara ndéanfaidh an t-iarratas, i nuachtán a léitear san áit a mbeartaíonn sé an t-áitreabh a bheith ann,

(b) fógra i scríbhinn go bhfuil sé chun an t-iarratas a dhéanamh a thabhairt, lá agus fiche ar a laghad roimh ré, do Cheannfort an Gharda Siochána ar ina dhúthaigh a bheartaíos sé an t-áitreabh a bheith aige, agus

(c) a chur faoi ndear go dtaiscfear leis an gCeannfort sin cóip de phleananna an áitribh atá beartaithe.

(3) Ní foláir plean den áitreabh atá beartaithe a bheith ag gabháil leis an iarratas.

(4) Aon duine a mbeadh teideal aige agóid a dhéanamh i gcoinne iarratais ar dheimhniú ag tabhairt teidil don iarratasóir chun ceadúnais i leith an áitribh, beidh teideal aige agóid a dhéanamh sa tslí chéanna i gcoinne an iarratais faoin alt seo.

(5) Leanfaidh dearbhú faoin alt seo i bhfeidhm go ceann trí bliana ón dáta a deonfar an t-iarratas nó go ceann pé tréimhse is sia ná sin is cuí leis an gCúirt d'fhoráil in aon chás áirithe.

Ostlann a cheadúnú.

42. —(1) Más rud é, le linn iarratas d'éisteacht ar dheimhnú ag tabhairt teidil don iarratasóir chun ceadúnais, i leith óstlainne, chun deocha meisiúla a dhíol, go gcruthófar chun sástachta na Cúirte go bhfuil an t-áitreabh déanta nó athraithe i gcomhréir go substainteach le téarmaí dearbhuithe faoi alt 41 agus go bhfuil sé cláraithe sa chlár d'óstlanna atá á choimeád ag an mBord, ní ghlacfaidh an Chúirt le haon agóid i gcoinne an iarratais a bheas bunaithe ar neamhoiriúnacht nó neamhaisiúlacht an áitribh nó ar an méid tithe ceadúnaithe atá cheana féin sa chomharsanacht.

(2) Ní deonfar iarratas ar dheimhniú chun athnuachaint a dhéanamh ar cheadúnas i gcóir áitribh, ar tugadh éifeacht d'fho-alt (1) ina leith, mura gcruthaítear chun sástachta na Cúirte—

(a) go bhfuil an t-áitreabh cláraithe sa chlár d'óstlanna atá á choimeád ag an mBord, agus

(b) i gcás gach iarratais den tsórt sin, seachas an t-iarratas a rinneadh sa bhliain tar éis na bliana inar tugadh éifeacht don fho-alt sin (1), gur dhleacht laghdaithe faoi alt 45 den Finance (1909-10) Act, 1910, an dleacht mháil dob iníoctha faoin Acht sin ar an gceadúnas reatha, agus go bhfuil na Coimisinéirí Ioncaim sásta go raibh na fáltais as deocha meisciúla a dhíol níos lú an bhliain roimhe sin chun críocha an ailt sin ná trian d'fháltais iomlána na bliana sin as an ngnó de gach saghas a bhí ar siúl ag an sealbhóir ceadúnais san áitreabh.

(3) Aon deimhniú a airbheartós a bheith faoi láimh oifigigh do na Coimisinéirí Ioncaim, a bheas údaraithe chuige sin ag na Coimisinéirí, go bhfuil na Coimisinéirí sásta mar adúradh, beidh sé ina fhianaise go bhfuilid sásta amhlaidh, gan a thuilleadh cruthúnais.