|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Reamhraiteach agus Ginearalta.) | Ar Aghaidh (CUID III. Rialu Aitreabh Airithe.) |
ACHT NA dTITHE (LEASÚ), 1952
[EN] | ||
[EN] |
CUID II. Forala Airgeadais. | |
[EN] |
Ailt 16, 19 agus 20 d'Acht 1948 agus alt 6 d'Acht 1950 do leanúint i bhfeidhm. |
6. —Déanfar an tagairt don lú lá d'Aibreán, 1952, atá (de bhuaidh ailt 1 d'Acht na dTithe (Leasú), 1949 (Uimh. 23 de 1949) ) i bhfo-alt (1) d'alt 16, i bhfo-alt (2) d'alt 19 agus i bhfo-alt (1) d'alt 20 d'Acht 1948, agus an tagairt don lú lá d'Aibreán, 1952, atá i bhfo-alt (1) d'alt 6 d'Acht 1950, d'fhorléiriú mar thagairt don lú lá d'Aibreán, 1954. |
[EN] |
Deontas chun soláthar uisce príobháideach agus saoráidí séarachais a chur ar fáil agus a chur isteach. |
7. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir rialachán a déanfar faoin alt seo, deontas nach mó ná £50 a thabhairt, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, do dhuine a dhéanfas soláthar uisce príobháideach agus saoráidí séarachais a chur ar fáil agus a chur isteach i dtigh cónaithe más rud é— |
[EN] | (a) go bhfuil an teach cónaithe i límistéir nach bhfuil, ar dháta an iarratais ar an deontas, aon tsoláthar poiblí uisce píopaí ná aon scéim séarachais ar fáil ná á chur ar fáil ann, agus | |
[EN] | (b) go dtosnófar an 29ú lá d'Aibreán, 1952, nó dá éis, ar an soláthar uisce agus na saoráidí séarachais a chur ar fáil agus a chur isteach agus go gcríochnófar sin ar an lú lá d'Aibreán, 1954, nó roimhe sin, agus go gcomhlíonfar ina leith na coinníollacha a bheas leagtha amach sna rialacháin sin. | |
[EN] | (2) Nuair a bhéarfas an tAire deontas faoin alt seo i leith soláthar uisce príobháideach agus saoráidí séarachais a chur ar fáil agus a chur isteach i dtigh cónaithe, ní déanfar luacháil an tionóntáin arb é an teach sin é nó ar cuid de an teach sin a mhéadú, i gcás aon luacháil nó athscrúdú luachála air a theacht i bhfeidhm laistigh de sheacht mbliana tar éis an cur ar fáil agus an cur isteach sin a chríochnú, mar gheall ar aon mhéadú ar luach an tionóntáin sin de dhroim an soláthar uisce agus na saoráidí séarachais sin a chur ar fáil agus a chur isteach ann. | |
[EN] | (3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) d'alt 6 d'Acht 1950 maidir le deontas faoin alt seo. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo. | |
[EN] |
Toirmeasc ar dheontais i gcásanna áirithe. |
8. —Ní tabharfar deontas (seachas deontas chun soláthar uisce príobháideach agus saoráidí séarachais a chur ar fáil agus a chur isteach i dtigh cónaithe) faoi alt 9, 10 ná 11 den Acht seo i leith tí a mbeidh deontas ina leith á thabhairt nó tugtha faoi alt 7 d'Acht 1950. |
[EN] |
Deontais d'fheirmeoirí ó údarás tithe. |
9. —(1) Féadfaidh údarás tithe deontas a thabhairt, d'fheirmeoir nó i leith feirmeora i leith tí dá dtabharfar deontas iomchuí, de mhéid is comhionann— |
[EN] | (i) mura mó ná £12 10s. 0d. an luacháil inrátuithe, le 100 faoin gcéad den deontas iomchuí, | |
[EN] | (ii) más mó ná £12 10s. 0d. ach nach mó ná £20 an luacháil inrátuithe, le 66⅔ faoin gcéad den deontas iomchuí, | |
[EN] | (iii) más mó ná £20 ach nach mó ná £27 10s. 0d. an luacháil inrátuithe, le 50 faoin gcéad den deontas tiomchuí, nó | |
[EN] | (iv) más mó ná £27 10s. 0d. ach nach mó ná £35 an luacháil inrátuithe, le 331/3 faoin gcéad den deontas iomchuí. | |
[EN] | (2) San alt seo ciallaíonn “an luacháil inrátuithe” an luacháil inrátuithe, nó comhshuim na luachál inrátuithe, ar aon talamh nó foirgintí atá ar áitiú ag feirmeoir, a bheas i bhfeidhm díreach roimh thosnú ar an tógáil, an t-athfhoirgniú, an ceannach, an feabhsú nó an méadú ar ina leith a bhéarfar an deontas iomchuí. | |
[EN] |
Deontais ó údarás tithe do dhaoine den aicme ísealioncaim. |
10. —(1) Féadfaidh údarás tithe deontas a thabhairt, do dhuine nó i leith dhuine (seachas feirmeoir) i leith tí dá dtabharfar deontas iomchuí, de mhéid is comhionann— |
[EN] | (i) mura mó ná £208 ioncam a theaghlaigh, le 100 faoin gcéad den deontas iomchuí. | |
[EN] | (ii) más mó ná £208 ach nach mó ná £312 ioncam a theaglaigh, le 66⅔ faoin gcéad den deontas iomchuí, | |
[EN] | (iii) más mó ná £312 ach nach mó ná £365 ioncam a theaghlaigh, le 50 faoin gcéad den deontas iomchuí, nó | |
[EN] | (iv) más mó ná £365 ach nach mó ná £416 ioncam a theaghlaigh, le 331/3 faoin gcéad den deontas iomchuí. | |
[EN] | (2) Nuair a beifear ag ríomh ioncam teaglaigh dhuine a iarrfas deontas faoin alt seo i leith tí, áireofar ann an t-ioncam a fuair an duine sin i gcaitheamh na bliana dár críoch dáta an iarratais sin agus fós gach duine de theaglach an duine sin a chónaigh leis i gcaitheamh na bliana sin agus a bhfuil sé réasúnach bheith ag súil go gcónóidh sé leis sa tigh. | |
[EN] |
Deontais ó údarás tithe do dhaoine nach daoine den aicme ísealioncaim. |
11. —Féadfaidh údarás tithe deontas de mhéid is comhionann le 50 faoin gcéad den deontas iomchuí a thabhairt do dhuine nó i leith duine (seachas feirmeoir nó duine dá dtabharfar deontas faoi alt 10 den Acht seo) i leith tí dá dtabharfar deontas iomchuí, más rud é |
[EN] | (a) go mbeidh sé, ar dháta a iarratais ar dheontas faoin alt seo, ina áititheoir, faoi thionóntacht mhíosa nó tionóntacht níos lú, ar theaghas a chuir an t-údarás tithe nó coimisinéirí baile ar fáil, nó | |
[EN] | (b) go nglacfaidh an t-údarás leis mar dhuine atá inroghnuithe mar thionónta teaghais a bheas curtha ar fáil, ar shlí seachas de bhuaidh ailt 31 nó ailt 35 den Acht seo, ag údarás tithe faoi Achta Tithe an Lucht Oibre nó faoi Achta na Sclábhaithe. | |
[EN] |
Cumhachta chun iasacht d'fháil. |
12. —Chun críocha alt 9, 10 agus 11 den Acht seo, beidh ag údarás tithe na cumhachta céanna chun iasacht d'fháil atá ag an údarás sin chun críocha Acht Tithe an Lucht Oibre nó Acht na Sclábhaithe. |
[EN] |
Leasú ar fho-alt (1) d'alt 5 d'Acht 1932. |
13. —(1) Déanfar an tagairt don lú lá d'Aibreán, 1950, atá (de bhuaidh fo-alt (1) agus (2) d'alt 22 d'Acht 1948) i mír (j) d'fho-alt (1) d'alt 5 d'Acht 1932 d'fhorléiriú mar thagairt don lú lá d'Aibreán, 1954. |
[EN] | (2) Beidh éifeacht ag an alt seo agus measfar go raibh éifeacht aige amhail ar an lú lá d'Aibreán, 1950, agus ón lá sin amach. | |
[EN] |
Leasú ar alt 6 d'Acht 1932. |
14. —(1) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 6 d'Acht 1932, arna leasú, a leasú tuilleadh tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fo-mhíre (i) de mhír (a) :— |
[EN] | “(i) nach mó ná seasca a sé agus dhá dtrian faoin gcéad de na muirir bhliantúla iasachta sin, má bhíonn an tAire sásta go bhfuil na tithe sin á n-úsáid i gcóir daoine a heasáitíodh de dheasca na teaghais a bhí acu a thitim nó a dhíthiú nó de dheasca aon oibríochtaí ag an údarás áitiúil sin faoi na hAchta sin nó faoi ailt 75 go 78 den Towns Improvement Clauses Act, 1847, arna gcorprú in aon achtachán, faoi alt 20 den Dublin Improvement Acts Amendment Act, 1864, nó faoi Chuid II den Dublin Corporation Act, 1890, nó go bhfuilid á n-úsáid i gcóir daoine atá i gcall athchóiríochta cónaithe ar chúiseanna sláinte, nó cúiseanna atruacha nó cúiseanna eile dá samhail sin mura bhféadfaí mar gheall ar dhála na ndaoine deiridh sin athchóiríocht chónaithe a chur ar fáil dóibh amhlaidh dá éagmais sin.” | |
[EN] | (2) An méid d'fho-alt (4) d'alt 6 d'Acht 1932 a chuireas tórainn le méid na muirear bliantúla iasachta, ní bheidh feidhm aige maidir le hArd-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath ná le hArd-Mhéara, Seanóiri agus Buirgéisigh Chorcaighe. | |
[EN] | (3) Beidh éifeacht ag fo-alt (2) den alt seo agus measfar go raibh éifeacht aige amhail ar an lú lá d'Aibreán, 1952, agus ón lá sin amach. | |
[EN] |
Méadú ar achar urláir tithe athfhoirgnithe. |
15. —Féadfaidh an tAire deontas a thabhairt faoi alt 16 d'Acht 1948 do dhuine ar bith a athfhoirgneos teach atá ar áitiú ag an duine sin féin d'ainneoin achar urláir an tí sin a bheith níos mó ná 1,400 troigh cearnach agus forléireofar mír (b) d'fho-alt (1) den alt sin 16 agus beidh éifeacht aige dá réir sin. |
[EN] |
Leasú ar alt 19 d'Acht 1948. |
16. —Déantar leis seo mír (c) d'fho-alt (2) d'alt 19 d'Acht 1948 a leasú, le héifeacht ó dháta an Achta sin a rith, trí na focail “laistigh de 15 bliana ó dháta an ghealltanais” a chur isteach díreach i ndiaidh na bhfocal “nach ndíolfaidh sé an teach.” |
[EN] |
Achomharc chun an Aire. |
17. —Má bhíonn duine míshásta le deontas a thug údarás tithe dhó (pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é) faoi alt 19 d'Acht 1948, féadfaidh an duine fíorais an cháis a thuairisciú don Aire agus féadfaidh an tAire, más deimhin leis cúis mhaith mhíshásaimh a bheith ag an duine, a threorú don údarás aon deontas a thabhairt don duine sin a mheasfas an tAire a bheith ceart agus d'fhéadfadh an t-údarás a thabhairt faoin alt sin agus déanfaidh an t-údarás do réir na treorach. |
[EN] |
Leasú ar alt 45 d'Acht 1948. |
18. —Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 45 d'Acht 1948 trí “Achta na dTithe (Forála Airgeadais agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 go 1952” a chur in ionad “alt 16, 19 nó 20 den Acht seo”. |
[EN] |
Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhas le hAcht 1948. |
19. —(1) Déantar leis seo an Dara Sceideal a ghabhas le hAcht 1948, arna leasú, a leasú tuilleadh— |
[EN] | (a) trí “oibrí talmhaíochta a athfhoirgneos teach atá ar áitiú aige féin i dtuath-límistéir, nó duine ar bith eile a gheibheann a shlí bheatha ar fad nó go formhór as an talmhaíocht agus a bhfuil talamh ar áitiú aige nach mó ná £50 a luacháil inrátuithe, nó comhshuim a luachál inrátuithe, a athfhoirgneos teach atá ar áitiú aige féin” a chur sa chéad cholún in ionad “sclábhaí talmhaíochta nó duine ar bith eile a gheibheann a shlí bheatha ar fad nó go formhór as an talmhaíocht agus a bhfuil talamh agus tithe ar áitiú aige nach mó ná £50 a luacháil inratuithe nó comhshuim a luachál inrátuithe, a athfhoirgneos teach atá ar áitiú aige féin”; agus | |
[EN] | (b) trí “100” a chur in ionad “80” sa dara colún agus sa tríú colún faoi seach faoin tagairt do 4 seomraí agus trí “120” a chur in ionad “80” sna colúin sin faoin tagairt do 5 seomraí nó níos mó. | |
[EN] | (2) Beidh éifeacht ag an alt seo agus measfar go raibh éifeacht aige amhail ar an 29ú lá d'Aibreán, 1952, agus ón lá sin amach, ach ní dhéanfaidh an leasú a déantar leis an alt seo difir d'aon deontas faoi alt 16 d'Acht 1948 i gcás inar dáileadh agus inar fógraíodh an deontas don iarratasóir faoin alt sin 16 roimh an dáta sin agus inar tosnaíodh ar an athfhoirgniú roimh an dáta sin. | |
[EN] |
Tórainn le méid deontas áirithe. |
20. —Ní bheidh deontas faoi alt 7 den Acht seo i dteannta deontais faoi alt 16 d'Acht 1948 i leith teach a thógáil ná deontas faoin alt sin 7 i dteannta deontais faoi alt 6 d'Acht 1950 níos mó, sa chéad chás, ná an tsuim iomchuí a sonraítear sa tríú colún den Dara Sceideal a ghabhas le hAcht 1948 ná níos mó, sa dara cás, ná an tsuim iomchuí a sonraítear sa tríú colún den Dara Sceideal a ghabhas le hAcht 1950. |
[EN] |
Alt 7 d'Acht 1950 d'athghairm. |
21. —(1) Athghairmtear leis seo fo-alt (1) d'alt 7 d'Acht 1950. |
[EN] | (2) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo agus measfar go raibh éifeacht aige amhail ar an 29ú lá d'Aibreán, 1952, agus ón lá sin amach, ach ní dhéanfaidh athghairm an fho-ailt sin difir do dheontas faoi alt 7 d'Acht 1950 i leith tí i gcás— | |
[EN] | (a) más deontas i leith teach a thógáil an deontas, tógáil an tí a bheith tosnaithe roimh an dáta sin, nó | |
[EN] | (b) más deontas i leith teach a cheannach an deontas, an conradh chun an teach a cheannach a bheith déanta roimh an dáta sin, agus | |
[EN] | (c) an t-údarás tithe a bheith tar éis glacadh go cuí le scéim faoi alt 7 d'Acht 1950 roimh an lú lá d'Aibreán, 1952, agus | |
[EN] | (d) an deontas a thabhairt faoi réim agus do réir an ailt sin 7. | |
[EN] | (3) Má bhíonn duine míshásta— | |
[EN] | (a) mar gheall ar údarás tithe do dhiúltú nó do mhainniú deontas a thabhairt, nó | |
[EN] | (b) mar gheall ar mhéid aon deontais, | |
[EN] | d'fhéadfaí a thabhairt, nó a tugadh, de bhuaidh fo-ailt (2) den alt seo, faoi alt 7 d'Acht 1950, féadfaidh an duine achomharc a dhéanamh chun an Aire agus féadfaidh an tAire a threorú don údarás aon deontas a thabhairt don duine sin a mheasfas an tAire a bheith ceart agus d'fhéadfadh an t-údarás a thabhairt faoin alt sin agus déanfaidh an t-údarás do réir na treorach. | |
[EN] | (4) Scoirfidh fo-alt (2) d'alt 7 d'Acht 1950 d'éifeacht a bheith aige amhail ar an lú lá d'Eanáir, 1953, agus ón lá sin amach. | |
[EN] |
Leasú ar alt 8 d'Acht 1950. |
22. —Leasaítear leis seo alt 8 d'Acht 1950— |
[EN] | (a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (2)— | |
[EN] | “(2) ní bhaineann an t-alt seo le duine atá cáilithe faoi alt 16 d'Acht 1948 chun deontas d'fháil chun teach atá ar áitiú aige féin d'athfhoirgniú.” | |
[EN] | (b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (4)— | |
[EN] | “(4) Beidh feidhm ag fo-ailt (2), (4), (6), (7) agus (8) d'alt 5 d'Acht 1937, arna leasú, maidir le deontais faoin alt seo amhail is dá mba dheontais faoin alt sin 5 na deontais sin, agus, chun críocha an ailt seo, beidh ag comhairle chontae na cumhachta céanna a bheirtear d'údarás uirbeach an bhfo-alt sin (7).” | |
[EN] |
Leasú ar alt 9 d'Acht 1950. |
23. —(1) Déanfar an tórainn chúig bliana déag i bhfo-alt (1) d'alt 9 d'Acht 1950 d'fhorléiriú mar dheich mbliana nuair is cuid d'athdhoirgniú an tí ceann slinne nó tíleacha a chur in ionad ceann tuí. |
[EN] | (2) D'ainneoin fo-ailt (3) d'alt 9 d'Acht 1950, ní háireofar soláthar uisce príobháideach agus saoráidí séarachais a chur ar fáil agus a chur isteach mar chuid de na hoibreacha is gá chun cóiríocht bhreise a chur ar fáil i dtigh má tugadh deontas faoi alt 7 den Acht seo i leith an tí. | |
[EN] |
Deontais ón Aire d'údarás tithe i leith tithe áirithe. |
24. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir rialachán a déanfar faoin alt seo, deontas nach mó ná an tsuim iomchuí a sonraítear sa Dara Sceideal a ghabhas le hAcht 1950 a thabhairt, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, d'údarás tithe a bheas ag tógáil tí de bhuaidh ailt 31 nó ailt 35 den Acht seo, más rud é— |
[EN] | (a) go gcríochnófar an tógáil ar an lú lá d'Aibreán, 1954, nó roimhe sin, agus | |
[EN] | (b) go mbeidh an teach do réir na rialacha atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas le hAcht 1932, arna leasú. | |
[EN] | (2) Ní thabharfaidh an tAire deontas faoin alt seo i leith tí a dtabharfar nó ar tugadh deontas ina leith faoi aon achtachán eile. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo. | |
[EN] |
Deontais ón Aire d'ainneoin gan iarratasóir do chomhlíonadh reachta nó ionstraime reachtúla. |
25. —Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, deontas a thabhairt faoi alt 16 d'Acht 1948 nó alt 8 d'Acht 1950 nó alt 9 d'Acht 1950 nó alt 7 den Acht seo d'ainneoin ceanglas reachta nó ionstraime reachtúla a bheith gan comhlíonadh maidir leis an deontas má bhíonn deimhniú formheasta i leith an tí iomchuí tugtha ag oifigeach don Aire agus gur deimhin leis an Aire gur de mheon mhacánta a chuaigh iarratasóir an deontais i mbun an tí sin a thógáil nó d'athfhoirgniú i mbun soláthar uisce príobháideach agus saoráidí séarachais a chur ar fáil agus a chur isteach sa tigh sin ar an deimhniú sin d'fháil dó. |