|
||||
|
Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL) |
[EN] | ||
Uimhir 18 de 1952. | ||
[EN] |
ACHT NA dTRÉIDLIA, 1952. | |
[An tiontó oifigiúil]. | ||
ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE BHREISE CHUN AN TRÉIDLIACHT AGUS MÁINLIACHT NA TRÉIDLIACHTA A MHÚINEADH AGUS DO RIALÚ AGUS DO RIALÁIL NA GAIRME SIN AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE ÁIRITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [7ú Lúnasa, 1952]. | ||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Léiriú. |
1. —(1) San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1931” Acht na Máinlia Beithíoch, 1931 (Uimh. 36 de 1931) ; | |
[EN] | ciallaíonn “an Chomhairle” Comhairle na dTréidlia; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta; | |
[EN] | ciallaíonn an briathar “ordú” ordú le rialacháin a dhéanfas an Chomhairle; | |
[EN] | ciallaíonn “an clár” clár na dtréidlia atá á choimeád ag an gComhairle, agus forléireofar an focal “cláraithe” dá réir sin; | |
[EN] | folaíonn“tréidliacht” máinliacht na tréidliachta. | |
[EN] | (2) Gairmfear Clár Tréidlia na hÉireann den Chlár. | |
[EN] |
Sealbhóir céime tréidliachta a bheith cáilithe mar thréidlia. |
2. —(1) Más rud é— |
[EN] | (a) go mbronnann ollscoil sa Stát céim thréidliachta, agus | |
[EN] | (b) go bhfuil an tAire sásta, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gComhairle, go ndearnadh na cúrsaí léinn le haghaidh na céime i gcoláiste nó foras eile a cheadaigh sé chuige sin tar éis dó dul i gcomhairle leis an gComhairle, agus | |
[EN] | (c) gur dóigh leis an Aire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gComhairle, go dtugann na scrúduithe don chéim leor-ráthaíocht go bhfuil an t-eolas agus an oilteacht is gá chun an tréidliacht a chleachtadh go héifeachtach ag sealbhóirí na céime, | |
[EN] | féadfaidh an Rialtas, le hordú, a threorú go gclárófar sa chlár aon duine ar a mbronnfar an chéim, fad a leanfas an t-ordú i bhfeidhm, ar an duine sin dá iarraidh sin sa tslí ordaithe agus d'íoc na táille is gá. | |
[EN] | (2) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, ordú faoi fho-alt (1) a chúlghairm. | |
[EN] |
Feidhmeanna formhaoirseachta na Comhairle. |
3. —(1) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas den alt seo chun a áirithiú go dtugann na cúrsaí léinn atá le saothrú ag mic léinn le haghaidh céime a bhfuil ordú faoi fho-alt (1) d'alt 2 i bhfeidhm ina leith de thuras na huaire, agus an caighdeán inniúlachta is gá le haghaidh na céime sin, leor-ráthaíocht go bhfuil an t-eolas agus an oilteacht is gá chun an tréidliacht a chleachtadh go héifeachtach ag sealbhóirí na céime; agus beidh de dhualgas ar an gComhairle na cumhachta a bheirtear di leis na forála sin d'fheidhmiú a mhéid is gá chun na críche sin. |
[EN] | (2) Beidh cumhacht ag an gComhairle chun daoine a cheapadh le cuairteanna a thabhairt ar aon choláiste nó foras eile a bhfuil ordú faoi fho-alt (1) d'alt 2 i bhfeidhm ina leith de thuras na huaire agus tuarascáil a thabhairt ar na cúrsaí léinn, an fhoireann, an chóiríocht agus an trealamh atá ar fáil chun tréineáil sa tréidliacht a thabhairt agus ar na socruithe agus na saoráidí eile atá ann le haghaidh na tréineála sin. | |
[EN] | (3) (a) Féadfaidh an Chomhairle daoine a cheapadh chun bheith i láthair ag scrúduithe le haghaidh céime a bhfuil ordú faoi fho-alt (1) d'alt 2 i bhfeidhm ina leith de thuras na huaire agus chun tuarascáil a thabhairt don Chomhairle i dtaobh leor-chaighdeáin na scrúduithe agus i dtaobh aon nithe eile a bhaineas leis sin agus a dteastóidh tuarascáil ina dtaobh ón gComhairle. | |
[EN] | (b) Ní údaróidh aon ní sa bhfo-alt seo do dhuine a ceapfar faoin bhfo-alt seo cur isteach ar stiúrú aon scrúduithe. | |
[EN] | (4) Ar aon tuarascáil a tugadh faoin alt seo d'fháil— | |
[EN] | (a) cuirfidh an Chomhairle cóip di go dtí an ollscoil atá i gceist; | |
[EN] | (b) féadfaidh an ollscoil, laistigh de mhí tar éis di an chóip d'fháil, nótaí ar an tuarascáil nó agóidí ina coinne a chur chun na Comhairle; | |
[EN] | (c) a luaithe is féidir tar éis deireadh na míosa sin, cuirfidh an Chomhairle chun an Aire cóip den tuarascáil agus d'aon nótaí uirthi nó agóidí ina coinne a rinneadh go cuí, maraon le tuairimí na Comhairle ar an tuarascáil agus ar aon nótaí nó agóidí den tsórt sin. | |
[EN] | (5) Gach ollscoil a bheireas céim a bhfuil ordú faoi fho-alt (1) d'alt 2 i bhfeidhm ina leith de thuras na huaire, bhéarfaidh sí don Chomhairle, ar an gComhairle dá iarraidh sin i scríbhinn, pé eolas a bheas sonraithe san iarratas i dtaobh na gcúrsaí léinn agus na scrúduithe le haghaidh na céime. | |
[EN] |
An comhaontú sa sceideal a dhaingniú. |
4. —(1) Daingnítear leis seo an comhaontú atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo (dá ngairmtear an comhaontú sceidealta san alt seo) agus beidh feidhm dlí aige. |
[EN] | (2) (a) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, éifeacht a thabhairt d'aon chomhaontú eile a déanfar idir na páirtithe sa chomhaontú sceidealta maidir le tréineáil, clárú agus rialú tréidlia agus nithe a bhaineas leis sin. | |
[EN] | (b) Ní bheidh éifeacht ag ordú faoin bhfo-alt seo mura ndaingneofar é le rún ó gach Tigh den Oireachtas ach, ar a dhaingniú amhlaidh, beidh feidhm dlí aige agus beidh éifeacht aige in ionad na bhforál comhréire d'Acht 1931 a sonrófar san ordú. | |
[EN] |
Cumhacht chun socrú a dhéanamh i dtaobh an Chomhairle d'athchóiriú. |
5. —(1) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, socrú a dhéanamh i dtaobh an Chomhairle d'athchóiriú chun éifeacht a thabhairt d'aon ordú nó comhaontú a déanfar mar foráltar i bhfo-alt (2) d'alt 4 nó aon uair is deimhin leo, tar éis don Aire agus don Chomhairle dul i gcomhairle le chéile, gur gá sin a dhéanamh. |
[EN] | (2) Ní bheidh éifeacht ag ordú faoi fho-alt (1) mura ndaingneofar é le rún ó gach Tigh den Oireachtas ach, ar a dhaingniú amhlaidh, beidh feidhm dlí aige agus beidh éifeacht aige in ionad na bhforál comhréire d'Acht 1931 a sonrófar san ordú. | |
[EN] | (3) Féadfaidh ordú faoi fho-alt (1), go sonrach,— | |
[EN] | (a) socrú a dhéanamh i dtaobh toghadh comhaltaí tofa na Comhairle, i dtaobh téarma oifige na gcomhaltaí sin a rialú, i dtaobh corrfholúntais a líonadh, agus i dtaobh toghadh agus seilbh oifige Uachtaráin na Comhairle, | |
[EN] | (b) an córam do chruinnithe den Chomhairle a shonrú agus an líon íosta de chomhaltaí den Chomhairle a bhféadfar lena vótaí ainmneacha a bhaint den chlár, agus | |
[EN] | (c) pé socrú eile a dhéanamh is gá chun gnó na Comhairle a sheoladh go cuí agus go héifeachtach. | |
[EN] | (4) Má bhíonn an Chomhairle á hathchóiriú faoin alt seo, féachfaidh an Rialtas chuige go mbeidh tromlach comhaltaí na Comhairle ina n-ionadaithe a bheas tofa le vótaí daoine cláraithe a chónaíos sa Stát, agus go mbeidh ar an gComhairle ionadaí amháin don Aire agus ionadaí amháin do gach ollscoil a bheireas céim a bhfuil ordú faoi fho-alt (1) d'alt 2 i bhfeidhm ina leith de thuras na huaire. | |
[EN] |
Cumhacht chun socrú a dhéanamh i dtaobh oblagáidí áirithe ar an gComhairle agus ar dhaoine cláraithe. |
6. —D'ainneoin aon ní in Acht 1931, féadfaidh an tAire, ar iarratas nó le comhthoiliú na Comhairle, rialacháin a dhéanamh chun socrú a dhéanamh i dtaobh gach ní nó aon ní acu seo a leanas, go ginearálta nó maidir le haon bhliain nó blianta áirithe— |
[EN] | (a) an tráth a tionólfar cruinniú bliantúil reachtúil na Comhairle; | |
[EN] | (b) an bhliain arb iníochta ina leith, agus an tráth is iníochta, táillí cláraitheachta agus táillí bliantúla daoine cláraithe; | |
[EN] | (c) an dáta ar faoina threoir a cuirfear an t-eagrán bliantúil den chlár le chéile, | |
[EN] | agus beidh éifeacht ag na rialacháin in ionad na bhforál comhréire d'Acht 1931 a sonrófar sna rialacháin. | |
[EN] |
Cumhacht araíonachta bhreise a thabhairt don Chomhairle. |
7. —(1) Folóidh cumhacht na Comhairle chun ainm duine a bhaint den chlár do réir ailt 36 d'Acht 1931 cumhacht is infheidhmithe sa tslí chéanna chun a threorú nach mbeidh éifeacht, ar feadh pé tréimhse a sonrófar sa treorú, ag clárú a ainme sa chlár. |
[EN] | (2) Aon uair a bhéarfar treorú mar foráltar i bhfo-alt (1), cuirfidh an Chomhairle chun an duine sin láithreach leis an bpost fógra scríofa i dtaobh éifeacht a chláruithe a bheith ar fionraí agus i dtaobh na cúise a bhí leis. | |
[EN] | (3) Aon uair tar éis dó an fógra d'fháil féadfaidh an duine sin a iarraidh ar an gComhairle an fhionraíocht a chealú agus féadfaidh an Chomhairle, ar an iarratas a bhreithniú, diúltú don iarratas nó, le treorú speisialta, géilleadh dhó ar pé coinníollacha is cuí leis an gComhairle. | |
[EN] | (4) Féadfaidh duine ar cúis mhíshásaimh leis éifeacht a chláruithe d'fhionraí, nó faid na tréimhse fionraíochta, achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte. | |
[EN] | (5) Ar aon achomharc den tsórt sin, féadfaidh an Ard-Chúirt pé treoracha is cuí leo a thabhairt san ábhar agus ní bheidh dul thar aon ordú ón gCúirt faoin alt seo. | |
[EN] | (6) I ngach cás ina ndéanfar éifeacht chláruithe dhuine sa chlár d'fhionraí faoin alt seo, cuirfidh an Chomhairle an fhionraí agus nádúir ghinearálta na cúise a bhí léi in iúl láithreach don Aire. | |
[EN] |
Cleachtadh na tréidliachta ag daoine neamhchláraithe. |
8. —Gan dochar do ghinearáltacht alt 46 agus 47 d'Acht 1931, measfar, chun críocha an Achta sin, duine ar bith a bhíos, ar luaíocht, ag cóireáil ainmhithe le duine eile, a bheith á chur i gcéill nó á thabhairt le tuiscint go bhfuil sé ag cleachtadh na tréidliachta agus á thabhairt le tuiscint gur tréidlia cláraithe é. |
[EN] |
Cumhacht don Chomhairle chun talamh a shealbhú. |
9. —Beidh cumhacht ag an gComhairle talamh d'fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt. |
[EN] |
Bronntanais don Chomhairle. |
10. —(1) Féadfaidh an Chomhairle bronntanais airgid, talún agus maoine eile a ghlacadh ar pé iontaobhais agus coinníollacha, más ann, a shonrós na bronntóirí. |
[EN] | (2) Ní ghlacfaidh an Chomhairle bronntanas má bhíonn na coinníollacha a chuirfeas an bronntóir le glacadh an bhronntanais ar neamhréir le feidhmeanna na Comhairle. | |
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua. |
11. —(1) Féadfar Acht na dTréidlia, 1952 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Forléireofar an tAcht seo agus Acht 1931 mar aon ní amháin. | |
[EN] | (3) Féadfar Achta na dTréidlia, 1931 agus 1952, a ghairm d'Acht 1931 agus den Acht seo le chéile. |