An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS (DLEACHTA MÁIL) (FEITHICLÍ), 1952)

24 1952

AN tACHT AIRGEADAIS (DLEACHTA MÁIL) (FEITHICLÍ), 1952

AN SCEIDEAL.

Dleachta Máil i leith Feithiclí Inneall-ghluaiste a hUsáodtear ar Bhóithre Poiblí.

Alt 1.

CUID I.

Tuairisc na Feithicle.

An Ráta Dleachta.

1. Feithiclí de na saghasanna seo a leanas nach mó ná 8 cmn. a meáchan gan ualach:

(a) rothair (nach rothair a tiomáintear le leictreachas) a bhfuil toille shorcórach a n-innill—

(i) gan bheith thar 75 centiméadar ciúbach     ..     ..     ..     ..

£1

(ii) thar 75 centiméadar ciúbach gan bheith thar 150 centiméadar ciúbach     ..     ..     ..     ..

£2

(iii) thar 150 centiméadar ciúbach gan bheith thar 200 centiméadar ciúbach     ..     ..     ..     ..

£3

(iv) thar 200 centiméadar ciúbach gan bheith thar 250 centiméadar ciúbach     ..     ..     ..     ..

£4 10s.

(v) thar 250 centiméadar ciúbach     ..

£6

(b) rothair a tiomáintear le leictreachas     ..     ..

£1 10s.

(c) rothair thrianacha (seachas rothair thrianacha nach ndearnadh ná nár hoiriúnaíodh lena n-úsáid, agus nach n-úsáidtear, chun tiománaí ná paisnéir d'iompar)     ..     ..

£8

(d) feithiclí le trí cinn nó níos mó de rotha nach ndearnadh ná nár hoiriúnaíodh lena n-úsáid, agus nach n-úsáidtear, chun tiománaí ná paisnéir d'iompar     ..     ..

£6

maraon le dleacht bhreise, i gcás rothair a húsáidtear chun leantóir nó taobhcharr a tharraingt, arb é a méid     ..     ..     ..     ..     ..     ..     ..

£2

2. Feithiclí (lena n-áirítear aon rothar lena ngabhann ceanglas chun é a thiomáint le cumhacht mheicniúil), nach mó ná cúig cmn. a meáchan gan ualach, a hoiriúnaíodh agus a húsáidtear le haghaidh othar     ..

5s.

3. (a) Tramanna     ..     ..     ..     ..     ..

15s.

(b) Feithiclí a húsáidtear mar fheithiclí móra seirbhíse poiblí do réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1933 ( Uimh. 11 de 1933 ), agus ina bhfuil—

(i) cóiríocht shuite do bhreis is 6 dhuine, agus do 14 duine ar a mhéid     ..     ..     ..     ..

£56

(ii) cóiríocht shuite do bhreis is 14 dhuine, agus do 20 duine ar a mhéid     ..     ..     ..     ..

£80

(iii) cóiríocht shuite do bhreis is 20 duine, agus do 26 dhuine ar a

..

mhéid     ..     ..     ..     ..

£104

(iv) cóiríocht shuite do bhreis is 26 dhuine, agus do 32 dhuine ar a mhéid     ..     ..     ..     ..

£128

(v) cóiríocht shuite do 33 dhuine nó níos mó     ..     ..     ..     ..

£4 an duine.

4. Feithiclí de na saghsanna seo a leanas:

(a) feithiclí a ceapadh, a rinneadh agus a húsáidtear chun claiseanna a ghearradh nó le haghaidh aon tsórt tochailte nó oibre sluaisteála, agus—

(i) nach n-úsáidtear ar bhoithre poiblí ach chun na críche sin amháin nó chun taisteal go dtí an áit, agus ón áit, ina bhfuilid le húsáid amhlaidh; agus

(ii) nach ndéanann, le linn an taistil sin, aon ualach d'iompar ná a tharraingt ach mar is riachtanach chun iad a thiomáint nó a threalmhú     ..     ..     ..     ..

5s.

(b) gluais-innill treafa, innill eile talmhaiochta agus tarraicirí, nach innill ná tarraicirí a húsáidtear ar bhóithre chun rudaí a tharraingt seachas a bhfearas riachtanach féin, córacha buailte arbhair, uirlisí feirmeoireachta, nó soláthairtí breosla nó uisce is gá chun críocha na feithicle nó chun críocha talmhaíochta     ..     ..

5s.

(c) tarraicirí (seachas tarraicirí arb inmhuirir dleacht 5s. ina leith) a húsáidtear chun tarraingt a dhéanamh i ndáil le talmhaíocht, agus nach n-úsáidtear chun aon chríche eile     ..     ..     ..     ..

£8

(d) tarraicirí d'aon tsaghas eile—

(i) nach mó ná 7¼ dtonna a meáchan gan ualach     ..     ..     ..

£31 10s.

(ii) ar mó ná 7¼ dtonna, ach nach mó ná 8 dtonna, a meáchan gan ualach     ..     ..     ..     ..

£37 10s.

(iii) ar mó ná 8 dtonna, ach nach mó ná 12 thonna, a meáchan gan ualach     ..     ..     ..     ..

£42

(iv) ar mó ná 12 thonna a meáchan gan ualach     ..     ..     ..     ..

£45

5. Feithiclí (lena n-áirítear rothair thrianacha ar mó ná 8 cmn. a meáchan gan ualach) a rinneadh nó a hoiriúnaíodh lena n-úsáid, agus a húsáidtear, chun earraí nó ualaigh d'aon tsaghas eile d'iompar i gcúrsa trádála nó gnótha (lena n-áirítear talmhaíocht agus comhlíonadh a fheidhmeanna ag údarás áitiúil nó údarás poiblí);

(a) is feithiclí a tiomáintear le leictreachas agus nach mó ná 25 cmn. a meáchan gan ualach

£10

(b) is feithiclí nach feithiclí mar luaitear thuas a tiomáintear le leictreachas—

(i) nach mó ná 12 cmn. a meáchan gan ualach     ..     ..     ..     ..

£15

(ii) ar mó ná 12 cmn., ach nach mó ná 16 cmn., a meáchan gan ualach     ..

£20

(iii) ar mó ná 16 cmn., ach nach mó ná tonna, a meáchan gan ualach     ..

£24

(iv) ar mó ná tonna, ach nach mó ná

2 thonna, a meáchan gan ualach     ..

£30 móide £4 an cheathrú tonna, nó an chuid de cheathrú tonna, meáchain gan ualach, de bhreis ar thonna.

(v) ar mó ná 2 thonna, ach nach mó ná

3 thonna, a meáchan gan ualach     ..

£46 móide £6 an cheathrú tonna, nó an chuid de cheathrú tonna, meách. ain gan ualach, de bhreis ar 2 thonna.

(vi) ar mó ná 3 thonna, ach nach mó ná

4 thonna, a meáchan gan ualach     ..

£70 móide £8 an cheathrú tonna, nó an chuid de cheathrú tonna, meáchain gan ualach, de bhreis ar 3 thonna.

(vii) ar mó ná 4 thonna, ach nach mó ná 5 thonna, a meáchan gan

ualach     ..     ..     ..     ..

£102 móide £10 an cheathrú tonna, nó an chuid de cheathrú tonna, meáchain gan ualach, de bhreis ar 4 thonna.

(viii) ar mó ná 5 thonna, ach nach mó ná

6 thonna, a meáchan gan ualach     ..

£145 móide £15 an cheathrú tonna, nó an chuid de cheathrú tonna, meáchain gan ualach, de bhreis ar 5 thonna.

(ix) ar mó ná 6 thonna, ach nach mó ná

7 dtonna, a meáchan gan ualach     ..

£205 móide £20 an cheathrú tonna, nó an chuid de cheathrú tonna, meáchain gan ualach, de bhreis ar 6 thonna.

(x) ar mó ná 7 dtonna, ach nach mó ná

8 dtonna, a meáchan gan ualach     ..

£285 móide £25 an cheathrú tonna, nó an chuid de cheathrú tonna, meáchain gan ualach, de bhreis ar 7 dtonna.

(xi) ar mó ná 8 dtonna, ach nach mó ná

9 dtonna, a meáchan gan ualach     ..

£385 móide £30 an cheathrú tonna, nó an chuid de cheathrú tonna, meáchain gan ualach, de bhreis ar 8 dtonna.

(xii) ar mó ná 9 dtonna a meáchan gan

ualach     ..     ..     ..     ..

£505 móide £50 an cheathrú tonna, nó an chuid de cheathrú tonna, meáchain gan ualach, de bhreis ar 9 dtonna.

agus ina theannta sin, i gcás aon fheithicle a húsáidtear chun leantóir a tharraingt, dleacht bhreise mar leanas:—

(I) ar fheithicil nach mó ná 2 thonna a meáchan gan ualach     ..     ..

£14

(II) ar fheithicil ar mó ná 2 thonna, ach nach mó ná 3 thonna, a meáchan gan ualach     ..     ..     ..     ..

£18

(III) ar fheithicil ar mó ná 3 thonna, ach nach mó ná 4 thonna, a meáchan gan ualach     ..     ..     ..

£24

(IV) ar fheithicil ar mó ná 4 thonna, ach nach mó ná 5 thonna, a meáchan gan ualach     ..     ..

£32

(V) ar fheithicil ar mó ná 5 thonna, ach nach mó ná 6 thonna, a meáchan     ..     ..     ..     ..

£42

(VI) ar fheithicil ar mó ná 6 thonna a meáchan gan ualach     ..     ..

£54

6. Feithiclí seachas na cinn ar a muirearaítear dleacht faoi na forála sin roimhe seo den Chuid seo den Sceideal seo:

(a) aon fheithicil a gcruthófar ina leith chun sástachta an Aire Rialtais Áitiúil go bhfuil seachtó agus cúig faoin gcéad de chostas táirgthe na feithicle nó innill na feithicle inchurtha i leith obair mhonaruithe a rinneadh sa Stát ar an bhfeithicil nó ar an inneall nó i ndáil leo     ..     ..

£10

(b) aon fheithicil a húsáidtear mar fheithicil sheirbhíse poiblí do réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1933 ( Uimh. 11 de 1933 ), agus a bhí cláraithe, an 21ú lá d'Aibreán, 1926, mar charráiste tuarastail do réir bhrí ailt 4 den Customs and Inland Revenue Act, 1888, agus a bhfuil a hinneall ar aon-tsonraíocht agus ar aon-dearadh le haon chineál innill atá, de thuras na huaire, i dteideal tairbhe fho-mhíre (a) den mhír seo     ..     ..     ..     ..     ..

£12

(c) aon fheithicil a rinneadh nó a hoiriúnaíodh lena húsáid, agus a húsáidtear d'aonfheidhm, chun inneall, ceardlann, feist nó gléas d'iompar agus nach n-úsáidtear chun aon ualach d'iompar ach amháin earraí a húsáidtear i ndáil leis an inneall, an cheardlann, an fheist nó an gléas sin nó earraí a próisíodh nó a monaraíodh inti—

mura bhfuil thar 8 n-each-chumhacht inti nó más le leictreachas a tiomáintear í

£8

má tá thar 8 n-each-chumhacht inti     ..

£1 ar gach aonad, nó cuid d'aonad, each-chumhachta.

(d) feithiclí eile lena mbaineann an mhír seo—

feithiclí nach bhfuil thar 8 n-each-chumhacht iontu nó a tiomáintear le leictreachas     ..     ..     ..     ..

£13

feithiclí a bhfuil thar 8 n-each-chumhacht iontu ach nach bhfuil thar 9 n-each-chumhacht iontu     ..     ..

£14 10s.

feithiclí a bhfuil thar 9 n-each-chumhacht iontu ach nach bhfuil thar 10 n-each-chumhacht iontu     ..     ..

£16 10s.

feithiclí a bhfuil thar 10 n-each-chumhacht iontu ach nach bhfuil thar 11 each-chumhacht iontu     ..     ..     ..

£19 10s.

feithiclí a bhfuil thar 11 each-chumhacht iontu ach nach bhfuil thar 12 each-chumhacht iontu     ..     ..     ..

£22

feithiclí thar 12 each-chumhacht     ..

£22 móide £2 ar gach aonad, nó cuid d'aonad, each-chumhachta, de bhreis ar 12 each-chumhacht.

Cuid II.

1. (1) I gCuid 1 den Sceideal seo—

folaíonn “rothar” mótar-scinneán agus rothar lena ngabhann ceanglas chun í a thiomáint le cumhacht mheicniúil;

folaíonn “rothar trianach” mótar-scinneán agus rothar trianach lena ngabhann ceanglas chun í a thiomáint le cumhacht mheicniúil.

(2) Ní measfar feithicil a bheith á tiomáint le leictreachas, do réir bhrí Coda I den Sceideal seo, muran ó fhoinse éigin lasmuigh den fheithicil, nó ó achadhnra leictreachais nach bhfuil i gceangal le haon fhoinse chumhachta le linn don fheithicil bheith ag gluaiseacht, a thagas an chumhacht leictreachais tiomána.

(3) I gcás feithicle (dá ngairmtear sa bhfo-mhír seo an fheithicil chéad-luaite) a bhfuil feithicil eile, nó ceanglas i bhfoirm feithicle, ag gabháil léi agus forshuite go páirteach anuas uirthi, measfar chun críche Coda I den Sceideal seo gurb aon fhoithicil amháin an fheithicil chéad-luaite agus an fheithicil eile nó an ceanglas, agus ní measfar gur tarraicire ná feithicil atá ag tarraingt leantóra an fheithicil chéad-luaite de thoisc amháin an fheithicil eile nó an ceanglas a bheith ag gabháil léi.

2. Chun críche míre 3 de Chuid I den Sceideal seo, ní fholaíonn cóiríocht shuite feithicle an suíochán nó an spás do thiománaí na feithicle.

3. Más rud é, mura mbeadh an mhír seo, go mbainfeadh fo-mhír (c) de mhír 4 de Chuid I den Sceideal seo le feithicil, ní bhainfidh an fho-mhír sin léi (agus dá réir sin bainfidh fo-mhír (d) den mhír sin léi) mura dtabharfaidh an té a bheas ag tógaint an cheadúnais amach cruthúnas chun sástachta an údaráis cheadúnúcháin—

(a) gurb í an fheirmeoireacht is aon-ghnó nó is príomhghnó aige, agus nach n-úsáidtear an fheithicil ar bhóithre poiblí ach ó am go ham agus chun na gcríocha seo amháin—

(i) chun toradh a fheirme agus earraí a tharraingt is gá le haghaidh na feirme, lena n-áirítear an teach feirme agus na foirgintí feirme, ach gan tarraingt bhreosla d'áireamh más mar earra le díol a hiompraítear é, nó

(ii) chun earraí den chineál chéanna a tharraingt le haghaidh feirmeora eile, ar choinníoll nach ar luaíocht a tarraingtear na hearraí sin, nó

(b) gur conraitheoir é a fostaíodh chun obair thalmhaíochta a dhéanamh ar fheirm agus nach n-úsáidtear an fheithicil ar bhóithre poiblí ach chun earraí a tharraingt a theastaíonn uaidh chun an obair sin a dhéanamh.

4. Maidir le feithicil lena mbaineann mír 5 de Chuid I den Sceideal seo, agus—

(a) más feithicil a tiomáintear le leictreachas í, ar mó ná tonna agus ceathrú ach nach mó ná tonna go leith a meáchan gan ualach, agus, más feithicil d'aon tsaghas eile í, ar mó ná tonna ach nach mó ná tonna go leith a meáchan gan ualach, agus

(b) a gcruthófar ina leith chun sástachta an Aire Tionscail agus Tráchtála go ndearnadh oiread cóimeála ar an fheithicil sin sa Stát agus a bhí, agus go ndearnadh sin ar chuma a bhí, chun sástachta an Aire sin de thuras na huaire, agus gur cóimeáladh amhlaidh í roimh an 13ú lá de Bhealtaine, 1936, nó gur cóimeáladh amhlaidh í, go hiomlán nó an oiread agus a bhí chun sástachta an Aire sin de thuras na huaire, as comhpháirteanna a monaraíodh sa Stát,

laghdófar £10 an ráta bliantúil dleachta.

5. (1) I gcás feithicle lena mbaineann mír 6 de Chuid I den Sceideal seo agus a húsáidtear mar fheithicil bheag sheirbhíse poiblí do réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhoithre, 1933 ( Uimh. 11 de 1933 ), agus nach n-úsáidtear chun aon chríche eile, agus a bhfuil thar 20 each-chumhacht inti, ní déanfar aon dleacht a mhuirearú ná a thobhach i leith na heach-chumhachta de bhreis ar 20 each-chumhacht.

(2) I gcás feithicle lena mbaineann mír 6 de Chuid I den Sceideal seo agus a bhfuil thar 10 n-each-chumhacht inti agus taximhéadar feistithe uirthi agus a húsáidtear go dleathach mar fheithicil sheirbhíse sráide do réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1933 (Uimh. 11 de 1933) , nó chun críocha a ghabhas leis an úsáid sin, agus nach n-úsáidtear chun aon chríche eile, ní déanfar aon dleacht a mhuirearú ná a thobhach i leith na heach-chumhachta de bhreis ar 10 n-each-chumhacht.

(3) I gcás feithicle lena mbaineann mír 6 de Chuid I den Sceideal seo, má cruthaítear chun sástachta an údaráis cheadúnúcháin gur roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1913, a rinneadh a hinneall, laghdófar fiche agus cúig faoin gcéad an ráta bliantúil dleachta.

(4) I gcás feithicle lena mbaineann mír 6 de Chuid I den Sceideal seo, agus—

(a) a bhfuil thar 16 each-chumhacht inti, agus

(b) a gcruthófar ina leith chun sástachta an Aire Tionscail agus Tráchtála go ndearnadh oiread cóimeála ar an fheithicil sin sa Stát agus a bhí, agus go ndearnadh sin ar chuma a bhí, chun sástachta an Aire sin de thuras na huaire, agus gur cóimeáladh amhlaidh í roimh an 13ú lá de Bhealtaine, 1936, nó gur cóimeáladh amhlaidh í, go hiomlán nó an oiread agus a bhí chun sástachta an Aire sin de thuras na huaire, as comhpháirteanna a monaraíodh sa Stát,

ní déanfar aon dleacht a mhuirearú ná a thobhach i leith each-chumhachta na feithicle sin de bhreis ar 16 each-chumhacht.

(5) I gcás feithicle lena mbaineann mír 6 de Chuid I den Sceideal seo agus a húsáidtear mar chróchar agus nach n-úsáidtear chun aon críche eile agus a bhfuil thar 12 each-chumhacht inti, ní déanfar aon dleacht a mhuirearú ná a thobhach i leith na heach-chumhachta de bhreis ar 12 each-chumhacht.