|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT MHÓR-IARNRÓD AN TUAISCIRT, 1953) | Ar Aghaidh (CUID II. Bord Mhór-Iarnród an Tuaiscirt.) |
ACHT MHÓR-IARNRÓD AN TUAISCIRT, 1953
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Réamhráiteach agus Ginearálta. | |
[EN] |
Gearrtheideal. |
1. —Féadfar Acht Mhór-Iarnród an Tuaiscirt, 1953 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] |
Léiriú. |
2. —(1) San Acht seo— |
[EN] | An Bord. |
ciallaíonn “an Bord” an Bord a bunaítear le halt 6; |
[EN] | An Chuideachta. |
ciallaíonn “an Chuideachta” an Great Northern Railway Company (Ireland); |
[EN] | achtachán. |
folaíonn “achtachán” aon ionstraim arna déanamh faoi achtachán; |
[EN] | an dáta bunuithe. |
ciallaíonn “an dáta bunuithe” and dáta a ceapfar faoi alt 6; |
[EN] | talamh. |
folaíonn “talamh” talamh faoi uisce agus aon éasúint, brabús nó ceart i dtalamh nó thar thalamh nó i dtalamh faoi uisce nó thar talamh faoi uisce; |
[EN] | an tAire. |
ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála; |
[EN] | An tAire. Tráchtála. |
ciallaíonn “an tAire Tráchtála” Aire Tráchtála Thuaisceart Éireann; |
[EN] | an Aireacht. |
ciallaíonn “an Aireacht” Aireacht Tráchtála Thuaisceart Éireann; |
[EN] | líne iarnróid. |
folaíonn “líne iarnróid” cuid de líne iarnróid; |
[EN] | an Binse Iompair. |
ciallaíonn “an Binse Iompair” an Binse Iompair a bunaíodh le halt 54 den Acht Iompair, 1950 ( Uimh. 12 de 1950 ). |
[EN] | (2) Forléireofar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán mar thagairtí don achtachán sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin. | |
[EN] | (3) San Acht seo aon tagairt a déantar do réir uimhreach do Chuid, d'alt nó do Sceideal is tagairt í don Chuid, don alt nó don Sceideal den Acht seo ar a bhfuil an uimhir sin mura léirítear gur tagairt d'Acht éigin eile í. | |
[EN] |
Cumhacht don Aire comhaontú a dhéanamh. |
3. —Údaraítear leis seo don Aire comhaontú a dhéanamh leis an Aireacht do réir téarmaí an dréachta atá leagtha amach sa Chéad Sceideal. |
[EN] |
Díolúine ó dhleachta stampa. |
4. —(1) Ní oibreoidh alt 12 den Finance Act, 1895, chun a cheangal ar an mBord cóip den Acht seo a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim ná aon dleacht stampa d'íoc faoin alt sin ar aon chóip den Acht seo. |
[EN] | (2) Ní bheidh dleacht stampa inmhuirir ar aon ionstraim a déanfar chun críche ailt 20. | |
[EN] | (3) Ní bheidh dleacht stampa inmhuirir ar aon chomhaontú, banna, mionnscríbhinn, dearbhú reachtúil, dámhachtain eadrána ná ionstraim eile a déanfar chun críche ailt 38. | |
[EN] |
Caiteachais. |
5. —Da caiteachais faoina raghaidh an tAire ag cur an Achta seo i ngníomh, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas. |