An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Leasú ar na hAchta maidir le Pinsin Phósta agus Liúntais Bhaintrí.) Ar Aghaidh (CUID VI. Ilghnéitheach.)

23 1953

AN tACHT ARM-PHINSEAN, 1953

CUID V.

Leasú ar na hAchta maidir le Liúntais Speisialta.

Leasú ar alt 7 d'Acht 1943.

41. —(1) Leasaítear leis seo alt 7 d'Acht 1943 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (1):

“(1)   (a) Faoi réir forál an ailt seo, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, liúntas (dá ngairmtear liúntas speisialta san alt seo) a dheonadh d'aon duine cáilithe a sásófar an tAire agus an tAire Airgeadais go bhfuil na coinníollacha reachtúla comhlíonta ina chás.

(b) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ó am go ham agus i leith tréimhse sonraithe, toiliú coiteann a thabhairt, faoi réir pé coinníollacha a chinnfeas sé ó am go ham, chun críche míre (a) den fho-alt seo, agus ní bheidh feidhm, i gcaitheamh aon tréimhse sonraithe den tsórt sin, ag an gceanglas i dtaobh an tAire Airgeadais a shásamh go bhfuil na coinníollacha reachtúla comhlíonta.”

(2) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (6) d'alt 7 d'Acht 1943—

“(6)   (a) I gcás ina mbeifear tar éis diúltú d'iarratas ar liúntas speisialta, nó i gcás liúntas speisialta d'fhorceannadh nó a bheith forceannta, ní déanfar, laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an diúltuithe nó an fhorceannta, aird a thabhairt ar aon iarratas eile ar an liúntas sin ná ar aon iarratas ar an liúntas sin d'athnuachaint (pé acu é).

(b) D'ainneoin míre (a) den fho-alt seo, féadfaidh an tAire, dá rogha féin, aird a thabhairt ar iarratas eile a déanfar laistigh de dhá mhí dhéag tar éis liúntas speisialta a dhiúltú nó d'fhorceannadh má thugann an t-iarratasóir fianaise shásúil ar aird don Aire go gcomhlíonann sé na coinníollacha reachtúla.”

(3) Athghairmtear leis seo an míniú ar an abairt “duine cáilithe” atá i bhfo-alt (9) d'alt 7 d'Acht 1943, arna leasú le fo-alt (1) d'alt 14 d'Acht 1946 agus le fo-alt (2) d'alt 9 d'Acht 1949, agus chun críocha an ailt sin 7 d'Acht 1943 ciallaíonn duine cáilithe—

(a) duine a bhí ina chomhalta d'eagras lena mbaineann Cuid II d'Acht 1932 agus dár deonadh—

(i) deimhniú seirbhíse míleata faoi Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 (Uimh. 48 de 1924) , nó deimhniú seirbhíse faoi Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1934 (Uimh. 43 de 1934) , i leith seirbhíse i rith aon choda den tréimhse dár thosach an 23ú lá d'Aibreán, 1916, agus dár chríoch an 11ú lá d'Iúil, 1921, nó

(ii) pinsean créachta nó míchumais faoi na hAchta i leith créachta a bhain dó nó míchumais a tharla dhó sa tréimhse sin, nó

(iii) bonn i leith seirbhíse i rith aon choda den tseachtain dár thosach an 23ú lá d'Aibreán, 1916, nó

(iv) bonn i leith comhaltais leanúnaigh i gcaitheamh na tréimhse trí mhí dár chríoch an 11ú lá d'Iúil, 1921, más deimhin leis an Aire gur dámhadh go cuí é ar iarratas a rinneadh lá nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis dáta an Achta seo a rith; nó

(b) duine dár deonadh pinsean seirbhíse, créachta nó míchumais faoi na hAchta um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936 go 1953.

(4) Leasaítear leis seo fo-alt (9) d'alt 7 d'Acht 1943—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad na bhfocal “ciallaíonn an abairt ‘ an tsuim bliantúil oiriúnach’”—

“ciallaíonn an abairt ‘an tsuim bliantúil oiriúnach’, i gcás duine atá seachtó bliain nó níos mó d'aois”;

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach díreach i ndiaidh an mhínithe ar an abairt a luaitear i mír (a) den fho-alt seo—

“ciallaíonn an abairt ‘an tsuim bliantúil oiriúnach’, i gcás duine atá faoi bhun seachtó bliain d'aois—

(a) maidir le fear singil nó bean singil, nó le fear pósta nó bean phósta, a pósadh tar éis an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1942, nó le baintreach fir nó baintreach mná a pósadh tar éis an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1942, nó le baintreach fir nó baintreach mná gan chlann, £104;

(b) maidir le fear pósta nó bean phósta a pósadh roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1942, a maireann an céile ach atá gan chlann, £130;

(c) maidir le fear pósta nó bean phósta, a pósadh roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1942, a maireann an céile agus ag a bhfuil clann, suim na méideanna seo a leanas, eadhon, £130 agus £10 8s. i leith gach duine clainne faoi leith;

(d) maidir le baintreach fir nó baintreach mná, a pósadh roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1942, ag a bhfuil clann, suim na méideanna seo a leanas, eadhon, £104, agus £10. 8s. i leith gach duine clainne faoi leith.”

Athbhreithniú ar liúntais speisialta.

42. —(1) Féadfaidh an tAire, dá rogha féin, liúntas faoi alt 7 d'Acht 1943 (dá ngairmtear liúntas speisialta san Acht seo) d'athbhreithniú dá thoil féin nó ar an duine dár deonadh an liúntas sin dá iarraidh sin.

(2) Má dhealraíonn sé de thoradh athbhreithnithe faoi fho-alt (1) den alt seo nach bhfuil teideal ag duine chun liúntais speisialta nó chun an liúntais sin do réir an ráta dob iníoctha díreach roimh dháta an athbhreithnithe, déanfar (do réir mar is iomchuí sa chás) an liúntas d'fhorceannadh nó a laghdú go dtí an ráta iomchuí ón dáta ar a gcinnfidh an tAire nach bhfuil teideal ag an duine sin chun liúntais speisialta nó chun an liúntais sin do réir an ráta dob iníoctha díreach roimh dháta an athbhreithnithe ach amháin, i gcás ina gcuirfear bás céile nó linbh in iúl go cuí, go mbeidh éifeacht ag an bhforceannadh nó an laghdú sin (pé acu é) amhail ó dháta an bháis sin.

(3) Má dhealraíonn sé de thoradh athbhreithnithe faoi fho-alt (1) den alt seo go bhfuil teideal ag duine chun liúntais mhéadaithe, féadfar an liúntas a mhéadú go dtí an ráta iomchuí amhail ón dáta ar a gcinnfidh an tAire go bhfuil teideal ag an duine sin chun an liúntais mhéadaithe.

(4) I gcás ina ndeonfar liúntas speisialta do dhuine nach bhfuil i gcumas é féin a chothú mar gheall ar bhuan-easláine choirp nó aigne, féadfaidh an tAire, dá rogha féin, staid sláinte an duine sin d'athbhreithniú tráth ar bith agus, más deimhin leis an Aire, de thoradh aon athbhreithnithe den tsórt sin, nach gcomhlíonann an duine sin níos mó an coinníoll reachtúil a bhaineas le buan-easláine, forceannfar an liúntas speisialta amhail ón dáta ar ar deimhin leis an Aire nach gcomhlíonann an duine sin níos mó an coinníoll reachtúil a bhaineas le buaneasláine.

(5) Athghairmtear leis seo fo-alt (7) d'alt 7 d'Acht 1943 (a cuireadh isteach le fo-alt (1) d'alt 9 d'Acht 1949).

E bheith d'oblagáid nithe áirithe a tharlós a chur in iúl don Aire.

43. —(1) Má thagann, i gcás aon duine atá ag fáil liúntais speisialta, aon fheabhas ar acmhainn an duine sin ó fiosraíodh acmhain an duine sin go deiridh thar ceann an Aire, agus, i gcás aon duine den tsórt sin a pósadh roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1942, má gheibheann céile an duine sin nó leanbh leis an duine sin bás, ansin, déanfaidh an duine sin nó bhéarfaidh go ndéanfar, laistigh de mhí tar éis sin a tharlachtaint, é a chur in iúl i scríbhinn don Aire.

(2) Má mhainníonn duine fo-alt (1) den alt seo a chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air nó, de rogha na Cúirte, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

(3) Beidh feidhm ag alt 14 d'Acht 1949 amhail is dá mba thagairt do mhainneachtaint maidir le fo-alt (1) den alt seo a chomhlíonadh an tagairt atá i mír (b) d'fho-alt (1) do ráiteas bréagach.

(4) San alt seo tá an bhrí chéanna le “leanbh” atá le “duine cloinne” in alt 7 d'Acht 1943.

Aiscí do ghaolta le daoine marbha áirithe.

44. —(1) Má gheibheann duine a bhí ag fáil liúntais speisialta bás tar éis an damhachtain deiridh d'fhorceannadh agus sara ndearnadh dámhachtain nua agus go ndéanfaí dámhachtain nua mura mbeadh bás an duine sin, ansin, d'ainneoin fo-ailt (1) d'alt 12 d'Acht 1949, féadfaidh an tAire aisce d'íoc i leith an duine sin is comhionann le méid an liúntais speisialta a bheadh, ar bhás an duine sin, faibhrithe chun bheith dlite de bhun na dámhachtana nua.

(2) Beidh feidhm ag fo-ailt (3) agus (4) d'alt 12 d'Acht 1949 maidir le haisce is iníoctha faoin alt seo.

(3) Measfar fo-ailt (1) agus (2) den alt seo a theacht i ngníomh ar an lú lá d'Iúil, 1950, agus beidh éifeacht acu ar an dáta sin agus uaidh sin amach.