|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V. Leasú ar na hAchta maidir le Liúntais Speisialta.) | Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL.) |
AN tACHT ARM-PHINSEAN, 1953
[EN] | ||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
CUID VI. Ilghnéitheach. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Liúntais do leanaí áirithe le Síniúirí an Fhorógra a foilsíodh Luan Cásca, 1916. |
45. —(1) Íocfar as airgead a sholáthrós an tOireachtas, ar iarratas a dhéanamh chun an Aire, liúntas bliantúil de £125— | ||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) le gach iníon ar leith do Shíniúir leis an bhForógra a foilsíodh Luan Cásca, 1916, agus | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) le gach mac ar leith do Shíniúir den tsórt sin más deimhin leis an Aire nach bhfuil an mac sin i gcumas é féin a chothú mar gheall ar aois nó buan-easláine choirp nó aigne. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Beidh gach liúntas faoi fho-alt (1) den alt seo iníoctha i ndiaidh láimhe in aghaidh an mhí agus tosnóidh sé ar pé dáta (nach luaithe ná dáta an Achta seo a rith) a chinnfeas an tAire. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 9 d'Acht 1923. |
46. —Féadfaidh an tAire Airgeadais, ó am go ham agus i leith tréimhse sonraithe, toiliú coitiann chun críche ailt 9 d'Acht 1923 a thabhairt, faoi réir pé coinníoll a chinnfeas sé ó am go ham, i leith pinsean, liúntas agus aiscí is iníoctha faoi aon fhoráil de na hAchta nó den Acht seo agus lena mbaineann an t-alt sin 9. | ||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 10 d'Acht 1927. |
47. —Beidh éifeacht ag fo-alt (2) d'alt 10 d'Acht 1927, maidir le hoifigeach a hurscaoileadh as na fórsaí an 2ú lá d'Aibreán, 1950, nó dá éis, amhail is dá gcuirtí an méid seo a leanas in ionad na bhfocal a cuireadh sa bhfo-alt sin le mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 3 d'Acht 1943— | ||||||||||||||||||||||||
[EN] | “an lá roimh dháta a urscaoilte, má ba oifigeach é, ina oifigeach pósta do réir bhrí na Rialachán Fórsaí Cosanta do rialú páighe oifigeach a bhí i bhfeidhm an lá sin nó, má ba shaighdiúir é, a bheith, ar dháta a urscaoilte, ag fáil liúntais phósta mar shaighdiúir pósta.” | |||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar ailt 10 agus 12 d'Acht 1927. |
48. —(1) Beidh éifeacht ag alt 10 agus ag alt 12 d'Acht 1927, maidir lena bhfeidhm i gcás oifigigh a hurscaoilfear as na fórsaí ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis, amhail is dá gcuirtí na Táiblí seo a leanas in ionad an Táible atá i gCuid I den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht sin: | ||||||||||||||||||||||||
[EN] | “Oifigeach dob oifigeach pósta do réir bhrí na Rialachán Fórsaí Cosanta do rialú páighe oifigeach a bhí i bhfeidhm an lá roimh lá a urscaoilte as na fórsaí. | |||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||
[EN] | Oifigeach nárbh oifigeach pósta do réir bhrí na Rialachán Fórsaí Cosanta do rialú páighe oifigeach a bhí i bhfeidhm an lá roimh lá a urscaoilte as na fórsaí. | |||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ” | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) d'alt 6 ná ag fo-alt (1) d'alt 8 d'Acht Méaduithe 1949 maidir le hoifigeach lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Ní féidir dul thar dámhachtain faoi alt 12 d'Acht 1927. |
49. —(1) Má dámhtar aisce faoi alt 12 d'Acht 1927 i leith créachta nó má diúltaítear pinsean nó aisce a dhámhachtain faoin alt sin i leith créachta, ní bheidh dul thar an dámhachtain nó an diúltú dámhachtana (pé acu é) sin, ná ní féidir é d'athscrúdú ná d'athbhreithniú, ach amháin mar foráltar a mhalairt leis an alt seo. | ||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Aon duine a ndámhfar dó, ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis, aisce faoi alt 12 d'Acht 1927 i leith créachta nó aor duine a ndíúltófar, ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis, pinsean nó aisce a dhámhachtain dó faoin alt sin i leith créachta ar an aon-fhoras nach bhfuil aon éagumas ar an duine sin, féadfaidh sé, laistigh de chúig bliana ó dháta na dámhachtana sin nó an diúltú dámhachtana sin (pé acu é), a iarraidh ar an Aire méid na dámhachtana nó an diúltú dámhachtana sin (pé acu é) a chur dá athscrúdú agus air sin féadfaidh an tAire, más cuí leis é, an scéal a tharchur chun Boird na nArm-Phinsean lena athscrúdú agus féadfaidh, ar thuarascáil d'fháil ó Bhord na nArm-Phinsean, pé pinsean nó aisce (más aon cheann é) a dheonadh don duine sin d'fhéadfaí a dheonadh dá dtugtaí an tuarascáil sin nuair a céad-fhiosraíodh an cás faoin alt sin 12, faoi réir na tórann nach dtosnóidh aon phinsean a deonfar amhlaidh ar dháta is luaithe ná an dáta a gcinnfidh Bord na nArm-Phinsean gurb é an dáta é a chéad-shroich an t-éagumas ar ina leith a deonfar an pinsean sin fiche faoin gcéad. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Aon duine dár dámhadh, roimh dháta an Achta seo a rith, aisce faoi alt 12 d'Acht 1927 i leith créachta a bhain dó an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1939, nó dá éis, nó aon duine ar diúltaíodh roimh dháta an Achta seo a rith, pinsean nó aisce a dhámhachtain dó faoin alt sin i leith créachta a bhain dó an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1939, nó dá éis, ar an aon-fhoras nach raibh aon éagumas ar an duine sin, féadfaidh sé, laistigh de dhá mhí dhéag tar éis dáta an Achta seo a rith, a iarraidh ar an Aire méid na dámhachtana sin nó an diúltú dámhachtana sin (pé acu é) a chur dá athscrúdú, agus air sin féadfaidh an tAire, más cuí leis é, an scéal a tharchur chun Boird na nArm-Phinsean agus féadfaidh, ar thuarascáil d'fháil ó Bhord na nArm-Phinsean, pé pinsean nó aisce (más aon cheann é) a dheonadh don duine sin d'fhéadfaí a dheonadh dá dtugtaí an tuarascáil sin nuair a céad-fhiosraíodh an cás faoin alt sin 12, faoi réir na tórann go dtosnóidh aon phinsean a deonfar amhlaidh ar pé dáta (nach luaithe ná dáta an Achta seo a rith nó an dáta a gcinnfidh Bord na nArm-Phinsean gurb é an dáta é a shroich an míchumas fiche faoin gcéad, pé dáta acu sin is déanaí) a chinnfeas an tAire. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Tórainn ama chun iarratais áirithe a dhéanamh faoi ailt 14 agus 15 d'Acht 1927. |
50. —D'ainneoin aon ní sna hAchta, gach iarratas ar liúntas nó aisce faoi fho-alt (2) d'alt 14 d'Acht 1927 i leith duine arbh í aon-tsiocair a bháis galar dob inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith tréimhse na héigeandála, agus gach iarratas ar liúntas nó aisce faoi fho-alt (2) d'alt 15 den Acht sin i leith duine d'éag de chréacht a bhain dó an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1939, nó dá éis, déanfar é— | ||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) i gcás an duine ar ina leith a héilítear an aisce nó an liúntas d'fháil bháis roimh dháta an Achta seo a rith, lá nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis dáta an Achta seo a rith; | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) i gcás an duine sin d'fháil bháis ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis, lá nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis dáta báis an duine sin. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 20 d'Acht 1932. |
51. —Leasaítear leis seo fo-alt (3) d'alt 20 d'Acht 1932 trí “(ach amháin fo-alt (4) de sin)” a scrios. | ||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Cumhacht chun liúntais bhreise a dheonadh faoi Chuid VII d'Acht 1937. |
52. —(1) Má gheibheann duine bás le linn bheith ag fáil liúntais faoi Chuid VII d'Acht 1937, is dleathach do ghaol cleithiúnach eile don duine marbh a raibh an liúntas iníoctha ina leith go n-iarrfadh sé agus go ndeonfaí dhó liúntas faoin gCuid sin VII, ar choinníoll gur deimhin leis an Aire agus leis an Aire Airgeadais go gcomhlíontar na coinníollacha reachtúla chun liúntas faoin gCuid sin VII a dheonadh. | ||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Beidh gach iarratas ar liúntas faoi Chuid VII d'Acht 1937, arna leasú leis an alt seo, i pé foirm, agus beidh pé sonraí ann, a iarrfas an tAire, agus déanfar é— | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) más roimh dháta an Achta seo a rith d'éag an duine a fuair bás le linn bheith ag fáil liúntais, lá nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis an dáta sin, agus | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) más ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis d'éag an duine sin, laistigh de dhá mhí dhéag tar éis báis an duine sin. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Gach liúntas a deonfar faoi Chuid VII d'Acht 1937, arna leasú leis an alt seo, tosnóidh sé ar pé dáta (nach luaithe ná dáta an Achta seo a rith) a chinnfeas an tAire. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Ceart daoine áirithe chun athiarratas a dhéanamh faoi Chuid VII d'Acht 1937. |
53. —(1) D'ainneoin fo-ailt (2) d'alt 10 d'Acht 1941, is dleathach don Aire, ar iarratas a dhéanamh chuige, liúntas faoi Chuid VII d'Acht 1937 a dheonadh do dhuine ar bith ar diúltaíodh dá iarratas ar liúntas cleithiúnaí faoin gCuid sin VII ar an aonfhoras nár chomhlíon an t-iarratasóir sin an coinníoll reachtúil maidir le hacmhainn, ar choinníoll gur deimhin leis an Aire agus leis an Aire Airgeadais go gcomhlíontar na coinniollacha reachtúla chun liúntas faoin gCuid sin VII a dheonadh. | ||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Beidh gach iarratas ar liúntas faoi Chuid VII d'Acht 1937, arna leasú leis an Acht seo, i pé foirm, agus beidh pé sonraí ann, a iarrfas an tAire, agus déanfar é lá nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis dáta an Achta seo a rith. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Gach liúntas a deonfar faoi Chuid VII d'Acht 1937, arna leasú leis an Acht seo, tosnóidh sé ar pé dáta (nach luaithe ná dáta an Achta seo a rith) a chinnfeas an tAire. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 40 d'Acht 1937. |
54. —Déanfar an tagairt i bhfo-alt (2) d'alt 40 d'Acht 1937 do chúig scillinge déag sa tseachtain d'fhorléiriú mar thagairt do sheasca punt sa bhliain. | ||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 5 d'Acht 1946. |
55. —Beidh éifeacht ag fo-alt (3) d'alt 5 d'Acht 1946, maidir le hoifigeach a hurscaoileadh asna fórsaí an 2ú lá d'Aibreán, 1950, nó dá éis, amhail is dá gcuirtí in ionad na bhfocal “ar dháta a urscaoilte, má ba oifigeach é, ar lonnaíocht i gceathrúna do lucht pósta nó ag fáil liúntais lóistín, tin-abhair agus solais mar oifigeach pósta nó, má ba shaighdiúir é, ag fáil liúntais phósta mar shaighdiúir pósta, nó” i mír (c) an méid seo a leanas: | ||||||||||||||||||||||||
[EN] | “an lá roimh dháta a urscaoilte, má ba oifigeach é, ina oifigeach pósta do réir bhrí na Rialachán Fórsaí Cosanta do rialú páighe oifigeach a bhí i bhfeidhm an lá sin nó, má ba shaighdiúir é, a bheith, ar dháta a urscaoilte, ag fáil liúntais phósta mar shaighdiúir pósta, nó”. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Srian le halt 6 d'Acht 1946. |
56. —Ní bheidh feidhm ag alt 6 d'Acht 1946 maidir le hoifigeach a hurscaoileadh as na fórsaí an 2ú lá d'Aibreán, 1950, nó dá éis. | ||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Dearbhú maidir le pinsean faoi alt 12 d'Acht 1946. |
57. —Chun deireadh a chur le hamhras dearbhaítear leis seo go measfar, chun críocha fo-ailt (3) d'alt 47 d'Acht 1937, gur pinsean faoi na hAchta pinsean a deonadh faoi alt 12 d'Acht 1946. | ||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Pinsean a dhéanamh bailí. |
58. —I gcás duine a ndearnadh, an 27ú lá d'Eanáir, 1943, aisce i leith créachta a dheonadh dhó faoi alt 10 d'Acht 1932 agus d'iarr ar an Aire, an 10ú lá de Mhárta, 1948, méid na dámhachtana a chur dá athscrúdú, beidh éifeacht ag na fórala seo a leanas: | ||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) d'ainneoin fo-ailt (2) d'alt 18 d'Acht 1932, measfar gur pinsean a deonadh go bailí an pinsean a deonadh don duine sin faoin alt sin 10; | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) i gcás pinsean faoin alt sin 10 a bheith iníoctha leis an duine sin tar éis dáta an Achta seo a rith, beidh an pinsean sin iníoctha ó pé dáta a chinnfeas an tAire ach ní bheidh an dáta sin níos luaithe ná dáta an Achta seo a rith. |