|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS, 1954) | Ar Aghaidh (CUID II. Custaim agus Máil.) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1954
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Cáin Ioncaim. | |
[EN] |
Cáin ioncaim agus forcháin don bhliain 1954-55. |
1. —(1) Déanfar cáin ioncaim don bhliain dár tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1954, a mhuirearú do réir seacht scillinge agus sé pingne sa phunt. |
[EN] | (2) Déanfar forcháin don bhliain dár tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1954, a mhuirearú ar ioncaim aon phearsan ar mó ná míle agus cúig chéad punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh, agus is do réir na rátaí ar dá réir a muirearaítear í don bhliain dár tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1953, a muireófar amhlaidh í. | |
[EN] | (3) Faoi réir forál an Achta seo, beidh éifeacht maidir leis an gcáin ioncaim agus leis an bhforcháin a muireófar mar adúradh don bhliain dár tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1954, ag na forála ar leithligh, reachtúil agus eile, a bhí i bhfeidhm an 5ú lá d'Aibreán, 1954, maidir le cáin ioncaim agus forcháin. | |
[EN] |
Méadú ar an liúntas pearsanta. |
2. —(1) Forléireofar fo-alt (1) d'alt 18 den Finance Act, 1920, arna leasú le halt 2 den Acht Airgeadais, 1947 (Uimh. 15 de 1947), agus le halt 2 den Acht Airgeadais, 1951 ( Uimh. 15 de 1951 ), agus beidh éifeacht aige amhail is dá ndéantaí— |
[EN] | (a) “three hundred pounds” a chur ann in ionad “two hundred and eighty pounds”, agus | |
[EN] | (b) “one hundred and fifty pounds” a chur ann in ionad “one hundred and forty pounds”. | |
[EN] | (2) Más rud é, mura mbeadh an fo-alt seo, go mbeadh teideal ag an éilitheoir chun asbhainte céad agus caoga punt faoi fho-alt (1) d'alt 18 den Finance Act, 1920, arna leasú le fo-alt (1) den alt seo, ansin, má chruthaíonn an t-éilitheoir gur baintreach fir é nó gur baintreach mná í sa bhliain mheasúnuithe, beidh teideal ag an éilitheoir chun asbhainte céad agus seachtó agus cúig puint in ionad na hasbhainte céad agus caoga punt sin. | |
[EN] |
Díolúine nuair nach mó ná £240 an t-ioncam iomlán, agus faoiseamh marghanach. |
3. —(1) (a) Aon phearsa a dhéanfas, sa tslí a hordaítear leis na hAchta Cánach Ioncaim, éileamh chuige sin, agus tuairisceán a thabhairt sa bhfoirm ordaithe ar a ioncam iomlán, agus cruthúnas a thabhairt nach mó ná dhá chéad agus ceathracha punt a ioncam iomlán don bhliain mheasúnuithe, beidh teideal aige chun díolúine ó cháin ioncaim. |
[EN] | (b) Aon phearsa ag a mbeadh, mura mbeadh a ioncam iomlan a bheith níos mó ná dhá chéad agus ceathracha punt, teideal chun díolúine mar foráltar i mír (a) den fho-alt seo, beidh teideal aige chun an méid cánach ioncaim is iníoctha i leith a ioncaim iomláin, dá mba rud é go raghadh an méid sin, d'éagmais forál na míre seo, thar suim is comhionann le trí chúigiú na méide atá a ioncam iomlán os cionn dhá chéad agus ceathracha punt, a laghdú anuas go dtí an tsuim sin. | |
[EN] | (2) Na forála sin go léir de na hAchta Cánach Ioncaim a bhfuil feidhm acu maidir le liúntais nó asbhaintí do réir bhrí an Tríú Sceidil a ghabhas leis an Finance Act, 1920, beidh feidhm acu, le haon mhodhnuithe is gá, maidir le díolúintí ó cháin nó le laghduithe ar cháin faoin alt seo. | |
[EN] | (3) San alt seo ciallaíonn “ioncam iomlán” ioncam iomlán ó gach bunadh arna mheas do réir forál na nAcht Cánach Ioncaim. | |
[EN] |
Méadú ar na hasbhaintí i leith leanaí. |
4. —(1) Déanfar leis seo fo-alt (1) d'alt 21 den Finance Act, 1920, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, a leasú tuilleadh trí “a deduction of eighty-five pounds” a chur in ionad “a deduction of eighty pounds” (a cuireadh isteach le halt 3 den Acht Airgeadais, 1951 ( Uimh. 15 de 1951 )). |
[EN] | (2) Leasaítear leis seo alt 4 den Acht Airgeadais, 1944 ( Uimh. 18 de 1944 )— | |
[EN] | (a) trí “na hAchta Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1952” a chur in ionad “Acht 1944” i bhfo-alt (1), agus | |
[EN] | (b) trí fho-ailt (2), (3) agus (4) a scrios. | |
[EN] |
Alt 3 den Acht Airgid, 1935 , do scor i gcásanna áirithe. |
5. —(1) San alt seo ciallaíonn “maoin iomchuí” aon tionóntán nó oidhreachtán inrátuithe lena mbainfeadh alt 3 den Acht Airgid, 1935 ( Uimh. 28 de 1935 ), mura mbeadh an t-alt seo. |
[EN] | (2) Má dhéanann pearsa éileamh sa tslí orduithe agus go gcruthóidh gurb é únaer na maoine iomchuí é agus go bhfuil an mhaoin sin á háitiú aige d'aon-toisc mar áit chónaithe dhó féin, ansin— | |
[EN] | (a) ní bheidh feidhm ná éifeacht ag an alt sin 3 maidir leis an maoin iomchuí, | |
[EN] | (b) déanfar cáin faoi Sceideal A den Income Tax Act, 1918, a mhuirearú dá réir sin i leith na maoine iomchuí amhail is nár hachtaíodh an t-alt sin 3, agus | |
[EN] | (c) má muirearaíodh cáin i leith na maoine iomchuí ar shlí seachas do réir an ailt seo, aisíocfar aon cháin iomarcach a bheas íoctha. | |
[EN] | (3) Measfar an mhaoin iomchuí a bheith á háitiú d'aon-toisc mar áit chónaithe dhó féin ag an bpearsa dá dtagartar i bhfo-alt (2) den alt seo más rud é gur chuige sin atá sí á háitiú aige go formhór agus nach bhfuil aon chuid di á háitiú chun críocha trádála ach go bhfuil cuid di á háitiú chun críocha gairme. | |
[EN] |
Pinsin áirithe a bheith díolmhaithe ó cháin ioncaim. |
6. —(1) Beidh ioncam lena mbaineann an t-alt seo díolmhaithe ó cháin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) agus ní háireofar é nuair a bheas ioncam á ríomh chun críocha na nAcht Cánach Ioncaim. |
[EN] | (2) Baineann an t-alt seo— | |
[EN] | (a) leis an bpinsean is iníoctha faoi alt (1) d'Acht Mhic Shuibhne (Pinsean), 1950 (Uimh. 30 de 1950) , agus | |
[EN] | (b) le pinsean is iníoctha faoin Acht Pinsean, 1952 (Uimh. 27 de 1952) . | |
[EN] |
Leasú ar alt 3 den Acht Airgid, 1925 . |
7. —Déantar leis seo alt 3 (a bhaineas le díolmhadh pinsean agus aiscí míleata áirithe) den Acht Airgid, 1925 (Uimh. 28 de 1925) , a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach ann in ionad fo-ailt (2) atá anois (de bhuaidh ailt 2 den Acht Airgeadais, 1950 (Uimh. 18 de 1950) ) san alt sin 3: |
[EN] | “(2) Folóidh na pinsin chréachta agus míchumais lena mbaineann alt 16 den Finance Act, 1919, agus measfar gur fholaíodar riamh— | |
[EN] | (a) gach pinsean créachta agus míchumais, agus gach méadú ar na pinsin sin, a deonadh faoi na h Achta Arm-Phinsean, 1923 go 1953, agus | |
[EN] | (b) gach aisce i leith créachta nó míchumais a deonadh amhlaidh, | |
[EN] | agus forléireofar an t-alt sin 16 agus beidh éifeacht aige dá réir sin.” | |
[EN] |
Feidhm ailt 8 den Acht Airgid, 1932 . |
8. —Beidh feidhm, agus measfar go raibh feidhm riamh, ag alt 8 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), maidir le haon liúntas a deonadh faoi alt 4 den Acht Arm-Phinsean, 1953 ( Uimh. 23 de 1953 ), do bhaintreach, do thuismitheoir, do dheirfiúr nó do dheartháir dhuine a maraíodh i rith Eirí-Amach an Aibreáin agus na Bealtaine, 1916. |
[EN] |
Feidhm ailt 4 den Acht Airgeadais, 1950 . |
9. —Beidh feidhm, agus measfar go raibh feidhm riamh, ag alt 4 den Acht Airgeadais, 1950 ( Uimh. 18 de 1950 ), maidir le haon liúntas is iníoctha faoi alt 45 den Acht Arm-Phinsean, 1953 ( Uimh. 23 de 1953 ). |
[EN] |
Leasú ar alt 11 den Acht Airgid, 1924 . |
10. —(1) Leasaítear leis seo alt 11 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 )— |
[EN] | (a) trí “£600” a chur in ionad “£300” i bhfo-alt (1), | |
[EN] | (b) trí “£50” a chur in ionad “£25” i bhfo-alt (2). | |
[EN] | (2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh ar dháta an Achta seo a rith. | |
[EN] |
Leasú ar alt 3 den Acht Airgeadais, 1941 . |
11. —Déantar leis seo alt 3 den Acht Airgeadais, 1941 ( Uimh. 14 de 1941 ), arna leasú le halt 2 den Acht Airgeadais, 1943 ( Uimh. 16 de 1943 ), a leasú tuilleadh trí na focail “nó, i gcás an chuid sin dá ioncam d'eirí in aon tír (dá ngairmtear an tír áirithe anseo feasta) de na tíortha a thagas faoin tuairisc atá luaite go deiridh i bhfo-alt (3) den alt seo, go raibh sé ina chónaí, roimh an mbliain cháinmheasa sin in aon dá thír nó níos mó, arb í an tír áirithe ceann acu, de na tíortha a thagas faoin tuairisc sin ar feadh tréimhsí nach lú ná deich mbliana a gcomhiomlán,” a chur isteach i ndiaidh na bhfocal “le deich mbliana ar a laghad”. |
[EN] |
Us d'ioc ar urrúis Bhord Soláthair an Leictreachais agus Chóras Iompair Éireann |
12. —(1) Aon stoc nó aon tsaghsanna eile urrúis a eiseos Bord Soláthair an Leictreachais nó Córas Iompair Éireann tar éis dáta an Achta seo a rith, measfar gur urrúis iad a heisíodh faoi údarás an Aire Airgeadais do réir bhrí ailt 2 den Acht Airgid, 1924 (Uimh. 27 de 1924) , agus beidh feidhm ag an alt sin dá réir sin. |
[EN] | (2) D'ainneoin aon ní i mír (l) de Riail 3 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, nó i Rialacha 19, 20 agus 21 de na Rialacha Ginearálta a bhaineas le Sceidil A, B, C, D agus E den Acht sin, nuair a beifear, chun críocha measúnuithe faoin Sceideal sin D, ag ríomh méid brabús nó gnóthachain Bhord Soláthair an Leictreachais nó Chóras Iompair Éireann, do réir mar bheas, d'aon tréimhse dá n-ullmhaítear cuntais, lamhálfar mar asbhaint méid an úis ar stoc nó saghsanna eile urrúis a íocas Bord Soláthair an Leictreachais nó Córas Iompair Éireann, pé acu é, do réir treora ón Aire Airgeadais faoi alt 2 den Acht Airgid, 1924 , mar bheirtear feidhm dó leis an alt seo, gan cáin a bhaint as in aghaidh na tréimhse sin. | |
[EN] | (3) Cuirfear an clásal seo a leanas le Riail 1 de Chás III de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, is é sin le rá: | |
[EN] | “(i) interest on stock or other forms of security issued by the Electricity Supply Board or by Córas Iompair Éireann in cases where such interest is paid without deduction of tax.” |