2 1955


Uimhir 2 de 1955.


AN tACHT TALMHAÍOCHTA (LEASÚ), 1955.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ NA n ACHT TALMHAÍOCHTA, 1931 GO 1948. [2 Márta, 1955.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An ráta talmhaíochta.

1. —(1) An tsuim bhreise a fhéadfas comhairle chontae a chruinniú faoi fho-alt (1) d'alt 36 den Acht Talmhaíochta, 1931 ( Uimh. 8 de 1931 ), sa bhliain airgeadais áitiúil dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1955, nó in aon bhliain airgeadais áitiúil ina dhiaidh sin, is suim í a bheas comhionann le hocht bpingne sa phunt, ar a mhéid, ar luach inrátuithe na contae i dtosach na bliana sin.

(2) Athghairmtear dá réir sin alt 2 den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1948 ( Uimh. 24 de 1948 ), a rinne foráil le haghaidh ráta bhreise nár mhó ná cúig pingne sa phunt.

(3) Gach gníomh agus gach ní a rinne comhairle chontae roimh an Acht seo a rith maidir le gearradh aon ráta don bhliain airgeadais áitiúil dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1955, beidh sé (má bhíonn méid an ráta thalmhaíochta ar áireamh sa mhéid a bheas le cruinniú tríd an ráta sin) chomh bailí éifeachtach agus dá mbeadh fo-alt (1) den alt seo i bhfeidhm an tráth a rinneadh an gníomh nó an ní sin.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht Talmhaíochta (Leasú), 1955 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na h Achta Talmhaíochta, 1931 go 1955, a ghairm de na h Achta Talmhaíochta, 1931 go 1948, agus den Acht seo le chéile.