An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil II. Leasuithe ar Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926.) Ar Aghaidh (CUID IV. Forála a bhaineas le hAirgeadas Áitiúil.)

9 1955

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL, 1955

CUID III

Bóithre.

Abhair do bhóithre a tháirgeadh.

31. —Féadfar na cumhachta a bheirtear le fo-alt (1) d'alt 10 den Local Government (Ireland) Act, 1898, d'fheidhmiú maidir leis an talamh a luaitear i bhfo-alt (1) d'alt 12 den Acht sin.

Feidhm an Development and Road Improvement Funds Act, 1909, a leathnú.

32. —Leasaítear leis seo alt 17 den Development and Road Improvement Funds Act, 1909, trí “or borough or urban district” a chur isteach i ndiaidh “county borough” sa dá áit ina bhfuil na focail deiridh sin san alt.

Forléiriú abairtí áirithe.

33. —(1) Baineann an t-alt seo leis na habairtí “highway”, “public highway”, “highway repairable by the inhabitants at large” agus le habairtí dá samhail.

(2) D'fhonn deireadh a chur le hamhrais, dearbhaítear leis seo, i gcás ina n-úsáidtear abairt lena mbaineann an t-alt seo i reacht a bhaineas le bóithre poiblí, nó in ionstraim a rinneadh faoi aon reacht den tsórt sin, go dtagrann an abairt sin, agus gur thagair sí riamh, do bhóthar mar a mínítear é in alt 1 d'Acht 1925.

Dearbhú gur bóthar mór bóthar áirithe.

34. —D'fhonn deireadh a chur le hamhrais, dearbhaítear leis seo go bhfuil cumhacht an Aire faoi alt 1 d'Acht 1925 chun a dhearbhú bóthar áirithe a bheith ina bhóthar mór, agus go raibh an chumhacht sin riamh, infheidhmithe maidir le bóthar nua atá beartaithe.

Bóthar a dhúnadh go sealadach.

35. —(1) Féadfaidh an t-údarás áitiúil ar a bhfuil cothabháil bhóthair, tar éis dóibh pé fógra a bheas forordaithe a thabhairt, an bóthar nó aon chuid de a dhúnadh in aghaidh tráchta phoiblí go ceann pé tréimhse agus faoi réir pé coinníollacha is oiriúnach leo.

(2) Más rud é, de bhun cinneadh údaráis áitiúil faoi fho-alt (1) den alt seo, go mbeifear chun bóthar nó cuid de bhóthar a dhúnadh, féadfaidh an t-údarás áitiúil, le hordú, a cheadú go gcuirfí rás bóthair nó ní dá shamhail ar siúl air le linn na tréimhse a bheas sé dúnta.

(3) Má úsáideann aon duine feithicil gan údarás cuí, nó má cheadaíonn sé a húsáid amhlaidh, ar bhóthar a bheas dúnta ina haghaidh faoin alt seo, nó má dhéanann sé go toiliúil bac nó cur isteach ar sheoladh aon ní a bheas ceadaithe faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air.

(4) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon chinneadh nó ordú a bheas déanta ag údarás áitiúil faoin alt seo a chur ar neamhní nó d'athrú, agus bhéarfaidh an t-údarás áitiúil pé fógra poiblí a bheas forordaithe i dtaobh an orduithe sin ón Aire.

Síne tráchta ar bhóithre.

36. —(1) Déantar leis seo an míniú seo a leanas a chur i bhfo-alt (1) d'alt 69 d'Acht 1946 in ionad an mhínithe ar an abairt “sín tráchta”:—

“ciallaíonn an abairt ‘sín tráchta’ aon tsín, feiste nó fógra nó aon mharc róid, nó aon ghléas chun comharthaí a thabhairt go meicniúil, a dhéanas rud amháin nó níos mó díobh seo a leanas:—

(a) a thugas eolas i dtaobh bóthair, lena n-áirítear na háiteanna a dtéann sé, agus an fhaid chun na n-áiteanna sin nó uathu,

(b) a thugas rabhadh do dhaoine i dtaobh contúirte maidir le bóthar, nó comhairle i dtaobh an chúraim nach foláir a ghlacadh in aghaidh na contúirte sin, nó a thugas an dá rud sin le chéile,

(c) a thaispeánas go bhfuil rialachán bóthair ann maidir le bóthar, nó a chomhlíonas rialachán den tsórt sin, nó a dhéanas an dá rud sin le chéile;”

(2) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (2) d'alt 69 d'Acht 1946:—

“(2)  (a) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, rialacháin a dhéanamh maidir le síne tráchta sonraithe, agus má chuireann údarás bóthar ar fáil sín tráchta de shórt is ionann agus sín tráchta a sonrófar in aon rialacháin den tsórt sin, beidh sé do réir na rialachán, mura n-údaraí an tAire a mhalairt.

(b) Féadfaidh rialacháin faoin bhfo-alt seo a shonrú cén bhrí a ghabhfas le sín tráchta a sonrófar sna rialacháin, ach ní forléireofar an fhoráil seo mar ní a cheanglaíos go bhforálfaidh na rialacháin go mbeidh sa tsín tráchta aon fhocal, focail nó samhaltán a chuirfeas in iúl go beacht brí na síne tráchta.”

(3) Cuirfear na fo-ailt seo a leanas le halt 69 d'Acht 1946:—

“(14) Ní chuirfidh duine ar bith aon tsín, feiste, fógra ná solas ar fáil de shórt nach sín tráchta, más rud é, ar é a chur ar fáil, go bhfuil sé le feiscint ó bhóthar agus—

(a) gur féidir go gceapfaí gur sín tráchta é,

(b) go ndéanann sé níos deacra do lucht úsáidte bóthair é sín tráchta d'fheiscint a bheas curtha ar fáil do réir an ailt seo, nó

(c) go gcuireann sé bac ar radharc lucht úsáidte bóthair ionas gur contúirt dóibh é.

(15) Beidh áititheoir nó (i gcás talún neamháitithe) únaer na talún ar a mbeidh sín, feiste, fógra nó solas curtha ar fáil contrártha d'fho-alt (14) den alt seo ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air maraon le fíneáil bhreise de phunt in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

(16) Má chuireann údarás bóthar sín tráchta ar fáil faoin alt seo nach sín tráchta lena mbaineann rialacháin faoi fho-alt (2) den alt seo, beidh an tsín tráchta sin do réir aon ordachán ginearálta nó áirithe a bhéarfas an tAire ó am go ham.”

Patról ar áiteanna a dtéann leanaí scoile trasna an bhóthair.

37. —(1) Féadfaidh comhairle chontae, bardas contae-bhuirge nó buirge eile, comhairle cheantair uirbigh nó coimisinéirí baile le toiliú Choimisinéir an Gharda Shíochána, a shocrú go ndéan faidh daoine (dá ngairmtear maoir thráchta san alt seo) a fhostóid nó a ainmneoid patról ar áiteanna a dtéann leanaí scoile trasna an bhóthair.

(2) Féadfaidh maor tráchta pé sín a bheas forordaithe a thaispeáint á cheangal ar an trácht stad agus fanacht ina stad ionas go bhféadfaidh leanaí scoile dul trasna an bhóthair go sábháilte, agus stadfaidh an trácht agus fanfaiadh sé ina stad dá réir sin faid a bheas an sín ar taispeáint.

(3) Aon duine nach stadfaidh feithicil nó ainmhí nó nach gcoimeádfaidh ina stad é do réir fo-ailt (2) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air.

(4) Ar an lá agus tar éis an lae a cheapfas an tAire le hordú, ní bheidh an chumhacht a bheirtear do mhaor tráchta le fo-alt (2) den alt seo infheidhmithe mura mbeidh an éide a bheas forordaithe á caitheamh ag an maor.

(5) Más cuid de chontae aon bhuirg, ceantar uirbeach nó baile áirithe, ní measfar, chun críocha an ailt seo, gur cuid de límistéir fheidhmiúcháin chomhairle na contae an bhuirg, an ceantar uirbeach nó an baile sin.

(6) San alt seo—

tá le “feithicil” an bhrí a bheirtear di in alt 3 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 ( Uimh. 11 de 1933 ),

tá le “trácht” an bhrí a bheirtear dó i bhfo-alt (6) d'alt 147 den Acht sin,

folaíonn “éide” aon bhall éadaigh, buinne nó caipín.

Taisteal eadarnáisiúnta ag feithiclí inneallghluaiste.

38. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, socrú a dhéanamh—

(a) chun aon phasanna taistil, deimhnithe, údaráis nó doiciméid eile a dheonadh agus d'fhíordheimhniú a bhainfeas le feithicil inneallghluaiste nó le tiománaí feithicle den tsórt sin agus ba ghá le haghaidh taistil lasmuigh den Stát ag daoine a chónaíos sa Stát, agus

(b) chun modhnú a dhéanamh, maidir le feithiclí inneallghluaiste a bheas á dtabhairt isteach sa Stát ag daoine a chónaíos lasmuigh den Stát, agus maidir le daoine den tsórt sin atá ag fanacht sa Stát go sealadach, ar fhorála aon achtacháin a bhaineas le clárú feithiclí inneallghluaiste, leis na ceanglais atá le comhlíonadh i gcás na bhfeithiclí sin, agus le ceadúnú tiománaithe.

(2) Beidh éifeacht ag aon mhodhnú den tsórt sin amhail is dá mbeadh sé san Acht a modhnófar.

(3) Féadfar aon ordú faoin alt seo d'athrú nó a chúlghairm le haon ordú ina dhiaidh sin faoin alt seo.

(4) San alt seo tá le “feithicil inneallghluaiste” an bhrí atá léi san Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 (Uimh. 11 de 1933) , agus folaíonn tagairtí di tagairtí d'fheithicil a bheas á tarraingt ag feithicil den tsórt sin.

Ranníoc i leith costais oibrithe, cothabhála nó feabhsuithe peire.

39. —Leasaítear leis seo alt 1 den Ferries (Acquisition by Local Authorities), Act, 1919, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:—

“(9) In lieu of effecting under this section the acquisition of a ferry, a local authority may, subject to such conditions as they think proper to impose, contribute to the cost of working, maintaining or improving the ferry.”

Droichid, tarbhealaigh agus tolláin.

40. —(1) Leasaítear leis seo alt 52 d'Acht 1946 trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis:—

“(4) Ach amháin sa chás ina mbaineann an t-ordú droichid le hAbha na Sionainne, féadfar an obair a dhéanamh d'ainneoin go ndéanann nó go ndéanfaidh sé cur isteach ar aon cheart (lena n-áirítear, go háirithe, ceart loingseoireachta, pé acu ó reacht é nó nach ea).

(5) Má bhíonn d'éifeacht ag déanamh na hoibre go laghdóidh nó go bhforceannfaidh sé ceart príobháideach duine ar bith (lena n-áirítear, go háirithe, ceart loingseoireachta, pé acu ó reacht é nó nach ea), féadfaidh an duine sin, laistigh de dhá mhí dhéag tar éis críochnú na hoibre, cúiteamh i leith an laghduithe nó an fhorceannta sin d'éileamh ar an údarás déanmhach, agus beidh sé i dteideal cúiteamh d'fháil ina leith ón údarás déanmhach agus, mura n-íoctar an cúiteamh sin leis nuair a beifear tar éis comhaontú ar a mhéid nó tar éis é a chinneadh faoin alt seo, é a ghnóthú ón údarás déanmhach in aon chúirt dlínse inniúla.

(6) Cheal comhaontuithe, déanfar méid aon cúitimh is iníoctha ag údarás bóthar faoin alt seo a chinneadh trí eadráin faoin Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919 (arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin) amhail is dá mb'é a bhí sa chúiteamh an praghas ar thalamh a tógadh go héigeantach agus beidh dlínse ag an eadránaí chun a chinneadh an bhfuil cúiteamh ar bith iníoctha sna himthosca.”

(2) Leasaítear leis seo alt 53 d'Acht 1946 trí “leasú a dhéanamh ar na forála san ordú droichid a cheanglaíos ranníoc faoin” a chur i bhfo-alt (3) in ionad “athrú a dhéanamh ar ranníocaíocht a ceanglófar a íoc faoi fho-alt (1) den”.

(3) Leasaítear leis seo alt 55 d'Acht 1946 trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (2):—

“(1A) (i) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo i gcás a eiscfeas an tAire, le hordú a déanfar roimh chríochnú na hoibre, ó fheidhm an fho-ailt sin.

(ii) Féadfaidh an tAire, le hordú a déanfar roimh chríochnú na hoibre agus ag a mbeidh éifeacht amhail ón gcríochnú sin, aon chumhachta agus dualgais maidir leis an droichead d'aistriú chun aon údaráis bhóthar lena mbaineann an t-ordú droichid más cumhachta agus dualgais iad de chuid aon údaráis bhóthar eile lena mbaineann an t-ordú droichid, agus i gcás ina ndéanfar ordú den tsórt sin beidh éifeacht ag an ordú in ionad fo-ailt (1) den alt.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon chumhachta agus dualgais (lasmuigh de chumhachta agus dualgais faoin gCuid seo den Acht seo), maidir le haon chuid de bhóthar atá i dtadhall leis an droichead, d'aistriú, le héifeacht amhail ó chríochnú na hoibre, chun aon údaráis bhóthar lena mbaineann an t-ordú droichid más cumhachta agus dualgais iad de chuid aon údaráis bhóthar eile lena mbaineann an t-ordú droichid.”

(4) Leasaítear leis seo alt 56 d'Acht 1946 trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad míre (d) d'fho-alt (2):—

“(d) leasú faoi fho-alt (3) d'alt 53 den Acht seo ar fhoráil den ordú droichid á cheangal go ndéanfadh údarás cuain ranníoc nó go ndéanfaí ranníoc leis an gcuideachta;

(e) ordú faoi fho-alt (1A) nó fo-alt (2) d'alt 55 den Acht seo ag aistriú aon chumhacht nó dualgas de chuid údaráis bhóthar chun údaráis chuain.”

(5) Leasaítear leis seo alt 57 d'Acht 1946 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (2):—

“(2) Más rud é de bhuaidh an ailt seo go mbaineann an t-ordú droichid le cuideachta a bhfuil iarnród nó canáil faoina n-urlámhas, ní dhéanfaidh an tAire de bhuaidh an ailt seo ceachtar de na nithe seo a leanas ach amháin le toiliú an Aire Thionscail agus Tráchtála, is é sin le rá:

(a) leasú faoi fho-alt (3) d'alt 53 den Acht seo ar fhoráil den ordú droichid á cheangal go ndéanfadh an chuideachta ranníoc nó go ndéanfaí ranníoc leis an gcuideachta;

(b) ordú faoi fho-alt (1A) nó fo-alt (2) d'alt 55 den Acht seo ag aistriú aon chumhacht nó dualgas de chuid údaráis bhóthar chun na cuideachtan.”

Scéimeanna do dhroichid thar an tórainn.

41. —(1) Féadfaidh údarás bóthar scéimeanna d'ullmhú agus a ghlacadh, faoi réir a gceaduithe ag an Aire, chun droichid ag ceangal áiteanna laistigh dá límistéir fheidhmiúcháin le háiteanna i dTuaisceart Éireann d'fhoirgniú, d'fheabhsú, d'athrú, a chothabháil nó a thréigean.

(2) Aon scéim a glacfar faoin alt seo beidh inti na sonraí sin maidir leis na nithe sin, agus beidh sí sa bhfoirm sin, a cheadós an tAire, agus go háirithe, ach gan dochar do ghinearáltacht na bhforál roimhe seo den alt seo, féadfar a shonrú inti cén modh ar a ndéanfar, agus cé hiad na comhluchta a dhéanfas, agus cén chionúireacht ina ndéanfar, na caiteachais d'íoc a bhainfeas leis an scéim a chur i gcrích agus le haon ní a foirgneofar fúithi a chothabháil.

(3) Aon chumhachta a bheas infheidhmithe de thuras na huaire ag údarás bóthar maidir le bóithre, féadfar iad d'fheidhmiú chun scéim a glacadh faoin alt seo a chur i gcrích.

(4) Is feidhm fhorcoimeádta scéim a ghlacadh faoin alt seo.