|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III Bóithre.) | Ar Aghaidh (CUID V. Comhairlí Áitiúla Formheasta i gContae-Bhuirgí.) |
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL, 1955
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV. Forála a bhaineas le hAirgeadas Áitiúil. | |
[EN] |
Airgead d'fháil trí iasacht nó rótharraingt shealadach. |
42. —(1) Chun soláthar go sealadach le haghaidh aon chaitcachais faoina raghaid ag déanamh nó ag comhlíonadh aon cheann dá gcumhachta agus dá ndualgais, féadfaidh údarás áitiúil ag a bhfuil aon chumhacht chun airgead d'fháil ar iasacht airgead d'fháil, le toiliú an Aire, trí iasacht nó rótharraing shealadach. |
[EN] | (2) Is í tréimhse dá bhfaighfear suim ar iasacht faoin alt seo pé tréimhse, nach mó ná deich mbliana, a cheadós an tAire. | |
[EN] | (3) Ní déanfar suim a gheobhas údarás áitiúil ar iasacht faoin alt seo d'áireamh mar chuid d'fhiacha an údaráis sin chun críocha aon tórann reachtúla le hairgead d'fháil ar iasacht. | |
[EN] | (4) San alt seo folaíonn tagairtí d'airgead d'fháil ar iasacht tagairtí d'airgead d'fháil ar ath-iasacht. | |
[EN] |
Gan feidhm ag an tórainn le hairgead d'fháil ar iasacht. |
43. —(1) Baineann an t-alt seo le húdarás áitiúil is údarás sláintíochta uirbeach chun críocha na nAcht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1952, agus nach bardas contaebhuirge. |
[EN] | (2) Ní déanfar suim a gheobhas údarás áitiúil lena mbaineann an t-alt seo ar iasacht maidir le huisce-sholáthar nó córas séarachais d'áireamh mar chuid d'fhíacha an údaráis sin chun críocha aon tórann reachtúla le hairgead d'fháil ar iasacht. | |
[EN] |
Airgead d'fháil ar iasacht chun halla baile a chothabháil. |
44. —(1) Leasaítear leis seo alt 6 d'Acht na nUdarás nAitiúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 1936 ( Uimh. 55 de 1936 ) trí “nó dá gcothabháil” a chur i ndiaidh “ar fáil” i bhfo-alt (2). |
[EN] | (2) Measfar éifeacht a bheith ag fo-alt (1) den alt seo amhail ón dáta a ritheadh Acht na nUdarás nAitiúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 1936 . | |
[EN] |
Gan ráta a bheith neamhbhailí i gcásanna áirithe. |
45. —(1) Ní bheidh ráta a ghearrfas údarás áitiúil ina ráta neamhbhailí de bhíthin amháin nach ndearnadh fógra maidir leis an liosta luachála athbhreithnithe nó an liosta achomharc a hullmhaíodh faoi na hAchta Luachála a chur suas in aon áit do réir na nAcht sin. |
[EN] | (2) I dteannta feidhm a bheith ag fo-alt (1) den alt seo maidir le rátaí a gearrfar tar éis tosach feidhme an ailt seo, beidh feidhm aige freisin, agus measfar go raibh feidhm aige riamh, maidir le rátaí a gearradh roimh an tosach feidhme sin. | |
[EN] | (3) D'ainneoin aon fhorála de na hAchta Luachála, ní bheidh aon oifigeach d'údarás áitiúil faoi dhliteanas i dtaobh gan fógra a chur suas in aon áit do réir na nAcht sin. | |
[EN] |
Gan leasú rátaí a bheith ina fheidhm fhorcoimeádta. |
46. —In ionad fo-ailt (6) (a hathghairmtear leis an Acht seo) d'alt 60 d'Acht 1941, achtaítear leis seo go measfar nach feidhmeanna forcoimeádta na cumhachta, na feidhmeanna agus na dualgais a bheirtear agus a forchuirtear leis an alt sin. |
[EN] |
Acht na nUdarás Áitiúla (Oibreacha), 1949 , a leasú. |
47. —(1) San alt seo ciallaíonn “an tAcht” Acht na nUdarás Áitiúla (Oibreacha), 1949 (Uimh. 17 de 1949) . |
[EN] | (2) Na caiteachais faoina raghaidh comhairle chontae ar oibreacha a ghabhfaid de láimh de bhun fo-ailt (2) d'alt 2 den Acht maidir le haon talamh is leo nó maidir le haon déanmhas buan a rinneadar féin nó a ceanglaítear orthu a chothabháil, muirearófar iad sa tslí chéanna ina muirearaítear caiteachais na comhairle maidir le cothabháil na talún nó an déanmhais bhuain. | |
[EN] | (3) Muirearófar ar an gceantar sláinte contae na caiteachais faoina raghaidh comhairle chontae ar oibreacha a ghabhfaid de láimh de bhun fo-alt (3) d'alt 2 den Acht maidir le talamh nach leo nó maidir le haon déanmhas buan nach déanmhas buan a rinneadar féin nó a ceanglaítear orthu a chothabháil. | |
[EN] | (4) Féadfaidh ordú faoi fho-alt (1) d'alt 3 den Acht, á údarú oibreacha a dhéanamh thar ceann údaráis áitiúil, a fhoráil go ndéanfaidh an t-údarás sin ranníoc i leith costas na n-oibreacha agus, más comhairle chontae an t-údarás sin agus gur dóigh leis an Aire gur chóir an ranníoc a mhuirearú ar an gceantar sláinte contae, a fhoráil gur ar an gceantar sin a muirearófar é. | |
[EN] | (5) Féadfaidh comhaontú faoi fho-alt (2) d'alt 3 den Acht, chun oibreacha a dhéanamh thar ceann údaráis áitiúil, a fhoráil go ndéanfaidh an t-údarás sin ranníoc i leith costas na n-oibreacha agus, más comhairle chontae an t-údarás sin, muirearófar an ranníoc sa tslí chéanna ina muirearófaí a gcaiteachais dá mba iad an chomhairle féin a dhéanfadh na hoibreacha. | |
[EN] | (6) Déanfar cúiteamh a bheas iníoctha ag comhairle chontae de bhun an Achta a mhuirearú sa tslí chéanna ina muirearaítear costas na n-oibreacha nó ranníoc na comhairle i leith costas na n-oibreacha (do réir mar is iomchuí). | |
[EN] | (7) I gcás cúiteamh a bheith iníoctha faoin Acht ag údarás áitiúil a dhéanfas oibreacha thar ceann údaráis áitiúil eile:— | |
[EN] | (a) féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú a rinneadh faoi fho-alt (4) den alt seo d'athrú ionas go mbeidh suim i leith cúitimh ar áireamh sa ranníoc, | |
[EN] | (b) aon chomhaontú a rinneadh faoi fho-alt (2) d'alt 3 den Acht agus a fhorálas go ndéanfaidh an t-údarás áitiúil eile sin ranníoc, beidh éifeacht aige, faoi réir aon athruithe den tsórt sin, ionas go mbeidh ar áireamh sa ranníoc suim i leith cúitimh a gcomhaontófar uirthi idir na húdaráis áitiúla nó, cheal comhaontuithe, a chinnfeas an tAire. | |
[EN] | (8) Féadfaidh comhairle chontae nó bardas contae-bhuirge, chun caiteachais faoin Acht d'íoc, airgead d'fháil ar iasacht faoi Airteagal 22 den Sceideal a ghabhas leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, amhail is dá mbeadh sin ar na críocha a luaitear san Airteagal sin, agus ní háireofar airgead a gheofar ar iasacht amhlaidh mar chuid d'fhiacha na comhairle nó an bhardais chun críocha an Airteagail sin. | |
[EN] | (9) Féadfaidh bardas buirge (seachas contae-bhuirg) nó comhairle cheantair uirbigh, chun caiteachais faoin Acht d'íoc, airgead d'fháil ar iasacht faoi na hAchta Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1952, amhail is dá mbeadh sin ar na críocha a bhfuil údarás ag an mbardas nó ag an gcomhairle airgead d'fháil ar iasacht ina leith faoi na hAchta sin, agus ní háireofar airgead a gheofar ar iasacht amhlaidh mar chuid d'fhiacha an bhardais nó na comhairle chun críocha aon tórann le hairgead d'fháil ar iasacht a forchuirtear leis na hAchta sin. | |
[EN] |
Táillí iniúchóireachta. |
48. —Leasaítear leis seo alt 69 d'Acht 1941 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:— |
[EN] | “(12) D'ainneoin aon fhorála eile den alt seo, féadfar ordú faoin alt seo a chumadh, agus beidh éifeacht aige dá réir sin, ionas, i dteannta feidhm a bheith aige maidir le aon iniúchadh nó iniúchta áirithe, go mbeidh feidhm aige freisin, mura gcúlghairmtear agus go dtí go gcúlghairmfear é, maidir le hiniúchta ina dhiaidh sin.” | |
[EN] |
Muirearú suime. |
49. —(1) Má dheimhníonn duine a bheas arna áirithiú ag comhlucht poiblí in aon cháil ghairmiúil chomhairleach nó chomhchomhairleach, go bhfuil aon tsuim iníoctha as cistí an chomhluchta phoiblí agus má híoctar an tsuim sin, measfar an duine sin a bheith ina oifigeach don chomhlucht poiblí chun críocha ailt 20 den Local Government (Ireland) Act, 1902, arna leasú le fo-alt (3) d'alt 61 d'Acht 1925, chomh fada is bhaineas leis an íocaíocht a bheas deimhnithe aige. |
[EN] | (2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo— | |
[EN] | (a) más duine a bhí ag gníomhú mar eadránaí a thug an deimhniú, nó | |
[EN] | (b) má ba ghá breithiúnas gairmiúil nó teicniúil d'usáid i gcás na breithe ar ar bunaíodh an deimhniú. | |
[EN] |
Alt 10 d'Acht 1946 a leasú. |
50. —Leasaítear leis seo mar leanas alt 10 d'Acht 1946:— |
[EN] | (I) Cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fo-ailt (1): | |
[EN] | “(1) Déanfar, ach amháin mar a foráltar a mhalairt le hordú ón Aire nó in aon áit eile le dlí, costais chomhairle contae a mhuirearú do réir an ailt seo ar an gcontae iomlán.”, | |
[EN] | (II) Scriosfar fo-alt (5), | |
[EN] | (III) Cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fo-ailt (6): | |
[EN] | “(6) Má déantar costais chomhairle contae a mhuirearú ar líomatáiste a bheas comhdhéanta de líomatáiste nach líomatáiste uirbeach agus de líomatáiste uirbeach amháin nó dhá líomatáiste uirbeacha nó níos mó, beidh méid na gcostas a bheas le muirearú ar gach líomatáiste faoi leith i gcoibhneas leis an nglan-fháltas, arna ríomh sa tslí fhororduithe agus arna dheimhniú sa bhfoirm fhorordaithe, as ráta de phingin sa phunt i ngach líomatáiste ach, i gcás an líomatáiste uirbigh arb é ceantar uirbeach Bhun Crannaighe é maidir le haon bhliain airgeadais áitiúil nach déanaí ná an bhliain airgeadais áitiúil a chríochnós an 31ú lá de Mhárta, 1964, ní tógfar an glan-fháltas sin agus ina ionad sin, tógfar suim is ionann agus, pingin in aghaidh gach puint den mhéid a sonraítear i leith na bliana sin sa Sceideal a ghabhas leis an Acht Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1954 (Uimh. 8 de 1954) .” | |
[EN] | (IV) Scriosfar fo-mhír (7), agus | |
[EN] | (V) Cuirfear isteach dhá fho-alt nua mar leanas:— | |
[EN] | “(7) Féadfaidh an tAire, le hordú, a chinneadh, i leith contaethe go ginearálta nó i leith aon chontae áirithe, cad é an líomatáiste nó cad iad na líomatáistí ar a mbeidh costais sonraithe de chuid na comhairle le muirearú, agus féadfaidh aon ordú den tsórt sin a leasú nó a chúlghairm. | |
[EN] | (8) Fanfaidh orduithe faoi alt 71 (a hathghairmtear leis an Acht seo) den Local Government (Ireland) Act, 1898, i bhfeidhm agus féadfar iad a leasú nó a chúlghairm le hordú faoin alt seo.” |