|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM CHEARRBHACHAS AGUS CRANNCHUIR, 1956) | Ar Aghaidh (CUID II. Cearrbhachas.) |
AN tACHT UM CHEARRBHACHAS AGUS CRANNCHUIR, 1956
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Reamhráiteach agus Ginearálta. | |
[EN] |
Gearrtheideal agus tosach feidhme. |
1. —(1) Féadfear an tAcht um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a cheapfas an tAire le hordú. | |
[EN] |
Mínithe. |
2. San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “baincéir” maidir le cluiche an baincéir nó an duine eile a dhéanas bainistí ar an gcluiche, nó ar ina choinne a chuireas na himreoirí eile geall nó a dhéanaid imirt; | |
[EN] | ciallaíonn “cearrbhachas” imirt chluiche (pé acu cluiche stuaime nó cluiche cinniúna é nó cluiche atá go páirteach ina chluiche stuaime agus go páirteach ina chluiche cinniúna) le haghaidh geallta a chuireas na himreoirí i bhfiontar; | |
[EN] | ciallaíonn “gléas cearrbhachais” aon bhord nó gléas cearrbhachais agus aon phíosa airgid, cárta, comhartha nó earra eile a húsáidtear mar ghléas nó meán cearrbhachais; | |
[EN] | ciallaíonn “ceadúnas cearrbhachais” ceadúnas faoi alt 19; | |
[EN] | ciallaíonn “údarás áitiúil” comhlucht arb é atá ann comhairle chontae, bardas contae-bhuirge nó buirge eile, comhairle cheantair uirbigh nó coimisinéirí baile; | |
[EN] | folaíonn “crannchur” gach comórtas le haghaidh airgid nó luach airgid ina dtugtar cranna tomhais nó meastacháin ar theaghmhais atá le teacht nó ar theagmhais atá imithe agus nach bhfuil a dtorthaí fionnta fós ná ar eolas go coitianta fós; | |
[EN] | ciallaíonn “ceadúnas crannchuir” ceadúnas faoi alt 28; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt; | |
[EN] | ciallaíonn “áit phoiblí” aon áit a bhfuil sé de cheart nó de chead ag an bpobal dul ann ar íocaíocht a dhéanamh nó gan íocaíocht a dhéanamh; | |
[EN] | folaíonn “cumann” club, foras, eagras nó comhlachas eile daoine pé ainm a tugtar air; | |
[EN] | folaíonn “geall” aon íocaíocht as an gceart chun bheith páirteach i gcluiche agus aon chineál eile íocaíochta is gá a dhéanamh mar choinníoll chun bheith páirteach sa chluiche ach ní fholaíonn sé íocaíocht nach ndéantar ach le haghaidh saoráidí a cuirtear ar fáil chun an cluiche d'imirt; | |
[EN] | folaíonn “Ceannfort” Cigire a bheas ag gníomhú mar Cheannfort. | |
[EN] |
Athghairm. |
3. —Athghairmtear leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceideal. |