|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID VI. Dleachta Stampa.) | Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Dleachta ar Thobac.) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1956
[EN] | ||
[EN] |
CUID VII. Ilghnéitheach agus Ginearálta. | |
[EN] |
Aistriú as an Ród-Chiste chun an Chiste Chaipitil. |
32. —Déanfar suim £500,000 d'aistriú chun an Chiste Chaipitil agus d'íoc leis as an Ród-Chiste pé tráth nó trátha sa bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1957, agus i pé slí, a ordós an tAire Airgeadais. |
[EN] |
An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla. |
33. —(1) San alt seo— |
[EN] | ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ( Uimh. 18 de 1950 ); | |
[EN] | ciallaíonn “alt leasúcháin 1955” alt 18 den Acht Airgeadais, 1955 ( Uimh. 13 de 1955 ); | |
[EN] | ciallaíonn “an séú blianacht bhreise” an tsuim a muirearaítear ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo; | |
[EN] | tá leis na habairtí “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna atá leo faoi seach sa phríomh-alt. | |
[EN] | (2) Beidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt leasúcháin 1955, maidir leis na naoi mbliana airgeadais fichead d'éis a chéile a thosnós leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1957, ach “£763,950” a chur in ionad “£688,618”. | |
[EN] | (3) Beidh éifeacht ag fo-alt (6) d'alt leasúcháin 1955 ach “£484,650” a chur in ionad “£445,446”. | |
[EN] | (4) Déanfar suim £667,560 le haghaidh fuascailte iasacht, maraon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla, a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais d'éis a chéile a thosnós leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1957. | |
[EN] | (5) Íocfar an séú blianacht bhreise isteach sa Chuntas i pé slí, agus pé trátha sa bhliain airgeadais iomchuí, a chinnfeas an tAire. | |
[EN] | (6) Féadfar aon chuid den séú blianacht bhreise, nach mó ná £464,100 in aon bhliain airgeadais, d'úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí d'íoc. | |
[EN] | (7) Úsáidfear iarmhéid na séú blianachta breise in aon tslí nó slite dá sonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt. | |
[EN] |
Díolúine ó chánachas— stoic nó urrúis eile áirithe. |
34. —(1) Baineann an t-alt seo le haon stoc nó urrús eile ar a bhfuil ús iníoctha gan cáin ioncaim d'asbhaint de bhuaidh orduithe ón Aire Airgeadais de bhun ailt 12 den Acht Airgeadais 1954 ( Uimh. 22 de 1954 ), nó ailt 5 den Acht Airgeadais, 1955 (Uimh. 13 de 1955) . |
[EN] | (2) Féadfar aon stoc nó urrús eile lena mbaineann an t-alt seo d'eisiúint ar cheachtar coinníoll nó an dá choinníoll acu seo a leanas: | |
[EN] | (a) nach ndlífear aon chánachas a ghearradh sa Stát ar chaipiteal ná ús an stoic nó an urrúis eile faid a taispeánfar sa tslí a ordós an tAire Airgeadais go bhfuil an stoc nó an t-urrús eile ar únaeracht tairbhiúil ag daoine nach bhfuil sainchónaí ná gnáthchónaí orthu sa Stát, | |
[EN] | (b) nach ndlífear cáin ioncaim a ghearradh ar ús an stoic nó an urrúis eile faid a taispeánfar sa tslí a ordós an tAire Airgeadais go bhfuil an stoc nó an t-urrús eile ar únaeracht tairbhiúil ag daoine nach bhfuil gnáthchónaí orthu sa Stát cé go bhfuil sainchónaí orthu ann, | |
[EN] | agus, i gcás gach stoic nó urrúis eile den tsórt sin a heisíodh mar adúradh, deonfar díolúine ó chánachas dá réir sin. | |
[EN] | (3) Glacfar le haon díolúine a bheirtear leis an alt seo, chomh fada is bhaineas le dleachta is intobhaigh ar bhás nó i leith báis, mar dhíolúine ag a raibh feidhm maidir le daoine ar díreach roimh an mbás agus nach ina dhiaidh a bhí na stoic nó na hurrúis eile ar únaeracht tairbhiúil acu. | |
[EN] | (4) Measfar fo-ailt (1), (2) agus (3) den alt seo a theacht i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1955. | |
[EN] |
Leasú ar alt 8 den Superannuation Act, 1887. |
35. —Déantar leis seo alt 8 den Superannuation Act, 1887 (a bhai eas le suimeanna nach mó ná céad punt a dháileadh gan phrobháid i gcásanna áirithe) a leasú trí “five hundred pounds” a chur in ionad “one hundred pounds”. |
[EN] |
Cúram agus bainistí cánach agus dleacht. |
36. —Cuirtear faoi chúram agus bainistí na gCoimisinéirí Ioncaim leis seo na cánacha agus na dleachta uile a forchuirtear leis an Acht seo. |
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme. |
37. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1956 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Forléireofar Cuid I den Acht seo i dteannta na nAcht Cánach Ioncaim. | |
[EN] | (3) Déanfar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineas sí le dleachta custam, d'fhorléiriú i dteannta na nAcht Custam agus, a mhéid a bhaineas sí le dleachta máil, forléireofar í i dteannta na Reacht a bhaineas le dleachta máil agus le bainistí na ndleacht sin. | |
[EN] | (4) Forléireofar Cuid VI den Acht seo i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán a leasaíos nó a leathnaíos an tAcht sin. | |
[EN] | (5) Measfar Cuid I den Acht seo a theacht i bhfeidhm an 6ú lá d'Aibreán, 1956, agus beidh éifeacht aici amhail ar an lá sin agus ón lá sin amach. |