An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT NA dTITHE (LEASÚ), 1956) Ar Aghaidh (CUID II. Forála Airgeadais.)

31 1956

ACHT NA dTITHE (LEASÚ), 1956

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

1. —(1) Féadfar Acht na dTithe (Leasú), 1956 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an tAcht seo, a mhéid a leasaíos sé Achta Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1954, Achta na Sclábhaithe, 1883 go 1954, na hAchta um Thithe Beaga Cónaithe d'Fháil, 1899 go 1954, agus Achta na dTithe (Forála Airgeadais agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 go 1954, a léamh agus d'fhorléiriú mar aon ní amháin leis na hAchta sin faoi seach agus féadfar Achta Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1956, Achta na Sclábhaithe, 1883 go 1956, na hAchta um Thithe Beaga Cónaithe d'Fháil, 1899 go 1956, agus Achta na dTithe (Forála Airgeadais agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 go 1956, a ghairm den Acht seo agus de na hAchta sin le chéile.

Mínithe.

2. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1899” an Small Dwellings Acquisition Act, 1899;

ciallaíonn “Acht 1948” Acht na dTithe (Leasú), 1948 (Uimh. 1 de 1948) ;

ciallaíonn “Acht 1950” Acht na dTithe (Leasú), 1950 (Uimh. 25 de 1950) ;

ciallaíonn “Acht 1952” Acht na dTithe (Leasú), 1952 (Uimh. 16 de 1952) ;

ciallaíonn “Acht 1954” Acht na dTithe (Leasú), 1954 (Uimh. 16 de 1954) ;

ciallaíonn “údarás tithe”—

(a) i gcás ceantair shláinte chontae, comhairle na contae ina bhfuil an ceantar sláinte contae sin,

(b) i gcás contae-bhuirge nó buirge eile, bardas na contaebhuirge nó na buirge eile sin, agus

(c) i gcás ceantair uirbigh, comhairle an cheantair uirbigh sin;

ciallaíonn “Achta Tithe an Lucht Oibre” Achta Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1954, arna leasú leis an Acht seo;

ciallaíonn “Achta na Sclábhaithe” Achta na Sclábhaithe, 1883 go 1954, arna leasú leis an Acht seo;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil.

Rialacháin.

3. —(1) Gach rialachán a dhéanfas an tAire faoin Acht seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire aon rialachán faoin Acht seo a mbeidh foráil ann maidir le híocaíocht a bheas le déanamh ag an Aire gan an tAire Airgeadais do thoiliú leis an bhforáil sin.

Caiteachais.

4. —Déanfar na caiteachais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais é, d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Athghairm.

5. —Déantar leis seo gach achtachán a luaitear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.