|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Réamhráitheach agus Ginerálta.) | Ar Aghaidh (CUID III. Ceapacháin chun Postanna Áirithe sa Stát-Sheirbhís.) |
ACHT CHOIMISINÉIRÍ NA STÁT-SHEIRBHÍSE, 1956
[EN] | ||
[EN] |
CUID II. Coimisinéirí na Stát-Sheirbhíse. | |
[EN] |
Ceapadh Coimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, agus a líon. |
9. —(1) Déanfaidh an Rialtas ó am go ham, do réir mar is gá, daoine cearta oiriúnacha a cheapadh ina gCoimisinéirí Stát-Sheirbhíse chun na feidhmeanna a bheirtear dóibh leis an Acht seo a chomhlíonadh. |
[EN] | (2) Triúr is líon do na Coimisinéirí. | |
[EN] | (3) (a) Féadfaidh na Coimisinéirí gníomhú d'ainneoin aon fholúntas amháin a bheith ina líon nó aon Choimisinéir amháin acu a bheith as láthair go sealadach. | |
[EN] | (b) Má thoilíonn na Coimisinéirí chuige nó más rud é, i gcás folúntais, go dtoileoidh Coimisinéir amháin chuige, féadfaidh aon duine amháin de na Coimisnéirí gníomhú ar a son i gcás na Coimisinéirí nó an Coimisinéir eile a bheith as láthair go sealadach. | |
[EN] | (4) Is iad na chéad Choimisinéirí a bheas ann na daoine a bhí díreach roimh thosach feidhme an Achta seo i seilbh oifige mar shean-Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, agus measfar gur faoi fho-alt (1) den alt seo a ceapadh na daoine sin ina gCoimisinéirí. | |
[EN] |
Forála eile maidir leis na Coimisinéirí. |
10. —(1) Sealbhóidh gach Coimisinéir a oifig mar is áil agus mar is toil leis an Rialtas. |
[EN] | (2) Féadfaidh Coimisinéir éirí as oifig tráth ar bith trí litir a díreofar agus a cuirfear chun an Rialtais. | |
[EN] | (3) Gheobhaidh gach Coimisinéir pé luach saothair (más aon luach saothair é) a chinnfeas an tAire ó am go ham. | |
[EN] | (4) Foilseofar fógra láithreach san Iris Oifigiúil ar gach ócáid a ceapfar duine ina Choimisinéir (seachas ceapadh a measfar, de bhuaidh fo-ailt (4) d'alt 9, a bheith arna dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt sin) agus ar gach ócáid a éireos Coimisinéir as oifig nó a cuirfear as oifig é. | |
[EN] |
Foireann na gCoimisinéirí. |
11. —(1) Déanfaidh an tAire pé daoine agus pé méid daoine is riachtanach leis a cheapadh chun fónamh i bpostanna ar fhoireann na gCoimisinéirí. |
[EN] | (2) Gach duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, ina oifigeach do shean-Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, measfar, i dtosach feidhme an Achta seo, é a bheith arna cheapadh ag an Aire chun poist ar fhoireann na gCoimisinéirí. | |
[EN] |
Fíordheimhniú ionstraimí a dhéanfas na Coimisinéirí. |
12. —(1) San alt seo, ciallaíonn “ionstraim” ordú, rialachán, riail nó deimhniú cáiliúcháin. |
[EN] | (2) Síneoidh Coimisinéir amháin ar a laghad agus duine éigin d'fhoireann na gCoimisinéirí a bheas údaraithe chuige sin ag na Coimisinéirí gach ionstraim a dhéanfas nó a eiseos na Coimisinéirí. | |
[EN] | (3) Gach ionstraim a airbheartós a bheith ina hionstraim a rinne nó d'eisigh na Coimisinéirí agus a bheith sínithe do réir fo-ailt (2) den alt seo, glacfar i bhfianaise í i ngach Cúirt agus measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, í a bheith déanta nó eisithe go cuí ag na Coimisinéirí, agus ní gá cruthúnas ar aon tsíniú uirthi ná ar oifig ná údarás an duine a n-airbheartóidh an síniú sin gurb é a shíniú é. |