An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Coimisinéirí na Stát-Sheirbhíse.) Ar Aghaidh (Caibidil II. Ceapacháin Neamh-Chomórtais.)

45 1956

ACHT CHOIMISINÉIRÍ NA STÁT-SHEIRBHÍSE, 1956

CUID III.

Ceapacháin chun Postanna Áirithe sa Stát-Sheirbhís.

Caibidil I.

Ceapacháin Chomórtais.

Ceapadh daoine chun postanna bunaithe, agus eisceachtaí áirithe.

13. —(1) Ní ceapfar duine ar bith chun poist bhunaithe mura ndearna na Coimisinéirí, tar éis comórtas a chur ar siúl faoi alt 15, é a roghnú, faoi alt 17, lena ceapadh chun an phoist sin.

(2) Ní bhaineann fo-alt (1) den alt seo—

(a) le ceapadh duine chun poist bhunaithe ar é d'ardú nó d'aistriú ó phost bunaithe eile, ná

(b) le ceapadh duine chun poist bhunaithe faoi alt 11 den Acht Rialuithe.

(3) Ní bhaineann fo-alt (1) den alt seo le ceapadh duine chun poist bhunaithe áirithe, más rud é—

(a) go molfaidh an t-údarás iomchuí, le toiliú an Aire i gcás nach é an tAire an t-údarás iomchuí, an duine sin a cheapadh chun an phoist bhunaithe sin, agus

(b) go gcinnfidh an Rialtas, tar éis dóibh an moladh sin a bhreithniú, go mba é leas an phobail é an ceapadh sin a dhéanamh.

(4) Ní bhaineann fo-alt (1) den alt seo le ceapadh duine chun poist bhunaithe áirithe, más rud é—

(a) gur ceapadh an duine sin chun poist neamhbhunaithe de thoradh comórtais, ar fhoráil na rialacháin ina leith a rinneadh faoi fho-alt (3) d'alt 16 go bhféadfaí, in imthosca áirithe a sonraíodh, duine a ceapfaí chuige a cheapadh ina dhiaidh sin chun an phoist bhunaithe sin, agus

(b) gur deimhin leis na Coimisinéirí gur comhlíonadh na forála de na rialacháin sin, a bhain lena cheapadh ionchais chun an phoist bhunaithe sin, agus pé cionníollacha ar a gcinnfidh siad.

Ceapadh daoine chun postanna neamhbunaithe, agus eisceachtaí áirithe.

14. —(1) Ní ceapfar duine ar bith chun poist neamhbhunaithe mura ndearna na Coimisinéirí, tar éis dóibh comórtas a chur ar siúl faoi alt 15, é a roghnú, faoi alt 17, lena cheapadh chun an phoist sin.

(2) Ní bhaineann fo-alt (1) den alt seo—

(a) le ceapadh duine chun poist neamhbhunaithe ar é d'ardú nó d'aistriú ó phost neamhbhunaithe eile, nach post i slí bheatha sceidealta ná post eisiata, ná

(b) le ceapadh duine chun poist neamhbhunaithe faoi alt 11 den Acht Rialuithe.

(3) Ní bhaineann fo-alt (1) den alt seo le ceapadh duine chun poist neamhbhunaithe áirithe, más rud é—

(a) go molfaidh an t-údarás iomchuí, le toiliú an Aire i gcás nach é an tAire an t-údarás iomchuí, an duine sin a cheapadh chun an phost neamhbhunaithe sin, agus

(b) go gcinnfidh an Rialtas, tar éis dóibh an moladh sin a bhreithniú, go mba é leas an phobail é an ceapadh sin a dhéanamh.

Comórtais.

15. —(1) Déanfaidh na Coimisinéirí, faoi réir thoiliú an Aire, pé comórtais a chur ar siúl is dóigh leo is gá chun daoine a roghnú le haghaidh ceapachán lena mbaineann fo-alt (1) d'alt 13 nó fo-alt (1) d'alt 14.

(2) Más rud é—

(a) go mbeartófar ceapachán nó ceapacháin a dhéanamh chun poist nó chun postanna agus go mbaineann mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 13 nó mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 14 leis an gceapachán nó leis na ceapacháin, agus

(b) go gcinnfidh an tAire gur cuí an duine nó na daoine a bheas le ceapadh a roghnú trí chomórtas agus go n-iarrfaidh sé ar na Coimisinéirí comórtas den tsórt sin a chur ar siúl,

ansin, cuirfidh na Coimisinéirí an comórtas ar siúl.

(3) I ngach comórtas beidh cineál amháin nó níos mó, do réir mar ordós na Coinisinéirí, de na trialacha seo a leanas—

(a) scrúdú scríofa,

(b) scrúdú cainte,

(c) agallamh,

(d) scrúdú praiticiúil,

(e) aon triail nó trialacha eile is cuí leis na Coimisinéirí.

(4) I gcás níos mó ná ceann amháin de na cineálacha trialach a sonraítear i bhfo-alt (3) den alt seo a bheith i gcomórtas, ní gá thar ceann amháin de na trialacha a bheith ina triail chomórtais.

(5) Féadfaidh na Coimisinéirí coinníoll a dhéanamh gur gá d'iarrthóir sara ligfear dó dul faoi thriail pé caighdeán a shroichint is dóigh leis na Coimisinéirí a bheith riachtanach.

Rialacháin i dtaobh comórtas.

16. —(1) Má beartaítear comórtas a chur ar siúl le haghaidh ceapacháin chun poist amháin nó níos mó, déanfaidh na Coimisisinéirí rialacháin a mbeidh forála iontu maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) an cineál nó na cineálacha trialach a bheas sa chomórtas,

(b) más scrúdú scríofa atá le bheith sa chomórtas ar fad nó i gcuid de. ábhar nó ábhair an scrúduithe scríofa,

(c) an modh ina n-iarrfar cead dul sa chomórtas,

(d) an modh ina gcinnfear ord fiúntais na n-iarrthóirí.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí, nuair a bheid ag déanamh rialachán faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le comórtas, foráil a dhéanamh le haghaidh gach ní nó aon ní acu seo a leanas i dteannta na nithe a sonraítear sa bhfo-alt sin (1)—

(a) an comórtas a choimeád ar leithligh do shaoránaigh d'Éirinn,

(b) an comórtas a choimeád ar leithligh d'aicme shonraithe daoine a míneofar i pé slí agus do réir pé nithe (lena n-áirítear seirbhís sa Stát-Sheirbhís, gnéas agus airíona coirp) is cuí leis na Coimisinéirí,

(c) an ceanglas go gcaithfidh ban-iarrthóir, mura n-eisiatar baineannaigh ón gcomórtas, bheith neamhphósta nó ina baintreach le go mbeadh sé inroghnaithe,

(d) na tóranta aoise d'iarrthóirí,

(e) an táille a bheas le híoc as cead dul sa chomórtas,

(f) an caiteachas (lena n-áirítear táillí ar scrúdú dochtúra) a bheas le n-íoc ag iarrthóirí go gcomhlíonfar na forála de na rialacháin a bhaineas le sláinte,

(g) pé nithe eile (lena n-áirítear cáilíochtaí) is cuí leis na Coimisinéirí.

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí, nuair a bheid ag déanamh rialachán faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le comórtas le hagh aidh ceapacháin chun poist neamhbhunaithe, a fhoráil go bhféadfar, in imthosca áirithe a sonrófar, an duine a ceapfar chuige a cheapadh ina dhiaidh sin chun poist bhunaithe a sonrófar.

(4) Féadfaidh na Coimisinéirí rialacháin ghinearálta a dhéanamh maidir le gach comórtas nó maidir le comórtais le haghaidh ceapachán chun postanna d'aicme, de shórt, nó de ghrád áirithe, agus féadfaid, maidir le comórtas áirithe, aon ní acu seo a leanas a dhéanamh le rialacháin faoi fho-alt (1) den alt seo—

(a) a fhoráil nach mbeidh feidhm ag ceann ar bith nó ag ceann nó cinn áirithe de na rialacháin ghinearálta,

(b) gach ceann nó aon cheann de na rialacháin ghinearálta a mhodhnú.

(5) Ní déanfar rialacháin faoi fho-ailt (1), (2), (3) agus (4) den alt seo gan toiliú an Aire.

Rognú iarrthóirí lena gceapadh i ndiaidh comórtais.

17. —(1) Chun críocha an ailt seo, glacfaidh na Coimisinéirí le duine mar dhuine atá cáilithe lena cheapadh chun poist ar cuireadh comórtas ar siúl lena aghaidh i gcás (agus sa chás sin amháin) inar deimhin leis na Coimisinéirí—

(a) go bhfuil aige an t-eolas agus an ábaltacht is gá chun dul i gcionn dualgais an phoist sin a chomhlíonadh,

(b) go bhfuil sé laistigh de na tóranta aoise a hordaíodh (má hordaíodh) don phost sin le rialacháin faoi alt 16 a bhain leis an gcomórtas,

(c) go bhfuil sláinte mhaith aige agus nach bhfuil aon aineamh choirp ná galar air is dócha a choiscfeadh é óna dhualgais sa phost sin a chomhlíonadh go cuí agus go bhfuil na hairíona coirp aige a hordaíodh (má hordaíodh) don phost leis na rialacháin sin,

(d) go bhfuil sé oiriúnach ó thaobh carachtair, agus

(e) go bhfuil sé oiriúnach ar gach cuma iomchuí eile lena cheapadh chun an phoist sin.

(2) Má cuireadh comórtas ar siúl faoi alt 15, roghnóidh na Coimisinéirí lena gceapadh de thoradh an chomórtais pé líon iarrthóirí is cuí leo, ach sin faoina réir seo a leanas—

(a) déanfar an roghnú do réir an oird fiúntais arna chinneadh faoi na rialacháin faoi alt 16 a bhain leis an gcomórtas,

(b) ní roghnófar amhlaidh ach iarrthóirí ar ghlac na Coimisinéirí leo mar dhaoine atá cáilthe lena gceapadh agus a chomhlíon na rialacháin sin, agus

(c) go mbeidh líonadh na bpostanna a bhfuil na hiarrthóirí ag teastáil chucu ceadaithe ag an Aire.

(3) Má tharlaíonn aon cheist faoin alt seo i dtaobh iarrthóir áirithe a bheith cáilithe, nó gan a bheith cáilithe, lena cheapadh chun poist áirithe nó i dtaobh ionaid iarrthóra áirithe san ord fiúntais, is iad na Coimisinéirí a chinnfeas an cheist, agus is cinneadh críochnaitheach a bheas ann.